Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Leabhair úra Breacadh le buachan

$
0
0

Ba é Maidhc Dainín ó Sé a sheol go hoifigiúil na ceithre leabhar úra  leis an scríbhneoir aitheanta Helen Ó Mucrchú.  Is iad ‘Móin Fluich’,  ‘An Pocán Gabhair’, ‘Clog an Dá Thaobh’ agus ‘Folcadh agus Cithfholcadh’na leabhair atá i gceist. Is leabhair bheaga ghleoite iad seo ina bhfuil scéal iontach agus tá gach leathanach maisithe le dathanna éagsúla. Sa leabhar 'Folcadh agus Cithfholcadh' déantar cur síos ar na  tithe nua-aimseartha atá á dtógáil agus ní hé amháin go bhfuil seomra  folctha amháin iontu, ach tá trí nó ceithre cinn. Rugadh Helen Ó  Murchú i Ráth Caola i gContae Luimnigh. Tá a saol gairmiúil caite aici  ar thús cadhnaíochta i ngach leibhéal d’oideachas na Gaeilge.  Bhí Helen ina cathaoirleach bunaidh ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta, ina cathaoirleach ar Bhord na Gaeilge, agus ina hUachtarán ar Chomhdháil  Náisiúnta na Gaeilge. Tá cáil uirthi mar scríbhneoir cumasach le  blianta fada anuas agus scríobh sí faoi chúrsaí Gaeilge, ach sna  leabhair seo tá taobh eile dá cuid scríbhneoireachta tagtha chun solais  leis na scéalta gleoite grinn seo. Ceist na seachtaine seo: Cá raibh Oireachtas na Samhna 2011 ar siúl ? •    Cathair na Mart      •    Loch Garman       •    Cill Airne      •    Leitir Ceanainn     Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 24 Samhain 2011 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Seán Ó Gríofa as Co. na Gaillimhe agus Roibeárd O'Cathmhaoil as Baile Átha Cliath a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

Súil siar ar shiamsaíocht ag Oireachtas na Samhna

$
0
0

Bhailigh na sluaite isteach in ionad INEC sa ríocht le linn na gcomórtas éagsúil sean-nóis a bhí ar siúl le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne don dara bliain as a chéile. I rith na seachtaine ghlac na céadta páirt in imeachtaí scléip na hóige agus neart imeachtaí éagsúla agus ar an Déardaoin bhí neart comórtas éagsúil faoin lán seoil. Ar an Satharn bhí Comórtas Chorn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ar siúl san INEC. Is é corn Uí Riada príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais.  Is comórtas do dhaoine fásta idir fhir is mhná atá i gceist agus bíonn neart amhrán agus canúintí le cloisteáil ó dhaoine as gach ceantar in Éirinn agus as áiteanna eile ar fud an domhain mhóir. Ba é an t-amhránaí cumasach Jimmy Ó Ceannabháin as Ros Muc i gConamara a chroch leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada na bliana seo.  Tá aithne mhór ar Jimmy mar fhonnadóir den scoth agus ní raibh biorán le cloisteáil ag titim san INEC agus Jimmy ag casadh leagan draíochtach den amhrán ‘Máire Ní Mhongáin.   Ba í an t-amhránaí aitheanta Máire Ní Chéileachair as Ascail Thobar an Chaipín, Corcaigh a bhain amach an bonn airgid agus Éilís Ní Chonghaile as Baile Mhistéail, Ráth Chairn i gCo. na Mí a bhain an tríú háit amach le linn chomórtas Chorn Uí Riada na bliana seo.             Bhí an-choimhlint ag comórtas na bliana seo le hocht nduine dhéag istigh ar an gcomórtas.  Ina measc bhí scoth na n-amhránaithe ó gach coirnéal den tír seo agus ó thíortha eile chun bheith i láthair ag an gcomórtas speisialta seo. Bíonn an-draíocht ag baint le Comórtas Chorn Uí Riada gach bliain agus bíonn an-tóir ag an hamhránaithe is fear sa tír ar an gcomórtas áirithe seo.  Do dhaoine ar fud na tíre nár éirigh leo taisteal chomh fada le Cill Airne mar is gnáth rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar chomórtas na bliana seo agus bhí siamsaíocht, sean-nós, ceol bríomhar agus craic le cloisteáil ar chlár Rónán Beo tráthnóna Aoine agus bhí agallamh agus tráchtaireacht ar BBC Raidió Uladh agus tá físeán bríomhar Otv le feiceáil ar shuíomh Gaelscéal agus Raidió na Gaeltachta .   Bhí Nuacht TG4 á chraoladh beo ón óstán thar an deireadh seachtaine agus bhí neart siamsaíochta agus damhsa ar an sean-nós le feiceáil. Ba é an t-amhránaí Liam Ó Cróinín as Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí a bhain amach an chéad áit agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-nóis Mhúscraí duais i gcomórtas cáilithe d’fhir faoi bhun 35 bliain d’aois agus ba é Iarfhlaith Ó Murchú as Baile na nGall i gCo. Chiarraí a bhain amach an dara háit. Ba í Éilís Ní Chonghaile as Ráth Chairn Co. na Mí a bhain amach Corn Corn Phádraig Mhic an Rí i gcomórtas Sean-Nóis na mBan agus sa chomórtas céanna agus ba í  Eibhlís Uí Thuama as Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí a bhain amach an dara háit. Don dara bliain as a chéile beidh Corn TG4 ag tabhairt a aghaidh ar cheantar Iorras Aithneach i mbliana.  Chroch an damhsóir cumasach Páraic Ó Dubháin as an Aird Mhór, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe leis an corn le linn comórtas rince aonair ar an sean-nós tráthnóna Sathairn. Bá é deartháir Pháraic,  an damhsóir aitheanta Gearóid Ó Dubháin a thug leis an corn seo anuraidh agus ní aon strainséirí iad na fir óga seo don stáitse mar gur minic a bhíonn said le feiceáil ar stáitse ag féilte éagsúla ar fud na tíre agus is maith uathu  cois a bhualadh air. Fear eile as Iorras Aithneach a thug leis an dara háit sa chomórtas, duine de chlann cheolmhar Uí Iarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna.  Thug Proinsias Ó hIarnáin leis an bonn cré-umha agus ba é a dheartháir Breandán a chroch leis an Corn agus bonn airgid sa chomórtas rince aonair ar an sean-nós idir 15 – 18 mbliana déag. Is minic a bhíonn Proinsias agus Breandán ar stáitse agus tháinig a ngrúpa ‘Trí Lasadh’ sa dara háit,  ionadaithe Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna, le linn Shiamsa Gael Linn a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta in Aibreán 2010. Bhí an-chaighdeán d’amhránaíocht agus rince ar an sean-nós ag Oireachtas na bliana seo idir na comórtais éagsúla agus bí cinnte go raibh ceiliúradh mór á dhéanamh ag na buaiteoirí. Mhair an ceol, damhsa agus an tsiamsaíocht ó dhubh go dubh, le Club na Féile agus leis an gCabaret Craiceáilte - le ceol den scoth leis na boscadóirí Johnny agus  Johnny Óg  Connolly, Meataí Joe Shéamuis, Ray Mac Mánais,  Breannán Ó Beaglaoich, Breág, Na Rubberbandits , Ciarán Ó Maonaigh, an grúpa clúiteach rock ó na hochtóidí Na Fíréin mar aon le go leor eile. Beidh súil leis na sluaite arís an bhliain seo chugainn thuas i dTír Chonaill nuair a fhillfidh Oireachtas na Samhna ar Leitir Ceanainn sa bhliain 2012.   Tá liosta de na buaiteoirí eile a ghlac páirt in imeachtaí éagsúla le linn Oireachtas na Samhna 2011 ar fáil anseo. Féach ar ghrianghraif ón óscáid anseo. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Athbreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

$
0
0

Tá gealltanas  ann  i gClár an Rialtais reatha le cinntiú, go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgais go cuí de réir na n-éileamh ó shaoránaigh. Is faoi stiúir na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh an t-athbhreithniú agus beidh deis ag an bpobal páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin idir seo agus 31 Eanáir 2012. Tá an Acht Teanga beagnach 10 mbliana ar an bhfód anois ó shínigh Uachtarán na hÉireann é ina dhlí ar 14 Iúil 2003 agus tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse trí bliana. Is é aidhm an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Tá scéimeanna teanga ag na comhlachtaí poiblí, ina leagtar amach na seirbhísí arna soláthar ar bhealach comhtháite gach 3 bliana, mar chroílár an Achta. Sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht freisin a bhfuil feidhm choitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe agus  úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Is léir go bhfuil leasuithe móra sa reachtaíocht beartaithe agus go mbeidh athchóiriú iomlán ar an gcóras atá ann cheana féin. Déanfar athbhreithniú cuimsitheach ar fheidhmiú an Achta, a thógfaidh san áireamh leasuithe inmholta a chinnteoidh gurb iad na seirbhísí poiblí atá le soláthar trí Ghaeilge na seirbhísí is mó a bhfuil éileamh orthu.  Táthar ag siúl go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht in oiriúint chun soláthar sásúil seirbhíse trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Breathnófar ar dhea-chleachtas reatha maidir le soláthar seirbhísí teanga i dtíortha eile chomh maith. Beidh ranna rialtais, comhlachtaí poiblí, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chomh maith leis an bpobal in ann tuairimí a nochtadh faoi shainréimsí an Achta tríd aighneachtaí a líonadh isteach ar shuíomh www.ahg.gov.ie nó trí shuirbhé níos gasta a dhéanamh. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Fóraim Phoiblí ar cheist na Gaeilge

$
0
0

An Ghaeilge i do Cheantar: Do  Theanga, Do Phobal, Do Rogha, an teideal  atá ar na seimineáir seo atá á  eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na  Gaeilge,ar an 21 Samhain i Luimneach,  agus ar 23 Samhain i nDún Garbhán. Reáchtálfar an chéad cheann de na fóraim phoiblí seo sa Strand Hotel, i gCathair Luimnigh, ar 21 Samhain ag 7.30pm, agus beidh sin faoi stiúir an Chathaoirligh, Beirní Ní Chuinn (san íomha ar chlé) ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.   Déanfaidh Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar bhunú Gréasáin Ghaeltachta agus ceapadh pleananna gnímh áitiúla, faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tabharfaidh an Pleanálaí Teanga, Mait Ó Brádaigh, léargas praiticiúil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobhna pleanála teanga de.   Labhróidh Sinéad Ní Chonchúir ó ChraobhLuimnigh de Chonradh na Gaeilge, faoina struchtúir thacaíochtareatha atá ar fáil sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de, mar a thagann an obair sin le príomhghnéithe na Straitéise, agus mar a bhainfear amach príomhsprioc na Straitéise – is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil na Gaeilge ann le linn shaolré na Straitéise. Ar an 23 Samhain ag 7.30pm, beidh Sorcha Ní Chéilleachair mar Chathaoirleach, ar an bhfóram poiblí i nDún Garbhán, áit a mbeidh Pádraig Mac Criostail agusMait Ó Brádaighag plé cúrsaí teanga mar atá thuas, agus áit a bpléifidh Cabrini De Barra, ó GhaeltachtnanDéise, natacaíochtaíatá ar fáil don Ghaeilge sa cheantar sin, agus na forbairtí a d’fhéadfaí a bhaint amach sna blianta romhainn.   Ag labhairt dó faoi na seimineáir phoiblí, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Is faoi na pobail áitiúla anois seilbh a ghlacadh ar na deiseanna do chur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, na deiseanna atá ann ceantar ‘Gaeltacht gréasáin’ a bhunú agus a fhorbairt ach go háirithe.  Léireofar tríd na seimineáir eolais atá á reáchtáil ag an gComhdháil na céimeanna chun tosaigh i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge ar féidir le pobail a ghlacadh ar bhonn comhtháite.  Cuirfear béim sna seimineáir ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag pleanáil agus ag obair i gcomhar lena chéile chun leas na Gaeilge agus na bpobal araon”. Fóram iomlán oscailte a bheidh sna seimineáir seo, agus iad á reáchtáil go dátheangach.  Cuirfear gach deis ar fáil don phobal a dtuairimí a nochtadh i dtaobh na Straitéise, agus plé a dhéanamh ar dheiseanna chur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge d’fhonn gréasáin Ghaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt sa cheantar. Tabharfar deis freisin d’ionadaithe ó eagraíochtaí atá ag feidhmiú go háitiúil agus ó chomhlachtaí poiblí atá ag soláthar seirbhísí go díreach don phobal a bheith rannpháirteach san fhóram plé seo. Beidh cead isteach chuig na seimineáir saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh go dtí maire@comhdhail.ie. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Acht Teanga do Thuaisceart Éireann le plé i Stoirmhonadh Dé Céadaoin

$
0
0

Ag an ócáid, labhróidh saineolaithe ar theangeolaíocht agus ar chearta teanga idirnáisiúnta, ina measc  siúd beidh an tOllamh Robert Dunbar  (University of Aberdeen) agus an tOllamh Colin Williams (University of Cardiff). Is í an scátheagraíocht POBAL atá ag eagrú na hócaide agus chuir Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Janet Muller, fáilte ar leith  roimh chinneadh Basil McCrea a bheith ina óstach go comhpháirteach ar an ócáid. Chomh maith leis sin déanfaidh cainteoirí ón Bhreatain Bheag agus ó Albain tuairisc ar an ndul chun cinn atá bainte amach le déanaí maidir le reachtaíocht teanga. Ina measc siúd beidh Hywel Hughes, Ceann na Seirbhíse Chúirteanna sa Bhreatain Bheag, Alasdair MacCallum Oifigeach na Gaidhlig i bParlaimint na hAlban agus Domhnall Mac Neeil Príomhfheidhmeannach Comann na Gaidhlig in Albain. Glacadh le moltaí Pobal maidir le reachtaíocht teanga  a chur ar bun i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2007 tar éis na ngealltanas a leagadh amach  i gComhaontú  Chill Rimhinn. Ach is beag dul chun cinn atá bainte amach ó shin agus tá Pobal ag súil go mbeidh an tAcht ar an gclár polaitiúil arís tar éis na hócáide ar 16 Samhain. “ Sa tréimhse ó tugadh an gealltanas leis an Acht a chur i bhfeidhm, i ndlínsí eile bhí cosaint reachtaíochta do theangacha ag dul i bhfeabhas agus ba mhaith linn a bheith cinnte go bhfuil na hathruithe seo curtha san áireamh agus muid ag obair i dtreo Acht na Gaeilge”, a dúirt sí. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

450 Múinteoir i láthair don Tionól Teagaisc

$
0
0

Eagraithe ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, seimineár náisiúnta  a bhí sa tionól do mhúinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal le rogha de 30 ceardlann. Cuireadh tús le himeachtaí an Tionóil le heocharchaint le Dónall Mac Diarmada,  Príomhchigire le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, a rinne cur síos cuimsitheach ar na hathruithe atá tagtha ar scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta.  Spreag an eocharchaint seo neart ceisteanna ón lucht féachana, agus ghlac Mac Diarmada an deis chun ceisteanna na múinteoirí a fhreagairt.  Le linn an tseisiúin phlé seo, léiríodh míshástacht leis an múnla reatha gur scrúdú comónta atá sa Bhéaltriail, agus moladh go mba cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar chumas na ndaltaí, is é sin go mbeadh scrúdú ann ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal.   Lean an Tionól thar dhá lá, le breis agus 30 ceardlann ar siúl ar an Satharn, ag clúdach réimse leathan topaicí, le béim ar leith á leagan ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.  Labhair Cathal Ó Mórdha faoi na bealaí ar féidir úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht, ar nós an iPad, chun ullmhú don bhéalscrúdú Gaeilge.  Labhair Seán Ó Gáibhín faoin gclár bán idirghníomhach, agus labhair Dr Marcus Ó Conaire faoi thionscnamh reatha atá curtha ar bun aige le tacaíocht na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, áit a bhfuil cartlann d’áiseanna teagaisc ar fáil beo ar iTunes.  Is féidir teacht ar an ábhar seo ach dul isteach ar iTunes, gliogáil ar an gcatagóir K-12 agus cuardach a dhéanamh ar “COGG”. Le linn an Tionóil rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge seoladh den DVD Cuireadh Chun Cainte.  Treoir phraiticiúil é Cuireadh Chun Cainte dóibh siúd atá ag tabhairt faoi bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.  Tugadh cóip den DVD in aisce do gach múinteoir a bhí i láthair, agus tá an físeán iomlán le feiceáil anois ag an nasc seo. >>Thuas ar chlé san íomha tá Dónal Mac Diarmada, Coimisiún na Scrúduithe Stáit a thug eocharchaint an tionóil. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Comhdháil na n-ealaíontóirí

$
0
0

In ainneoin go bhfuil seift níos mó ag teastáil ó chomhlachtaí amharclainne agus ó ealaíontóirí  ar na saolta seo, cuirfear béim ar na féidearthachtaí atá ann i gcomhthéacs praiticiúil ag an gcomhdháil atá á reáchtáil ag Meitheal na mBeag. Scathghrúpa a fhreastalaíonn ar ealaíontóirí is ea Meitheal na mBeag a bhfuil na comhlachtaí Graffítí, Branar agus Fíbín ina mball aige. Reáchtálfar comhdháil Mheitheal na mBeag in Ollscoil na hÉireann Gaillimh Dé hAoine 18 Samhain agus Dé Sathairn 19 Samhain. Ina haitheasc pléifidh Ruth Little, astrálach a bhíonn ag comhoibriú le cuid de na comhlachtaí amharclainne is iomráití i Sasana agus in Albain,  an ceangal atá  idir drámaíocht, sochaí agus an timpeallacht agus gnéithe den smaointeoireacht chórasach i gcomhthéacs na n-ealaíon. Tráthnóna dé hAoine,  beidh Tadhg Mac Dhonnagáin mar chathaoirleach ar seisiún cainte ina bpléifear éabhlóid an smaoinimh agus ar an ardán leis beidh Darach Ó Tuairisc,  Fíbín; Fiona Kelleher Graffití agus Mac Mac Lochlainn, Branar. Fás agus éabhlóid a gcuid dtograí is déanaí a bheidh á bplé acu. Chomh maith leis sin beidh  saothair úra agus saothair atá idir lámha á léiriú ag Púca puppets, Moonfish and Graffítí agus beidh siamsaíocht agus ceol ann le Frankie Gavin, Máirtín O’Conor agus Carl Hession. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Ciúnas timpeall ar an nGaeilge sa saol poiblí

$
0
0

“Tá ciúnas mór timpeall ar an nGaeilge in Éirinn inniu”,  dar leis agus nocht sé an tuairim nach raibh lárionad don Ghaeilge sa saol poiblí anois agus go raibh neamart iomlán déanta ar na  foinsí Gaeilge ag cuid mhaith de staraithe na tíre. Luaigh sé chomh maith gur beag tagairt a bhí ann don teanga sna meáin Bhéarla.  Níos measa fós,  dar leis, tá “naimhdeas  fíochmhar “ le brath i gcuid de na nuachtáin agus i measc aicmí áirithe sa tír, a dúirt sé. I láthair ag an seimineár Dé Sathairn bhí Eoin Ó Murchú a thug faoin gceist chéanna ar bhealach eile agus a dúirt go raibh cogadh aicmeach ann. D’áitigh sé nach raibh cúis na Gaeilge mar bhunsprioc ag an bhuannaíocht anois in ainneoin an taighde a thugann le fios go bhfuil muintir na hÉireann báúil don Ghaeilge. Labhair Áine Hyland, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoin gcóras pátrúnachta atá i bhfeidhm in Éirinn, córas nach bhfuil ann i dtír ar bith eile ar domhan dar léi. Thug sí léargas ach go háirithe ar na forbairtí a thit amach ó bunaíodh an córas scoile náisiúnta le Litir Stanley sa bhliain 1831 leis an sprioc ‘to unite in one system, children of different faiths.’ Ní mar sin a tharla áfach agus thug sí léargas ar an gcoimhlint a bhain le scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheach a bhunú ó  thús na 70í. Nocht sí an tuairim go mbeidh deacrachtaí ag an rialtas úr polasaí a chinntiú maidir le scoileanna náisiúnta ilchreidmheacha a bhunú ar láithreacha  ina mbíodh scoileanna caitliceacha ann . D’aontaigh an Roinn Oideachais gníomhas malartú sa bhliain 2002 le roinnt de na scoileanna caitliceacha, rud a chiallódh gurb é an t-oideachas caitliceach amháin a bheidh ar fáil ar shuíomhanna áirithe amach anseo. Bhí reachtaíocht, cearta teanga agus an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann  faoi chaibidil ag Séamus Ó Tuathail, SC agus Tom O’Malley léachtóir Sinsearach le Dlí, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ó pléadh tiontú oifigiúil na reachtaíochta sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Beoláin tá go leor tite amach sna cúirteanna agus sa Dáil maidir le ceist na reachtaíochta.  Go dtí seo,  pléadh  tiontú Achtanna an Oireachtais agus  tiontú na nIonstraimí Reachtúla os comhair na gcúirteanna ach tá ceist ann fós maidir le Billí a aistriú go Gaeilge,  dar leis an abhcóide Séamus Ó Tuathail.  Nocht sé an tuairim áfach go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas sa tseirbhís chúirteanna – tá cuid de na breithimh cumasach go leor agus ar a gcompord leis an teanga agus le déanaí foilsíodh tuarascálacha oifigiúla i nGaeilge ar cheithre chúis Ghaeilge. Bhí an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann mar atá geallta i gclár an rialtais á phlé ag Tom Ó Malley. Is iontach an deis atá ann plé poiblí a bheith againn maidir le luachanna an bhunreachta ach ba chóir dúinn a bheith cúramach maidir le leasuithe a mholadh, dar leis. Mhol sé don chomhdháil bhunreachtúil díriú isteach ar cheisteanna práinneacha, an leasú bunreachtúil maidir le cearta leanaí agus ar athmhúnlú an tSeanaid i dtús báire.  “Caithfimid a bheith  cúramach gan a bheith ró-thoilteanach bunreacht a leasú”,  a dúirt sé. Craolfar na léachtaí ar fad ar RTÉ Raidió na Gaeltacha amach anseo. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Rónán Mac Con Iomaire ceaptha ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

$
0
0

As an gCeathrú Rua do Rónán, agus tá breis agus cúig bliana déag caite aige ag obair leis na meáin chumarsáide.  Chuaigh sé i mbun oibre le TG4 i 1996 nuair a chuaigh an stáisiún ar an aer den chéad uair. Chaith sé seal ina dhiaidh sin i mbun iriseoireachta le Independent Newspapers, agus ag obair mar eagarthóir ar shuíomh idirlín de chuid Eircom, Cumasc.  Chaith sé sealanna freisin mar chomhfhreagraí Bhaile Átha Cliath don nuachtán Foinse, ag soláthar ábhar ar bhonn saoririseoireachta do leithéidí an Irish Times, Magill agus an BBC, agus ag plé le cúrsaí margaíochta agus poiblíochta leis an gcomhlacht Meas Media a bhunaigh sé sa bhliain 2000.  Sa bhliain 2002 d’fhill sé ar Nuacht TG4, áit a bhfuil sé ag obair ó shin agus ceapadh é ina Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil le Nuacht RTÉ/TG4 i 2007.  Tá cónaí air ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe, áit a bhfuil sé pósta agus beirt chlainne air.     Labhair Rónán le Gaelport.com agus dúirt  go bhfuil sé ar bís chun tús a chur leis an ról nua.  “Aithním gurb í an tseirbhís nuachta an seod is luachmhara atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Cuirim romham sa ról nua soláthair na seirbhísí reatha a chinntiú amach anseo, agus na seirbhísí seo a fheabhsú, agus a fhorbairt sa todhchaí.  Cé gur am deacair é seo don earnáil chraoltóireachta phoiblí, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta chun tosaigh i gcónaí agus muid ag cur seirbhísí ar fáil dár n-éisteoirí i measc phobal na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge”.   Guíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gach rath ar Rónán agus é ag dul i mbun a ról tábhachtach sinsearach seo le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó thús mhí na Nollag 2011. © Foilsithe ar Gaelport.com 15.11.2011

Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna ag druidim linn

$
0
0

Cuirfear tús le himeachtaí  maidin Aoine, 25 Samhain nuair a ndéanfaidh Uachtarán Ghaelscoileanna Mícheál Ó Broin agus an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon T.D comhdháil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil. Beidh an chomhdháil seo dírithe ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal go háirithe. Leanfar le Léacht na Comhdhála nuair a thabharfaidh An Dr Gerry Shiel, taighdeoir san Fhoras Taighde ar Oideachas, léargas ar thorthaí na Measúnachtaí Náisiúnta ar Léitheoireacht sa Bhéarla agus ar Mhatamaitic i mBunscoileanna a bhíonn ag teagasc trí nheán na Gaeilge.   Díreoidh an Chomhdháil ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge ach go háirithe. Mar is gnách le linn na Comhdhála beidh léachtaí éagsúla á dtabhairt agus grúpaí sainspéise agus seisiúin chainte ag plé ceisteanna oideachais.  Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé le linn an lae ar an Aoine agus arís ar an Satharn. Beidh ceardlanna ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl freisin agus beidh ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais agus ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt le múinteoirí agus leis an bpobal a bheidh i láthair. ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Ceapachán nua ar an gCoiste um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge

$
0
0

Is cosúil go mbeidh an Breitheamh Blake agus a chomhghleacaithe ar an gcoiste gnóthach go leor sna míonna atá amach romhainn mar cuirfear an t-Aistriúchán Gaeilge ar na foirmeacha i Rialacha na nUaschúirteanna faoi bhráid an choiste go luath. D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Alan Shatter TD chomh maith inné go bhfuil i gceist ag an rialtas tús a chur le foilsiú Orduithe Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge a chuirfear in ionad  na nOrduithe atá ann mar bhonn leis an mbailiúchán de théarmaí dlí, ‘Téarmaí Dlí’ atá as cló le fada. Is é an Breitheamh Onórach Adrian Hardiman,  Breitheamh den Chúirt Uachtarach atá ina Chathaoirleach ar an gcoiste. Leis ar an gcoiste, tá Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir, Rannóg an Aistriúcháin agus dlí-chleachtóirí agus aistritheoirí a bhíonn ag feidhmiú sa réimse seo.   Bunaíodh an Coiste Comhairlitheach um Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge faoin Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge 1945. ©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Samhain 2011.

Gradam Leabhar na Bliana bronnta ar Mháire Mhac an tSaoi

$
0
0

Thug an banfhile an svae léi ar an oíche leis an leabhar atá foilsithe ag Leabhar Breac. Ba í seo an tríú huair don chomhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara an duais liteartha a ghnóthú. Déantar cur síos sa leabhar ar shaol Ghearóid Mhic Gearailt, file Gaelach agus taoiseach Normannach a bhí ina tríú hIarla Deasmhumhan sa 14ú haois. Bíonn an comórtas liteartha á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge agus tá sé mar sprioc  aige foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.  Ar an gcoiste moltóireachta i mbliana bhí Rhóda Uí Chonaire, Paul Drury, Mícheál Ó Cróinín agus Vivian Uíbh Eachach. Bronnadh duais €7,500 ar an bhfoilsitheoir agus duais €5,000 ar Mháire Mhac an tSaoi chomh maith le dealbh criostal. San iomaíocht léi don phríomhdhuais i roinn na ndaoine fásta,  bhí Tony Mcnally le ‘Dialann Dúlra’; Liam Mac Mathúna le ‘Séadna’, Biddy Jenkinson le ‘Duinnín Bleachtaire ar an Sceilge’ agus Gearóid Denvir le ‘Sé an Saol an Mháistir’. Bhronn Beirní Ní Chuinn ó RTÉ Raidió na Gaeltachta gradam leabhar na bliana do dhaoine óga, Gradam Réics Carlo ar Chaitriona Hastings agus ar an maisitheoir Andew Whitson don scéal eachtraíochta do leanaí ‘Mac Rí Éireann’. Bronnadh duais €7,500 ar an tSnáthaid Mór, foilsitheoir an leabhair agus €2,500 an duine ar an scríbhneoir Caitríona Hastings agus ar an maisitheoir Andrew Whitson. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go raibh éacht déanta ag na foilsitheoirí leabhair ar ardchaighdeán a fhoilsiú in ainneoin go bhfuil drochbhail ar thionscal na foilsitheoireachta ar fud an domhain. ©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Samhain 2011

Feidhmeanna an Choimisineára Teanga le comhnascadh le hOifig an Ombudsman

$
0
0

D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu go ndéanfar feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman faoi chlár athchóirithe na hearnála phoiblí mar chuid de bheartais an Rialtais comhlachtaí neamhspleácha Stáit a shruthlíniú.Ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 23 Feabhra 2004.  Tá sé ag tabhairt faoi obair na hoifige le dearcadh agus cur chuige stuama, praiticiúil, tomhaiste, ciallmhar ó shin i leith.  Tá toradh díreach na hoibre sin le feiceáil go soiléir sa dul chun cinn atá á déanta maidir le seirbhísí níos fairsinge agus ar chaigheán níos airde trí Ghaeilge a sholáthar don phobal ag na Comhlachtaí Poiblí faoin Acht Teanga.  Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2004 go luath i ndiaidh dá cheapachán mar Choimisinéir Teanga leag an tUasal Ó Cuirreáin béim ach go háirithe ar an dtábhacht a bhaineann le neamhspleáchas oifig an Choimisinéara faoin dlí.  Chuir sé in iúl go raibh mar aidhm aige go mbeadh Oifig an Choimisiéara Teanga ina hacmhainn ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir lena gcearta a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Tá an aidhm sin bainte amach agus á bhaint amach aige go laethúil i gcomhlíonadh a ndualgais mar Choimisinéir.Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.Ag tagairt do chinneadh an Rialtais fógartha inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail go bhfuil “tús curtha le hathbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Teanga ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fíor-dhéanaí. Beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisineára Teanga a bheidh go mór chun aidhleasa feidhmiú ar bhonn neamhspleách na hoifige sin, gan trácht ar an dtionchar diúltach ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo.  Is dócha gur féidir glacadh leis gur ar mhaithe le caiteachas ón gciste Stáit a laghdú an cinneadh seo, cé nach léir cén sábháil airgid a eascróidh as.”  Lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun impleachtaí an chinnidh seo agus cinntí eile faoin gclár athchóirithe a mbeidh tionchar acu ar chur chun cinn na Gaeilge a phlé leis.Ráiteas eisithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 17 Samhain 2011.

Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh

$
0
0

Foilsíodh plean an rialtais maidir le hathchóiriú ar an státchóras inniu  agus tugadh le fios sa  chlár  go bhfuil i gceist acu 48 eagraíocht neamhspleách Stáit  a chomhcheangal le heagraíochtaí stáit eile. Luaitear sa plean go bhfuil i gceist ag an rialtas feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman.  Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, thug an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le fios nach raibh sé ar an eolas faoin gcinneadh go dtí gur chuir an tAire Stáit glaoch air inné. D’fhógair an rialtas coicís ó shin go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla idir seo agus deireadh mhí Eanáir. Is léir go bhfuil leasuithe móra sa reachtaíocht beartaithe agus go mbeidh athchóiriú iomlán ar an gcóras atá ann cheana féin.Tá imní léirithe ag roinnt eagraíochtaí Gaeilge go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag an rialtas mar gheall ar  a bhfuil i ndán don Acht Teanga. Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála gur “beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga” agus luaigh sé an “tionchar diúltach” ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo.  Tá Conradh na Gaeilge le hagóid a reáchtáil os comhair na Dála inniu ag 4 i.n. mar gheall ar an gcinneadh.  Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh an fógra  “ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas”.Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010. Pléadh  athceapachán an Choimsinéara sa Dáil  i Mí Feabhra  agus ag an am  mhol Dinny McGinley TD a bhí ina urlabhraí le Fine Gael ar chúrsaí Gaeltachta an obair a bhí déanta ag an Coimisinéir go dtí  seo agus luaigh sé an tábhacht a bhain leis na tuarascálacha bliantúla a fhoilsíonn Oifig an Choimisinéara Teanga.Dúirt  an Coimisinéir Teanga inniu go raibh sé thar a bheith bródúil as an obair atá déanta ag an bhfoireann  ó bunaíodh an Oifig.  Nocht sé an tuairim nach ndéanfar sábháltaí airgid ar thuarastal foirne agus nach bhfhéadfá a rá go raibh costas ollmhór ag baint le riaradh na hOifige.“Is é is mó atá ag déanamh inmní dúinn ná go bhféadfaí obair a bhí ar siúl againn a chur ar leataobh” a dúirt sé. Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath inniu dúirt an Taoiseach go raibh sé tuigthe nach mbeadh laghdú ó thaobh  éifeachtúlacht de ar chóras  an Choimsinéara Teanga agus an obair atá á dhéanamh aige. ©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Samhain 2011

Irischlár nua le craoladh ar Raidió na Life anocht

$
0
0

Deir Diarmuid Ó Mathúna, láithreoir an chláir go mbeidh idir trom agus éadrom le cloisteáil agus go mbeidh meascán idir cúrsaí ceoil agus cúrsaí teilifíse chomh maith le cúrsaí reatha á bplé ar Bosca 106 a chraolfar beo ag 8 i.n. gach Aoine.Le mí anuas bhí Diarmuid agus Lisa Madden, léiritheoir an chláir gníomhach ar Facebook agus ar Twitter mar gheall go bhfuil i gceist acu pobal a chruthú  thar timpeall an chláir.“ Táimid ag iarraidh go mbeimid i saol na ndaoine seo go lán-aimseartha agus  go laethúil seachas go ndéanfadh siad dearmad orainn ó sheachtain go seachtain, “ a deir sé.Bhí Diarmuid le feiceáil mar shaineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta ar an gclár Ponc  ar TG4 anuraidh. Ni hé seo an chéad chlár don Chorcaíoch ar Raidió na Life ach an oiread, bhí sé ag obair le Madden ar  an gclár ‘An Ticéad’ dhá bhliain ó shin.Scannáin ba mhó a bhí faoi chaibidil ansin ach tá Diarmuid sásta go mbeidh níos mó éagsúlachta le cloisteáil sa togra is déanaí leis agus go mbeidh an fhoireann in ann a rogha rud a dhéanamh leis an gclár.“ Is í sin an ghné is mó a taitníonn liom faoin raidió.  Is maith liom go bhfuil sé chomh aimseartha agus go bhféadfá rudaí a chasadh timpeall go tapaidh, ” a deir sé.Ar an gclár anocht beidh  Uinsionn Mac Dhubhghaill, Iar-eagarthóir Gaeilge The Irish Times ag caint maidir le meáin chloíte na Gaeilge; beidh Rónán Mistéil ag caint faoi chúrsaí teicneolaíochta agus pléifidh Dáithí Ó Mathúna na cláir teilifíse atá ar fáil ar líne go dleathach ar leithéidí 4od agus RTÉ Player.Chomh maith leis sin tá i gceist acu tuairiscí rialta a chraoladh mar gheall ar na himircigh óga  atá ar deoraíocht anois mar gheall ar an lagtrá eacnamaíochta anseo. “ Tá i gceist againn nasc leanúnach a dhéanamh leo, le go gcoinneofar sinn ar an eolas faoina bhfuil ar siúl acu ar an leathanach Facebook atá cruthaithe againn” a deir sé.© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Samhain 2011

Pat Carey ainmnithe mar Chathaoirleach nua Ghlór na nGael.

$
0
0

Ciarraíoch ó dhúchas, tá a shaol oibre caite ag Pat Carey i gcathair Bhaile Átha Cliath áit ar oibrigh sé ar feadh blianta mar mhúinteoir bunscoile i bhFionnghlas. Cuireadh aithne fhorleathan ar sa cheantar sin mar ghníomhaí pobail agus chuaigh sé leis an an bpolaitaíócht i 1985 nuair a toghadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Toghadh mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thuaidh Thiar i 1997, 2002 agus arís i 2007. I 2008 ceapadh mar mar Phríom Aoire an Rialtais é agus bhí sé freagrach chomh maith as an saoránacht ghníomhaíoch a chur chun cinn. Ceapadh mar Aire Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta é i 2010. Le linn a thréimhse mar Aire Gaeltachta thug sé isteach an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Ag fógairt na nuachta in Oifigí Ghlór na nGael i Ráth Chairn, Chontae na Mí, ghabh Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, buíochas leis an Dr Íde Ní Uallacháin ar imeacht dí ón gcoiste i ndiaidh trí bhliain a chaitheadh mar Chathaoirleach. “I mbliana tá Glór na nGael ag tosú ar an dara leathchéad agus táimid buíoch don tUas Pat Carey as glacadh le cuireadh a bheith mar Chathaoirleach. Beidh na scileanna agus an saineolas atá aige ó thaobh cursaí pobail agus cúrsaí Gaeilge de an-oiriúnach dúinn sna blianta amach romhainn.  Tá earnáil na Gaeilge, agus todhchaí grúpaí agus eagras náisiúnta Gaeilge, ag dul tríd tréimhse corraithe faoi láthair.  Táimid ag súil go mór le taithí an Chathaoirligh nua le Glór na nGael a stiúradh i dtreo todhchaí láidir buan amach anseo." Agus é ag glacadh lena curaimí nua chuir an tUas Carey in iúl; "Mar dhuine a d'oibrigh go dlúth le Glór na nGael le blianta fada tuigim an ról sainiúil agus tábhachtach atá acu i gcur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre agus is onóir mhór dom an ceapachán seo. Eagraíocht ar leith is ea Glór na nGael a fheidhmíonn ag leibhéal an phobail agus má táthar le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain is cinnte go mbeidh Glór na nGael ar thús cadhanaíochta san iarracht sin. Táim ag súil go mór le cabhrú leis an eagraíocht san obair dhúshlánach atá romhainn ar fad maidir le cur le líon na gcainteoirí Gaeilge ar fud na tíre." Foilsithe ar Gaelport.com 18.11.11

Leathchéad duine ag plé na Gaeilge aréir i gCathair Luimnigh

$
0
0

Reáchtáladh an fóram poiblí seo sa Strand Hotel, i gCathair Luimnigh, faoi stiúir an Chathaoirligh, Beirní Ní Chuinn ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Rinne Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar bhunú Gréasáin Ghaeltachta agus ceapadh pleananna gnímh áitiúla, faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Thug an Pleanálaí Teanga, Mait Ó Brádaigh, léargas praiticiúil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh na pleanála teanga de. Labhair Sinéad Ní Chonchúir ó ChraobhLuimnigh de Chonradh na Gaeilge, faoina struchtúir thacaíochtareatha atá ar fáil sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de, mar a thagann an obair sin le príomhghnéithe na Straitéise, agus mar a bhainfear amach príomhsprioc na Straitéise – is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil na Gaeilge ann le linn shaolré na Straitéise. Tugann an físeán thíos, léargas sciobtha ar ábhar an tseimineáir. I measc na gceisteanna ón bpobal, pléadh oiliúint mhúinteoirí, tacaíochta teanga ar an talamh, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas na Gaeilge san Eoraip, agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí sé soiléir gur theastaigh ón lucht féachana gníomh a ghlacadh chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar, agus seo a dhéanamh ar bhonn struchtúrtha, chun gach buntáiste a bhaint as saineolas pleanála teanga. © Foilsithe ar Gaelport.com 22.11.11

Buntáiste Breise na Gaeilge pléite ag os cionn 800 dalta meánscoile

$
0
0

Le linn na seimineár rinneadh cur síos ar na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. I mBéal Feirste labhair Louise McReesh, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus Mark Harte. I Luimneach is iad na haoichainteoirí a bhí i láthair ná Ciara Considine, Aine Lally, Dónall Ó hAiniféin, Muireann Nic Amhlaoibh, agus Breandán Mac Fhionnghaile. I bPort Láirge, labhair Traic Ó Braonáin, Mairéad Ní Mhurchú, Máire Seosaimhín Breathnach, Áine Ní Shléibhín agus Liam Ó Lonáin. Labhair na cainteoirí ar fad go spreagúil agus go spleodrach le linn na hócaide, agus is cinnte go rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar na daltaí scoile, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Is féidir breathnú ar fhíseáin de na hócáidí seo thíos.     Tá tuilleadh eolais faoi Bhuntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ag www.gaelport.com/bbnag © Foilsithe ar Gaelport.com 23 Samhain 2011

Seimineár lae ar litríocht na Nua-Ghaeilge san Ardteist

$
0
0

Is éard a bheidh sa Seimineár sraith de chainteanna ar litríocht na Nua-Ghaeilge a dhíreoidh ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta 2011/12 agus pléifear míreanna áirithe den chúrsa sin lena linn. Caithfear teagmháil a dhéanamh le Cathal (cathal.macanbheatha@ucd.ie) / Eimhear (eimhear.nidhuinn@ucd.ie ) roimh an Luan 28 Samhain 2011 ar a dhéanaí chun áiteanna a chur in áirithe. Ós rud é go bhfuil teorainn chinnte le líon na mac léinn ar féidir linn freastal orthu tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a thagann isteach. Tá costas €10 in aghaidh an mhic léinn ar an Seimineár Lae. Is féidir clár imeachtaí an lae mar aon le foirm iarratais ach teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir an tSeimineáir Lae eimhear.nidhuinn@ucd.ie, nó le Cathal Mac an Bheatha cathal.macanbheatha@ucd.ie Ní cheadófar d'aon ghrúpa mac léinn bheith i láthair ag an Seimineár gan múinteoir amháin ar a laghad a bheith ina dteannta i gcaitheamh an ama.  Ní ghearrfar aon táille ar mhúinteoirí. Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011

Todchaí a dteanga faoi chaibidil ag muintir Phort Láirge aréir

$
0
0

Reáchtáladh an fóram poiblí seo faoi stiúir an Chathaoirligh, Sorcha Ní Chéilleachair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Rinne Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar bhunú Gréasáin Ghaeltachta agus ceapadh pleananna gnímh áitiúla, faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Thug an Pleanálaí Teanga, Mait Ó Brádaigh, léargas praiticiúil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh na pleanála teanga de. Labhair Cabríní De Barra ó Chomhlucht Forbartha na nDéise, faoina struchtúir thacaíochtareatha atá ar fáil sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de, mar a thagann an obair sin le príomhghnéithe na Straitéise, agus mar a bhainfear amach príomhsprioc na Straitéise – is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil na Gaeilge ann le linn shaolré na Straitéise. I measc na gceisteanna ón bpobal, pléadh na hábhair seo a leanas: Cóimheas daltaí le múinteoirí; Maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; Caighdeán na Múinteoirí Bunscoile; Athruithe beartaithe do na Coláistí Oiliúna; agus tábhacht na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Ghlac an cruinniú leis an moladh gur gá fóram áitiúil a bhunú chun comhordú a dhéanamh ar obair chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sna blianta romhainn, chun plean teanga don cheantar a chur le chéile, agus cuireadh in iúl go mbeadh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fáil mar chrann taca don obair seo. Is feidir breathnú ar fhíseán den seimineár “An Ghaeilge i do Cheantar, Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” thíos faoi seo. © Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>