Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Buaiceanna na Bliana 2011

$
0
0

Seirbhísí Eolais na Comhdhála • Gradam Idirlín na hÉireann don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr buaite ag Gaelport.com don dara bhliain as a chéile, agus ainmníodh Gaelport.com do Ghradam Digitieach na hÉireann. • Feidhmchlár d’fhóin chliste forbartha ag Gaelport.com. • Os cionn 2,100,000 cuairteoir chuig Gaelport.com i rith na bliana. 80% de na cuairteoirí sin atá lonnaithe in Éirinn.  • 7,477 síntiúsóir d’EOLAS, ríomhiris leictreonach choicísiúil ó Gaelport.com. • 2,496 síntiúsóir don ríomhiris laethúil As Na Nuachtáin. • Athdhearadh ar leathanach baile Gaelport.com ina bhfuil béim bhreise curtha ar na meáin úra agus ar na cúig fhotha nuachta agus eolais  a fhoilsítear ar an suíomh gach lá. • Forbairt ar Féilire na Gaeilge ar Gaelport.com, seirbhís eolais ina bhfuil cur síos ar na himeachtaí Gaeilge atá ar siúl ar fud an domhain. • Forbairt ar an tseirbhís Fógraí Folúntais, seirbhís earcaíochta saor in aisce. Fógraíodh 97 post Gaeilge ar Gaelport.com sa bhliain 2011. • Forbairt ar an tseirbhís Foghlaim, seirbhís eolais maidir le cúrsaí traenála agus ranganna Gaeilge ar gach aon leibhéal.  Fógraíodh 75 cúrsa Gaeilge ar Gaelport.com i rith na bliana. • Forbairt leanúnach ar Gaelport.com ar na hardáin shóisialta dhigiteacha agus ábhar ilmheáin, físeáin agus grianghraif foilsithe ar YouTube, Facebook, Twitter agus Vimeo. • 931 síntiúsóir cláraithe do COGAR, seirbhís eolais leictreonach dírithe ar chraoltóirí raidió. • Colún rialta foilsithe in Foinse gach Céadaoin a thugann ardán don obair atá ar siúl in earnáil na Gaeilge. Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 • Seoladh 5 aighneacht chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn na bliana. • Eolas curtha ar fáil don phobal agus do chomhlachtaí poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. • Feachtas poiblíocht chun an pobal a spreagadh chun seirbhísí trí Ghaeilge a úsáid. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge • Reáchtáladh sraith de sheimineár poiblí, An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga; Do Phobal; Do Rogha i Luimneach, i nDún Garbhán agus i gCorcaigh.  Thug na seimineáir seo deis don phobal a dtuairimí a nochtadh i dtaobh na Straitéise, agus plé a dhéanamh ar dheiseanna chur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge d’fhonn gréasáin Ghaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt ina gceantair féin. Stocaireacht • Ionadaíocht ghníomhach glactha ar an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas lena n-áirítear ionadaíocht ar an Meitheal Oibre ar Thaighde agus Seimineár Taighde a eagrú. • Páirt ghníomhach glactha san fheachtas chun Acht Teanga a bhaint amach do Thuaisceart Éireann. • Feachtas tacaíochta don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta le linn Olltoghchán 2011, i measc páirtithe polaitiúla, iarrthóirí neamhspleácha agus an pobal i gcoitinne. • Feachtas tacaíochta don Ghaeilge le linn Thoghchán Uachtaránachta 2011 i measc iarrthóirí na hUachtaránachta.   Fóram na nEagraíochtaí Bunmhaoinithe • Ghlac an Chomhdháil páirt lárnach i bhFóram na nEagraíochtaí Bunmhaoinithe chun dul i ngleic le hathruithe san earnáil, i gcomhar lena balleagraíochtaí, le heagraíochtaí bunhmhaoinithe eile agus leis an dá Stát. Buntáiste Breise na Gaeilge • D’fhreastail os cionn 1,400 dalta scoile ó 45 iar-bhunscoil ar sheimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge. Cuireadh Chun Cainte • Cuireadh treoir phraiticiúil ar fáil i bhfoirm físeáin, treoirleabhar agus seimineáir chomhairleacha dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.  Is i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge a tugadh faoin tionscadal seo. Ceardlann Scileanna Raidió • Cuireadh Ceardlann Scileanna Raidió ar fáil i gcomhar le Raidió na Life dírithe ar eagraíochtaí Gaeilge agus ar dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge sa phobal. Turas na bhFilí • Lánfhreastal ar ócáidí na féile malartaithe cultúir seo idir Éirinn agus Albain.  Cuireadh an-spéis arís i mbliana sa chomórtas filíochta dátheangaí a eagraíodh le linn na féile.  An Fáinne • D’éirigh go maith le díolachán na bhFáinní Óir, Airgid agus Seanfháinní i rith na bliana, agus tháinig formhór na n-orduithe tríd an siopa ar líne, le hardú de bhreis agus 20% ar líon na bhfáinní a díoladh an bhliain roimhe sin. Bileoga Aifrinn • D’éirigh go maith leis an tseirbhís Bileoga Aifrinn arís i mbliana. © Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011

Cré na Kindle

$
0
0

Bhí sé le feiceáil ar phár, ar stáitse, ar an scáileán mór agus anois tá Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, ar fáil ar an ríomhléitheoir. Den chéaduair an Nollaig seo, tá bunleagan Cré na Cille, curtha in oiriúint do na mór-ríomhléitheoirí; an Amazon Kindle agus an Sony Reader ina measc. Foilsíodh an leagan seo den chéaduair i 1949 agus tá léaráidí ann leis an ealaíontóir Éireannach mór le rá, Charles Lamb. Is féidir Cré na Cille mar r-leabhar a cheannach ar Amazon agus ar shuíomhanna idirlín ar nós Waterstones, Barnes & Noble, agus mórdhíoltóirí idirnáisiúnta eile. Gheofar an leagan ríomhleabhair ar idir €6 agus €10, ag brath ar na siopaí éagsúla ar líne.  Tá Cré na Cille ar cheann de dhornán leabhar atá roghnaithe ag foilsitheoirí Chló Iar-Chonnacht chun tús a chur lena soláthar ríomhleabhar. Gheofar blaiseadh beag d’idir litríocht, leabhair taistil, gearrscéalta, filíocht, scéalta bleachtaireachta agus eile, sa rogha atá curtha ar fáil ag CIC don ríomhléitheoir. I measc na leabhar ar fáil mar ríomhleabhair tá: •           Pádraic Ó Conaire: Rogha Scéalta in eagar ag Diarmuid de Faoite. •           Buaiteoir Ghradam Uí Shuilleabháin, an dialann taistil, Ó Chósta go Cósta, le Frank Reidy. •           Máirtín Ó Direáin: Na Dánta, atá in eagar ag Eoghan Ó hAnluain. •           An Fear a Phléasc, le Micheál Ó Conghaile. •           An t-úrscéal, Scread Mhaidne, le Joe Steve Ó Neachtain. •           An scéal bleachtaireachta is deireanaí ó Anna Heussaff, Buille Marfach. Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011

Spraoi-Spórt sna luathbhlianta

$
0
0

Chuir an eagraíocht Altram, a thugann tacaíocht don tionscadal réamhscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, na háiseanna foghlamtha i dtoll a chéile. Tá meascán idir cheol, amhráin, chluichí agus damhsa ann sa lámhleabhar agus tá sé ar an gcéad chlár dá chineál atá ar fáil in Éirinn dar le Carol McNamara, Oifigeach Eolais le hAltram. “Is meascán de cheol, d’amhráin, de chluichí agus de dhamhsa é chun cuidiú leis an Churaclaim Luathbhlianta a sholáthar trí mheán na Gaeilge”, a deir sí. Sa lámhleabhar tá treoracha forleathana do gach aon gníomhaíocht agus an shainréim teanga atá riachtanach iad a chomhlanú. Mhaoinigh The Big Lottery an clár Spraoi-Spórt agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@altram.org.   Ag an seoladh bhí:Carol Níc Conmara, Altram; Colm Cavanagh, North West Regional College; Mairéad Ní Chathmhaoil, Muinteoir Naíscoil Éadain Mhóir; Paul Cavanagh, Carál Ní Chuilín; Gerry Conway  agus Áine Andrews           ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.

2011: Deireadh ré na scéimeanna teanga?

$
0
0

De réir na staitistici atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Teanga, níor tháinig ach aon scéim amháin i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana 2011, agus ba í sin an dara scéim teanga a d’fhoilsigh an Bord Pleanála. Faoin Acht tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir do chomhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a fhoilsiú. Sna scéimeanna sin déantar cur síos ar ghealltanais an chomhlachta sin i leith na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal go dátheangach mar shampla  líon na bpreas eisiúintí a eiseofar trí mheán na Gaeilge; gealltanais i dtaobh láithreán Gréasáin dátheangach a chothabháil; gealltanais i dtaobh seirbhísí teileafóin agus gearáin, gealltanais i dtaobh foilseacháin agus seirbhísí teileafóin. Níos túisce sa bhliain i mí Iúil, nuair a sheol sé treoir phraiticiúil ar fheidhmiú an Achta,  thagair an Coimisinéir Teanga don fholús a bhí á chruthú i gcóras na scéimeanna. Thug sé suntas don ‘mhoill’ a bhíonn ar dhaingniú scéimeanna teanga agus dúirt gur ‘díol imní’ a bhí ann.  “ Ar fheidhmiú an chórais seachas ar an gcóras féin is mó atá an locht, “ a dúirt sé. Córas casta is ea é gan amhras. Go hiondúil tugann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir don chomhlacht poiblí go bhfuil scéim le dréachtadh acu laistigh tréimhse nach fada ná sé mhí ó dháta eisithe an fhógra. Ansin moltar do na comhlachtaí  fógra poiblí a fhoilsiú chun aighneachtaí a lorg ón bpobal agus ó eagraíochtaí mar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge maidir leis an dréacht-scéim atá le hullmhú. Ansin cuirtear an dréacht-scéim faoi bhráid an Aire agus ina dhiaidh sin déantar aontú idir an Aire agus an Comhlacht Poiblí maidir le hábhar na scéime. Ach nuair a théann tú chuig cnámh na huillinne, tá cuma an-éagsúil ar an scéal. Tá líon na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar an Aire agus ar an Roinn chun teacht ar ais  chucu chun scéim a aontú  leo ag méadú in aghaidh na bliana. Sa bhliain 2010, d’imigh  51 den 105 scéim teanga a bhí ann in éag. D’fhógair cúig chomhlacht poiblí go raibh siad ag lorg aighneachtaí ón bpobal in 2011 ach tá an baol ann gur fada an feitheamh atá i ndán dúinn do na scéimeanna a thiocfaidh as na comhairliúcháin phoiblí sin. Tá 73 comhlacht poiblí i mbun an phróisis chun an dara scéim  teanga a ullmhú faoin Acht mar gheall gur imigh a chéad scéime in éag nó go raibh siad ar tí dul in éag . D'imigh roinnt dá scéimeanna in éag chomh fada le ceithre bliana ó shin. D’fhógair cuid acu go raibh siad ag lorg aighneachtaí, cuireadh dreacht-scéimeanna i dtoll a chéile ach anois tá siad ag ceistiú cén fáth an bhfuil an Roinn ag tarraingt na gcos maidir le scéimeanna a aontú leo. Liosta le háireamh atá ann ina measc  tá an tSeirbhís Chúirteanna, An Bord um Chúnamh Dlithiúil, roinnt institiúid oideachais amhail Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Cliath; comhlachtaí poiblí mar Údaráis Áitiúla Fhine Gall  agus  Ranna stáit éagsúla; An Roinn Iompair agus an Roinn Talmhaíochta agus Bia ina measc. Faoin reachtaíocht, maireann gach scéim teanga tréimhse de thrí bhliana. Agus ansin is ceart go mbeidh scéim teanga nua ann a bhíonn ag tógáil ar an méid a baineadh amach sa chéad scéim. Ach do thromlach na gcomhlachtaí poiblí a tháinig faoi scáth an Achta, ní raibh aon bhorradh faoi na seirbhísí a baineadh amach ó chuir siad an chéad scéim i bhfeidhm agus de thoradh nach bhfuil scéim reatha acu tá folús á chruthú. De réir Oifig an Choimisinéara Teanga, leanann an oifig ag déanamh faireacháin ar fheidhmiú na céad scéime go dtí go n-aontófaí an dara scéim leis an Aire.  Níl an dara rogha acu fiú amháin más amhlaidh go bhfuil an scéim sin go mór as dáta. Ag féachaint duit ar an maorlathas a bhaineann le córas na scéimeanna, ritheann sé leat go mb’fhéidir go raibh  an ceart ag an Rialtas athbhreithniú ar an Acht a fhógairt i lár mhí na Samhna. Is í an cheist ná an mbeidh athbhreithniú ar an ról atá ag an Roinn i gcomhaontú na scéimeanna? Ach is faoin Acht agus na seirbhísí  a bhfuil ceisteanna an athbhreithnithe dírithe, ní ar bheartais inmheánacha agus ar mhaorlathas na Roinne. Tá molta ag  an gCoimisinéir Teanga go ndíreofar ar chóras na scéimeanna teanga faoin Acht “ar bhonn straitéiseach agus comhsheasmhach” nó, mar mhalairt air sin, go  “bhforbrófaí córas nua caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar atá  beartaithe don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag”. Beidh le feiceáil an nglacfar le moltaí an Choimisinéara –ach ag féachaint gur glacadh  an cinneadh Oifig an Choimisinéara a chónascadh  le Oifig an Ombudsman beag beann ar an athbhreithniú, bheadh sé de chead ag duine a bheith amhrasach ina leith. Tá comhlacht amháin a sheasann amach  ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman.   D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth. D’fhógair Oifig an Ombudsman agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise go raibh siad ag lorg aighneachtaí dá dara scéim chomh fada siar agus 2008. Ach níor aontaíodh an dara scéim go fóill, má dhéantar riamh anois é.   Deir urlabhraí ó Oifig an Ombudsman gur seoladh an dara scéim ar aghaidh chuig an Roinn ag deireadh na bliana 2008. Bhí go leor cur agus cúiteamh idir an Roinn agus an Oifig mar gheall ar struchtúir na scéime. Ach ó bhí 2010 ann ní raibh aon dul chun cinn déanta maidir le haontú na scéime. Rinne an Oifig fiosrúcháin arís le linn an tsamhraidh ach dúradh leo go raibh athstruchtúrú ar bun ag an Roinn tar éis an olltoghcháin agus go raibh siad an-ghnóthach. Deir an Oifig go bhfuil an chéad scéim fós á leanúint acu agus tá siad sásta go bhfuil seirbhísí ar ardchaighdeán á chur ar fáil don phobal. Ní minic a bhíonn daoine ag lorg seirbhísí trí mheán na Gaeilge ó Oifig an Ombudsman, dar leo. An raibh a fhios ag an Roinn chomh fada siar agus an dáta sin go mbeadh cúraimí an Choimisinéara Teanga le n-aistriú isteach faoi Oifig an Ombudsman? Ní fheadar ach is léir go bhfuil córas na scéimeanna ar an dé deiridh- beidh le feiceáil cén réiteach a chuirfear ina áit tar éis an athbhreithnithe san athbhliain. Freagra na Comhdhála ar fhigiúirí 2011 “Leiríonn na figuirí ó 2010 agus 2011 nach bhfuil an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga nua na gComhlachtaí Poiblí sásúil. Is gá aghaidh a thabhairt ar seo ar bhonn práinneach ar mhaithe le príomhaidhm an Achta Teanga go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo a bhaint amach. Gan amhras, beidh an cheist seo lárnach don Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá idir lámha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair”- Pádraig Mac Criostail, Príomhfheidhmeannach na Comhdhála. Freagra na Roinne ar an moilleadóireacht a bhain le scéimeanna a aontú "Is próiseas leanúnach é aontú scéimeanna faoin Acht Teanga a bhfuil sé de chuspóir aige feabhas céimiúil thar thréimhse a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil. Ní miste a nótáil go leanann na céad scéimeanna i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéimeanna nua ina n-áit. Ní miste a nótáil freisin go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach ar an Acht Teanga ar siúl faoi láthair faoi stiúir na Roinne Ealaíon, OIdhreachta agus Gaeltachta. Mar chuid den athbhreithniú, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl a mhairfidh go dtí 31 Eanáir 2012. Tá gach eolas maidir leis an athbhreithniú ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne, www.ahg.gov.ie." ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011- Rinneadh nuashonrú ar an scéal 14 Nollaig.

Ag tógáil páistí le Gaeilge

$
0
0

Tá sé mar aidhm ag an Roinn díospóireacht a spreagadh maidir leis na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge agus moltaí a fháil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Tá béim ar leith sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an nGaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga an teaghlaigh. Faoin bpróiseas pleanála teanga atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain, beidh tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí cuí a bheith ar fáil mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil páistí trí mheán na Gaeilge. Ba mhaith leis an Roinn an deis a thapú chun labhairt go díreach le tuismitheoirí agus le caomhnóirí maidir leis na bealaí ar féidir leis an Stát cuidiú leo teacht i dtír ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Is seisiún poiblí atá i gceist leis an gcruinniú le plé a dhéanamh ar an ábhar seo amháin. Cuirtear fáilte roimh dhaoine a bhfuil spéis acu san ábhar seo agus ar mhaith leo go mbeadh ionchur acu i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.

Beannachtaí na Nollag ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

$
0
0

© Foilsithe ar Gaelport.com 14 Nollaig 2011

Imní na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta

$
0
0

Tháinig siad sna sála  ar chinneadh a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD mar chuid d’fhorálacha na cáinfhaisnéise don bhliain 2012. Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann. Deir Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go bhfuil an baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga. Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Gaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh do thréimhse an-ghearr. “Cuireann sé an-imní orainn go bhfuiltear ag féachaint i dtreo scoileanna a chónascadh, agus tá an baol go gcuirfear brú ar scoileanna  i gceann roinnt blianta má tá uimhreacha ísle i roinnt de na scoileanna.”, a deir sí. I mBaile Bhúirne aréir, bhailigh múinteoirí agus tuismitheoirí ó scoileanna Gaeltachta an deiscirt agus reáchtáladh cruinniú ar an gCeathrú Rua i gConamara chomh maith. Arís, mar a tharla i gcás na conspóide a bhain leis an bhfógra go ndúnfaí Oifig an Choimisinéara Teanga roimh don Roinn torthaí an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a fhoilsiú, ghlac an Rialtas an cinneadh faoin gcóimheas beag beann ar thuarascáil a bhaineann le hinmharthanacht agus luacháil na scoileanna i gceantair thuaithe. Ní fios go fóill cathain a fhoilseofar an tuarascáil ach is cosúil go gcuirfear faoi bhráid an Aire Oideachais  é i lár na bliana 2012. Idir an dá linn, tá géarchéim na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh tinnis do go leor, agus do mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall go háirithe.   Is  cosúil go mbeidh an cheist seo agus an chonspóid a bhain le dúnadh scoil náisiúnta Mhín na Manrach idir chamáin tráthnóna inniu in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeltachta i nGaoth Dóbhair ag 4.30pm. Fógraíodh an tseachtain seo caite go gcuirfear deireadh leis an maoiniú atá a thabhairt don scoil náisiúnta atá lonnaithe i Mín na Manrach i gContae Dhún na nGall. D’admhaigh an tAire Stáit, Dinny McGinley TD, áfach nach nglacfaí aon chinneadh maidir leis an scoil gan toill na dtuismitheoirí agus an bhoird bhainistíochta a chur san áireamh. Níl ach seachtar ag freastal ar an scoil atá ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe mbliana. Gan amhras, tá daoine ann atá den tuairim nach bhfuil sé éifeachtúil tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar a bhfuil líon an-bheag daltaí ag freastal. “ Cad is éifeachtúlacht ann, i gcomhthéacs go bhfuil athbhreithniú ar luacháil na scoileanna beaga ar siúl nach bhfuil críochnaithe, conas is féidir le haon duine a leithéid de rud a rá nuair nach bhfuil an tuarascáil fiú amháin faighte ag an Aire chun cinneadh a dhéanamh” a deir sí. “I gcás go ndúnfar scoileanna  nó go ndéanfar iad a chónascadh, téann an deontas caipitíochta ar aghaidh chuig an chéad scoil eile agus téann  an tuarastal leis an  múinteoir. Seans nach mbeadh le sábháil ach airgead ar an mbille leictreachais, ní thuigim conas is féidir le daoine é sin a rá nuair atá páistí ag fáil oideachais ar ardchaighdeán sna scoileanna beaga.” ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.

Lá eolais d'ealaíontóirí na Gaeltachta

$
0
0

Tabharfaidh an lá eolais deis do ghrúpaí ealaíon agus cultúrtha ón Ghaeltacht léargas a fháil ar na deiseanna ata ar fáil dóibh mar chuid de ‘Doire, Cathair Chultúir, 2013’. Beidh deis ag na grúpaí plé a dhéanamh ar na smaointe atá acu do 2013 (comhoibriú le grúpaí as cathair Dhoire san áireamh). Beidh cláraitheoirí imeachtaí ón ‘Comhlacht Cultúir, 2013 / Doire’, ‘Cathair Chultúir, 2013’  i láthair. Déanfaidh siad cur i láthair agus beidh deis ag na rannpháirtithe dul i bplé leo. Tá teorann ar líon na rannpháirtithe. Ní mór clárú don ócáid. Téigh i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh ag 074 9558025 nó r-phost m.macaoidh@udaras.ie    Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.

Gaeilge gan stró- i Meiriceá

$
0
0

Foilsithe ag Gaelchultúr, tá an bhéim sa chúrsa ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna do na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Ag an seoladh i mBéal Feiste  an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín go mbeadh an leabhar áisiúil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge den chéad uair riamh. Tá i gceist go  mbeidh an cúrsa áisiúil do dhaltaí atá ag staidéar thar lear- go  háirithe sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil isteach is amach le trí mhíle duine ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge go bliantúil sa tríú leibhéal.   ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Samhain 2011

Abair leat, an líonra sóisialta nua

$
0
0

Táthar ag súil go gcláróidh suas le 55,000 cainteoir Gaeilge leis an tseirbhís sa chéad bhliain agus tá i gceist acu go mbeidh an chabaireacht go léir trí mheán na Gaeilge amháin. Deir Mícheál Ó  Foighil go bhfuil daoine an-bháúil don Ghaeilge agus go raibh an fóram  bunaithe ar éileamh do sheirbhís lán-Ghaeilge a tháinig ón bpobal. Tá an líonra sóisialta beo anois – bígí sóisialta agus cláraigh ar www.abairleat.com. ©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011

Is é an ceannaí moch a dhéanann an margadh!

$
0
0

De ghnáth gearrtar €180 ar an gcúrsa 10 seachtaine agus san áireamh sa chostas sin bíonn dhá uair an chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine. Ni ghearrfar ach €160 ar dhaoine a bheidh cláraithe roimh an Nollaig. Tá dearbháin ar fáil más maith le daoine cabhrú le cairde atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Is iomaí duine a shocraíonn ar a gcuid scileanna teanga a fheabhsú mar rún Athbhliana i mí Eanáir”, dar le Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge. Cuirfear tús le téarma nua 10-seachtaine i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, oíche Mháirt, 24 Eanáir 2012, ó 7.00 – 9.00in. Anuas air sin , beidh ranganna ar fáil do lucht na hArdteiste ag tosú  Dé Luain, 16 Eanáir 2012, ó 5.00 - 7.00in Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar líne ag www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil.

Scéim Ghaeilge – An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

$
0
0

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na Scéime á lorg anois ag an Roinn ó pháirtithe leasmhara. Iarrtar aighneachtaí i scríbhinn a chur isteach i bhformáid leictreonach, más féidir, chuig sean.coleman@ahg.gov.ie.  Is féidir iad a sheoladh tríd an bpost freisin chuig Seán Coleman, Forbairt Chorparáideach, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí.   Tá tuilleadh eolais ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga: www.coimisineir.ie agus eolas iomlán maidir le feidhmeanna na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag: www.ahg.gov.ie.     Tabhair faoi deara go mbeidh fáil ar na haighneachtaí a gheofar ar shuíomh gréasáin na Roinne mura n-iarrtar a mhalairt. Caithfidh aighneachtaí a bheith faighte faoi 5 p.m. Déardaoin 19 Eanáir 2012 Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.        Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:   http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.  Foilsithe ar Gaelport.com 16 Nollaig 2011  

Clár fógartha do Thóstal na Gaeilge 2012

$
0
0

© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Nollaig 2011

Duaiseanna ar fáil do ghearrscánnáin Ghaeilge

$
0
0

Ba chóir scannáin na bliana seo a oiriúnú don téama Geal Gáire. Ba mhaith le Filmbase agus le TG4 lucht déanta scannán a spreagadh le hobair a fhorbairt a chuirfidh fonn gáire ar an lucht féachana agus ardóidh a meanma.  D’éirigh thar barr le scannáin ghrinn a rinneadh faoin  scéim Lasair  roimhe seo i measc lucht féachana sa bhaile agus thar lear, mar shampla Yu Ming is Ainm Dom le Daniel O’Hara, a bhuaigh breis is 40 gradam idirnáisiúnta. Táthar ag súil go mbeidh an tóir céanna ag lucht féachana pictiúrlainne agus féilte ar na scannáin a dhéanfar faoi théama na bliana seo.Tá súil ag an scéim fíor-dheiseanna a chur ar fáil chun tacú le tallann chruthaitheach nua a bhfuil smaointe láidre acu a thaitneoidh le lucht féachana sa bhaile agus thar lear.Féadfaidh lucht déanta scannán brí leathan a bhaint as an téama ach tabharfar tosaíocht do scripteanna atá barrúil, a ardaíonn meanma, atá dearfach nó a thugann léargas neamhghnách nó aisteach ar an saol.Treoirlínte• Tá an scéim oscailte do gach cineál scannáin, lena n-áirítear drámaíocht, greann, beochan, gearrsceitsí nó formáidí eile ficsin. • Do scannáin idir 10 agus 25 nóiméad ar fhad ar chóir scripteanna a scríobh.• Bronnfar duaiseanna thart ar €10,000 an ceann. D’fhéadfadh roinnt duaiseanna a bheith níos mó nó níos lú, de lánrogha an phainéil roghnaithe.  Beidh trealamh léirithe agus saoráidí iarléirithe Filmbase ag dul le gach duais (ach iad a bheith ar fáil).• Caithfear a bheith in ann scripteanna a chur i gcrích laistigh de na buiséid agus na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil.• Ba chóir go mbeadh ar chumas na scannán críochnaithe lucht féachana a mhealladh agus siamsaíocht a chur ar fáil dóibh, ar an teilifís agus ag féilte. Craolfar na scannáin ag buaic-amanna ar TG4.• Ba chóir don Ghaeilge a bheith nádúrtha agus oiriúnach don script.• Breithneofar scripteanna dátheangacha (Gaeilge agus Béarla nó Gaeilge agus teanga eile) má bhíonn formhór na scripte i nGaeilge.• Tá spéis faoi leith ag an scéim deiseanna a thabhairt do dhéantóirí scannán Éireannacha nua agus iad sin atá ag teacht chun cinn, agus spreagtar aon duine a bhfuil smaointe láidre, cruthaitheacha acu a bhaineann leis an téama chun iarratas a dhéanamh.• Ba chóir do scripteanna a bheith ag dréacht-chéim dheiridh. Is féidir snas a chur ar scripteanna, áfach, le cúnamh ó eagarthóir scripte gairmiúil, sula ndéanfar iad a thaifeadadh.• Ní mór gach scannán a chur i gcrích agus a sheachadadh faoi 28 Meán Fómhair 2012 agus taispeánfar iad den chéad uair ag Féile Scannán Chorcaí. Craolfar ar TG4 ina dhiaidh sin iad, in 2012.An tSlí le hIarratas a DhéanamhBa chóir iarratais a chuir isteach chuig Filmbase tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine 27 Eanáir 2012.Bíodh na nithe seo a leanas istigh le hiarratas:• 1 Foirm Iarratais Sínithe • 1 cóip den script le mionsonraí teagmhála iomlána don iarratasóir marcáilte go soiléir ar an leathanach clúdaithe.• 3 chóip den script gan ach an teideal ar an gclúdach agus gan aon eolas aitheantais eile ar an script.Bíodh an seoladh seo ar iarratais:LasairFilmbaseAn ChuarshráidBarra an TeampaillBaile Átha Cliath 2Ní dhéanfar iarratais a bheidh déanach a phróiseáil.Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil anseo.Iarratais ar an nGearrliostaTabharfar cuireadh d’iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach freastal ar agallamh lena bhfoireann léiriúcháin (Scríbhneoir, Léiritheoir, Stiúrthóir) ag Filmbase i mí Feabhra 2012. Beidh ar iarratasóirí ar an ngearrliosta eolas breise a chur ar fáil, lena n-áireofar: An buiséad iomlán An sceideal léiriúcháin agus taifeadta Nótaí ar stíl agus cóiriú CVanna don phríomh-fhoireann chruthaitheachMoltaí maidir le cliar agus criúBeidh ionadaithe ó TG4 agus ó Filmbase i láthair ag na hagallaimh gearrliosta, chomh maith le stiúrthóir neamhspleách. Sna hagallaimh tabharfar soiléiriú ar uaillmhianta cruthaitheacha na foirne iarratasóra, agus pléifear cúrsaí praiticiúla maidir leis na tionscadail a chur i gcrích ar ardchaighdeán gairmiúil leis na hacmhainní a bheidh ar fáil.Eolas Breise• Féadfaidh scripteanna a bheith dátheangach, ach ní mór an dialóg go léir a bheith scríofa i nGaeilge, nuair is cuí sin. • Is féidir le gach iarratasóir a bhfuil tionscadal aige/aici, atá ag teacht le treoirlínte na nduaiseanna, iarratas a dhéanamh. Tabhair ar aird, le do thoil, maidir leis an mbabhta seo, go bhfáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn lán-aimseartha nach raibh incháilithe do bhabhtaí na scéime roimhe seo. Fáilteofar roimh scripteanna ó iarratasóirí i dTuaisceart Éireann chomh maith.• Ní sheolfar scripteanna ná cáipéisíocht a théann leo ar ais.• Ní mór don iarratasóir a bheith ina b(h)all de Filmbase, ballraíocht íoctha go hiomlán, sula ndéantar iarratas. • Ní mór an t-iarratas iomlán a chur isteach an 28 Meán Fómhair 2012 nó roimhe sin. • Sa chás nach é an t-iarratasóir údar na scripte ní mór dó nó di úinéireacht chóipcheart na scripte a fhíorú (beidh cruthúnas air sin de dhíth sa chás go gcuirfear an t-iarratasóir ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh).Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 19 Nollaig 2011

Clár de Chainteoirí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta fógartha do Thóstal na Gaeilge 2012

$
0
0

Le linn an Tóstail, pléifidh saineolaithe idirnáisiúnta na bealaí ar féidir stádas na Gaeilge faoin mBunreacht a threisiú tríd an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Beidh sé mar aidhm an Tóstail i mbliana feasacht an phobail i gcoitinne maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhfuil tús curtha leis ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí a ardú, agus pléifear moltaí fiúntacha i dtreo threisiú chearta teanga an phobail faoin Acht sin. Tá clár cuimsitheach curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge don Tóstal.  Beidh scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar cheist athbhreithnithe an Achta Teanga, arbh í an cheist is mó a bhaineann leis an nGaeilge faoi láthair.    Beidh ionadaí sinsearach ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair ag an Tóstal chun léargas a thabhairt ar an bpróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar an gcomhairliúcháin poiblí atá ar bun faoi láthair ach go háirithe.  Ar phríomh-aoichainteoir an Tóstail beidh an Coimisinéir Teanga, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, a labhróidh ar an Tuairisc faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta sin a d’fhoilsigh sé le déanaí.  Ar an bpainéal de shaineolaithe idirnáisiúnta a chuirfidh moltaí chun cinn i dtaobh an dea-chleachtais i dtíortha eile beidh An tOllamh Colin Williams, Scoil na Breatnaise, Ollscoil Cardiff, An tOllamh François Grin, Dámh an Aistriúcháin agus na hAteangaireachta, Ollscoil na Ginéive, agus Dr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann. Pléifidh painéal de shaineolaithe agus de ghníomhairí teanga náisiúnta moltaí maidir leis na céimeanna ar féidir a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do stádas na Gaeilge faoin mBunreacht tríd an Acht Teanga.  Sa seisiún deireadh déanfaidh Dr Peadar Ó Flatharta, Stiúrthóir, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, achoimre ar na moltaí, na tátail agus na conclúidí ón seimineár a chur i láthair an lucht féachana. Ag labhairt dó faoi Thóstal na Gaeilge 2012, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh an-áthas air go bhfuil “na saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta is mó le rá ar fáil chun bheith rannpháirteach ag Tóstal na Gaeilge 2012.  Táim ag tnúth go mór le moltaí na saineolaithe agus leis an bplé ar chearta teanga a threisiú faoi reachtaíocht na tíre.  Úsáidfear na moltaí, na tátail agus na concluidí ón seimineár mar bhunús d’aighneacht na Comhdhála chuig an Roinn EOG".  Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go spreagfaidh Tóstal na Gaeilge an pobal i gcoitinne le haighneachtaí láidre a chur faoi bhráid na Roinne. Tá an clár ar fáil le léamh anseo. © Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011  

Bíobla Bhedell- An Chéad Leagan Gaeilge den Sean-Tiomna

$
0
0

Ó cuireadh leagan Údaraithe an Bhíobla  (Bíobla Rí Séamas) i gcló ceithre chéad bhliain ó shin, tá scoláirí agus scríobhaithe tar éis aistriúcháin Ghaeilge agus leaganacha  áirithe eile a fhoilsiú agus tá suas go 15 Bhíobla le feiceáil sa taispeántas. Tá sé mar sprioc ag lucht eagraithe na hócáide an ceangal idir stair na hÉireann agus na leabhair ársa seo a athinsint, ina measc na scéalta a bhaineann leis an haistriúcháin Ghaeilge a bhí mar dlúthchuid do bheartas Eaglais na hÉireann na Gaeil a mhealladh chucu  sa seachtú haois déag. Tugtar na cuairteoirí ar aistear siar go dtí tréimhse achrannach nuair a bhí go leor athruithe sóisialta ar  bun in Éirinn de réir mar a bhí an tír á phlandáil ag na húdaráis i Sasana agus nuair a bhí deireadh ag teacht leis an seansaol Gaelach. Le linn na tréimhse seo, bheartaigh Eaglais na hÉireann ar an mBíobla a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge chun cabhrú leis na Gaeil a d’iompaigh ina bProtastúnaigh. Tar éis gur aistríodh leagan den Tiomna Nua ó Bhéarla go Gaeilge bheartaigh an tEaspag Uilliam Bedell arbh as Essex dó ó dhúchas dul i mbun aistriúcháin ar an Sean-Tiomna. Ceapadh Bedell  ina Phropast ar Choláiste na Triónóide in 1627 agus ní raibh focal Gaeilge aige. Tar éis dó teacht go hÉireann, scríobh sé litir inar thug sé le fios gurbh é an chéad rud a bhí le déanamh aige in Éirinn ná tuiscint a fháil ar theanga na tíre. Ina dhiaidh sin ceapadh é ina Easpag ar an gCill Mhór agus bhí sé go láidir den tuairim gur cheart don Eaglais an Ghaeilge a úsáid i mbun a ndualgais. Leabhuir na Seintiomna ar na ttarruing go Gaidhlig trechiram & dhithracht an Doctuir Uilliam Bedell/The Books of the Old Testament translated into Irish by the care and  diligence of Doctor William Bedell is teideal don leagan Gaeilge a foilsíodh faoi dheireadh in 1685, in ainneoin gur chuir Bedell agus na scríobhaithe eile  James Nagle, Denis Sheridan agus Muircheartaich Óg Ó Cíonga (Murtagh King), tús leis an tionscadal i bhfad roimhe sin. Inniu, tá Bíobla Bhedell mar dhlúthchuid don taispeántas in Ardeaglais Theampall Chríost agus tá go leor oibre déanta ag an bhfoireann eagrúcháin lena cinntiú go mbeidh an taispeántas ar fáil  i nGaeilge agus i mBéarla, mar a bheadh an tEaspag Bedell ag súil leis. Beidh Bíobla Bhedell agus roinnt lámhscríbhinní agus Bíoblaí eile le feiceáil sa lusca in Ardeaglais Theampall Chríost go dtí deireadh mhí Eanáir. Tá cead ag an bpobal dul isteach idir 9.30-5.00 ach beidh tréimhsí áirithe um Nollaig nuair nach mbeidh fáil ar an taispeántas mar gheall go mbeidh seirbhísí ar siúl ann. Tuilleadh eolais ar fáil ar www.christchurchdublin.ie ©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Nollaig 2011 ©Íomhá le *debs*/ Flickr

Agóid na scoileanna Gaeltachta

$
0
0

Táthar ag súil go  dtabharfaidh  suas le 300 duine ó na ceantair Ghaeltachta  go léir cuairt ar an ardchathair tráthnóna inniu don léirsiú  ag 6 i.n.Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag comhordú an fheachtais  Gaeltachta in aghaidh fógra an rialtais go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann do phobail bheaga tuaithe agus don Ghaeltacht ach go háirithe dar le Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG). Ó fógraíodh an cinneadh sa cháinaisnéis chuir ESG  feachtas láidir ar bun i ngach ceantar Gaeltachta agus tionóladh  cruinnithe poiblí  sna Gaeltachtaí ar fad.Ach deir Treasa Ní Mhainín go bhféadfadh go mbeadh an scéal níos tromchúisí i gceantair Ghaeltachta mar gheall go mbeidh deireadh leis na socruithe speisialta  don chóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i  scoileanna beaga Gaeltachta.Ó bhí 2003 ann, bhí lion níos lú daltaí de dhíth ar scoileanna Gaeltachta chun múinteoirí Gaeltachta a choinneáil.Tá an léirsiú á reáchtáil inniu le tacaíocht ó Chraobh an Iarthair de Chumann Múinteoirí Éireann.  Tá siad aontaithe ar an gceist gur ‘pionós dúbailte’ a bheidh ann ar an ábhar nach bhfuil i dtromlach na scoileanna Gaeltacht ach idir beirt agus ceathrar mhúinteoir, dar le Ard Rúnaí an Chumainn, Sheila Nunan.Ag labhairt dó sa Dáil inné, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley nach raibh sé ‘dall nó bodhar’  ar thionchar na gciorruithe ar scoileanna Gaeltachta mar tá an oiread sin ina cheantar féin dar leis. Beidh le feiceáil an mbeidh a chomhghleacaithe bodhraithe ag an nglór a bheidh ann mórthimpeall ar Shráid Chill Dara anocht.©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Feabhra 2012.

Tuairisc Dála: Beirt Ombudsman “níos éifeachtaí”

$
0
0

Ceaptar gur chuir an pobal níos mó ná 1,436 suirbhé agus 260 aighneacht ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó fógraíodh an t-athbhreithniú i mí na Samhna. Eiseofar an figiúir oifigiúil sna laethanta atá amach romhainn. Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley TD sa Dáil inné go ndéanfadh oifigigh de chuid na Roinne anailís ar na haighneachtaí agus ar na suirbhéanna agus go gcuirfí moltaí faoina bhráid ina dhiaidh sin. Tuigtear go dtarlóidh sé seo roimh dheireadh na bliana seo. Níl sé soiléir go fóill cén modh anailíse a bheidh á úsáid ag an Roinn le mórspiocanna an athbhreithnithe a bhaint amach, is é sin measúnú a dhéanamh ar a bealaí chun an leas is fearr  a bhaint as caiteachas ar an teanga agus a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil  de réir éilimh ó shaoránaigh. Tá an Roinn ag scagadh na gcáipéisí i dtús báire lena chinntiú nár tharla aon dúbláil agus gur suirbhéanna agus aighneachtaí bailí a bhí ann. Pléadh an cinneadh conspóideach maidir le cónascadh Oifig an Choimisinéara  le Oifig an Ombudsamn chomh maith sa Dáil. D’fhéadfadh go mbeadh beirt Ombudsman níos éifeachtaí dar leis an Aire Stáit.“An t-aon rud gur féidir liom a rá nó, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, fanfaidh an coimisinéir agus beidh an chosaint chéanna ag an teanga faoi eite an Ombudsman agus atá aige i láthair na huaire faoi eite an coimisinéara. Má bhíonn an bheirt ag gníomhú le chéile, b’fhéidir go mbeidh siad fiú amháin níos éifeachtaí” a dúirt an tAire Stáit.Córas na scéimeanna teangaLe linn an phróisis athbhreithnithe ar an Acht,  labhair an Coimisinéir Teanga ag Tóstal na Gaeilge agus thug sé le fios gur theip ar chóras dhaingnithe na Scéimeanna Teanga faoin Acht toisc go bhfuil dhá thrian de na scéimeanna teanga a bhí aonraithe faoin Acht imithe  in éag agus go raibh sé “ionann agus do-dhéanta anois muinín a chothú athuair sa chóras sin”.Inné, pléadh ceist na scéimeanna teanga sa Dáil don chéad uair ó shin. Duirt Peadar Tóibín TD go raibh an  “tóin tite as na scéimeanna seo” ar an mbonn nach raibh scéim daingnithe ag an Ombudsman, ag Roinn na Gaeltachta, nó ag Tithe an Oireachtais.Dúirt an tAire go raibh an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta le scéim úr teanga a thabhairt isteach sa Roinn atheagraithe agus go dtí go ndéantar sin, tá an Roinn ag gníomhú faoin scéim a bhí ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. “Ar ndóigh, sin an fáth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim ar fad, go bhfeicfidh muid cé chomh héifeachtach agus a bhí sé nó cé chomh mí-éifeachtach nó neamh éifeachtach agus a bhí sé”.Dúirt sé go raibh obair idir lámha ag an Roinn le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim agus 100 scéim a aontú agus a dhaingniú idir an dá linn.©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Feabhra 2012

Samhail do na heagrais Ghaeilge le plé ag Cruinniú na nAirí

$
0
0

Bhí an tSamhail Nua Mhaoinithe á plé sa Dáil inné nuair a bhí an tAire Stáit Dinny McGinley  TD á cheistiú faoi  spriocanna na samhla nua mar atá molta ag Foras na Gaeilge.D’fhiafraigh Michael Kitt TD den Aire Stáit Dinny McGinley TD an raibh sé sásta leis an méid atá déanta ag Foras na Gaeilge ar an gceist seo. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ‘sásta go ginearálta le Foras na Gaeilge agus go raibh obair mhaith á dhéanamh acu. Sheachain sé an deis “aon bhreithiúnas sonrach" a thabhairt ag an bpointe seo a fhad is go raibh comhairliúchán poiblí ar siúl maidir leis na hocht scéim iomaíoch atá molta ag Foras na Gaeilge.Tuigtear go mbeidh an tSamhail á plé i Teach Laighean arís an tseachtain seo chugainn nuair a bhuailfidh an Comhchoiste Dála um Chomhshaoil, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht lena chéile Dé Céadaoin.©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Feabhra 2012

Eoghan Mac Diarmada le bheith ina phearsa Sheachtain na Gaeilge 2012

$
0
0

Is aisteoir, pearsa teilifíse agus craoltóir raidió aitheanta é Eoghan Mac Diarmada, cainteoir líofa as Baile Átha Cliath, agus é ag plé le cúrsaí siamsaíochta ar feadh na mblianta. Faoi láthair, tá sé ina láithreoir ar an tsraith theilifíse The Voice ar RTÉ agus ina láithreoir raidió ar XFM i Londain.   Aithneofar carachtar Mhic Dhiarmada, DJ Pete, ón gclár rathúil ar TG4, Seacht agus mar láithreoir ar an gclár Pop4 leis na blianta. Tá súil aige go dtapóidh na sluaite an deis “chun cúpla focal a úsáid do SnaG na bliana seo”. Tá seachtain na Gaeilge ag druidim linn go sciobtha. Tá sí le reáchtáil ón 5-17 Márta, agus beidh neart le déanamh idir seo agus an tseachtain mhór. Beidh an t-ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge, Rith2012 mar phríomhimeachta na bliana seo ach cuirfear neart imeachtaí áitiúla ar siúl ar fud na tire ar ghá d’eagraíochtaí a clárú chun go heiseofar san iris náisiúnta Sult. Is é Dé hAoine 3 Feabhra 2012, an spriocdháta le himeachtaí a chlárú ar www.snag.ie. © Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Feabhra 2012
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>