Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Ranganna Rince ar an Sean-Nós

$
0
0
Beidh ranganna rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGael ar an 17 Eanáir 2011.
 

Gaelport.com Ainmnithe do Ghradaim na Meán Digiteach

$
0
0

Bronnfar Gradam na Meán Digiteach anocht, ag ócáid sa Convention Centre Dublin (CCD), i mBaile Átha Cliath, i 21 catagóir ar leith, do chomhlachtaí, do dhaoine agus d’eagraíochtaí a léirigh stíl, cruthaitheacht agus ceannródaíocht ina saothar sna meáin dhigiteacha. 

Scoil Earraigh, don Phleanáil Teanga - An Mionteangachas: an Duine sa Phobal

$
0
0

Tugann Ollscoil na hÉireann Gaillimh cuireadh dóibh siúd ar spéis leo an phleanáil teanga agus an éagsúlacht chultúrtha, freastal ar Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga a bheidh á reáchtáil ag Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dé Luain 28 Márta 2011.

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil - Iarraidh ar Aighneachtaí – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

$
0
0

Dréachtscéim á réiteach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.

Seoladh Oifigiúla scéim teanga Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

$
0
0

Sheol an damhsóir cáiliúla ó Dhún Dealgan,  Dearbhla Lennon Scéim Teanga Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan Déardaoin 10 Márta.

Rúin othair le scaoileadh sa dráma raidió dátheangach - Drowning'

$
0
0
Craolfar an dráma raidió dátheangach ‘Drowning’ ar RTÉ Raidió a hAon ar an Domhnach. Dráma raidió nua-scríofa is ea é ó pheann an aisteora cháiliúil, Tomás Ó Súilleabháin.

Ceol Shiansach ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2011!

$
0
0

Is iad an grúpa ‘Éile’ ó Laurel Hill, Coláiste FCJ, Luimneach a thug an chéad áit leo ag craobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite, 10 Aibreán 2011.  Ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód, tá Siansa anois ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.  Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn,  le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine, chun dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Ceol Shiansach ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2011!

$
0
0

Is iad an grúpa ‘Éile’ ó Laurel Hill, Coláiste FCJ, Luimneach a thug an chéad áit leo ag craobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite, 10 Aibreán 2011.  Ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód, tá Siansa anois ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.  Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn,  le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine, chun dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.


Glór na nGael ag ceiliúradh

$
0
0
Tá Glór na nGael ar an bhfód le caoga bliain anuas i mbliana agus beidh an chloch mhíle shuntasach seo á ceiliúradh ag an gcomórtas náisiúnta ag ócáid a reáchtálfar in Óstán Carlton House, Má Nuad Dé Sathairn, 16 Aibreán.

Glór na nGael ag ceiliúradh

$
0
0
Tá Glór na nGael ar an bhfód le caoga bliain anuas i mbliana agus beidh an chloch mhíle shuntasach seo á ceiliúradh ag an gcomórtas náisiúnta ag ócáid a reáchtálfar in Óstán Carlton House, Má Nuad Dé Sathairn, 16 Aibreán.

Seoladh Playography na Gaeilge 1901-2010

$
0
0

Sheol an tAire Séamus Ó Duibhneacháin T.D. an suíomh Playography na Gaeilge 1901-2010 de chuid Institiúid Téatair na hÉireann inniu.  I measc firicí suimiúla eile léirítear ann gurb iad stair na hÉireann, an teaghlach, pósadh agus an grá na téamaí is coitianta i ndrámaí na Gaeilge le breis agus céad bliain anuas.

An tionscadal Ceilteach ‘Tír’ ar chamchuairt

$
0
0
D’oscail Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D, an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an taispeántas ‘Tír’ in Áras Éanna, Inis Oírr, Na hOileáin Árainn, Dé hAoine 8 Iúil.  

Coimisinéir Teanga le ceapadh sa Bhreatain Bheag

$
0
0
Cuireadh rialachán i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag an 29 Meitheamh chun tús a chur leis an bpróiseas Coimisinéir Teanga a cheapadh.

Ciorcal Comhrá i mBaile Átha Cliath

$
0
0

Cleachtadh a dhéanann máistreacht agus tabharfaidhAn Chomhdháil deis cainte do mhuintir na hardchathrach nuair a chuirfear tús leis an gcéad bhabhta eileden chiorcal comhrá rathúil atá ar siúl Cois Teallaigh le tamall de bhlianta anuas.

Saol na hOllscoile-trí Ghaeilge

$
0
0
Is é an t-am sin den bhliain nuair a bheidh daltaí Arteiste ag fáil torthaí na scrúduithe agus ag pleanáil dá dtodhchaí.

Ticéidí ar fáil don ‘Jig Gig’

$
0
0
Ar mhaith leat dul agus léargas a fháil ar cad a thiteann amach taobh thiar den cheamara ar chlár teilifíse an Jig Gig?



Iarann eagraíochtaí Gaeilge diúltú don tSamhail Nua Mhaoinithe

$
0
0

Iarann Fóram na nEagraíochtaí Bunmhaoinithe ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) diúltú don tSamhail Nua Mhaoinithe don earnáil. 

Téacsanna na nua-Ghaeilge ar líne

$
0
0

Seolfaidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T. D., cartlann ar líne de théacsanna Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2 ar an Máirt 15 Samhain 2011.

Feachtas Teanga seolta in Ollscoil Luimnigh

$
0
0

‘Rogha’ is teideal don fheachtas úr a bhfuil sé mar sprioc aige tairiscint ghníomhach a dhéanamh de sheirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil.  Tá i gceist ag an bhfeachtas mic léinn na hollscoile a chur ar an eolas faoi líon na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá  an feachtas á stiúradh ag Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus tá neart ócáidí sóisialta beartaithe ag an Aonad do na seachtainí atá amach romhainn mar gheall go bhfuil an tAonad deich mbliana ar an bhfód i mbliana. Ar 9 Samhain, bailíodh daoine  idir bhaill foirne agus mhic léinn agus daltaí ó ghaelscoileanna sa chathair  ar Phlaza na hOllscoile, áit a raibh  an slua ag litriú amach na focail Rogha. Táthar ag súil leis an íomhá a úsáid amach anseo mar íomhá ar phóstaer feachtais chun pobal na hInstitiúide agus an pobal i gcoitinne a mhealladh chun rogha na Gaeilge a dhéanamh ina gcuid gnó leis an Ollscoil. Mar chuid de ghealltanais scéimeanna teanga Ollscoil Luimnigh, ainmníodh baill  foirne mar theagmhálacha le Gaeilge i spriocréimsí éagsúla de riarachán na hOllscoile.  ©Téacs foilsithe ar Gaelport.com 14 Samhain 2011. ©íomha le mauricegunning.com 

UCD chun tosaigh i mBréagchúirt Uí Dhálaigh 2011

$
0
0

Achomharc in aghaidh breith cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.  Bhí líon mhór iontrálacha ann arís i mbliana, ina measc foirne ó Óstaí an Rí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.   Reáchtáladh réamhbhabhtaí de ard-chaighdeán in Óstaí an Rí  maidin Dé hAoine agus bhí an chraobh ar siúl sna Ceithre Chúirt an tráthnóna céanna.  Is breithiúna den Ardchúirt,  An tOnórach Mary Laffoy agus An tOnórach Henry Abbott, a bhí mar mholtóirí agus chuidigh Conor Ó Briain, Aturnae, leo.  Foireann  ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Anna Ní Uiginn agus  Barra Ó Leidhin, a ghlac taobh an fhreagróra, a roghnaíodh mar bhuaiteoirí. Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus  duais  €600 orthu.  Tháinig foireann Óstaí an Rí (Fiona Sheehan agus Eoin Ó Canainn, a throid an cás don achomharcóir, sa dara háit agus fuaireadar duais €300.                                                                Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí,  dúirt  Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn ‘Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí  ar Bréagchúirt Uí  Dhálaigh. Toisc stádas dlíthiúil  na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann ná riamh i gcomhair dlíodóirí  a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge. Le Bréagchúirt Uí  Dhálaigh, is féidir le mic léinn barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta os comhair breithiúna de chuid na cúirte.’ Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus An tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den Ardchúirt in éineacht le foireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Anna Ní Uiginn agus Barra Ó Leidhin, tar éis a mbua ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011 Foilsithe ar Gaelport.com 15.11.11
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>