Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB

$
0
0
Fuarthas dea-scéala do na meáin tri Ghaeilge le déanaí nuair a fógraíodh go mbeidh an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió RíRá ar fáil ar
chóras Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Braodcasting, DAB) ó 1 Iúil ar aghaidh. Teicneolaíocht chraoltóireachta ar ardchaighdeán is ea an córas DAB, a úsáidtear i 40 tír ar fud an domhain agus a thugann ardán do stáisiúin agus craoltóirí úra. Aistrítear tonnta analógacha go formáidí digiteacha agus cruthaítear caighdeán fuaime níos soiléire ná FM dá bharr.

Is é Raidió RíRá an chéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga inar féidir teacht ar an bpopcheol is rathúla, iarratais a chur isteach ar amhráin, vótáil ar na hamhráin is fearr agus éisteacht le ‘Top 40’ Oifigiúil na hÉireann.

Thosaigh Raidió RíRá ag craoladh an phopcheoil ar líne sa bhliain 2008 agus bhí an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras FM ó 2009 – 2001 agus é ag dul ó neart go neart ó shin le breis agus 4,000 éisteoir ar fud na cruinne. Bhain an stáisiún éachtaí móra amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2009, 2011 agus tugadh aitheantas don stáisiún ar Pháipéar 1 an Teastais Shóisearaigh i mbliana.

Cuirtear réimse breá clár ar fáil i rith na seachtaine – Maidin Mhaith le Cillian de Búrca, An Lón Mór le hÁine Ní Ghráda, Na Singlí Scaoilte le Síne Nic an Ailí, TRL ar Éileamh le hIlly Ó Ceallaigh, Fuaim Eile le Traic Ó Braonáin agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí ina gcloistear leithéidí Nicky Minaj, Kanye West, Na Coronas, Na Dirty 9s, Jessie J, Cheryl Cole agus tuilleadh. Chomh maith leis sin, cuirtear cláir sa bhreis ar fáil ag an deireadh seachtaine ‘Dioscó Dána’ agus ‘Clár na n-Ochtóídí’ ina measc.

Is féidir éisteacht le Raidió RíRá ar líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár speisialta ar iPhone, tríd an bhfeidhmchlár TuneIn ar ghuthán Android agus ar an gcóras DAB ar fáil le raidió ar leith agus ar ghutháin Nokia.

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012



Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

$
0
0
Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil  d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.
Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie  go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí  ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh  as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don  earnáil dheonach.

I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta. 

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.  

Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.

Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Is gá tosú le taighde dar leis na hEagrais Ghaeilge

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Bille Gaeltachta á phlé faoi dheifir

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com: #gaeilge #samhail2


Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

$
0
0
Tá Bille na Gaeltachta 2012 a á phlé sa Dáil inniu tar éis gur glacadh leis sa Seanad aréir. Lean an plé sa bhlag beo ar Gaelport.com thíos..

17:30 Sin é. Tá clabhsúr leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta don lá inniu. Luaitear go mbeidh sé le plé arís sa Dáil maidin amárach, 13 Iúil. Cén tuairim atá agatsa? Seol ríomhphost chugainn nó fág teachtaireacht ar Facebook.com/Gaelportcom.

17:25 Tá an Teachta Joe O'Reilly  tar éis fáilte a chur roimh Bhille na Gaeltachta.

17:20 "There is no distinction between preserving Irish rather than promoting the language in this Bill" a deir sí. "A fundemental flaw is that the Gaeltacht boundaries dont reflect the research that has been done".

17:16 Anois tá Clare Daly TD ag cur a tuairimí in iúl don Dáil. Deir sí go bhfuil ionadh uirthi go raibh an oiread sin cainteoirí Gaeilge sa Dáil.   "The State needs to serve the language communities in their native languages in order for them to survive"

Tá amhras uirthi nach bhfuil na sainmhínithe sa Bhille láidir go leor "There is a belief that definitions in the bill aren't binding, and that the Bill is based too much on Ministerial discretion rather than actual data".

17:06 Tá Séamus Healy TD ag caint anois. Is as Tiobraid Árann dó agus tá a chol seisir Donncha Ó hÉallaithe tar éis tráchtaireacht bhisiúil a dhéanamh ar an mBille ó tioscnaíodh é. Cuireann sé fáilte roimh an foráil maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a bhunú faoin mbille chomh maith le gréasáin Ghaeilge. Tá imní air go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis agus deir sé go bhfuil imní ag daoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí beaga nach mbeidh ioadaíocht ann dóibh.

17:00  Tá an córas oideachais á phlé aige anois, agus an fuath atá ag a iníon don teanga. "Something seriously has to be done with the way it is thought in school". Creideann sé gur cheart go mbeadh scrúdú ann ina bheadh céad faoin gcéad do na marcanna ag dul don bhéaltriail ann.

Beidh lucht TG4 sásta leis an moladh atá aige don tráchtaireacht leadóige a craoladh an tseachtain seo caite. "I never knew what freastal was until I watched Wimbledon Beo on TG4",  a deir sé.

16:52 Tá  Luke Ó Flanagáin TD ag caint anois. " I'm going to spoil the party and talk in English" a deir sé. Ag tagairt dó don phlé a bhí ann i nGaeilge sa Dail go dtí seo deir sé, "Maybe the people in here were better in Irish at school"  "The main thing I have picked up from the debate that there seems to be an argument that we should focus more on Irish where is standard, more than 2/3 population speak it".

"There is a part of me that sees a lot of sense in protecting these areas, from my experience living in Germany and Spain. If those areas disappear, we will never have that opportunity to go to the only places we could learn the language"

16:50 Táimid ag tabhairt isteach reachtaíocht a bhfuil feidhm uile-Éireannach leis, dar le Piaras Ó Dochartaigh ach ní raibh aon phlé leis an Aire ó Thuiadh maidir leis na cúraimí a bheidh á chur ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a thabhairt do choistí pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta, dar leis.

16:45 Tá na ceantair phleanála teanga á bplé ag Piaras Ó Dochartaigh anois. Ní aithníonn an Bille an ghéarchéim ata ann sa Ghaeltacht. Is í an cheist maidir leis na ciorruithe sna scoileanna tuaithe atá á phlé aige anois. Chomh maith leis sin tá sé ag ceistiú na gcritéir a bheidh á leagan amach mar chuid den mBille.

 

16:36 Tá aitheasc á thabhairt ag Piaras Ó Dochartaigh TD anois. Deir sé nach dtuigeann sé an moill leis an Bille a chur i láthair. Tá ceist an daonlathais an tábhachtach ach is í an fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil an teanga ag fáil báis, dar leis. Bhí moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach bhfuil le fáil sa reachtaíocht atá á phé inniu.

16:33 "Creimeadh an daonlathais atá ann sa Bhille", dar le Aengus Ó Snodaigh TD. Am cinniniúnach dúinn é sa Dáil ach am cinniúnach do theaghlaigh atá tar éis páistí a thógáil le Gaeilge", dar leis.

16.27 "Níl trí uair a chloig Déardaoin seo chugainn fada go leor le gach foráil sa Bhillle seo a phlé", dar le Aengus Ó Snodaigh. Ceist aige maidir leis na hacmhainní a bheidh curtha ar fáil don Údarás agus do na coistí pobail a bheidh freagrach as pleananna teanga a chur le chéile sna ceantair Ghaeltachta.

16:25 Tá Aengus Ó Snodaigh ag labhairt anois. Tháinig cóip d'aitheasc an Aire díreach ansin óna oifigeach preasa ansin agus tá sé léamh thíos. Tá staitisticí spéisiúla ann maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil.

16:20 "Mar gheall go raibh leasuithe ann, léiríonn sé sin go bhfuil an-bhuairt ann. Ní aontaíonn sé le Michael Kitt agus an tuairim atá aige nach raibh an Bille á phlé ag an bpobal.

16.15 Dara Calleary TD fós i mbun cainte. Tá ceisteanna aige maidir leis an gcóras a bheidh ann do na pleananna teanga agus an ról a bheidh ag an Roinn.  Rinne Peig dochar uafásach don Ghaeilge dar leis. Anois tá seans againn an Ghaeilge a cheiliúradh. Tá sin soiléir ó na gaelscoileanna dar leis. Ach táimid ag dul sa treo mícheart leis an mBille seo dar leis.

16:13 Go dtí seo níl an fhearg chéanna le feiceáil sa Dáil mar a bhí soiléir sa Seanad an tseachtain seo caite.

16:08 Dara Calleary TD ag labhairt anois. Tá díomá air nár tugadh níos mó ama don Bhille sa Dáil. Cuireann sé fáilte roimh an Acht ach ní aontaíonn sé leis an mBille toisc go gcuirfear deireadh le toghcháin an údaráis.  "Tá seans caillte againn" a deir sé mar nár beidh an deis againn plé a dhéanamh ar thodhcaí na Gaeltachta mar a tharla nuair a bhí toghcháin an Údaráis ann.

16:00 Deir Kitt nach raibh go leor plé ar an mBille Gaeltachta sna meáin chumarsáide in ainneoin an phlé a bhí sa Seanad an tseachtain seo caite. "You are getting away with it in Irish," a deir sé.

15:59 Léiríonn Michael Kitt TD imní go bhfuil air go mbeidh an-iomarca cumhachta ag an Aire. Buairt an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge luaite aige faoi bheartas an rialtais an Bille a Achtú roimh shos an tsamhraidh.

15:30 Tá oráid an Aire Stáit Dinny McGinley TD le léamh thíos

 

"A Cheann Comhairle,
Cuireann sé áthas mór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 i nDáil Éireann tráthnóna inniu.  Mar is eol daoibh, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach céim sa Teach sin tráthnóna inné.

Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta 2012, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal.  Mar sin féin, creidimse gur Bille thar a bheith tábhachtach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn.  Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Tuigeann muid ar fad na hathruithe móra sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus déimeagrafacha atá tagtha ar an Ghaeltacht sa tréimhse sé bliana agus leathchéad atá caite ón phíosa reachtaíochta deireanach sin.  An uair sin, bhí daonra iomlán de 86,000 duine sa Ghaeltacht.  Inniu, tá an figiúr sin méadaithe go dtí 97,000 duine ach, ar an drochuair, níl líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ag méadú dá réir.  De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tugann an figiúr seo léargas iontach soiléir dúinn ar staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann agus ar a riachtanaí agus atá sé bearta nua samhlaíocha a thógáil chun na dúshláin a shárú agus tacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá tiomanta don oidhreacht shainiúil speisialta atá acu a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don líon mór teaghlach agus pobal atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.  Is comhartha dóchais é go bhfuil 1.77 milliún duine sa Stát seo anois a deir go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge.  Úsáideann 77,000 duine an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dea-thoil fhorleathan don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne.  Tugann sé seo ar fad dúshraith mhaith dúinn le tógáil uirthi agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

An Bille
Ba mhaith liom anois léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille.  

Tá dhá phríomhchuspóir ag an Bhille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

An Phleanáil Teanga
Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an Bhille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga a bheidh leagtha síos i Rialacháin.  Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht.  Léiríonn an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfar gníomh práinneach ina leith seo.

Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ina ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Dá bhrí sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga.  

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra.  Ós rud é go bhfuil baint lárnach ag an Údarás leis an fhorbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an Údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil an deis páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga.  Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.
Déantar foráil leis an Bhille fosta maidir le Bailte Seirbhíse Gaeltachta a ainmniú.  Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, nó taobh leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin.  Chun go ndéanfar ainmniúchán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.  Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin.

Mar atá ráite agam, is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair.  Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga, atá lasmuigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar Líonraí Gaeilge.  Is é atá sna Líonraí Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith.  Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i Líonraí Gaeilge.
Na Rialacháin
Foráiltear le halt 12 den Bhille go ndéanfaidh an tAire, le Rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge a fhorordú.  Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha, a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail, a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Tá na critéir seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.ahg.gov.ie.

Údarás na Gaeltachta
Tá aitheantas poiblí tugtha agamsa go minic cheana don obair cheannródaíoch atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain.  Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus ginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge-lárnaithe atáthar ag tabhairt don Údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht.

Déantar na forálacha seo a leanas leis an Bhille:
(i)    deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun bord Údarás na Gaeltachta;
(ii)    laghdú a dhéanamh ar an líon comhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae, a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh díobh, d’ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire, agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na 7 gcomhalta eile;  
(iii)    feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht;
(iv)    deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an Údaráis;
(v)    laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil;
(vi)    a chumasú don Aire a ordú don Údarás infheistíocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraíochta; agus
(vii)    foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

De bharr na leasuithe atáthar ag déanamh ar alt 8 d'Acht Údarás na Gaeltachta 1979, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an Údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.  

Mar is eol daoibh, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin do bhord an Údaráis.  Mar aitheantas don traidisiún láidir daonlathais atá ag baint leis an bhord áfach, tá gné dhaonlathach de cheapadh na gcomhaltaí á coinneáil.  Déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaí tofa.  Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige.  Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta (is iad sin Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí).

I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú.  Is é an tAire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an Cathaoirleach.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.  

Impleachtaí Airgeadais

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón Bhille seo.  Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le bord Údarás na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste, trí phróiseas na Meastachán.

Díospóireacht ar an Bhille go dtí seo
Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le nithe atá tagtha chun cinn ón uair gur foilsíodh an Bille an mhí seo caite.

Easpa comhairliúcháin phoiblí
Tá cáineadh déanta ar an Bhille mar gheall ar easpa comhairliúcháin phoiblí agus easpa ama a líomhnaítear a bheith tugtha don díospóireacht i dTithe an Oireachtais.  Ní ghlacaim leis na líomhaintí seo ar chor ar bith.  Is mar gheall ar thréimhse fhada comhairliúcháin phoiblí ag dul siar blianta atá an Bille seo tagtha ar an fhód. D'eascair na comhairliúcháin phoiblí seo as tionscnaimh agus próisis éagsúla ar a n-áirítear Coimisiún na Gaeltachta, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Anuas air sin, bhí comhairliúcháin phoiblí ann maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Creidimse go láidir gur gníomh atá ag teastáil anois seachas tuilleadh cainte.

Tugadh thart ar dheich n-uaire an chloig don díospóireacht ar an Bhille seo sa Seanad le coicís anuas.  Faoin am a mbeidh sé imithe trí gach chéim sa Dáil, beidh tuairim is fiche uair a chloig díospóireachta déanta air idir an dá Theach.  Dá bhrí sin, ní thuigim conas gur féidir a rá nár tugadh deis do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion.

Cuireadh thart ar chéad seasca (160) leasú síos ar an Bhille agus é ag dul trí na céimeanna éagsúla sa Seanad.  Bhí téamaí comónta ag rith trí go leor de na leasuithe sin agus déanfaidh mé iarracht anois blas de na téamaí sin a thabhairt don Teach seo.

Moladh, mar shampla, gurb é Údarás na Gaeltachta a dhéanfadh na pleananna teanga a ullmhú i gcomhar le heagraíochtaí pobail sna Limsitéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Téann an smaointeoireacht seo i gcoinne an choincheapa gurb iad na pobail atá lárnach don phróiseas pleanála teanga ina gceantair féin agus gur chóir go mbeadh siad i gceannas ar an phróiseas dá réir.  Mar atá an Bille leagtha amach, tá an Stát ag tabhairt tacaíochta do na pobail trí Údarás na Gaeltachta, a bheidh ag tabhairt cúnaimh do na heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

Moladh freisin gan aon ról a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge maidir le cuidiú a thabhairt d'eagraíochtaí aitheantas a fháil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht.  Ní féidir liom aontú leis an leasú seo ar dhá chúis.  Ar an chéad dul síos, níl sé i gceist ag an Rialtas feidhmeanna breise a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí sainithe faoi láthair.  Go stairiúil, tá Údarás na Gaeltachta ag plé leis na ceantair Ghaeltachta ón bhliain 1980 agus leanfaidh sé de bheith ag plé leo faoin Bhille seo.  Ar an dara dul síos, tá raon leathan feidhmeanna ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann agus tá an méid atá beartaithe faoin Bhille ag teacht lena fheidhmeanna agus lena ghníomhaíochtaí.

Díreoidh mé anois ar leasuithe a moladh maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille seo.  Cé go dtuigim an bunús a bhí leis na leasuithe seo, is é sin go mbeadh an tAire scartha ón bpróiseas a bhaineann le gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, tá mé sásta go bhfuil an cur chuige atá rianaithe sa Bhille cóir, réasúnta agus oiriúnach.  

Sa chéad áit, tá deighilt an-soiléir feidhmeanna déanta sa Bhille maidir le ról na Roinne agus róil Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoi seach.  Is iad Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú i gcomhar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.  Is é an tAire a bheidh freagrach as na pleananna sin a fhaomhadh faoi réir critéir shainiúla.

Ar an dara dul síos, is é Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm ar an talamh.  Ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire athbhreithniú tréimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus, chun na críche sin, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí.  Tabharfar deis aon laigí a aithneofar i bpleananna teanga a leigheas thar thréimhse ama.  Léiríonn an próiseas seo go bhfuil deighilt shoiléir ann maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na ngníomhaireachtaí.

Ardaíodh ceisteanna freisin sa Seanad maidir le rangú na Gaeltachta i gCatagóirí A, B agus C, mar a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.  Faoin chur chuige atá beartaithe sa Bhille seo, beidh deis á tabhairt do na pobail éagsúla i naoi gcinn déag (19) de limistéir pleanála teanga plean cuimsitheach dá gceantair a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.  Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús substaintiúil daonra sna limistéir éagsúla agus go mbeidh mórphlean teanga le réiteach i leith naoi gcinn déag (19) de na limistéir sin.  Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla laistigh de gach limistéar pleanála teanga.  I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail.  I gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir céanna iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.  

Tá leasuithe molta fosta maidir le comhaltaí a thoghadh do bhord Údarás na Gaeltachta trí thoghcháin dhíreacha.  Mar atá mínithe agam, tá cinneadh déanta ag an Rialtas deireadh a chur leis an modh ceapacháin seo agus líon na gcomhaltaí ar bhord an Údaráis a laghdú ó 20 comhalta go 12.  Déanfar na comhaltaí a cheapadh ar bhealach oscailte, trédhearcach a thugann aird ar ghné an dhaonlathais.

Tá ceisteanna ardaithe chomh maith maidir le tréimhse ionadaíochta níos giorra a bheith tugtha ar bhord an Údaráis do na contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta níos lú iontu.  Ba mhaith liom a threisiú go mbeadh sé dodhéanta freastal ar mhianta ionadaíochta gach pobal, go háirithe leis an líon comhaltaí laghdaithe go mór ar bhord an Údaráis.  Is é an phríomhsprioc ná go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi threoir bord atá éifeachtach, cumasach agus tiomanta chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór tógtha maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.  Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair.  Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an Bhille seo.  Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach leis an spreagadh ceart ón Stát go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga theaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile.  

Beidh deis anois ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht libh.  Ba  thógáil croí domsa, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léiríodh agus an tacaíocht a tugadh do cheisteanna agus rúin a bhain leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht.  Tá súil agam go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don Bhille tábhachtach seo.  Molaim an Bille seo don Teach."

 *  le Niamh Ní Shúilleabháin agus foireann Gaelport.com. Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2012. Tá i gceist ag Gaelport blagáil bho a dhéanamh ar díospóireachtaí Oireachtais maidir le Bille na Gaeltachta 2012. An bhfuil aiseolas agat nó an bhfuil spéis agat do thuairim a léiriú? Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com, fág teachtaireacht ar Facebook thíos nó seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter.com.


Dialann na hArdteiste – An cúlscéal de réir dalta mheánscoile

$
0
0

Sa phíosa seo déanann dalta meánscoile Cathal Ó Céilleachair as Corcaigh cur síos ar an mbealach a ndeachaigh sé i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana.

Bhí mé lán sásta leis an scrúdú Gaeilge i mbliana, shíl mé nach raibh sé ró-dhúshlánach.

Tháinig deacracht nó dhó chun cinn dar ndóigh. Táim ag ceapadh gur éirigh go maith liom sa chluastuiscint i bPáipéar 1 ach amháin i gcás na logainmneacha – níor aithin mé cuid de na háiteanna a luadh. Rud beag é seo is dócha ach bheadh sé go deas dá mbeadh gach rud ar eolas agam!

Bhí an scéal céanna i gceist leis an gcuid eile den pháipéar. Roghnaigh mé aiste a scríobh faoin teideal  “Éire: Tír oscailte fháilteach í”. Tá neart ar féidir scríobh ar an ábhar sin agus bhraith mé go raibh mé breá ullmhaithe ina thaobh. Bhí rogha eile ann maidir le coiriúlacht in Éirinn ach níor thaitin sé sin liom, agus sheachain mé mar sin é.

Níor baineadh geit ar bith asam agus mé ag tabhairt faoi Pháipéar 2, buíochas le Dia. Bhí mé lán sásta leis an dá léamhthuiscint, d’fhreagair mé na ceisteanna ceart go leor agus ansin bhí orm ainmfhocal agus briathar saor a aimsiú sa téacs rud nár bhraith mé a raibh dúshlánach.

Bhí áthas orm a fheiceáil go raibh an scéal a bhí ullmhaithe agam, "Hurlamaboc" ar an bpáipéar.  Bhí mé tar éis ceist a fhreagairt ar an scéal sin sa réamhscrúdú a bhí agam, agus mar sin bhí tuairim agam maidir leis an gcineál freagra a bhí de dhíth orm. Is dócha gur buntáiste a bhí ansin. D’fhreagair mé ceist eile ar an saol nua aimseartha agus bhí sí sin éasca go leor.

Ina dhiaidh sin, thug mé faoin gceist ar "An tEarrach Thíar". Ceapaim gur thug mé freagra breá air sin. Lean ceist eile í maidir le fuaimeanna agus leis na híomhánna a úsáideann an file chomh maith le ceist ar shaol an fhile féin.

Ar deireadh d’fhreagair mé an cheist ar an dráma "An Triail".  Thaitin an cheist shuimiúil seo liom a bhain le mná agus le fimíneacht sa drama. Dar liom tugadh deis do dhaoine sa cheist seo a gcumas cruthaitheach a léiriú.  Bhí mé críochnaithe le litríocht na hArdteiste ansin agus níorbh fhada go raibh mé críochnaithe le Gaeilge na hArdteiste!

Ar an iomlán bhí mé féin agus mo chairde lán sásta le hábhair na scrúduithe i mbliana. N’fheadar an raibh baint aige sin lenár gcumas Gaeilge toisc muid a bheith ag freastal ar  Ghaescoil.  Bhí na páipéir sách cothrom agus mar a dúirt mé, níor baineadh geit ar bith asam. Is dócha go raibh buntáiste agam sa chéad áit de bharr go n-úsáidim an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go bhfuil cleachtadh agam ar uirlisí na teanga.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 14 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Port an chéimithe ollscoile sa bhliain 2012

Gnáthlá oibre

As na Nuachtáin: Tricky higher-level questions ‘not contemporary enough’

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #ardteist

Seirbhísí i mBéarla amháin

$
0
0

Is foinse eolais iontach é an suíomh idirlíon www.studentfinance.ie dóibh siúd a mbeidh ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí ard-oideachais.

Cuirtear síos ar gach cineál cúnaimh atá ar fáil do mhic léinn ó thaobh táillí agus deontas de agus luaitear na coinníollacha agus na sonraí ar fad a bhaineann le córas na ndeontas.  Is seirbhís iontach fhiúntach í a dhíríonn ar ábhar casta, coimpléascach.   Ach, níl fiúntas ar bith ag baint leis an méid seo más Gaeilgeoir tú a dhéanann gach gnó pearsanta trí Ghaeilge go laethúil.

 
Cé go bhfuil nasc ar an suíomh leis an leagan Gaeilge a roghnú, ní dhéanann sé sin ach ceannteidil agus fáiltiú an tsuímh a aistriú go Gaeilge.  Agus nuair a brúitear ar na ceannteidil Gaeilge, níl ar fáil ach eolas Béarla.

Nuair a rinneadh teagmháil leis an eagraíocht www.studentfinance.ie, maidir leis an easpa Gaeilge sa tseirbhís, dúradh gurb í príomhaidhm an tionscadail ná an suíomh a bheith beo agus ar fáil dóibh siúd atá de dhíth.

Is tionscadal é seo de chuid an Údarás um Ard-Oideachais, comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Arís, is suíomh fiúntach don phobal é www.hea.ie ach ní fhreastalaíonn an tseirbhís seo ar mhuintir Ghaeilge na tíre ach an oiread.  Níl ar fáil ach ceannteidil Ghaeilge ach iad nasctha le heolas Béarla nó an ráiteas Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.

Tá dualgas ar an Údarás um Ard-Oideachais suíomh gréasáin dátheangach a chur ar fáil de réir a scéim teanga a bhfuil i bhfeidhm ó 2008. Ach ní léir go bhfuil dualgas reachtúil orthu aon fo-shuíomh de chuid an Údaráis a chur ar fáil go dátheangach. Ní mór a rá ach go gcuireann seo lucht labhartha na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste agus iad ag lorg eolais maidir leis an Údarás um Ard-Oideachais nó le hábhar a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas.

Tá go leor béime ar na suíomhanna áirithe seo faoi láthair agus níos mó daoine ná am ar bith roimhe seo ag lorg comhairle maidir leis an gcúnamh airgeadais atá ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar an gcoláiste. Ag tús na míosa seo, mhol an tAire Oideachais Ruairí Quinn T.D. do dhaltaí scoile a raibh i gceist acu iarratas dheontais a fháil, an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir.

Seoladh an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn le déanaí, seirbhís idirghníomhacha de chuid an Údaráis um Ard-Oideachais.  Is córas iarratais ar líne é do dheontais mhic léinn agus is suíomh é a fhreastalaíonn go cothrom ar chainteoirí chéad teanga na tíre seo.  Tá gach gné agus gach foirm iarratais ar an suíomh ar fáil trí Ghaeilge ach is deacair teacht ar an suíomh gan dul tríd www.studentfinance.iewww.citizensinformation.ie.  Anuas air sin, moltar do gach cuairteoir ar shuíomh an SUSI, suíomh atá á moladh go láidir ag an Roinn Oideachais lena n-áirítear Aire na Roinne, www.grantsonline.ie, gach eolas a fháil ó www.studentfinance.ie, suíomh nach bhfuil fáil ar bith ar an nGaeilge.

Cé go bhfuil dualgas ar an Údarás um Ard Oideachais seirbhís idirghníomhach a chur ar fáil trí Ghaeilge, rud atá déanta acu leis an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, ba léir nach raibh tús áite tugtha d’eolas a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas do chainteoirí Gaeilge.

Arís, cuirtear Gaeilgeoirí na tíre faoi mhíbhuntáiste le seirbhísí úra nach bhfreastalaíonn ar an bpobal san iomlán.  Déantar neamhaird ar chéad teanga na tíre nuair nach cuirtear ar fáil ach leathsheirbhís.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 19 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais
Gnáthlá oibre
Freagra ar bith faoin gCoimisinéir Teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge

Le Clár Johnston, Gaelport.com

Bille Gaeltachta Foilsithe

$
0
0
D’fhoilsigh an Rialtas Bille na Gaeltachta 2012 ar maidin. Tá dhá phríomhaidhm leis an mBille, eadhon, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh téacs an bhille faofa ag an rialtas.

Ag labhairt dó faoin mBille dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley TD: “Is reachtaíocht thábhachtach í seo a chuirfidh bunús reachtúil faoin phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfaidh feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht."

Tá an Bille ar fáil anseo. Beidh tuilleadh anailíse ar impleachtaí an Bhille ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta níos déanaí tráthnóna.

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Meitheamh 2012




“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

$
0
0

Tar éis stocaireacht leanúnach ó eagrais Ghaeilge le blianta anuas, foilsíodh Bille na Gaeltachta 2012 inniu.

Faoin mBille úr leagfar amach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ar ainmniú ón Aire Gaeltachta.  Ciallóidh na limistéir nua seo gur ar chritéir theangeolaíocha in áit chritéir thíreolaíoch a bheidh ceantair Ghaeltachta bunaithe amach anseo, mar a leagadh amach sa Phróiseas Pleanála Teanga a foilsíodh níos túisce i mbliana.  Naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith a ainmneofar agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar a bheidh le haontú ag an Aire.  Tá imní léirithe roimhe seo ag an gComhdháil maidir le sainmhíniú na gceantar seo, toisc go bhfuil na ceantair sin an-fhairsing agus dar leis an gComhdháil nach bhfuil dóthain airde á thabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. 

Déantar cur síos freisin i bhforálacha an Bhille ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.  Ullmhóidh eagrais, atá lonnaithe i mbaile a chuireann seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta, plean teanga i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge.  Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur gá soiléiriú a thabhairt maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á cur ar fáil do na heagrais phobail, agus gur gá go mbeadh tacaíochtaí chomhchosúla á gcur ar fáil d’eagrais, bíodh siad á bhfáil ó Fhoras na Gaeilge nó ó Údarás na Gaeltachta.

De réir an Bhille nua, leagfar amach Líonraí Gaeilge. Pobail Ghaeilge is ea na líonraí seo, a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus a bhfuil pleananna teanga comhaontaithe acu le Foras na Gaeilge.  Is faoi Fhoras na Gaeilge a bheidh sé a mheas an bhfuil eagraíocht ionadaíoch ar an bpobal sula ndéanfar plean teanga a ullmhú idir iad féin agus Foras na Gaeilge.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge á chiorrú bliain i ndiaidh bliana agus is deacair a shamhlú go mbeidh de chumas ag an bhForas an scéim seo a chur i gcrích laistigh dá n-acmhainní reatha.  Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh soiléirithe maidir le ról an Fhorais sa chás seo, agus eolas faoin gcritéir a bheidh in úsáid ag an bhForas chun “ionadaíocht” a mheas. 

Má reachtaítear Acht na Gaeltachta 2012, beidh leasuithe le déanamh dá réir ar an Acht um Údarás na Gaeltachta (1979).  Leagtar amach sa Bhille nua go laghdófar líon na gComhaltaí ar Bhord an Údaráis ó 20 go 12.  As an dá chomhalta dhéag a bheadh le ceapadh, bheadh Cathaoirleach an Bhoird, mar aon le seisear comhalta eile ceaptha ag an Aire Gaeltachta.   Is ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae sna contaetha Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí a bheadh ceathrar comhalta eile le hainmniú, agus iad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige cúig bliana.  Ceapfar comhalta amháin eile ar bhonn sealaíochta, ar feadh tréimhse dhá bhliain, ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae ó chontaetha ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta mar atá Port Láirge, Corcaigh agus an Mhí.

Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an Bhille Gaeltachta, go háirithe agus An Chomhdháil ag moladh go dtiocfadh an Bille seo chun cinn sa Rialtas le blianta anuas.  Dúirt De Barra go bhfuil an “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, agus cuspóirí Bhille na Gaeltachta ag brath go mór ar ionchur agus ar thacaíocht an phobail.  Leis an mbealach úr atá molta chun Bord Údarás na Gaeltachta a thoghadh, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, agus is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar an bpobal”.

Dar le De Barra go bhfuil go leor moltaí maithe curtha chun cinn sa Bhille Gaeltachta, ach go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt.  I measc na gceisteanna sin deir De Barra go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh eolais maidir leis na critéir sainiúla a n-úsáidfear agus limistéir Ghaeltachta á meas amach anseo, agus ag moladh go ndéanfaí “soiléiriú ar an gcomhordú a dhéanfar idir ról Údarás na Gaeltachta agus ról Fhoras na Gaeilge i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille, go háirithe ó tharla go bhfuil feidhmeanna an-éagsúil ag an dá eagraíocht, agus gur foras tras-teorainn í Foras na Gaeilge”. 

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Eisithe ar 19.06.2012

Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

$
0
0
Cuirfear tús leis an gcur agus cúiteamh faoin Bhille Gaeltachta i dTeach Laighean an tseachtain seo nuair a bheidh an bille faoi chaibidil  sa Seanad tráthnóna Déardaoin. Is í seo an chéim is déanaí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus beidh go leor ceisteanna ann maidir le feidhmeanna agus cumhachtaí na bhforas stáit a bheidh freagrach as na struchtúir úra seo a riaradh.

Tá dhá phríomhaidhm leis an mbille sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Bord Údarás na Gaeltachta

Tá athruithe móra i ndán do chur chuige Bhord an Údaráis agus tiocfaidh laghdú ar an líon duine a bheidh ar an mBord ón scór comhalta atá ann faoi láthair.  

Tugtar le fios sa Bhille go mbeidh Cathaoirleach agus aon comhalta dhéag eile le ceapadh ar an mBord. Tá imní léirithe ag  an bhfreasúra cheana féin gur chéim siar atá sa Bhille nua seo mar  go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis.

Is é an tAire a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an seisear eile a bheidh ar Bhord an Údaráis. Maidir leis na hainmniúcháin eile, tabharfar an deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil.

Ach ní bheidh an deis chéanna ag comhairlí contae eile ina bhfuil limistéir bheaga Gaeltachta  lena n-áirítear Contae na Mí, Contae Phort Láirge agus Contae Chorcaí  mar beidh an t-ainmniúchán sin roinnte idir na ceantair sin ar bonn timthriallach gach dhá bhliain.

Ní mór do na comhaltaí a léiriú go bhfuil taithí nó cumas léirithe acu I ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis agus go bhfuil sé ar a gcumas acu na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i nGaeilge.

Limistéir Ghaeltachta
Thug an tAire Stáit Dinny McGinley le fios an tseachtain seo caite go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.  

“Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.”

Mar sin iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe sna 19 limistéir Ghaeltachta mar atá beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga iarratas a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.

Sa phlean sin déanfar cur síos ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.

Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh d’eagraíochtaí atá ag cur pleananna le chéile ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú.

Ina dhiaidh sin beidh sé de dhualgas ar an Roinn athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Tá castachtaí áirithe i gceist le coincheap na mbailte seirbhíse Gaeltachta ar an ábhar go bhféadfadh idir Foras na Gaeilge nó an tÚdarás a bheidh ag plé leis an mbaile sin.

Tugtar bailte seirbhíse Gaeltachta ar bhailte ina mbeidh seirbhísí poiblí le haghaidh an limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus saoráidí sóisialta agus tráchtála a théann chun tairbhe do na limistéir sin.

Beidh sé faoi na heagraíochtaí féin iarratas a dhéanamh chuig Údaras na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge agus plean teanga a sholáthar dóibh. Is cosúil go mbeidh Foras na Gaeilge ag plé don chuid is mó le bailte atá suite in áiteanna eile seachas limistéar pleanála teanga Gaeltachta.

Líonraí Gaeilge
Is léir go bhfuil athrú tagtha ar an tuiscint a bhí ar an ‘Gaeltacht Gréasáin’ mar a fógraíodh i Mí an Mheithimh 2011 agus anois is é ‘líonraí Gaeilge’ a thugtar ar phobail a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus a bheidh sásta plean teanga a chur i gcrích.

Mar sin beidh na líonraí seo pobalbhunaithe in áit a bheith bunaithe ar shainmhíniú tíreolaíoch agus beidh sé faoi eagraíochtaí sna pobail sin plean teanga a ullmhú le cúnamh Fhoras na Gaeilge.

Arís beidh sé de chúram ag an Aire an plean teanga deireanach a cheadú agus is é Roinn na Gaeltachta a rachadh i mbun maoirseoireachta  tar éis don Aire ordú a dhéanamh.

In ainneoin go bhfuil athstruchtúrú suntasach le déanamh go náisiúnta faoin bhille seo, tá Roinn na Gaeltachta den tuairim go mbeidh 100,000 sa bhliain le sábháil ag an státchiste dá bharr.

Tá Bille na Gaeltachta 2012 le leamh anseo

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais


Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

As na Nuachtáin: Major reform at RTE to cut costs includes consolidating Irish services

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht


Clár úr raidió ag fiosrú Cá bhfuil an Éire Dhearg?

$
0
0

Craolfar clár úr dar teideal Cá bhfuil an Éire Dhearg? a bhaineann le stair shóisialta na tíre ar Raidió Fáilte ar an Luan 25 Meitheamh ag 4i.n.

Tá an clár á chraoladh mar chuid den tsraith leanúnach “Samhlaigh Sin/Imagine That” de chuid Raidió Fáilte agus is í Máirín Hurndall a chuirfidh an clár i láthair.

Clúdófar réimse leathan téamaí maidir le stair an tsóisialachais in Éirinn agus ag tógáil bunú an Pháirtí Lucht Oibre, céad bliain ó shin mar phointe imeachta. Fiosraíonn an clár seo cérbh iad na hathruithe a tháinig chun cinn le linn an ama sin agus ar cloíodh le fís bhunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre - Séamus  Ó Conghaile agus Séamus Ó Lorcáin.

Díreofar ar Chogadh Cathartha na Spáinne, athruithe thart ar an dara cogadh domhanda, dícheangal i ngluaiseacht an Lucht Oibre idir Thuaidh agus Theas, an scoilt idir Oráiste agus Glas ó thuaidh ar aghaidh chuig na Trioblóidí agus an polarú ba chúis le lagú na gluaiseachta.

Cloisfear agallaimh le hionadaithe ón eite chlé an TD Joe Higgins, Ceannaire an Pháirtí Shóisialaigh, Erskine Holmes ón iar-NILP (Páirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann), Pádraig Ó Mainnín ón WPI (Páirtí Oibrithe na hÉireann) ina measc.

Craolfar an clár don chéad uair ar Dé Luan 25 Meitheamh ar 16.00 agus arís ar Déardaoin 28 Meitheamh 2012 ar 10.00 ar 107.1fm. Beidh an clár le cloisteáil ar www.raidiofailte.com chomh maith.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 20 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Stáisiún Raidió Pobail úr le bunú

Clár Gaeilge nua ar Shannonside Northern Sound

Cogar - An tSeirbhís nuachta dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge

 


Lean an scéal seo @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter: #Gaeilge #craoltoiri

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

$
0
0
Bronnadh fáinne airgid ar Leas-Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Judith Gillespie ag searmanas stairiúil in oirthear Bhéal Feirste inné. Caitheann cainteoirí Gaeilge an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bronntar an fáinne airgid ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Ba í an tAire Cultúir agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín a bhronn an fáinne uirthi lena cuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh.  Bhí an tAire i mbun cuairte ar ionad traenála SPTE, áit a bhíonn ranganna Gaeilge ar siúl ann go rialta.

Deir Gillespie go bhfuil sí ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís póilíneachta ábalta cumarsáid a dhéanamh le pobail éagsúla i dTuaisceart Éireann agus go raibh an SPTÉ ag iarraidh  éagsúlacht teangacha a chothabháil.

Tá an leas-ardchonstábla ag glacadh páirte sa bhfeachtas Líofa 2015. Is é an sprioc atá ag an tionscadal seo ná go mbeadh míle duine atá ag cur fúthu i dTuaisceart Éireann líofa sa Ghaeilge roimh 2015.

Éacht a bhí ann, dar le  Carál Ní Chuilín “Tá baint ag an leas-ardchonstábla, Judith Gillespie, le hiarrachtaí leanúnacha seirbhís póilíneachta an tuaiscirt a nuachóiriú agus le go mbeidh hionadaíocht ar an sóchaí ina iomlán ag SPTÉ”, a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Is í Gillespie an chéad bhean ar ceapadh riamh mar leas-ardchonstábla na seirbhíse póilíneachta.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

As na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change
 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht

10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne

$
0
0
D’fhógair príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Stiofán Ó Cúláin inné go gcruthófar 10 bpost úr sa mhargadh miondíola i mBaile Mhúirne le comhlacht nua muiceola faoin mbranda ‘De Róiste’ atá lonnaithe go háitiúil.
Comhlacht de chuid Putóg Teo is ea an branda muiceola ‘De Róiste’ a thosaigh ag soláthar táirgí muiceola ceithre mhí ó shin le haghaidh
siopaí náisiúnta, Supervalu agus Centra ina measc. Úsáidtear 100% d’ábhar nádúrtha, faighte ó sholáthraithe áitiúla le haghaidh oideas De Róiste a bhfuil síolraithe ó shean-traidisiúin an teallaigh agus atá ag freastal ar líon chustaiméirí ar mhaith leo bia lámhcheardaithe.

 

I láthair ag seoladh an bhranda ag ócáid na n-aonad táirgeachta bhí an cócaire iomráiteach agus úinéir na Scoile Cócaireachta Bhaile Uí Mhaolmhuaigh, Darina Allen, a léirigh suim i dtáirgí an chomhlachta. Tá súil ag stiúrthóir Putóg Teo Jimmy Allen cur le líon táirgí an chomhlachta le dul chun cinn níos faide a dhéanamh.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 22 Meitheamh 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

As na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Ainm i nGaeilge agus Ceannaire Gaeltachta do ‘Uisce Éireann’

$
0
0

D’fhógair an tAire Phil Hogan i mí Aibreán go mbunófar ‘Irish Water’, cuideachta faoi scáth Bhord Gáis, a thacóidh le rialacháin nua a thiocfaidh chun cinn níos déanaí sa bhliain ag baint le soláthar agus le méadrú uisce.

Tá díomá an phobail maidir leis na rialacháin úra seo infheicthe go maith sna meáin le cúpla mí anuas sa tslí go bhfuil na mílte tar éis a mbuairt ó thaobh costas ard maireachtála a léiriú go leanúnach.  Anuas air sin, léirigh pobal na Gaeilge díomá i dtaobh cinneadh Hogan teideal Béarla, ‘Irish Water’ a chur leis an gcuideachta úr seo. 

I mí Aibreáin, mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge don Aire Phil Hogan teideal Gaeilge feiliúnach don chuideachta a chur i bhfeidhm, agus mhol siad an t-ainm “Uisce Éireann”.Chuir eagrais Ghaeilge fáilte le déanaí roimh mholtaí sa tuarascáil is déanaí ar sholáthar uisce leis an gComhchoiste Um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht.  

Moladh sa tuarascáil seo, gur “Uisce Éireann” a bheadh mar ainm ar an bhfóntas poiblí úr, in áit an ainm “Irish Water” a tagraíodh dó go dtí seo. De réir an Chomhchoiste is cinneadh costas neodrach a bheadh sa mholadh seo, agus ar bhonn prionsabail, agus i bhfianaise gurb í an Ghaeilge an chéad teanga náisiúnta sa tír, gur cheart ainm i nGaeilge a bhaisteadh ar an bhfóntas.

Mar fheagra ar cheist Dála ag deireadh na bliana seo caite, dúirt an tAire Phil Hogan go mbeadh sé sásta teideal Gaeilge a chur in áit ‘Irish Water’.  I bhfianaise an fhreagra sin, agus moltaí an Chomhchoiste Dála le déanaí táthar ag súil anois gurb é an t-ainm Gaeilge “Uisce Éireann” a bheidh in úsáid nuair a chlárófar an fóntas poiblí úr amach anseo.

Tharla tuilleadh dul chun cinn an tseachtain seo nuair  ainmníodh cainteoir dúchais Gaeilge agus iar-phreasoifigeach de chuid an Rialtais, Eoghan Ó Neachtain mar ceannaire gnóthaí pobail agBord Gáis agus ag díriú ar ‘Uisce Éireann’.   As Baile an tSagairt ar an Spidéal d’Eoghan Ó Neachtain agus chaith sé seal ag obair sna fórsaí cosanta agus sna meáin. Tá sé le tús a chur leis an bpost an mhí seo chugainn.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 22 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Gnáthlá oibre

Comhlachtaí poiblí ag briseadh an dlí

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge

Ar Athló: Plé ag Leibhéal an Choiste ar an mBille Gaeltachta

$
0
0
Tuigtear do Gaelport.com go mbeidh an Bille Gaeltachta á phlé ag Leibhéal an Choiste sa Seanad ar Déardaoin ag 4in in áit Dé Máirt 26 Meitheamh mar a beartaíodh roimhe seo.

Foilsíodh an Bille Gaeltachta ar Dé Máirt 19 Meitheamh.  Bhí díospóireacht ghinearálta i leith phrionsabail an Bhille sa Seanad Déardaoin seo caite 21 Meitheamh inár léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach imní faoin deifir a bhí ar an Rialtas an Bille a achtú gan mhionscagadh air.
 
Níor aontaigh roinnt Seanadóirí leis an gclár ama a leagadh amach chun leasuithe i dtaobh an Bhille a mholadh inár tugadh níos lú na 24 uair an chloig dóibh aon leasú a mholadh.   Bhí i gceist an an Seanad an Bille a phlé amárach (Dé Máirt) ach tá sé curtha siar anois go dtí Déardaoin 28 Meitheamh ag  4in.
 
Meastar gur toradh é seo ar líon na leasuithe atá faighte i dtaobh an Bhille. 
 
Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley, T.D. óráid phaiseanta sa Seanad Déardaoin seo caite ina ndúirt sé go bhfuil an Stáit tar éis 10 mbliana a chaitheamh ag plé an Bhille Ghaeltachta – idir fhoilsiú an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge chomh maith le plé leathan ar chúrsaí Gaeltachta i dTithe an Oireachtais. Lean sé air ag rá go bhfuil an Bille seo ag bronnadh ról ceannasaíochta ar mhuintir na Gaeltachta agus ag tabhairt deise dóibh ról a imirt i dtodhchaí a gceantar féin.
 
Léirigh roinnt Seanadóirí a n-imní maidir leis an easpa daonlathais a bhainfeadh le deireadh a chur le toghchán Bhord Údaráis na Gaeltachta agus an easpa tacaíochta airgeadais a bheidh á chur ar fáil d’eagrais a bheidh ag ullmhú pleananna teanga dá gceantar.

Le Ferdia Ó Mongáin, Gaelport.com

© Foilsithe ar 25 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

Bille Gaeltachta Foilsithe

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #bille

Féile Charn Tóchair 2012

$
0
0

Cuirfear tús le Féile Charn Tóchair na bliana i gCarn Tóchair i nDoire ar an Domhnach seo 1 Iúil agus mairfidh na himeachtaí do dtí lár na míosa.

Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn fhéile na bliana seo -  ina measc beidh tóraíocht taisce dhátheangach, seandálaíocht, siúlóid thart ar shliabh Charn Tóchair faoi threoir Paul McCooey, Léachtaí, Tráth na gCeist Teaghlaigh, Coláiste Charn Tóchair a bheidh dírithe ar imeachtaí Gaeilge do dhaoine óga, anuas air seo beidh neart imeachtaí dátheangacha idir ranganna, chomhrá, cheoil, bhearbaiciú agus siamsaíocht.

Beidh Scoil Samhraidh Ghaeilge do Dhaoine Fásta á reáchtáil ag féile na bliana seo ón 9 - 11 Iúil agus beidh deis iontach ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus tabhairt faoi ranganna Gaeilge ó bhunrang/Meánrang/Ardrang i mBunscoil Naomh Bríd idir 10am – 3pm.

Ar an Satharn, 14 Iúil beidh ceolchoirm mór i mBialann an Oakleaf i Machaire Rátha ag 9am áit a mbeidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ag dul chun stáitse.

Ar an Domhnach, 15 Iúil beidh Lá Spraoi Teaghlaigh agus beidh neart spóirt agus spraoi gealta le cluichí bailte fearainn, taispeántas na nEolaithe Mire as Gaeilge, péinteáil aghaidhe, marcaíochtaí pónaí, aeraíochtaí, cluichí agus go leor eile.

Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil Anseo     

Tuilleadh eolais:
Coiste Forbartha Charn Tóchair
T: 028 7954 9978
R: eolas@ancarn.org
Suíomh gréasáin: www.ancarn.org

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin - Raidió RíRá

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

Féile Ealaíne An Earagail 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Féile Iorrais 2012

$
0
0

Beidh Féile Iorrais na bliana seo ar siúl i gceantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo ón Aoine, 13 do dtí An Domhnach 22 Iúil 2012.

Is Féile Idirnáisiúnta Cheoil é an fhéile do cheantar Iorrais agus arís i mbliana beidh scoth na gceoltóirí ag freastal ar an bhféile mhór seo ó i bhfad is i gcéin agus bíonn béim faoi leith ar ghrúpaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig an bhféile gach bliain agus nascadh le cultúir i dtíortha eile.

Tá neart imeachtaí éagsúla eagraithe don fhéile in ionaid i ngach coirnéil d’Iorras. Ó Ionad Deirbhile in Eachléim go Trá Buí í Dumha Thuama agus ó Ghleann na Muaidhe go Baile Chruaiche.

I measc na n-imeachtaí beidh ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, damhsa, amhráin, siúlóidí treorach, imeachtaí súgartha don teaghlach, spóirt, imeachtaí óige, ceardlanna, imeachtaí oidhreachta agus cultúrtha, imeachtaí do pháistí mar aon le go leor eile.

Tá an fhéile seo ag ceiliúradh seacht mbliana déag ar an bhfód i mbliana agus beidh léiritheoirí agus pictiúrlann ón Spáinn, ó Shasana, ón Fhrainc agus ó Éirinn ag an bhféile.

I measc na i-imeachtaí beidh sraith ceoil, ealaíontóirí Fernanda Sanchez-Valdes ón Spáinn ag seinm Tango, beidh an banna ceoil aitheanta Beoga a thugann blas an tuaiscirt do cheol traidisiúnta na hÉireann ar stáitse ar an 14 Iúil anuas air seo beidh scannán Idirnáisiúnta do pháistí, Za Ucha le ceol iontach Balkan, Northumberland Celtic Ranters ó Shasana, ceol do dhaoine óga le meascán de cheol Éireannach, Sasanach agus Albanach agus beidh an ceoltóir áitiúil David Munnelly i measc na n-aíonna chomh maith.

Ar an 15 Iúil beidh oíche mhór d’fhilíocht, ceol agus cur i láthair sa Teach tábhairne Trá Buí i nDumha Thuama, áit a mbeidh Ríonach Uí Ógáin ag tabhairt léachta dar teideal Songs of the Sea. Tá Ríona in Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, BÁC.  Ina cuideachta ar an oíche beidh an file aitheanta Louis De Paor ag léamh cuid dá dhánta le tionlacan ceoil ó na ceoltóirí iomráiteacha clann Uí Mhongáin.

Is as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais do na ceoltóirí cumasacha seo agus ní haon strainséirí don stáitse iad na fír óga seo mar is minic a bhíonn siad ar stáitse ag féilte éagsúla timpeall na tíre agus thar lear agus ghlac siad páirt sa chlár ceoil Geantraí a bhíonn á chraoladh ar TG4. 

Beidh an hamharcealaíona á léiriú ó Bhéal an Mhuirthead le taispeántas ó Diarmuid O’ Riordan ar siúl in Áras Inis Gluaire agus ar an 18 Iúil beidh dhá léiriú ag an gcomhlacht amharclannaíochta/dráma Branar do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir.  Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.

Beidh táille chuig cuid de na ceolchoirmeacha, ní chosnaíonn sé aon rud do na ceardlann go léir ach píosa de do am. Teastaíonn áirithintí do na ceardlanna, glaoigh ar 097-81079.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Féile, logáil isteach ar www.feileiorras.org, r-phost feileiorras@eircom.net no glaoigh 097-81079 

Is féidir eolas faoi na himeachtaí a fháil ar www.errisevents.com

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Charn Tóchair 2012

Gaeilge ar litreacha “ina céim siar” - Aontachtóirí

Féile Ealaíne An Earagail 2012

 

 

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht

$
0
0

Fógraíodh le déanaí go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 san iomlán ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail Ghaeltachta sna míonna romhainn.

Freastalóidh an maoiniú ar cheantair Ghaeltachta éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus i gContae Mhaigh Eo.

Rachaidh an t-airgead go mór i bhfeidhm ar na 6 thionscadal ar leith a d’fhógair  an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich le linn mhí an Mheithimh.

Tá an t-airgead curtha ar fáil do réimse leathan tionscadal, idir chinn reatha agus chinn nua. 

Na figiúirí agus na tionscadail

Tá maoiniú dar luach €110,000 ceadaithe ag an Aire do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaelacadamh ó thaobh an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta de sa cheantar Gaeltachta.

Tá €100,000 soláthartha ag an Roinn do Chumann Lúthchleas Gael - Chomhairle Chonnacht  mar chúnamh costais don scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe atá á reáchtáil faoi láthair i scoileanna Chonamara.  Tugann an scéim deis do dhaoine óga na Gaeltachta an teanga a úsáid go spraoiúil le linn shaol na scoile.

Gheobhaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne €35,000 lena chomhordaitheoir Gaeilge reatha a fhostú agus a choinneáil mar fhreastalaí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Ceadaíodh €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – An Deisceart mar chúnamh tuarastail don teiripeoir urlabhra agus teanga Gaeilge a fhreastalaíonn ar phobal Chorca Dhuibhne faoi láthair.

Tabharfar deontas €15,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe mar chúnamh don fhoscadán nua a thógfar ag Cé an Chloiginn a fhreastalóidh ar mhuintir Inis Bó Finne.

Ceadaíodh €10,000 d’obair bheag athchóirithei gColáíste uisce i gcontae Mhaigh Eo agus mar chúnamh dóibh fearas spóirt uisce a cheannach.
€300,000 funding for An Ghaeltacht

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne

Ainm i nGaeilge agus Ceannaire Gaeltachta do ‘Uisce Éireann’

As na Nuachtáin - An tÁisaonad

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht

Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna

$
0
0

Ba le hinfheistíocht de €1 mhilliún maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta a rinneadh forbairt ar Ionad Cúraim Leanaí úr i gCarna a osclaíodh go hoifigiúil ar 18 Meitheamh.

“Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge”, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley agus é ag oscailt an Ionaid go hoifigiúil.

Bhí ról lárnach ag Forbairt Chonamara Láir Teo i dul chun cinn an Ionaid ó cuireadh tús leis an togra.

Tá thart ar 40 páiste ag freastal ar naíonra, naíolann agus ar sheirbhís iarscoile an Ionaid agus anuas ar ghnáthfheidhmiúchán an Ionaid cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil don cheantar Gaeltachta sa tslí go bhfeidhmíonn an tIonad mar spás le haghaidh grúpaí spraoi mar aon le campaí samhraidh.

Tá ochtar fostaithe san Ionad agus is mór an tacaíocht é an luathoideachas a chuirtear ar fáil ann don Ghaeilge sa phobal agus í mar phríomhtheanga teallaigh.

Cé nár osclaíodh an tIonad go hoifigiúil go dtí cúpla seachtain ó shin, tá seirbhísí á gcur ar fáil ann ó mhí Mheán Fómhair agus tá líon na bpáistí ag baint leasa as na seirbhísí sin tar éis fás ó 14 – 40 le linn an ama sin.

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne

As na Nuachtáin - Minister open £1 million centre for Citizens Advice Direct

Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht

Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh

$
0
0

Tá siad ag Teacht arís –

Dé Sathairn seo chugainn cuirfear tús ollmhór le ceiliúradh Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh agus leanfar leis an tsiamsaíocht agus leis an spórt ar fud na cathrach go dtí an 8 Iúil.

Is rás timpeall an domhain atá i gceist le ceiliúradh mór i gcathracha éagsúla ar fud na cruinne go dtí go sroichfidh siad ceann scríbe agus is onóir an-mhór do mhuintir na tíre seo agus go speisialta do mhuintir na Gaillimhe go bhfuil an rás clúiteach seo ag filleadh ar an gcathair arís Dé Máirt seo chugainn.

Cuireadh tú leis an Volvo Ocean Race anuraidh nuair a d’fhág na luaimh Alicante na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2011 agus thug siad a n-aghaidh ar Cape Town, Abú Daibí agus ar aghaidh go dtí cathair Sanya sa tSín, ar aghaidh go dtí na hOileáin Auckland sa Nua-Shéalainn as sin go dtí an cathair Bhrasaíleach Itajaí ar aghaidh go dtí Miami in Florida agus trasna an Aigéin Atlantaigh chomh fada le Liospóin na Portaingéile, as sin go Lorient na Fraince agus beidh os cionn 39,000 míle d’fharraige curtha díobh acu nuair a bhainfidh siad a gceann scríbe amach i gCuan na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.

Mar chuid de cheiliúradh na bliana seo atá á dhéanamh ar an rás tá siúl leis na mílte daoine aghaidh a thabhairt ar chathair na Gaillimhe áit a mbeidh go leor imeachtaí dátheangacha  ar siúl ar feadh na seachtaine.

Le tamall anuas tá Gaillimh le Gaeilge ag obair go dícheallach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun a chinntiú go mbeidh neart comharthaí dátheangacha agus fógraí Gaeilge le feiceáil timpeall na cathrach le linn an ama sin. Anuas air sin, bhí Údarás na Gaeltachta ag obair leis an gcoiste eagrúcháin sa chathair chun Lá Gaelach a reáchtáil ar an Déardaoin, 5 Iúil áit a mbeidh beidh neart imeachtaí Gaeilge ar siúl sa Phuball Siamsaíochta -  ina measc beidh ceolchoirmeacha, taispeántas damhsa ar an sean-nós, siamsaíocht, scléip, scéalaíocht le hÚdair Futa Fata, ar nós Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus Bridget Bhreathnach.

Beidh fonnadóirí agus cumadóirí ón Spidéal amhail Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Dhroighneáin, an fidléir Toner Quinn agus Fergal Ó Béarra le tionlacan ó Ruairí Mac Con Iomaire ag seinm freisin.

Ag leanúint leis an gceol, beidh an ceoltóir aitheanta Nóirín Uí Shúilleabháin ag seinm lena deartháireacha Seán agus Frankie Gavin, le Seamie Ó Dowd ar an ngiotár, Ritchie Lyons ar an mbodhrán le cur i láthair ó Cheoltóirí Óga Charna chomh maith agus cuirfear tús leis seo ag 3pm.

I measc na n-aíonna eile a bheidh ag dul chun stáitse beidh an t-amhránaí iomráiteach sean-nóis as ceantar Iorrais Aithneach Seosamh Ó Flaithearta, Delia Boyce, Tom Cullivan agus beidh léamh sleachta as Béal Faoi, leabhar le hEnda Ó Coineen, Cathaoirleach Let's Do It Global ar siúl óna a 5 go dtí a 6pm.

Léireoidh Taibhdhearc-Amharclann Náisiúnta na Gaeilge seó speisialta darb ainm ‘Seoda an Aigéin’ agus beidh léiriú de chuid an ghearrscannáin ‘Piobair na Gríosaí’ i rith an lae agus caint ó Chríostóir Mac Cárthaigh. Tá suim Críostóir i rámhaíocht curach agus tá an-chuid scríofa agus craolta aige maidir le Teanga Pobail Mara na hÉireann agus ar ghnéithe eile de cultúr na hÉireann. 

Cuirfear clabhsúr iontach leis an Lá Gaelach nuair a rachaidh an grúpa traidisiúnta ó Ghaeltacht Dhún na nGall Altan ar stáitse agus beidh siad ag seinm le haíonna speisialta ar an bPríomh Stáitse Volvo.

Anuas ar an Lá Gaelach beidh Club Árus na nGael atá lonnaithe i gcroílár chathair na Gaillimhe ag reáchtáil neart imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha mar chuid den cheiliúradh agus le linn na hócáide móire seo beidh go leor de na himeachtaí as Gaeilge agus dátheangach. I measc na n-imeachtaí beidh ceardlann ar an nGaeilge mar theanga cheilteach agus ar cúlra na teanga agus athbheochan na teanga, ceolchoirmeacha, comhrá mar aon le neart eile.

Beidh neart imeachtaí farraige ar siúl agus beidh ceoltóirí den scoth ar stáitse ar feadh cúpla lá spóirt agus de thaispeántais seoltóireachta de Húicéirí na Gaillimhe, ceolchoirmeacha agus imeachtaí cultúrtha chomh maith le neart seisiún ceoil thraidisiúnta ina mbeidh scoth de cheoltóirí na Gaillimhe páirteach ina theannta sin beidh sráideanna na cathrach plódaithe le neart siamsaíochta agus damhsóirí sráide ildaite.

Guímid gach ráth ar na foirne uile nó go mbeidh a gceann scríbe sroichte acu!

Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí ar fáil ag na sonraí thíos:
Lets Do It Galway, Gaillimh
Teil: +353 (0)91 539995  Ríomhphost: office@letsdoitgalway.com  

Suíomh Gréasáin: www.letsdoitgalway.com / www.volvooceanrace.com

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas: 

Féile Iorrais 2012

Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna

As na Nuachtáin - Raidió RíRá

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Leabhair ghleoite foilsithe ag An Gúm le buachan

$
0
0

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine leabhair ghleoite do ghasúir atá foilsithe ag An Gúm a bhuachan.

Seo hiad na leabhair atá i gceist: 

AZZI Idir Dhá Stól, Dalladh Dánta agus Féasta Filíochta.

Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh atá sa leabhar gleoite AZZI Idir Dhá Stól.  Seo scéal iontach corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach.  Tá Azzi agus a cuid tuismitheoirí i mbaol. Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile.

Téann siad ag cónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine ann. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í?

Sa leabhar Dalladh Dánta tá 25 leathanach ildaite d’fhilíocht, Haiku agus Rannta ó fhilí aitheanta. San áireamh tá  Áine Ní Ghlinn, Claire Lyons, Colette Nic Aodha, Éamonn Ó Ruanaí, Maria Ní Mhurchú, Patricia Forde, Seán Mac Dhonnagáin, Seán Ó Muimhneacháin, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Sorcha de Brún, agus Uinsionn Ó Domhnaill. Cuid de shraith Séideán Sí

Is cnuasach iontach de dhánta do ghasúir atá sa leabhar Feasta Filíochta.  Dearthóirí Áiseanna Teagaisc a thiomsaigh an bailiúchán seo agus ba é Peter Donnelly a mhaisigh an leabhar. Togha gach bia agus rogha gach dí a bhíonn ag féasta de ghnáth. Suigh chun boird ag féasta de chineál eile agus blais de thogha agus de rogha na filíochta!

Tá na leabhair seo feiliúnach ag gasúir aois 10+

Ceist na seachtaine seo:

Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar AZZI Idir Dhá Stól? 
• An Gúm     
• Cló Iar-Chonnacht   
• Futa Fata    
• Coiscéim     
 
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 05 iúil 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Padaí Ó Mianáin as Doire bhuaigh cóip den leabhar ‘Deora Draíochta’ leis an údar Colmán Ó Raghallaigh san eagrán seo caite.

Táimid fíorbhuíoch de An Gúm a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin - Welcome for Libraries Irish Language commitments

As na Nuachtáin - Scríobh geal

Éachtaí nua bainte amach ag BabógBaby

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Comórtas

Sprioc ‘Líofa 2015’ sínte go 5,000 cainteoir

$
0
0

Tugadh léiriú ar rathúlacht an fheachtais ‘Líofa 2015’ an tseachtain seo nuair a d’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i Stormont, Carál Ní Chuilín, go sínfear sprioc na gcainteoirí úra Gaeilge i dTuaisceart Éireann ó 1,000 go 5,000 sa bhliain 2015.

I mí Meán Fómhair na bliana seo caite sheol an tAire Uí Chuilín ‘Líofa 2015’ a raibh d’uaillmhian aige 1,000 cainteoir Gaeilge líofa a chothú laistigh de cheithre bliana. Tá sé mar bhunaidhm ag an bhfeachtas leanúnach seo claontaí lonnaithe sa tsochaí i leith na teanga a bhriseadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach, fáilteach agus úsáideach.

Táthar ag súil go gcloisfear tuilleadh Gaeilge sa phobal i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2015 mar thoradh air seo agus go gcuirfear deireadh leis an nasc idir an pholaitíocht agus an teanga. Fáilteofar roimh chainteoirí éagsúla cibé cúlra nó traidisiún a bhaineann leo leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a spreagadh i measc an phobail.

Dúirt an tAire ag ócáid cheiliúrtha ag Gaelscoil Éadain Mhóir nuair a fógraíodh síneadh na sprice, go raibh fíor-áthas uirthi gur sroicheadh an sprioc de 1,000 cainteoir roimh an Nollaig 2011 agus go bhfuil sí ag súil go leanfar leis an obair chrua le toradh níos uaillmhianaí fós a bhaint amach sa todhchaí.

Bhain an feachtas éacht suntasach eile amach nuair a bronnadh fáinne airgid ar Leas-Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Judith Gillespie ag searmanas stairiúil in oirthear Bhéal Feirste ar 19 Meitheamh.

Caitheann cainteoirí Gaeilge an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bronntar an fáinne airgid ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Bhronn an tAire Uí Chuilín an fáinne uirthi lena cuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh.  Bhí an tAire i mbun cuairte ar ionad traenála SPTE, áit a mbíonn ranganna Gaeilge ar siúl go rialta.

Deir Gillespie go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís póilíneachta ábalta cumarsáid a dhéanamh le pobail éagsúla i dTuaisceart Éireann agus go bhfuil an SPTÉ ag iarraidh éagsúlacht teangacha a chothú.

“Tá baint ag an leas-ardchonstábla, Judith Gillespie, le hiarrachtaí leanúnacha seirbhís póilíneachta an tuaiscirt a nuachóiriú agus le go mbeidh ionadaíocht ar an tsochaí ina hiomláine ag SPTÉ”, a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Is í Gillespie an chéad bhean a ceapadh riamh mar leas-ardchonstábla na seirbhíse póilíneachta.

Má ta suim agat páirt a ghlacadh i ‘Líofa 2015’ is féidir síntiús a glacadh anseo

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin - Gaelfest 2012 the springboard to Líofa 2015

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

As na Nuachtáin - Ministers visit local gaelscoil

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Líofa

Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>