Ba é an Lárionad náisiúnta Barr Feabhais um Matamaitic agus Theagasc agus Léann na hEolaíochta atá lonnaithe in Ollscoil Luimnigh a d’fhoilsigh an tuarascáil ar thionchar an dátheangachais ar fhoghlaim na matamaitice.
Bhí an tuarascáil bunaithe ar staidéar a rinne an Dr. Máire Ní Riordáin thar thréimhse idir 2005 agus 2008.
Bhí sé mar sprioc ag Ó Riordáin tuiscint a fháil ar an dul chun cinn a bhí déanta ag daltaí iar-bhunscoile agus ag mic léinn ollscoile nuair a thug siad faoi Mhata sa Bhéarla, ainneoin nach raibh an Béarla ina gcéad teanga acu. Ba iad páistí ó scoileanna Gaeltachta agus ó ghaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht a ghlac páirt sa staidéar.
Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil buntáistí fadtéarmacha ag baint le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus go leanann na buntáistí ar aghaidh go dtí an dara leibhéal.
Ach thug Ó Riordáin faoi deara go raibh míbhuntáistí áirithe ann do dhaltaí a d’aistrigh ón ghaelscolaíocht go dtí iar-bhunscoileanna Béarla.
Is i dtosach na tréimhse ina mbíonn daltaí ag athrú ó fhoghlaim na mata trí mheán na Gaeilge go dtí an Béarla is mó a bhíonn an dúshlán do dhaltaí scoile a bhfuil an Ghaeilge acu.
Ní mór dóibh tabhairt faoi fhoclóir nua a fhoghlaim agus bíonn difríochtaí áirithe le tabhairt faoi deara sa réim agus sa chomhréir a bhíonn ann sa Bhéarla ná mar atá sa Ghaeilge.
Tá Ní Riordáin den tuairim áfach go bhfuil tairbhe níos mó ann do chainteoirí atá dátheangach de réir mar a théann siad i gcleachtadh ar an dá teanga.
Thug sí faoi deara chomh maith go n-iompaíonn daltaí ó theanga amháin go dtí an teanga eile go minic le linn dóibh a bheith i mbun cleachtaí matamaitice a dhéanamh.
Ceapann sí go bhfuil ábhar breise taighde le déanamh sa réimse seo agus nach mór do scoileanna agus múinteoirí a bheith ar an airdeall mar gheall ar an mbaint idir teangacha agus na hábhair a bhíonn á múineadh sna scoileanna.
Tá an tuarascáil le léamh anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011.
↧
Dea-thionchar an dátheangachais ar léann na matamaitice
↧
Róisín Ní Mhainín ceaptha ina damhsóir cónaitheach
Ag fógairt an cheapacháin dó, dúirt an tOllamh Gearóid Denvir gur as tobar an dúchais i gConamara a thóg Róisín a cuid céimeanna. Léiríonn an ceapachán seo dúthracht agus díograis na hOllscoile i leith an dúchais sin.
Tá i gceist aici ceardlanna rince ar an sean-nós a thabhairt in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ó mhí Eanáir na bliana seo chugainn. Tabharfar cuireadh don phobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sna ceardlanna seo.
“Bhí Róisín ar an gcéad ghlúin damhsóirí ban a bhí i mbéal an phobail. Tá a stíl damhsa féin aici agus deir damhsóirí eile gur ceannródaí damhsa sean-nóis í sa mhílaois nua seo.”
Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011
↧
↧
Cruinniú le reáchtáil maidir le todhchaí Oifig an Choimisinéara Teanga
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú an chruinnithe a bheidh ar siúl ag 2 i.n. in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn, trasna ó
Óstán Menlo Park.
Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ar son Ghuth na Gaeltachta go bhfuil gá an cinneadh seo a throid agus “brú damanta” a chur ar an Rialtas go dtí go ndéanfar an cinneadh a tharraingt siar agus beidh sé mar sprioc ag an gcruinniú feachtas láidir a aontú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Reáchtáladh agóid os comhair na Dála ar 17 Samhain nuair a d'fhógair an Raltais an cinneadh mar chuid den athchóiriú ar an gcóras poiblí.
Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011
↧
Iarratas ar Aighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Tá sé á bheartú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go mbeidh na seirbhísí sin ar chaighdeán níos airde.
Is mian leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige aighneachtaí i ndáil leis an dréachtscéim a lorg anois ó aon pháirtithe leasmhara. Níor cheart go rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal (c.8 leathanach), dá mb’fhéidir é. B’fhearr aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, a sheoladh go leictreonach chuig public@dcya.gov.ie.
Nó seachas sin féadfar iad a chur leis an bpost chuig
Aonad Tacaíochta Gnó
An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
43-49 Bóthar Mespil
Baile Átha Cliath 4
Tá eolas faoi shainordú agus ról/seirbhísí na Roinne ar fáil ar www.dcya.gov.ie
Is é an 5 pm ar an 5 Eanáir, 2012 an sprioc-am ar a nglacfar le haighneachtaí.
Is féidir tuilleadh eolais faoin Acht a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie nó é a iarraidh ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@coimisineir.ie
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.
↧
Tacaíocht an phobail á lorg do Ghaelcholáiste nua i nDún Droma
Chuige sin reáchtálfar cruinniú poiblí ar an ábhar ar 29 Samhain ag 8 i.n. ar láthair na scoile nua ar Bhóthar Sydenham.Scoil ilchreidmheach do bhuachaillí agus do chailíní a bheidh ann agus tá coiste na scoile ag súil go mbeidh Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath mar phátrún ag an scoil.Tá i gceist ag an gCoiste Gairmoideachais foirgneamh atá ina sheilbh acu ar Bhóthar Sydenham a sholáthar don scoil.Pléifear na forbairtí atá bainte amach ag an gcoiste cheana féin chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile atá beartaithe idir seo agus oscailt na scoile ag an gcruinniú poiblí.©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2011
↧
↧
Scoileanna lán-Ghaeilge chun tosaigh
D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith.Beidh an chomhdháil oideachais ar siúl ar feadh dhá lá agus ar na hábhair is mó a bheidh faoi chaibidil ag lucht oideachais ná fógairt an Fhorais Taighde ar Oideachas gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil na scoileanna sin i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta.Ba é seo an chéad uair a rinneadh tástálacha ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna, daingníonn siad an taighde eile a rinne an Láríonad Sármhaitheasa i bhfoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht a thug le fios go raibh buntáistí ag páistí dátheangacha i bhfoghlaim na mata.Anuas air sin pléifear an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge agus beidh ceardlanna agus díospóireachtaí ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach sna scoileanna lán-Ghaeilge.©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2011
↧
Cochaillín Dearg á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe
Ar stáitse beidh roinnt de réaltaí móra ó Ros na Rún agus aisteoirí eile ó chompántas na Taibhdheirce. Beidh an gheamaireacht oiriúnach do gach aon duine idir óg agus aosta agus beidh sé bunaithe cuid mhór ar an scéal traidisiúnta faoin gcailín óg a chas ar Mhac Tíre mór scanrúil.
Ceol, rince, draíocht agus go leor eile atá geallta don lucht féachana. Beidh an gheamaireacht le feiceáil Máirt - Domhnach ag a 7pm agus beidh matinee ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnach ag a 3pm.
Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011.
↧
Ráth Chairn na Gréine
Ag labhairt faoina saothar, dúirt Siobhán Seoighe, “Is é an aidhm atá leis an leabhar seo ná bailiúchán chomh cuimsitheach agus is féidir de théacsanna na n-amhrán agus na ndánta a cumadh faoi agus i Ráth Chairn a thiomsú le chéile. Nuair a chuir mé tús leis seo ar dtús, chuir sé iontas orm go raibh an oiread amhrán agus dánta ann a bhain le háit chomh beag le Gaeltacht Ráth Chairn”.
Tá 36 téacs d’amhráin agus de dhánta bailithe le chéile sa leabhar seo agus tá 18 údar i gceist idir óg agus aosta, a bhfuil a dtuiscint féin acu ar rothaí móra an tsaoil. Mar thionlacan don leabhar, tá dlúthdhiosca de na hamhráin a bailíodh.
De réir an údair, ba é ceann de na príomhchúiseanna taobh thiar den leabhar seo ná go raibh suim i gcónaí aici san fhilíocht bhéil toisc gur seoid luachmhar í don phobal beag Gaeltachta seo atá suite i lár Chontae na Mí. Ach ina theannta sin, dar le Siobhán go bhfuil scéal le hinsint i ngach amhrán agus píosa filíochta. Sa leabhar seo, faightear léargas agus eolas ar an bhfile, ar an bpobal agus ar an tsochaí i gcoitinne, mar aon le cruthú sóisialta agus stair an cheantair.
Beidh “Ráth Chairn na Gréine” ar fáil le ceannach ar an oíche nó ar www.udar.ie. Beidh Edel Ní Chuirreáin, Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair chun an leabhar a sheoladh go hoifigiúil, agus beidh an grúpa áitiúil Éamonn agus Micheál ag cur neart siamsaíochta ar fáil!
Smaoineamh maith do stoca na Nollag b’fhéidir...
© Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
Fóraim Ghaeilge le bunú i Luimneach agus Port Láirge
Faoi stiúir an Chathaoirligh, Beirní Ní Chuinn, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí an seimineár i Luimneach, áit a ndearna Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail cur síos ar bhunú Gréasáin Ghaeltachta agus ceapadh pleananna gnímh áitiúla, faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Thug an Pleanálaí Teanga, Mait Ó Brádaigh, léargas praiticiúil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh na pleanála teanga de, agus labhair Sinéad Ní Chonchúir ó Chraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge, faoina struchtúir thacaíochta reatha atá ar fáil sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de, agus mar a thagann an obair sin le príomhghnéithe na Straitéise.
Is í Sorcha Ní Chéilleachair, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar Chathaoirleach ar an seimineár poiblí i nDún Garbhán, agus tar éis do Phádraig Mac Criostail agus Mait Ó Brádaigh plé a dhéanamh ar Ghréasáin Ghaeltachta agus ar an bpleanáil teanga, labhair Cabríní De Barra ó Chomhlucht Forbartha na nDéise, faoina bhfuil ar siúl sa cheantar faoi láthair ó thaobh gníomhaíochta chur chun cinn na teanga de.
I measc na gceisteanna ón bpobal ar an dá oíche, pléadh na hábhair seo a leanas: Cóimheas daltaí le múinteoirí; Maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; Caighdeán na Múinteoirí Bunscoile; Pleanáil de réir contae, Athruithe beartaithe do na Coláistí Oiliúna; agus tábhacht na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.
Ghlac an dá chruinniú leis an moladh gur gá fóram áitiúil a bhunú chun feasacht teanga a ardú sa cheantar agus chun comhordú a dhéanamh ar obair chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sna blianta romhainn, chun plean teanga don cheantar a chur le chéile, agus cuireadh in iúl go mbeadh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fáil mar chrann taca don obair seo.
Is féidir breathnú ar fhíseán den seimineár “An Ghaeilge i do Cheantar, Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” ó Luimneach agus ó Dhún Garbhán thíos faoi seo.
Port Láirge
Luimneach
Ag labhairt faoin dá sheimineár, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur ‘léiriú ar spéis mhuintir Luimnigh agus Dhún Garbháin i gceist chur chun cinn na Gaeilge go háitiúil a bhí san fhreastal ard ar an dá sheimineáir, agus sa rannpháirtíocht ghníomhach ón lucht féachana sa phlé an dá oíche. Tá an Chomhdháil ag tnúth go mór le hobair i gcomhar leis na rannpháirtithe agus leis na páirtithe leasmhara eile ar fheidhmiú na moltaí fiúntacha, praiticiúla chun cur le húsáid na Gaeilge i measc phobal an dá cheantair’.
© Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
↧
Deireadh seachtaine do bheirt ag Féile Pan Cheilteach 2012 le buachan
An mhí seo beidh deis iontach ag beirt duais iontach do dheireadh seachtaine do bheirt a bhuachan in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach. Is dhá oíche lóistín i seomra dúbailte mar aon le bricfeasta don Aoine 13 agus don Satharn 14 Aibreán 2012 atá i gceist.
Beidh an tÓstán Seven Oaks mar ionad lárnach don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2012 le neart comórtais á reáchtáil san óstán mar aon le hoíche mhór ceoil chomh maith le Club na Féile.
Déanann an Fhéile Pan Cheilteach na cultúir, traidisiúin agus na teangacha Cheilteacha a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí cheol, amhránaíocht, damhsa, spóirt agus cuideachta ó Alba, An Bhreatain Bheag, An Choirn, Oileán Mhanann, An Bhriotáin agus Éirinn a nascadh le chéile.
Tabharfaidh an Féile Pan Cheilteach deis do mhuintir an bhaile agus do mhuintir na hÉireann ár dteanga, ár gcultúr agus ár muintearas a roinnt le tíortha Ceilteacha eile agus ár gcultúr a chothú.
Ceist na míosa:
Cá mbeidh an Féile Pan Cheilteach ar siúl an bhliain seo chugainn?
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh 20 Nollaig 2011 agus bíodh na focail “Comórtas Féile Pan Cheilteach’ mar ábhar an ríomhphoist.
©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain
↧
Apps as Gaeilge
Don chéad uair riamh díoladh níos mó d’fhóin chliste agus de ríomhairí táibléid ná ríomhairí glúine ag tús na bliana 2011.
Tá daoine ag iompú ar fhóin chliste agus dá bharr sin tá iompar na ndaoine ag athrú chomh maith agus tá sé sin soiléir i measc an aosa óig ach go háirithe.
Dar le staidéar a rinne Mobile Youth i mbliana, téann 60% de dhéagóirí ina gcoladh agus an fón soghluaiste ina lámh acu. Sula dtéann siad a choladh cuireann 45% de dhaoine a bhfuil fóin shoghluaiste acu críoch leis an lá trí chuairt a thabhairt ar an ngréasán soghluaiste.
Agus mar is eol do chách tá an éabhlóid seo bunaithe cuid mhaith ar na meáin shóisialta. Nochtann daoine a dtuairimí mar gheall ar chúrsaí an lae ar Twitter agus ar Facebook. Baintear leas as na fóin shoghluaiste mar gheall ar an ngastacht agus áisiúlacht a bhaineann leis na gléasanna agus na córais oibriúcháin atá orthu idir iPhone, Android , Windows agus Blackberry.
Lé déanaí tháinig borradh faoi líon na bhfeidhmchlár Gaeilge a bhí ar fáil ar iPhone agus ar an iPad.
1. Enjoy Irish
Forbartha ag an gcomhlacht oideachais, Oideas Gael, tá an feidhmchlár seo dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge. Is féidir leis an duaiseoir éisteacht le comhrá Gaeilge agus a bheith ag léamh téacs an chomhrá ag an am céanna. Tá an feidhmchlár bunaithe ar an gcúrsa Gaeilge ‘Enjoy Irish’ agus tá sé áisiúil do dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar ais ar an nGaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil.
2. Cúla 4
Sheol TG4 an feidhmchlár seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ag tús na míosa. San fheidhmchlár tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile a chuimsíonn raon leathan ábhar - an aimsir, ainmhithe, gluaisteáin agus baill den chorp. Ta na focail ar taispeáint agus le cloisteáil.
3. Bábóg Baby
Tá ainm Bhábóg Baby in airde na laethanta seo agus beidh an bréagán gleoite le feiceáil ar an scáileán beag go luath mar chuid de shraith de bheochana, ‘BB agus Bella’. Beidh sé le feiceáil ar scáileáin níos lú ná sin chomh maith mar tá feidhmchlár ag an mbréagán ar an iPhone agus ar Android.
4. Cliúsaíocht as Gaeilge
Tá an feidhmchlár seo ar cheann de na cinn is greannmhara atá ar fáil as Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an leabhar a scríobh Ross Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla agus tá nathanna anseo a bhainfeadh geit as do sheanmháthair. Tá idir ghreann agus gháirsiúlacht le tabhairt faoi deara san fheidhmchlár seo ina bhfuil nathanna cainte a bhaineann leis an gcorp, mothúcháin , baothchaint agus plámás le léamh as Gaeilge.
5. Get the focal
Bhí an comhlacht Maithú chun tosaigh ar gach aon duine eile nuair a cuireadh tús le héabhlóid na bhfón cliste dhá bhliain ó shin. D’fhoilsigh siad Get the Focal, foclóir ina bhfuil téarmaíocht ó Foclóir Uí Dómhnail agus Focal.ie ar fáil ann. Tá an feidhmchlár ina chabhair do gach aon duine atá ag iarraidh teacht ar an bhfocal sin nach bhfuil ar bharr do theanga. Agus bíonn sé á úsáid ag daoine ag comórtais thráth na gceist chomh maith de réir dealraimh. Ó na buntáistí a bhaineann leis an líonra móibíleach!
©Foilsithe ar dtús ar Cogar.ie ar 23 Samhain 2011.
↧
An Chéad Séala Creidiúnaithe d'Eagarthóirí Gaeilge
Rinne Foras na Gaeilge ceannródaíocht ar an gcóras creidiúnaithe seo d'eagarthóirí ag eascairt as cé chomh maith is a d'éirigh leis an gcóras creidiúnaithe ar chúrsaí aistriúcháin, a thosaigh in 2006. Is é aidhm an tionscadail seo cur le hoiliúint eagarthóirí agus feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge scríofa san earnáil phoiblí, sna meáin, san earnáil fhoilsitheoireachta agus san earnáil aistriúcháin.
Ar an iomlán, fuair ochtar d'eagarthóirí an Creidiúnú nua seo ag an searmanas inné. Ina measc bhí Diarmuid Clifford, Marie Riney agus Helen Hegarty as Baile Átha Cliath, Séamus Ó Coileáin as Gaillimh agus Clare Rowland as Cill Dara. Fuair Philip Cummings as Aontroim an Creidiúnú freisin, chomh maith le Séamus Mac Conmidhe as Doire agus Labhrás Ó Finneadha atá ag obair agus ina chónaí faoi láthair i Lucsamburg.
“Is cúis áthais dom go raibh an tAire anseo linn inniu le ceiliúradh leis an ngrúpa seo d'eagarthóirí sárchumasacha, an chéad ghrúpa a fuair an creidiúnú nua seo.” a dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Leis an glár seo áirithítear ardchaighdeán na heagarthóireachta agus an aistriúcháin i nGaeilge agus táim ag dúil go mór le leanúint ar aghaidh leis an gclár seo ionas go mbeidh daoine eile in ann an creidiúnú seo a bhaint amach”.
Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
Daltaí Gaelscoile chun cinn sa Bhéarla agus sa Mhata
Fógraíodh an toradh seo, le linn Chomhdháil Bhliantiúil agus Oideachais de chuid Gaelscoileanna Teoranta. Le linn a chuid cainte dúirt Dr Gerry Shiel gurb é seo an chéad uair riamh a rinneadh tástálacha ar fhormhór na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar aonad samplach iontu féin ar ghnóthachtáil sa Bhéarla agus sa mhata.
Tagann na dea-thorthaí seo sna sála ar thaighde an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata in Éirinn. Cuireadh an-bhéim le linn na Comhdhála ar An Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge, le ceardlanna, plé agus díospóireacht thar an dá lá ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach ar chaighdeán reatha na scoileanna agus an tionchar a imríonn sé ar an iar-bhunleibhéal agus ar an nGaeilge sa tríú leibhéal.
Rinne an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon an Chomhdháil dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí a oscailt go hoifigiúil. Ag labhairt ar maidin, thréaslaigh an tAire pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú trí an chóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé le Gaelscoileanna Teo. as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.
Ag labhairt le linn na Comhdhála, dúirt Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta, Micheál Ó Broin go n-aithnítear go bhfuil srian ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh caiteachais de ach d’impigh sé orthu gan “an ghéarchéim a úsáid mar cheap milleáin chun sleamhnú as a ndualgais agus gealltanais i leith forbairt na gaelscolaíochta”.
Cuireadh fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhair ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.
D’fhreastail os cionn 300 duine ar an gcomhdháil seo i mbliana, agus tá liosta na gceardlann agus ábhar le híoslódáil ar fáil ag an nasc seo: http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/2011-2/?lang=ie.
Is féidir achoimre tuarascála ar Mheasúnachtaí Náisiúnta 2010 ar Léitheoireacht Bhéarla agus ar Mhatamaitic i Scoileanna a Bhíonn ag Teagasc trí Mheán na Gaeilge a léamh anseo: Achoimre Tuarascála.
© Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
↧
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2011
Tá 'Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy' ar an fhód ó mhí na Nollag 1994. Seo é an t-ochtú bliain déag don fhéile agus tagann na mílte ó i chian is ó chóngar chun freastal ar an fhéile thraidisiúnta seo.
Bíonn an scoil seo ar siúl díreach tar éis na Nollaig agus isteach san athbhliain i gcuimhne Frankie Kennedy agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar a chuid ceoil agus ar a shaothair.
Is é an fidléir clúiteach agus fear ar bronnadh Gradam Saoil TG4 na bliana seo air, Ben Lennon a dhéanfaidh Scoil Gheimhridh na bliana seo a oscailt ag ócáid mhór i dTeach Hiúdaí Beag ag 7:30pm ar an 27 Nollaig 2011.
Beidh oíche mhór idir fhilíocht, cheol, sean-nós, amhráin agus cheol traidisiúnta i gceist agus ar an oíche seolfar leabhar filíochta leis an bhfile Greagóir Ó Dúill. I láthair freisin beidh an fliúiteadóir clúiteach Conal Ó Gráda.
I rith na scoile geimhridh déantar saol agus saothar an cheoltóra Frankie Kennedy a cheiliúradh. Rugadh Frankie i mBéal Feirste i 1955 agus bhí sá an-chumasach go deo ar an fheadóg mhór. Bhunaigh sé an Banna ceoil cáiliúil Altan le Mairéad Ní Mhaonaigh.
Sé an fheidhm atá leis an scoil Gheimhridh na an fhís a bhí ag Frankie i dtaobh ceol traidisiúnta a choinneáil beo agus an cheird a mhúineadh do na daoine óga a thagann chuig na ranganna le linn na seachtaine.
Bíonn neart ranganna ar siúl le linn na seachtaine ranganna ar an fheadóg mór , fidil píopaí uilleann, feadóg, bodhrán, bosca ceoil, basúcaí, damhsa, giotár agus beidh an t-amhránaí cumasach as Na Doirí Beaga i dTír Chonaill Doimnic Mac Giolla Bhríde, fear a chroch leis
Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh, i bhfeighil na n-amhrán ar an sea-nós.
Beidh sár-cheoltóirí ag seinm agus ag canadh le linn na seachtaine - ina measc beidh Martin Hayes & Steve Cooney, Ben Lennon & Dog Big Dog Little, Beoga & NAFCO showcase, Beatha, an t-amhránaí aitheanta as Corcaigh Nell Ní Chróinín, Fidil & Tim O'Brien le Arty McGlynn, John Carty mar aon le seisiún amhránaíochta agus go leor eile.
Ar an Satharn, 31 Nollaig beidh oíche mhór Ceoil, le Craic & Céilí in Ionad Naomh Pádraig ar an mBun Beag leis na ceoltóirí Breanndán Begley, Steve Cooney & a gcairde.
Ar an chéad lá den bhliain nua beidh seisiún mór amhránaíochta i dTeach Hiudaí ag 3pm leis na hamhránaithe Ciarán Mac Feilmín, Dominic Mac Giolla Bhríde, Nell Ní Chróinín & Máire Ní Choilm as Mín an Iolair, Na Doire Beaga agus níos déanaí sa lá beidh an banna ceoil clúiteach Altan & a gcairde ag dul ar stáitse in Ionad Chois Locha i nDún Luiche.
I measc na n-imeachtaí eile beidh siúlóid suas Sliabh Earagail, léacht, ceardlanna agus ranganna agus ceardlanna do pháistí.
©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh- An tAire Stáit
Is beag faisnéis a tháinig chun cinn maidir le fís an Raltais do ról an Choimisinéara amach anseo sa Dáil Déardaoin seo caite nuair a bhí an t-ábhar á phlé ach amháin gur chosain an tAire Stáit Dinny McGinley cinneadh an rialtais go láidir.
In ainneoin gur fógraíodh go mbeidh an Oifig ag cónascadh le Oifig an Ombudsman, is cosúil go bhfuil deacrachtaí éigin ag baint leis an Oifig neamhspleách a dhúnadh i bhfianaise gur athcheapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir go ceann sé bliana eile i Mí Feabhra na bliana seo caite.
Cheistigh an Teachta Michael P Kitt éifeacht an chinnte nuair nach mbeadh aon airgead le sábháil go dtí 2016 agus mheabhraigh sé don Aire Stáit go raibh Coimisinéir Teanga nua-cheaptha sa Bhreatain Bheag.
D’admhaigh an tAire Stáit nach mbeidh aon chailliúint post i gceist mar is státseirbhísigh iad an fhoireann atá fostaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga.
Bheadh leasú sa reachtaíocht ag teastáil chun an cónascadh a chur i gcríoch agus is cosúil go ndéanfar é seo tar éis an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a gcuirfear i gcríoch i mí Eanáir 2012.
“ Déanfar iad a shocrú agus déanfar cinneadh ainsín i dtuilleamaí an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.” a dúirt sé.
Labhair an tAire Stáit faoin gcúis ar ghlac an rialtas an cinneadh, agus dar leis bhí sé fréamhaithe go smior i gcuspóir an rialtais “na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcríoch."
Ach tháinig an cheist chun cinn arís níos déanaí sa díospóireacht Dála nuair a cheistigh Peadar Tóibín na sábháiltí a bheidh á dhéanamh ag an rialtas.
Bhí casadh eile ar an scéal áfach nuair a d’admhaigh an tAire Stáit nach raibh an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin.“ B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill”, a dúirt sé.
©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011.
↧
MA Taighde sa Ghaeilge i WIT
Is cuid thábhachtach den chartlann é seo. Chomh maith leis sin, tá cnuasach de thaifid fuaime sa Chartlann. Is seoid luachmhar é seo a bhaineann le béaloideas, saíocht agus oidhreacht shaibhir na nDéise.
Ina theannta sin, tá gnéithe eile de shaíocht na nDéise sa chartlann seo. Tugtar deis do mhic léinn iarchéime taighde a dhéanamh ar lámhscríbhinní de Hindeberg
Aidhm an taighde seo ná cur síos a dhéanamh ar na lámhscríbhinní, innéacs a dhéanamh den ábhar agus/nó catalóg a chur le chéile. Cuirfear na lámhscríbhinní i gcomhthéacs stair na lámhscríbhinní Gaeilge in Éirinn. Chomh maith leis sin, déanfaidh an mac léinn taighde ar de Hindeberg é féin, an bailiúcháin leabhar agus tábhacht de Hindeberg i nGaeltacht na nDéise, i saol na Gaeilge agus i litríocht na Gaeilge.
Cáilíochtaí atá riachtanach chun tabhairt faoin iarchéim taighde seo:
Bunchéim sa Ghaeilge
Céim 2.2 sa Ghaeilge nó níos airde inmhianaithe
Cruinneas sa Ghaeilge idir scríobh agus labhairt
Chun é seo a phlé cuir glaoch ar (051) 30 2846/ (051) 834116
Nó cuir rphost chuig: sodiolluin@wit.ie
Líon isteach an fhoirm iarratais agus cuir chuig an seoladh seo leanas é roimh 16 Nollaig, 2011:
Ms Avril Kelly, An Oifig Iontrála Iarchéime, WIT, Campas Bhóthar Chorcaí, Port Láirge.
Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
Ceiliúradh ar fhoilseacháin an Ghúim
Tá an Gúm, a cuireadh ar bun sa bhliain 1926, ar an bhfoilsitheoir leabhar Gaeilge is mó le rá sa tír. Tá isteach agus amach le 2,500 leabhar ar fad foilsithe acu agus cuireadh 30 leabhar agus pacáiste acmhainne, do leanaí óga, do dhéagóirí agus d'aoisghrúpaí eile, leis an liosta i mbliana.
Ar chuid de bharr na bliana seo, tá dhá leabhar do na leanaí óga. Leabhar álainn cliste is ea Caoimhe agus an Bogha Báistí le Siobhain Grogan a bhaineann le bia folláin agus le dathanna an bhogha báistí. Tá cnuasach mealltach dánta do leanaí sna ranganna sóisearacha ar an mbunscoil curtha ar fáil ag an údar Siobhán Uí Luachra in Rannta Beaga, an chéad leabhar a tháinig uaithi. Beidh lucht stiúrtha naíonraí ar fud na tíre lánsásta a fheiceáil go bhfuil na leabhair chlasaiceacha le Máiréad Ní Ghráda Máire agus a Mála agus Micí Moncaí á gcur amach in athuair agus CD fuaime ag dul leo an uair seo.
Cuirtear ábhar léitheoireachta atá spéisiúil dúshlánach ar fáil don aoisghrúpa 8-11 le trí cinn de shaothair ficsin a bhaineann leis an togra Séideán Sí: Amsterdam le Éamonn Ó Ruanaí, GoTóin Poill le Aoife Ní Dhufaigh agus Úbalonga le Áine Ní Ghlinn. Do leanaí níos sine chomh maith é Fionn Mac Cumhail – Boscra le Tadhg Mac Dhonnagáin. Sraith leabhar atá ansin d'athinsintí ar sheanscéalta fiannaíochta agus iad anois ar fáil curtha le chéile i mbosca le CD fuaime de na scéalta á léamh ag an údar ina stíl shainiúil féin.
Dóibh siúd ar breá leo Oireachtas na Samhna, tá Inis Seo Dom ar fáil. Agallaimh ghreannmhara i bhfoirm filíochta atá iontu seo a scríobh roinnt de na scríbhneoirí is bisiúla a chleachtann seánra an agallaimh beirte. Is fiú i gcónaí an chuid is deisbhéalaí den Ghaeilge a léamh!
Ní fhágtar amach na déagóirí ach oiread. Baineann Nasc agus Fola, a scríobh Tomás Mac Siomóin, le beirt dhéagóiri a sheolann as Gaillimh go dtí an Spáinn san ochtú aois déag ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin. Is beag a shíl Séamas agus Tomás Ó Dálaigh an t-am sin go raibh i ndán dóibhsean lorg cinniúnach a fhágáil ar thír eile, ar a muintir agus ar na forais rialtais inti, ná gurbh í Pórtó Ríce an tír sin. Tá Nasc na Fola bunaithe ar scéal fírinneach agus tugtar cuntas ar eachtraí agus ar éachtaí na ndearthár agus ar dheoraithe eile a bhain leis na Géanna Fiáine agus iad a cur fúthu as an nua thart ar an Muir Chairib.
Tá bróisiúr faoi fhoilseacháin na bliana seo ar fáil lena tharraingt anuas ó www.gaeilge.ie/angum.
Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011
↧
↧
Cáca don Rí
Is é Cáca don Rí an dara leabhar atá foilsithe ag an údar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde le Futa Fata. Bhain a céad leabhar, Cócó an Colgán Cairdiúil, amach gearrliosta Gradam Réics Carló 2011, gradam a cheiliúrann scoth na scríbhneoireachta Gaeilge do pháistí.
Tá an-suim curtha sa leabhar nua seo ó Ailbhe freisin agus – sular tháinig an leagan Gaeilge ó na clódóirí, bhí na cearta díolta le teach foilsitheoireachta i Seoul na Cóiré agus is gearr go mbeidh sé ar fáil i gCóiréis!
Is é Steve Simpson a mhaisigh an leabhar seo, sé a mhaisigh Lúlú agus an Oíche Ghlórach (Futa Fata 2011). Tá stíl aitheanta Steve le feiceáil arís i Cáca don Rí agus beocht ar leith tugtha aige do charachtair bhríomhara Ailbhe.
Scéal é seo faoin báicéir iontach, Rúbaí Rua. Tá luchóga ina cónaí sa teach báicéara agus is breá leo a bheith ag breathnú ar Rúbaí agus í i mbun a cuid oibre. Ach ní bhíonn cead acu riamh cabhrú léi. Nuair a ordaitéar Cáca don Rí dá bhreithlá, tá na luchóga agus Rúbaí araon ar bís. Sé sin nó go dtarlaíonn timpiste uafásach.
Tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin athchóirithe atá ag Futa Fata ar http://www.futafata.com/
Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011.
©íomhánna le Seán Ó Mainnín
↧
Fóram Gaeilge le bunú sa Ríocht
Tá an cruinniú á reáchtáil ag oifig na Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí agus tá i gceist ag bhfóram guth a thabhairt do phobal na
Gaeilge i gCiarraí.
“Fóram Oscailte a bheidh sa chéad chruinniú dóibh siúd gur spéis leo ceist na Gaolainne i gCiarraí” dar leis an tOifigeach Gaeilge Roibeard Ó hEartain.“Roghnófar coiste ag an bhFóram chun moltaí i dtaobh polasaithe agus straitéisí teangan a fhorbairt le chur fé bhráid Bord Forbartha Chontae Chiarraí, " a deir sé.
Beidh an cruinniú ar siúl ag 1.00in Déardaoin an 1 Nollaig 2011 i Seomraí na Comhairle, Áras an Chontae, Trá Lí. Beidh fáilte roimh chách.
©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Samhain 2011.
↧
Cás na bpáistí le sainriachtanais speisialta i nGaelscoileanna le plé ag Comhdháil POBAL
Ag an chomhdháil beidh oideachasóirí, múinteoirí, ionadaithe na gcoláistí oiliúna agus lucht na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas ag díriú ar na bealaí le cur le comhoibriú uile-oileánda chun an leas is mó a bhaint as na hacmhainní, as an eolas agus as an oiliúint atá ar fáil d’earnail na gaelscolaíochta i dtaca le páistí le sainriachtanais. Ag an ócáid, beidh tuairisc taighde atá déanta ag POBAL ar Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán: Taighde uile-oileánda ar riachtanais tacaíochta agus traenála na hearnála ar fáil. Dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller léir dúinn go bhfuil dea-thoil agus comhoibriú ar siúl faoi láthair ar an talamh ar cheist na sainriachtanas agus ar oiliúint is acmhainní, ach bíonn constaicí ann freisin. Creidimid go bhfuil leas mór le baint as obair as lámh a chéile agus ba mhaith linn, ag an ócáid, cur leis an mhéid atá bainte amach go dtí seo.” Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 201
↧