Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Gearrchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta

$
0
0
Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le gearrchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, dar tús 10 - 12 Bealtaine 2011 agus go bhfuil gnáthchostas €180 ar gach cúrsa, tá praghas lascaine €140 á thairiscint ag Conradh na Gaeilge d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus do dhaoine dífhostaithe arís i mbliana.
 

Gearrchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta

$
0
0
Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le gearrchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, dar tús 10 - 12 Bealtaine 2011 agus go bhfuil gnáthchostas €180 ar gach cúrsa, tá praghas lascaine €140 á thairiscint ag Conradh na Gaeilge d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus do dhaoine dífhostaithe arís i mbliana.
 

Riachtanais an Údaráis curtha in iúl don Aire Gaeltachta

$
0
0
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí ar 8 Aibreán  pléadh na céimeanna atá á nglacadh ag an Bhord agus ag an eagraíocht chun a threisiú ar an Rialtas an tábhacht atá le cúramaí fiontraíochta a fhágáil ag an Údarás chun fostaíocht a chur chun cinn  sa Ghaeltacht.

Riachtanais an Údaráis curtha in iúl don Aire Gaeltachta

$
0
0
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí ar 8 Aibreán  pléadh na céimeanna atá á nglacadh ag an Bhord agus ag an eagraíocht chun a threisiú ar an Rialtas an tábhacht atá le cúramaí fiontraíochta a fhágáil ag an Údarás chun fostaíocht a chur chun cinn  sa Ghaeltacht.

Scéim Scoláireachtaí Taighde Daniel O’Hare

$
0
0

Tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag cur fáilte roimh iarratais le haghaidh Scéim Scoláireachtaí Taighde Daniel O’Hare na bliana seo.

 

Leasú ar an Acht Teanga molta ag an gCoimisinéir Teanga

$
0
0
Tá codanna de Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag feidhmiú go héifeachtach dar leis an gCoimisinéir Teanga ach tá go leor bealaí go bhféadfaí leasuithe chun feabhais a dhéanamh amach anseo.

Comórtas: Dhá chóip de Pipe Up/ Lán Píbe le buachan

$
0
0
An tseachtain seo beimid ag tabhairt an-deis do bheirt cóip den tionscnamh nua ceoil do na scoileanna atá ar fáil ar DVD-ROM a bhuachan.  

Gaeltacht Mhúscraí ag ullmhú d'Fhéile na Laoch

$
0
0
Beidh Féile na Laoch á reáchtáil den chead uair riamh i gCúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí i gCo. Chorcaí ag an deireadh seachtaine saoire bainc ón Aoine 29 Iúil – Luain 1 Lúnasa 2011.


Féilte an tSamhraidh ar Fhéilire úr Gaelport.com

$
0
0
Agus muid beagnach i lár an tsamhraidh tá neart féilte éagsúla amuigh ansin faoin lánseol fud fad na tíre agus cuirfear tús le go leor imeachtaí eile sna seachtainí amach romhainn agus an dea-scéal ná go bhfuil fáil ar eolas maidir leis na himeachtaí seo san fhéilire ar Gaelport.com.


Fleadh Cheoil na Mumhan faoi lanseol

$
0
0
Tá Fleadh Cheoil na Mumhan na bliana seo faoi lánseol i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh faoi láthair agus mairfidh an scléip, an ceol agus na himeachtaí cultúrtha go dtí deireadh na seachtaine.


Iomaíocht ghéar idir bailte na tíre don G-duais

$
0
0
An samhradh seo tá bailte ar fud na tíre ag ceiliúradh na Gaeilge  ag laethanta G-Day mar chuid de chlár teilifíse nua An G-Team. 

Cursaí Ollscoile faoi chaibidil: MSc Gnó agus Teicneolaíocht an Eolais

$
0
0
Labhair Gaelport.com le Nóirín Ní Laighin, múinteoir bunscoile agus mac léinn Gnó agus Teicneolaíochta le Fiontar, DCU.

Ardmholadh faighte ag Oireachtas Cheanada ón Uachtarán

$
0
0
An tseachtain seo caite i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, rinne Gaeil, idir dhúchasach agus neamh-dhúchasach ceiliúradh ar an chéad Oireachtas Cheanada riamh.

Dhá Chomhlacht Phoiblí ag sárú mholtaí an Choimisinéara Teanga

$
0
0
D’fhógair an Coimisinéir Teanga le déanaí go raibh dhá thuarascáil speisialta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais a thug cuntas ar chásanna inar sháraigh dhá chomhlacht poiblí dualgais reachtúla ach ina raibh teipthe orthu moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú.


Imní léirithe maidir le Bille nua sa Seanad

$
0
0
Léiríodh imní an tseachtain seo caite go raibh reachtaíocht á chur trí Thithe an Oireachtais a thagann salach ar mheon agus cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Siúlóidí san Ardchathair gach tráthnóna Déardaoin

$
0
0
Is Club siúil sléibhe iad Na Cnocadóirí a eagraíonn siúlóidí rialta i mBaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin, agus turais chnocadóireachta in Éirinn agus thar lear gach bliain.

Conradh na Gaeilge ag cruinniú don chéad uair ar an Iúr

$
0
0

Tá Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag cruinniú ó thuaidh ar an Iúr, Co. an Dúin, don chéad uair ó bunaíodh an t-eagras teanga in 1893, an Satharn bheag seo, 17 Meán Fómhair 2011.

Tréimhse bhreise chomhairliúcháin molta ag na hAirí don tSamhail Nua Mhaoinithe

$
0
0

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha ar maidin nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Spriocdháta do na scrúduithe TEG ag druidim linn

$
0
0

Is féidir le daoine a bhfuil leibhéal C1 bainte amach aige/aici iad féin a chur in iúl go líofa, spontáineach; ní bhíonn siad sa tóir ar fhocail.  Tuigeann siad téacsanna dúshlánacha (fís, fuaim agus an focal scríofa) gan mórán dua agus tá ar a gcumas an teanga a úsáid agus a chur i bhfeidhm go solúbtha éifeachtach ina saol gairmiúil agus pearsanta.  Nuair atá ábhair chasta faoi chaibidil, beidh an té a bhfuil C1 bainte amach aige in ann é féin a chur in iúl go soiléir agus go sonrach.   Bheadh cáilíocht C1 ina bhuntáiste do dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge cheana féin nó gur mhaith leo a bheith ag obair le Gaeilge sa todhchaí,  ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcumas sa Ghaeilge, sna scileanna éagsúla. Ba mhór an buntáiste an cháilíocht seo chomh maith do mhúinteoirí gur mhian leo cúrsaí ag leibhéal C1, agus leibhéil eile TEG, a mhúineadh amach anseo.   Is é an 9 Eanáir 2012 an spriocdháta d’iarratais.  Tuilleadh eolais ar www.teg.ie nó glaoigh ar 01 7086417. Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.

Nollaig Bhán

$
0
0

Is í Lasairfhíona Ní Chonaola, amhránaí óg a tógadh ar Inis Oírr, atá tar éis an leagan Gaeilge a chasadh ar dhlúthdhiosca nua, Celtic Christmas. Tá glór binn Lasairfhíona le cloisteáil i measc amhránaithe éagsúla eile as na tíortha ceilteacha agus leaganacha úra ceilteacha de charúil na Nollag á gcasadh acu. Ina measc tá Dougie MacLean ag casadh 'Auld Lang Syne'; The Albion Christmas Band ag casadh 'Here We Come A-Wassalling', Druidstones ag casadh 'Noel Nouvelet' agus David Huntsinger ag casadh leagan ceilteach de ‘Angels We Have Heard On High’. Deir Lasairfhíona gur iarr an chomhlacht Putumayo uirthí coimisiúniú a dhéanamh dóibh mar gach aon bhliain bíonn seánra ceoil ar leith roghnaithe do dhlúthdhiosca na Nollag. Tá i gceist aici féin filleadh ar ais ar an stiúdeo agus albam iomlán dá cuid féin a thaifead san athbhliain. Tá an dlúthdhiosca eisithe ag an gcomhlacht Putumayo agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.Putumayo.com. ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>