Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Clár Tacaíochta le teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge

$
0
0

Freastalóidh an clár tacaíochta teaghlaigh  ‘go príomha’ ar theaghlaigh Gaeltachta ach beidh pacáiste tacaíochta ar fáil do gach aon duine, dar le Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD.

Déardaoin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit sonraí an chláir Tacaíochta Teaghlaigh a thiocfaidh in áit scéim labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.

“Cur chuige nua” atá sa chlár a dhéanfaidh “difríocht shuntasach” ar an talamh maidir le cuir I bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain’ a  dúirt an tAire Stáit.
Ní fios go fóill áfach cén dáta ina bheidh an clár tacaíochta curtha i bhfeidhm ina iomlán.

Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.


Bileog Eolais le scaipeadh ar theaghlaigh Ghaeltachta
D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu Déardaoin. Sa bhileog eolais dhátheangach luaitear seacht mbuntáiste a bhaineann leis an nGaeilge.

Iarrfar ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn má tá I gceist acu cóip don beart tacaíochta a fháil ina dhiaidh sin.

Dáilfear an bhileog ar theaghlaigh atá ag freastal ar na seirbhísí máithreachais i gcathair na Gaillimhe, i Leitir Ceanainn agus i gCaisleán an Bharraigh.  Dúirt an tAire Stáit go raibh i gceist an feachtas seo a leathnú amach chuig na seirbhísí máithreachais atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta eile.

D’fhógair sé chomh maith go bhforbrófaí  clár  feasachta faoin gclár nua trí chomhpháirtíocht  le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus páirtithe leasmhara eile chun ábhar praiticiúla a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Anuas air sin, tabharfar cabhair do eagrais agus coistí pobalbhunaithe níos mó imeachtaí feiliúnacha a thionscnamh.


Cruth úr ar Scéim na gCampaí Samhraidh
I gcás Scéim na gCampaí Samhraidh, leathnófar amach an aoisteorainn a bhaineann leis an scéim ó agus freastalóidh sé ar pháistí atá idir trí agus sé bliana d’aois agus  páistí níos sine idir seacht bliana d’aois agus cheithre bliana déag d’aois.

Forbrófar cúrsaí oiliúna do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 – 17 mbliana d’aois le go mbeidh siad ábalta feidhmiú mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge agus ní thabharfar aitheantas do champaí a mbíonn tinreamh de 50 nó níos lú acu.


Scéim na gcúntóirí teanga le forbairt
Tá sé i gceist ag an gclár tacaíochta Scéim na gcúntóirí teanga’ a fhorbairt chun freastal breise a dhéanamh ar dhaltaí scoile Gaeltachta chun an Ghaeilge a shaibhriú.

Cuirfear tacaíocht breise ar fáil do chúntóirí teanga lena n-áirítear ábhar físeach, éisteachta agus léitheoireachta agus forbrófar cúrsaí oiliúna do na cúntóirí teanga i gcomhar le na heagrais a thionscain an scéim thar ceann na Roinne ar nós Muintearas.

Forbrófar scileanna ceannasaíochta  déagóirí Gaeltachta idir 15-17 mbliana d’aois trí chúrsaí oiliúna a fhorbairt le bheith mar chúntóirí sna coláiste Gaeilge agus trí iad a fhostú mar chúntóirí ar chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.


An Roinn le dul ‘viral’ (Físeáin meárscaipthe le scaipeadh)
Luaitear sa straitéis chomh maith go ndéanfar iarracht tionchar a imirt ar dhaoine óga i dtaobh tábhacht agus fiúntas na Gaeilge mar theanga labhartha trí ghearrscannáin nó virals a fhorbairt trí na meáin shóisialta.

Deirtear go gcuirfear suíomh tairsí ar fáil ar líne  le go mbeidh sé níos éasca don phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta a úsáid chun eolas a bhailiú i dtaobh ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge.

Ach idir an dá linn gan aon suíomh Gréasáin ar leith luaite leis an gclár, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trí rphost a sheoladh chuig ctt@ahg.gov.ie nó trí glaoch ar chur ar 091 503700.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Tacaíocht do Theaghlaigh le Gaeilge le fógairt ag an Aire McGinley

Straitéis níos láidre á lorg don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh

Cruth úr ar scéim labhairt na Gaeilge

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #ClárTacaíochta


Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil

$
0
0

Tá costas ag baint le déagóir a chur chuig an Ghaeltacht don samhradh ach bíonn scoláireachtaí ar fáil do roinnt do na coláistí Gaeilge.

Ina measc, tá scoláireacht ar fáil ón  Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht dóibh siúd ar mhaith leo seal a chaitheamh ar Choláiste Laichtín ar Inis Oírr.

San áireamh sa scoláireacht tá lóistín agus tá go leor buntáistí ann  doscoláirí a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge atá acu a forbairt agus a fheabhsú, dar le Caomhan Ó Conghaile, príomhoide.

Bíonn Gaeilge á úsáid ag muintir an oileán gach lá. Ta ranganna beaga ag gach múinteoir agus mar sin tá níos mó ama ag an múinteoir do gach dalta.

Freisin tá go leor spraoi ann, níl ort a bheith líofa agus tá tú ag foghlaim i dtimpeallacht atá an-éagsúil ón scoil. Imrítear sport agus cluichí eile éagsúla as Gaeilge, mar shampla sacair, cispheil.

Beidh cúrsaí ar tosú ar 04 Meitheamh, 27 Meitheamh agus  20 Iúil agus tá foirmeacha,  rialacha agus go leor eolais eile a fháil ar http://www.colaistelaichtin.ie/

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Deiseanna d’aisteoirí óga

An bua ag Teaspach ag Craobh Siansa Gael Linn

Foirne Gaeltachta ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2012

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter - #Gaeilge #ColáisteSamhraidh

Comórtas: ‘More Facts About Irish’ le Helen Ó Murchú le buachan

$
0
0

An bhfuil fíricí agus staitisticí faoi bheartas an rialtais i leith na Gaeilge á lorg agat? Bhuel tá na staitisticí ar fad le fáil sa leabhar More Facts About Irish agus tá cúig chóip le buachan i gcomórtas na seachtaine seo.

Rugadh Helen Ó Murchú i Ráth Caola i gContae Luimnigh. Tá a saol gairmiúil caite aici ar thús cadhnaíochta i ngach leibhéal d’oideachas na Gaeilge.  Bhí Helen ina cathaoirleach bunaidh ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta agus bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord na Gaeilge chomh maith.

Is ábhar í an Ghaeilge a tharraingíonn go leor tuairimíochta buile. Sa leabhar seo, áfach, gheofar foinse shaibhir cruinneolais a bheidh thar a bheith áisiúil don léitheoir le spéis, don iriseoir, don mhac léinn, do lucht polaitíochta agus don lucht déanta beartais.

Is  i mBéarla atá an leabhar scríofa le hachoimre dheiridh i nGaeilge a chríochnaíonn le híomhá chumhachtach ar na fíricí go léir atá tugtha – An Ghaeilge ar dhroim toinne.Tá an leabhar ar fáil le ceannach sa siopa ar líne ar Gaelport.com.

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag cúigear cóip den leabhar ‘More Facts About Irish’ a bhuachan.

Ceist na seachtaine seo:

Cad as don Dr Helen Ó Murchú ? 

• Corcaigh     
• An Cabhán        
• Luimneach     
• Dún na nGall      

Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 10 Bealtaine 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Shane Egan as Co. Thiobraid Árann agus le Margaret Breathnach as Co. na Gaillimhe a bhuaigh cóip den dlúthdhiosca ‘The Quiet House’ le Noreen O’Sullivan san eagrán seo caite.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Babaí steps to promote Irish language

Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin

Clár Tacaíochta le teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Foirne Gaeltachta ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2012

$
0
0

Don dara blain as a chéile beidh muintir Thír Chonaill ag reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta ach i mbliana is iad muintir Ghaoth Dobhair i gceartlár Thír Chonaill a bheith ag obair go dian chun comórtas na bliana seo a reáchtáil ón 1-4 Meitheamh 2012.

Bhí an-tóir ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le blianta fada anuas le foirne ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag glacadh páirte sa chomórtas seo a bhíonn ar siúl i nGaeltachtaí éagsúla gach bliain.

I mbliana beidh na sluaite ó na Gaeltachtaí éagsúla timpeall na tíre mar aon le foireann  as Baile Átha Cliath, ‘Na Gaeil Óga’ agus foireann Laochra Loch Lao as Béal Feirste ag tabhairt aghaidh ar cheantar Ghaoth Dobhair.

I measc na gClubanna Gaelachta éagsúla ar fud na tíre a ghlacann páirt sa chomórtas go rialta bíonn foirne as Rinn Ó gCuanach agus An tSean Phobail as Gaeltacht na nDéise, foireann as Gaeltacht Ráth Cairn i gContae na Mí, Piarsaigh na Droimaide agus An Ghaeltacht as Gaeltacht Chiarraí, Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh as Gaeltacht Chorcaí, Gleann Cholm Cille, Cloch an Fhaola, Na Dúnaibh, agus foireann Chill Chartha, agus ar ndóigh an fhoireann as baile Ghaoth Dobhair, i  nGaeltacht Dhún na nGall.

I láthair freisin bíonn Oileán Árainn agus foirne as Conamara  mar aon le foirne Bhéal an Mhuirthead, Thuar Mhic Eadaigh agus Bhaile an Chaisil as Gaeltacht Mhaigh Eo.
San iomaíocht freisin bíonn foireann Mhóin Dearg as Londain Shasana, foireann a rinne iarracht freastal ar an gcomórtas le blianta fada anuas.

Beidh puball mór curtha in airde in aice leis an bpáirc, áit a mbeidh neart imeachtaí sóisialta idir cheol, amhránaíocht agus damhsa ar siúl.

Más peil, ceol, damhsa nó blas don chultúr áitiúil atá á lorg agat tabhair d’aghaidh ar Ghaoth Dobhair deireadh seachtaine na Cincíse agus cuimhnigh is deis iontach í seo do dhaoine  na canúintí difriúla ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre a chloisteáil in atmaisféar sóisialta.

Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ag na sonraí teagmhála thíos:

Cathaoirleach - Seán Ó Fearraigh –087 2441842

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Na Gaeil Óga ag lorg iománaithe

‘Feachtas gnéasúil earcaíochta’ do chlub peile Gaeilge

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Deiseanna d’aisteoirí óga

$
0
0

Tá Fíbín ag iarraidh deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga sárchúrsa drámaíochta trí mheán na Gaeilge a dhéanamh an samhradh seo.

Is comhlacht puipéadóireachta, amharclannaíochta agus drámaíochta Gaeilge é Fíbín, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Beidh siad ag socrú éisteachtaí timpeall na tíre, chun na haisteoirí óga is fearr a roghnú don cheardlann samhraidh. 

Beidh na héisteachtaí ar siúl ar fud na tíre sa chúpla seachtain amach romhainn. Beidh an Sár-Scoil Drámaíochta ar siúl idir 2 – 13 de mhí Iúil.

Tá an Sárscoil Drámaíochta oscailte le haghaidh mic léinn idir 15 – 17 mbliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair 2012. 

Caithfear Gaeilge líofa a bheith ag na mic léinn, agus suim mhór sa drámaíocht ar ndóigh. Beidh na héisteachtaí ar siúl sna hionaid seo a leanas:
 

Dáta: 30/04/12 

Ionad: Seanscoil Sailearna, Conamara, Co. na Gaillimhe

Am: 4-6pm


Dáta: 02/5/12

Ionad:  Gaillimh, Áras na Gaeilge (OÉ Gaillimh)

Am: 6-8pm


Dáta: 14/05/12

Ionad: Jury’s Inn, Corcaigh

Am:  6-8pm


Dáta: 22/05/12  

Ionad: Sligo Park Hotel, Sligeach

Am:  6-8pm

   
Beidh ar gach mac léinn CV a sholáthar mar aon le grianghraf agus aon taithí drámaíochta más féidir. 

Is féidir an CV a sheoladh chuig: Angela Seoighe, Fíbín Teo., na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tSárscoil Fíbín, déan teagmháil le hAngela Seoighe ar meangadh@gmail.com nó cuir glaoch ar an oifig ar 091-505855.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

As na Nuachtáin: Their real-life sister act

As na Nuachtáin: Hobbit as Gaeilge strikes gold as sales take off

Comórtas Filíochta Uí Néill 2012 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport at Twitter: #Gaeilge

Féile Chois Cuain 2012

$
0
0

Beidh Féile Chois Cuain ar siúl i mbaile beag álainn darb ainm Cluain Cearbán ón 4-7 Bealtaine 2012.

Tá baile Chluain Cearbán suite ar thaobh an chósta thiar theas de Chontae Mhaigh Eo.

Tá deireadh seachtaine iontach den amhránaíocht, den chraic, ceol, sean-nós, damhsa agus de chuideachta geallta ag an deireadh seachtaine.

Beidh neart ceardlann ar siúl sa damhsa, sean-nós agus uirlisí éagsúla. 

Beidh seisiúin cheoil agus amhránaíochta ar siúl sna tithe tábhairne freisin.

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar an suíomh gréasán: www.feilechoiscuain.com


© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

As na Nuachtáin: Rann na Feirste to celebrate its cultural legacy at launch

Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #FéileChoisCuain

Féile an tSean-Nóis ‘Cos Cos’

$
0
0

Don séú bliain as a chéile déanfar ceiliúradh ar chur i láthair an tsean-nóis ag Féile Cos Cos 2012 i Ráth Chormaic, Tuaisceart Co. Shligigh.

Beidh idir dhamhsa agus amhránaíocht le cloisteáil agus le feiceáil ar fud an bhaile álainn stairiúil seo ó 11 – 13 Bealtaine ó dhamhsóirí, ceoltóirí agus amhránaithe iomráiteacha, áitiúla agus idirnáisiúnta.

Is é an complacht damhsa Cos Cos a thug beocht don fhéile sa bhliain 2007. Leanann muintir Cos Cos iomlán dílis do stíl an tsean-nóis agus iad ag taisteal ar fud na tíre ag damhsa agus ag comhoibriú le healaíontóirí ilghnéitheacha.

I mbliana ag an deireadh seachtaine spleodrach seo,  beidh muintir na háite i gcuideachta le scoth na gceoltóirí, damhsóirí, portairí agus filí ag ceardlanna, taispeántais,  comórtais agus ag céilithe.

Cuirfear tús leis an gcraic oíche Aoine ag an gceolchoirm mhór ina mbeidh leithéidí Johnny Connolly, Meaití Jó Shéamuis, Sibéal Davitt, Tura Arutura, damhsóírí Cos Cos agus níos mó ag damhsa agus ag casadh. Maidin Shathairn beidh ceardlanna éagsúla á reáchtáil i Halla Rath Chormaic ó 11am – 4pm - damhsa ar an sean-nós le Sibéal Davitt, bosca ceoil le Johnny Connolly, amhránaíocht ar an sean-nós le Meaití Jó Shéamuis O’Fatharta agus ceardlann bhodhráin le Junior Davey agus neart ceoil á chasadh acu don chuid eile den lá. Ansin Dé Domhnaigh, reáchtálfar comórtas mór damhsa ar an sean-nós amuigh faoin aer i lár an bhaile. Is féidir breathnú ar chlár na Féile anseo.

Táthar ag súil go meallfar slua mór go baile aoibhinn Ráth Chormaic leis an gceol binn a shú isteach agus chomh maith leis sin cos a bhualadh le talamh le haghaidh steip bhreá shean-nósach a thriail!

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012 

Féile Chois Cuain 2012

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge #CosCos

Tóstal na Gaillimhe ag druidim linn

$
0
0

Tá an Samhradh tagtha arís agus ar an Domhnach seo chugainn, 6 Bealtaine beidh Tóstal na Gaillimhe á reáchtáil i mBóthar na Trá i nGaillimh.

Beidh lá iontach lán d’imeachtaí farraige á reáchtáil áit a mbeidh rásaí curacha agus beidh neart bádóirí agus ag na húicéirí idir bháid mhóra, leathbháid agus ghleoiteogaí ag dul chun farraige ar an lá.

Mar aon leis na rásaí curaí beidh neart imeachtaí éagsúla eile ar siúl ar talamh tirim - ina measc beidh comórtas caisleán gainimh do ghasúir agus tarraingt téada do na daoine fásta.  Beidh foirne ag teacht as Co. an chláir, Dún n nGall, Conamara, Ciarraí, Luimneach, Corcaigh i gcomhar na rásaí ar an lá.

Beidh ceol agus craic san Office Bar i mBóthar na Trá níos déanaí sa tráthnóna leis an amhránaí Cairíona Ní Cheannbháin agus banna ceoil.

Beidh na himeachtaí ar siúl ar Thrá na mBan os comhair Óstán Chuan na Gaillimhe i mbóthar na Trá i nGaillimh. Tá míle fáilte roimh chách

Tuilleadh eolais : Tel: 087 2065 689 / www.antostalsalthill.com


© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Foirne Gaeltachta ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2012

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

Féile Chois Cuain 2012

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnTostal


Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin

$
0
0

Saol agus saothar an cheardchumannaí James Larkin agus laochra liteartha na príomhchathrach a bheidh á cheiliúradh le linn scoil scairte Larkin i mBaile Átha Cliath ón 10 Bealtaine go dtí an 12 Bealtaine.

Is í seo an ceathrú bliain as a chéile don fhéile a bheith á reáchtáil sa phríomhchathair in ómós don cheardchumannaí James Larkin.

Tá rogha mór imeachtaí beartaithe don fhéile, léacht ar oíche na hoscailte faoin Lorcánach féin ag an Dr Enda Leany sa Leabharlann Náisiúnta ina measc.

Beidh leachtaí ar siúl Dé Satharn i Halla na Saoirse ag tosú ag 11.00rn faoi bheirt a raibh tionchar mór acu ar thraidisiún an cheoil in Eirinn - Michael Coleman as Sligeach agus Neilí Ní Dhomhnaill as Rann na Feirste.

Cathal Goan, iar-Phríomh Stiúrthóir RTÉ a bheidh ag caint faoi Neili Ni Dhomhnaill ar maidin agus beidh an fidléir iomráiteach, Jesse Smith, ag trácht ar Michael Coleman san iarnóin.

Léireofar seó in ómós don scríbhneoir Breandán Ó Beacháin, a chuir Des Geraghty i dtoll a chéile agus a bheidh á aithris ag an aisteoir Nuala Hayes le hamhránaithe agus ceoltóirí an bhanna The Liffey Banks.Beidh sé sin ar siúl in Amharclann Halla na Saoirse ar an Aoine, tosú 7.45in.

Beidh siúlóid threoraithe mórthimpeall na cathrach i gcoiscéimeanna Larkin ó Theach an Chustaim ag 2.45pm Dé Aoine, a thiocfaidh chun críche ag Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell.

I measc na n-oirfideach eile a bheas páirteach, beidh an t-amhránaí Niamh Parsons mar aoi speisialta ag an Clé Club sa Stag's Head oíche Deardaoin agus beidh an t-amhránaí Jimmy Crowley ag tabhairt ceolchoirme ag am lóin in Ionad na dTaibh-Ealaíon, Halla na Saoirse ar an Satharn.

Beidh seisiúin cheoil neamhfhoirmeálta ar siul ar an Aoine agus an Satharn in Ionad na dTaibh-Ealaion i Halla na Saoirse ina mbeidh na maistrí scoile ceoil ar fad páirteach.

Tuilleadh eolais ar fáil ó larkinhedgeschool@gmail.com

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Féile an tSean-Nóis ‘Cos Cos’

Tóstal na Gaillimhe ag druidim linn

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter - #Gaeilge #LarkinHedgeSchool #LibertyHall

An bua ag Teaspach ag Craobh Siansa Gael Linn

$
0
0

Bhí scoth an cheoil traidisiúnta le cloisteáil sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh áit ar bronnadh craobh náisiúnta Siansa Gael Linn ar scoláirí ón scoil ghraiméir Sligeach.

Teaspach is teideal don ghúpa ceoil fuinniúil seo agus thug an t-ochtar an chraobh agus an príomhdhuais ar luach €2,500 leo.

Seo an dara huair do cheoltóirí óga ó Shligeach an chéad duais a bhaint amach ag Siansa Gael Linn. Bhuaigh an grúpa Spraoi ón Scoil Ghraiméir an craobhchomórtas in 2009.

Páirteach sa ghrúpa ceoil seo tá Áine Ní Mháirtín, Nell Ní Cheallaigh, Gearóid Ó Duibhir, Íde Ní Chionnaith, Jason Mac Aonghusa, Hannah Ní Cheallaigh, Peadar Ó Maonaigh agus Pádraig Ó Gabháin.

Sa dara háit, bhí Na Fataí Fánacha ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.  Tháinig an grúpa ceoil Macalla ó Chorafinne, Contae na Gaillimhe sa tríú háit.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Deiseanna d’aisteoirí óga

Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras

Comórtais Gael Linn

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Éachtaí nua bainte amach ag BabógBaby

$
0
0
Músclaíodh suim bhreise sa Ghaeilge le déanaí nuair a d’fhoghlaim an láithreoir iomráiteach Jonathan Ross ‘cúpla focal’ ar an scáileán idirnáisiúnta le cuidiú ón mbéirín cainteach Bábóg Baby agus is cinnte go bhfuil an béirín céanna ag cur neart daoine ag caint ó shin.

Rinneadh ceiliúradh ar éachtaí an táirge rathúil seo an tseachtain seo caite ag Searmanas Ghradaim Vodaphone Start Up nuair a chroch cruthaitheoir an bhéirín, Adrian Devane duais óir agus airgid leis ar an oíche thábhachtach seo le haghaidh margaíochta agus nuálaíochta.

Ba é a thug leis bonn óir na hoíche don táirge is fearr as Gaeilge agus leis tugadh an bonn airgid dá chruthaitheoir as ucht an phlean gnó atá aige.

“Tá na Gradaim seo tar éis mé a spreagadh níos mó a oibre fós a dhéanamh ar mhaithe le BabógBaby a thógáil go leibhéal níos airde agus a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, .” a dúirt Adrian Devane ar an oíche.

Ar scáth na n-éachtaí seo tá sé fógartha chomh maith go n-eiseofar aip nua de chuid BabógBaby le haghaidh iPhone agus iPad mar aon le clár beochana bunaithe ar dhearadh an bhéirín – ‘BB agus Bella’, a chraolfar ar TG4 go luath. Tá sé mar aidhm ag an tsraith seo a leanfaidh ar feadh deich seachtaine siamsaíocht agus beochan a nascadh le foghlaim na Gaeilge.

Tá an béirín féin ag dul ó neart go neart ó thaobh margaíochta de agus é ag múineadh bun-struchtúr na teanga do leanaí óga ó lá go lá ar fud an domhain.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Campaí Samhraidh ar fud na tíre

As na Nuachtáin: Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge

As na Nuachtáin: Dianchúrsaí an tsamhraidh

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Gaeilge na hArdteiste faoi chaibidil i sraith úr raidió

$
0
0

Cuireadh tús le sraith eile den chlár ar Raidió na Life 106.4FM ar 6 Eanáir 2012 ag 6:30i.n. agus leanfaidh sí go tráth na scrúdaithe. Beidh na cláir go léir ar fáil i bhfoirmpodchraolta chomh maith. Beidh Béaltriail na hArdteiste mar ábhar na sraithe ar feadh ocht gclár agus cuirfear neart eolais ar fáil maidir le cluastuiscint, léamhthuiscint agus le ceapadóireacht chomh maith. Díreofar ar na gnéithe nua a bhaineann leis an mBéaltriail - cur síos ar shraith phictiúir agus comhrá. Beidh cur chuige éagsúil i gceist leis an deich gclár eile. Is é cúrsaí litríochta a bheidh mar bhunús na sraithe ansin agus pléifidh beirt shaineolaithe ar phainéal ábhar an chúrsa litríochta. An ghné is suntasaí a bhaineann leis an tsraith seo ná go gcuireann sí deis ar fáil do mhic léann éisteacht le máistrí móra na litríochta ag léamh a gcuid saothar, filí agus scéalaithe ar nós Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Pádraig Mac Suibhne, Biddy Jenkinson, Ré Ó Laighléis, Éibhlís Ní Dhuibhne agus Deridre Ní Ghrianna. Áis do mhúinteoirí atá sa tsraith chomh maith sa tslí gur féidir plé oscailte a dhéanamh sa seomra ranga le cuidiú na bpodchraoltaí. © Foilsithe ar Gaelport.com - 13 Eanáir 2012

“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga Ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012.

$
0
0

‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag), Dr Wilson McLeod (Albain) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.   I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.   Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.    Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla.  Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.   Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit.  Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.   Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.   Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.  © Gaelport.com 14 Eanáir 2012

IRA propaganda paid for by State

$
0
0

It was disgusting to see viewers' money being expended on terrorists like Rose Dugdale, who was allowed to portray herself as some kind of heroine. Furthermore, to learn that other similar females are to follow in the weeks ahead is appalling in the extreme. One, Pamela Kane, was a member of an IRA unit which attempted to murder members of the gardai as the gang attempted to shoot their way to freedom following a bank raid in Enniscorthy on May 1, 1990. It was bad enough that the garda authorities failed to honour the four brave gardai who arrested the seven-member gang without loss of life, but to see that one of those terrorists is now to be given a half-hour of national TV time to glorify her actions is really galling. One would hope that our Government, which subsidises this station, would make it clear that such propaganda will not be tolerated, otherwise its subsidy would be withdrawn. Tony Fagan, Enniscorthy, Co Wexford Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2012

Tráthnóna eolais faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

$
0
0

Bronntar an gradam seo, a ainmníodh in onóir baill bhunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge gach bliain ar ghnólachtaí a dhéanann obair mhór dhátheangach i gCathair na Gaillimhe. Tá buaiteoir ghradam na bliana seo caite, David Keane ó Óstán an Menlo Park mar chomh-eagraí ar an ócáid. Seoladh struchtúr nua an ghradaim 2012 le déanaí a roinneann ina cheithre chatagóir: miondíol, fáilteachas agus turasóireacht, seirbhísí, comhlachtaí eile. Beidh gearrliosta le roghnú ón gceithre chatagóir agus ainmneofar buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as an ngearrliosta sin. Tá an gradam oscailte go dtí Déardaoin 9 Feabhra 2012. Beidh moltóirí an ghradaim i láthair ag an tráthnóna eolais le sonraí a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas moltóireachta mar aon le foireann Ghaillimh le Gaeilge a bheidh ag scaipeadh neart eolais ina thaobh. © Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Eanáir 2012

Seirbhís Idirchreidmheach i nGaeilge

$
0
0

 Tá sé fógartha ag Cumann Gaelach na hEaglaise go mbeidh an tseirbhís ar siúl i rith Sheachtain na hAontachta Chríostaí in Ardtheampall Chríost, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 20 Eanáir 2012 ag 8:00 i.n. Cuireadh tús leis an tseirbhís sa bhliain 1971 agus tá sí á reáchtáil go rathúil ó shin.  Tá tacaíocht iontach faighte ag Cumann Gaelach na hEaglaise a bhfuil mar aidhm aige an gaelachas a spreagadh i measc bhaill na heaglaise. Cuirfear sólaistí ar fáil thíos staighre sa Lusca i ndiaidh na seirbhíse áit a mbeidh an taispeántas dátheangach 'Scoth na Leabhar' le feiceáil.  Tá fáilte roimh chách a bheith i láthair. © Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Eanáir 2012

Dánta á lorg

$
0
0

Iarrtar ar fhilí dánta Gaeilge/Gàidhlige  a sheoladh chuig Rody Gorman ag anguth@btinternet.com.Cuirfear fáilte roimh iarratais go dtí tús mhí Aibreáin. Ní ghá aistriúcháin a chur ar fáil leis na dánta. Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2012

Éileamh Idirnáisiúnta ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann

$
0
0

Foilsíodh moltaí an choiste comhairleach an tseachtain seo caite agus cáintear ann an mhoilleadóireacht a bhain le reachtaíocht a thionscnamh chomh maith le cur chuige na n-údarás i dTuaisceart Éireann tar éis dóibh diúltú arís roimh pháirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin. Ábhar díomá is ea é dar leo  nach bhfuil atmaisféar dearfach i leith na Gaeilge sa saol poiblí i dTuaisceart Éireann agus go gcuirtear i gcoinne deiseanna  úsáide na teanga ar an mbonn gurb ionann iad agus leithcheal i gcoinne dreamanna eile sa phobal. Tá dualgais ag an Ríocht Aontaithe cosaint a thabhairt do chearta teanga mar chuid den chreat-Choinbhinsiún  um  Chosaint Mionlach Náisiúnta. Is léir gur beag dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh na reachtaíochta teanga ó d’iarr Coiste na nAirí de Chomhairle na hEorpa  ar ar na húdaráis reachtaíocht a thionscnamh sa bhliain 2007. Rinne  ionadaithe ón gcoiste cuairt ar Thuaisceart Éireann an samhradh seo caite agus labhair siad le grúpaí éagsúla a bhíonn i mbun cearta daonna a chosaint sa dhlínse. Ina measc siúd bhí Pobal, scátheagraíocht do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus dar le Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Phobal, tá sé ‘suntasach’ go bhfuil an t- éileamh ar reachtaíocht teanga ar cheann de na trí phríomhmholadh a rinne an coiste. Scrúdaítear sa tuarascáil ceisteanna a bhaineann le cúrsaí oideachais, na meáin, ciníochas, caidreamh pobail, cúrsaí creidimh, craoltóireacht, agus labhairt agus úsáid mionteangacha sa saol poiblí. Moladh  go láidir do na húdaráis i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe iarracht a dhéanamh gan ciorruithe airgeadais  a chur i bhfeidhm más féidir  lena cinntiú nach ndéanfar dochar suntasach do chás na mionlach agus  go ndéanfar measúnú leanúnach ar thionchar na gciorruithe sin amach anseo. D’fhonn sin, luadh an bhuairt a bhí ar an gcoiste comhairleach mar gheall ar phleananna na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas cuíchóiriú a dhéanamh ar struchtúr agus ar an maoiniú atá á bhfáil ag  na heagrais Ghaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Tugtar faoi deara chomh maith na coimhlintí atá ann maidir le maoiniú agus na riachtanais éagsúla atá  cainteoirí Albainis Uladh i gcomparáid le cainteoirí  Gaeilge sa Tuaisceart agus gur tharla sé gur diúltaíodh roimh maoiniú a thabhairt do thograí Gaeilge ar an mbonn nach raibh maoiniú ar chomhchéim le fáil ag tograí a d’fhreastail ar Albainis Uladh. ©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2012.

Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le plé sa Seanad Dé Céadaoin

$
0
0

Ba é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a mhol an díospóireacht agus is deis iontach  é seo chun ardán náisiúnta a thabhairt do na mórcheisteanna atá ag déanamh imní  do phobal na Gaeilge dar leis.Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge ag an deireadh seachtaine nocht sé an tuairim go raibh ionadaithe i dTeach Laighean aineolach go leor ar na ceisteanna atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeltachta. Dúirt sé áfach go dtugann díospóireachtaí mar sin deis do Sheanadóirí páirt a ghlacadh sa phlé.Ar na hábhair is mó a bheidh idir chamáin ag na Seanadóirí beidh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Todhchaí Údarás na Gaeltachta, Cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman, Maoiniú na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta agus ciorruithe i scoileanna tuaithe agus Gaeltachta.Beidh imeachtaí an lae le feiceáil ar http://www.seanad.tv.©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2012.

Imní léirithe ag Eagrais Ghaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe

$
0
0

Chuir na heagraíochtaí sin uile glan in aghaidh na samhla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge don earnáil bhunmhaoinithe.   Iarradh ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus moltaí athchóirithe a mholadh. Dar leis na heagrais bhunmhaoinithe go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. Chuir Foras na Gaeilge tús le hathbhreithniú  ar mhaoiniú na nEagras chomh fada siar agus 2008 agus mhol an Foras ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ d’earnáil na Gaeilge. Faoin tSamhail déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh de na hocht scéim, ina measc: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Ach tuigtear go mbeidh ciorrú mór ar líon na n-eagras Gaeilge mar gheall nach mbeidh aon eagraíocht amháin nó líon teoranta eagraíochtaí, más gá ag feidhmiú gach scéime.   Tá curtha in iúl ag na heagrais gur mian le Foras na Gaeilge obair na Gaeilge a dhéanamh feasta trí thairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.   Deirtear sa ráiteas go bhfuil an bhuairt ann go ndéanfaidh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar “tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge” sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais a n-áiríonn na heagrais tá: - Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh  maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de.   - Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí. - An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.   Chuir na heagrais bhunmhaoinithe in iúl ina gcomhráiteas go n-aithníonn siad an gá atá le forbairt agus le cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr, ach nach bhfeictear dóibh go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua.  Deir na heagrais go bhfuil siad lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann. Ina measc siúd atá luaite leis an gcomhráiteas ar maidin tá 12 eagraíocht atá lonnaithe sa deisceart: An tOireachtas, Glór na nGael, Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta , Comhluadar, Cumann na bhFiann, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Forbairt Naíonraí Teoranta, Gaelscoileanna, Gael Linn agus Raidió na Life. Chomh maith leis sin deir 7 eagraíocht eile atá lonnaithe i Tuaisceart Éireann nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan an maoiniú bliantúil ina measc,  Altram, An tÁisaonad, Comhaltas Uladh, Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Raidió Fáilte.   Tá molta ag na heagrais d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe. Is féidir an comhráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo: Comhráiteas na nEagras - 17.01.12.pdf © Gaelport.com 17 Eanáir 2012
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>