Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Is gá tosú le taighde a deir na hEagrais Ghaeilge faoi chúrsaí maoinithe

$
0
0

Ag cruinniú le Foras na Gaeilge ar 14 Meitheamh 2012, chuir na heagrais bhunmhaoinithe Ghaeilge in iúl in athuair gur cheart dul i mbun taighde cuimsitheach ar obair na n-eagras, agus ar obair na hearnála deonaí Gaeilge i gcoitinne, sula mbreathnófaí ar aon phróiseas úr maidir le maoiniú na n-eagras.

Cúlra

I mí Bealtaine 2010, d’fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge, a bhí “glanta i bprionsabal” ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Punann scéimeanna atá i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla. Tá an tSamhail a bhí molta ag an bhForas cáinte le déanaí ag Comhchoiste Oireachtais, agus anuas air sin ritheadh rún i dTionól Thuaisceart Éireann ag léiriú amhrais maidir leis an tionchar a bheadh ag an tSamhail ar obair na n-eagras deonach. 

Leag tuarascáil an Chomhchoiste béim ar thábhacht an bhunmhaoinithe, agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.  Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge ionchais Thuaisceart Éireann.

Cé gur tháinig próiseas comhairliúcháin ar an ábhar seo chun críche ag tús mhí Aibreán 2012, níl aon tuairisc foilsithe go fóill maidir le torthaí an phróisis sin.

Cruinniú

Ag cruinniú leis na heagrais bhunmhaoinithe, chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh. Fágann sé sin go bhfuil cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a chumadh agus a chur os chomhair na Comhairle Aireachta, tar éis dóibh 4 bliana a chaitheamh ag treabhadh leo ag brú ar aghaidh le Samhail Mhaoinithe a bhí na heagrais bhunmhaoinithe agus saineolaithe pleanála teanga glan in aghaidh.

Tosaíochtaí

Cuireadh in iúl ag an gcruinniú ar 14 Meithemah go raibh i gceist ag an bhForas tosaíochtaí réimsí oibre na hearnála a phlé ag díriú ar socrú úr chomh maith le plé faoin na gcatagóir:
A) Dearcadh/Stádas
B)  Úsáid
C) Cumas/Foghlaim

Níor aontaigh na heagrais bhunmhaoinithe le cur chuige an chruinnithe de bharr nach raibh, dar leo, cur chuige gairmiúil curtha i bhfeidhm toisc nár cuireadh miontuairiscí ar fáil ón gcruinniú deiridh den 29 Márta 2012, nár aontaíodh clár an chruinnithe roimh ré agus nár scaipeadh an cháipéisíocht chuí ar na heagrais roimh ré.

Dar leis na heagrais go raibh comhaontú ag an gcruinniú deiridh gurbh í ceann de na céad céimeanna eile ar chóir a ghlacadh sa phróiseas ná dul i mbun taighde ar obair na hearnála deonaí Gaeilge. Mhol na heagras saineolas i réimsí na pleanála teanga agus athrú bainistíochta a cheannach isteach le tabhairt faoi thaighde neamhspleách cuimsitheach ar obair na n-eagras bunmaoinithe sula bpléifí bealaí úra maoinithe.  Moladh go bhféadfaí cuid den taighde a roinnt de réir sainreimsí oibre na n-eagras agus go bhféadfaí fochoistí a bhunú de réir sainreimsí oibre na n-eagras.

Cruinniú Boird

Tionólfar cruinniú de Bhord an Fhorais ar 29 Meitheamh ina gcuirfidh feidhmeannas an Fhorais torthaí an phróisis chomhairliúcháin don tSamhail Nua Mhaoinithe ar fáil do Bhord an Fhorais.The organisations repeated their request at a meeting with Foras na Gaeilge on 14 June 2012.

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin - Assembly concern at proposed changes to Irish language funding

“Fáiltíonn an Chomhdháil roimh léamh neamhspleách ar an tSamhail Nua Mhaoinithe"

As na Nuachtáin - Tuarascáil Choiste Dála foilsithe

 

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Fáilte curtha roimh athruithe ar phátrúnacht bunscolaíochta

$
0
0

Cuireadh fáilte roimh phlean gnímh na Roinne Oideachais agus Scileanna le déanaí maidir le moltaí an Bhoird Chomhairligh de chuid an Fhóraim ar Phátrúnacht agus Iolrachas san earnáil bhunscolaíochta.

Bhunaigh an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn an Fóram Pátrúnachta agus Iolrachais san earnáil bhunscolaíochta i mí Aibreáin na bliana seo le taighde á reáchtáil bunaithe ar éileamh agus soláthar ar phátrúnacht scoile ar fud na tíre.

Beartaíodh mar chuid den phlean a fógraíodh ar an Déardaoin seo caite, go reáchtálfar suirbhé i 44 ceantar ar fud na tíre ina n-iarrfar ar thuismitheoirí daltaí bunscoile a rogha pátrúnachta scoile a léiriú.

Táthar ag súil go mbronnfar pátrúnacht scoile i gceantair éagsúla ag brath ar an éileamh a léireofar i dtorthaí an tsuirbhé a reáchtálfar i bhfómhar na bliana seo.

Ag freastal ar an bpobal

Iarrfar ar thuismitheoirí an cineál pátrúnachta scoile ab fhearr leo a roghnú astu seo: an Eaglais Chaitliceach; Educate Together (an grúpa il-sainchreidmheach); An Ghaelscolaíocht; An Coiste Gairmoideachais agus eile.

Reáchtálfar an suirbhé i 44 ceantar ar fud na tíre ina bhfuil daonra bunaithe, easpa ilchineálachta bunscolaíochta agus barraíocht oideachais Chaitlicigh. Creidtear go dtabharfaidh an suirbhé deis do thuismitheoirí a bheith gníomhach sa chineál oideachais a chuirfear ar a bpáistí den chéad uair riamh ós rud é go mbunófar scoileanna nua ag brath ar éileamh phátrúnacht an cheantair sin.

Tá sé molta ag an mBord Comhairleach go ndéanfar freastal ar rogha gach pobail tríd an gcóras oideachais oiriúnach a chur ar fáil ann agus go mbunófar pátrúnacht scoileanna nua ar thuairimí an phobail áitiúil.

Moltar freisin i gcás scoileanna reatha, go n-aistreofar pátrúnacht ó scoileanna Caitliceacha bunaithe má ghlacfar leis go bhfuil éileamh ar éagsúlacht oideachais in áit foirgneamh agus scoileanna nua bhunú.

Tuairim an Foras Pátrúnacht

Chuir An Foras Pátrúnachta fáilte roimh moltaí an Bhoird Chomahirleach agus cinneadh an Rialtas go ndéanfar anailís ar mholtaí an Bhoird gan mhoill. Dúirt
Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, go bhfuil “an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt níos mó roghanna do thuismitheoirí, sa phróiséas seo, ar an gcineál scoil gur mian leo ó thaobh an meán teagaisc agus sainspiorad na scoile.”

Glacfaidh na forais pátrúnachtaí éagsúla páirt lárnach sa phróiseas eolais a dtabharfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi sula gcuirfear tús leis an suirbhé ar-líne sa Fómhar.

Tá grúpaí áitiúla bunaithe ag an ngrúpa il-sainchreidmheach Educate Together cheana féin lena chuid éiteas oideachais féin a chuir os comhair na bpobal a mbeidh páirteach sa suirbhé mar rogha scolaíocht dá bpáistí.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Educate Together, Paul Rowe, gur sainchomhartha in oideachas na hÉireann é go gcuirfear moltaí an Bhoird Chomairleach i bhfeidhm, agus go bhféadaí pátrúnacht scoile reatha a aistriú ó chóras sainchreidmheach go córas eile, ar nós Educate Together ag braith ar theastálacha an phobail. Cuireann an grúpa lán-fáilte roimh an bhforbairt seo a ndéanfaidh éagsúlacht bhunscolaíocht na hÉireann a mhéadú sna blianta romhainn.

Beidh An Foras Pátrúnachta ag súil lena éiteas gaeloideachais féin a chur chun cinn mar rogha scolaíochta le linn an phróisis eolais. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, “mar phátrún, táimid ag freastal ar éagsúlacht inár scoileanna agus tugann an pátrún roghanna de shainspiorad Caitliceach, Idirchreidmheach agus Ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge.”

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin - 50 towns to see handover of school patronage

Dul chun cinn na Gaelscolaíochta

As na Nuachtáin - Quinn questions school emphasis on Irish, religion

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaelscolaíocht

Bille Gaeltachta á rith go tapa tríd an Seanad

$
0
0

Ba léir go bhfuil deifir ar an Rialtas Bille na Gaeltachta 2012 a foilsíodh Dé Máirt 20 Meitheamh a chur trí Thithe an Oireachtais. 

Léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach a míshástacht nach raibh dóthain ama á thabhairt chun an chéad  Bhille Gaeltachta ó 1956 a phlé sa Seanad.

“Bille tábhachtach é seo a bhaineann le todhchaí na Gaeltachta atá ag teacht os comhair an Tí,” a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin. Dúirt nach raibh sé ‘inghlactha’ go mbeidh gach rud socraithe i dtaobh an Bhille sa Seanad an tseachtain seo chugainn.  Thacaigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó Fhianna Fáil leis an Seanadóir Ó Clochartaigh nuair a dúirt sé go raibh eagrais Ghaeilge agus eagrais Ghaeltachta ag easaontú leis an tréimhse ama atá an Rialtas ag tabhairt don Bhille chun dul trí na céimeanna cuí i dTithe an Oireachtais

Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag an mBille Gaeltachta nua deireadh a chur le Toghchán Bhoird an Údaráis agus tiocfaidh laghdú ar líon na gcomhaltaí ar an mBord ón scór comhaltaí atá ann faoi láthair go dtí dáréag.  Ainmneoidh an tAire Cathaoirleach an Bhoird mar aon le seisear comhalta eile. 

Tabharfar deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil. Roinnfear ainmniúcháin amháin idir Gaeltacht na Mí, Chorcaí agus Phort Láirge ar bhonn timthriallach gach dhá bhliain. 

Dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill go raibh an bille ag dul in ‘éadan an daonlathais’ agus go mbeidh ‘guth mhuintir na Gaeltachta caillte’ gan toghchán. Léirigh an Seanadóir Ó Domhnaill agus an Seanadóir Ó Clochartaigh imní faoin tionchar a bheidh ag cibé Rialtas atá i gcumhacht agus iad ag ainmniú seachtar ar Bhord an Údaráis. 

Mhol an Seanadóir Cáit Keane, Fine Gael, go mbunófaí córas cosúil leis an gcóras atá leagtha amach do cheapadh Bhord TG4  le go bhféadfadh Comhchoiste Oireachtais comhairle a chur ar an Aire maidir le baill oiriúnach don Bhord.

Ag freagairt don Seanad Déardaoin, chuir an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley, T.D.,  in iúl faoin mbille úr go mbeadh ar ghnáthchomhalta a cheapfadh an tAire ar Bhord  Údaráis na Gaeltachta iarratas a dhéanamh trí www.publicjobs.ie.

Pleanáil Teanga

D’fháiltigh an Seanadóir Fiach Mac Conghaíl roimh ‘spiorad an Bhille’ toisc é a bheith bunaithe ar choincheap na pleanála teanga. Thug an tAire Stáit Dinny McGinley, T.D., le fios go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.

Dúirt an tAire Stáit go dtabharfadh an Bille deis do mhuintir na Gaeltachta a bplean teanga féin a ullmhú dá gceantar féin agus sin a chur i bhfeidhm. Faoin mBille, iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe i Limistéar Pleanála Gaeltachta iarratas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú. 

Sa phlean sin déanfar cur síos ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.  Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh d’eagraíochtaí atá ag cur pleananna le chéile ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú. 

Ina dhiaidh sin, beidh sé de dhualgas ar an Roinn athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga. Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go mbeidh ‘dúshlán’ ar choistí áitiúla pleananna teanga a ullmhú gan tacaíocht airgeadais chuí a bheith ar fáil dóibh.

Léirigh Seanadóirí éagsúla imní nach raibh aird shuntasach á tabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C  a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na Limistéir Pleanála Gaeltachta á mbeartú ag an Rialtas agus moladh mionscagadh a dhéanamh ar an Staidéar sin sula léifear an Bille Gaeltachta.

Freagraí an Aire Stáit

I ndiaidh dó éisteacht leis na Seanadóirí thug an tAire McGinley, T.D., freagraí paiseanta ar cheisteanna na Seanadóirí.  Dúirt sé go bhfuil an Stát tar éis 10 mbliana a chaitheamh ag plé an Bhille Gaeltachta – idir fhoilsiú an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge chomh maith le plé leathan ar chúrsaí Gaeltachta i dTithe an Oireachtais.

Rinne sé tagairt dá chúlra Gaeltachta féin agus dúirt go bhfuil sé ag moladh an Bhille le go mbeidh todhchaí dhearfach ann do na ceantair Ghaeltachta fud fad na tíre. Dúirt se go bhfuil an Bille seo ag bronnadh ról ceannasaíochta ar mhuintir na Gaeltachta agus ag tabhairt deise dóibh ról a imirt i dtodhchaí a gceantar féin.

Is léir go mbeidh jab deacair ag an Rialtas tacaíocht an fhreasúra a fháil ar an mBille Gaeltachta 2012. Tá soiléiriú fós de dhíth orthu maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chomh maith leis na hacmhainní fisiceacha agus airgeadais a bheidh ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun a gcuid pleananna teanga a riar.

Pléifear an Bille Gaeltachta sa Seanad Déardaoin 28 Meitheamh sula dtéann sé ar aghaidh chuig céim na Tuarascála roimh an bplé deiridh sa Seanad agus sula dtosófar á phlé i nDáil Éireann.

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ar Athló: Plé ag Leibhéal an Choiste ar an mBille Gaeltachta

As na Nuachtáin - Ó Domhnaill slams ‘anti-democratic’ Gaeltacht Bill

As na Nuachtáin - Gaeltacht Bill to trigger status change

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht

“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

$
0
0
Tar éis stocaireacht leanúnach ó eagrais Ghaeilge le blianta anuas, foilsíodh Bille na Gaeltachta 2012 Dé Máirt na seachtaine seo caite.

Reáchtáladh díospóireacht Déardaoin seo caite ar an mBille agus beidh sé á phlé ag leibhéal an Choiste sa Seanad inniu.

Faoin mBille úr leagfar amach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ar ainmniú ón Aire Gaeltachta.  Ciallóidh na limistéir nua seo gur ar chritéir theangeolaíocha in áit critéir thíreolaíocha a bheidh ceantair Ghaeltachta bunaithe amach anseo, mar a leagadh amach sa Phróiseas Pleanála Teanga a foilsíodh níos túisce i mbliana.  Naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith a ainmneofar agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar a bheidh le haontú ag an Aire. 

Tá imní léirithe roimhe seo ag an gComhdháil maidir le sainmhíniú na gceantar seo, toisc go bhfuil na ceantair sin an-fhairsing agus dar leis an gComhdháil nach bhfuil dóthain airde á thabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. 

Déantar cur síos freisin i bhforálacha an Bhille ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.  Ullmhóidh eagrais, atá lonnaithe i mbaile a chuireann seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta, plean teanga i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge.  Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur gá soiléiriú a thabhairt maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á cur ar fáil do na heagrais phobail, agus gur gá go mbeadh tacaíochtaí comhchosúla á gcur ar fáil d’eagrais, bíodh siad á bhfáil ó Fhoras na Gaeilge nó ó Údarás na Gaeltachta.

De réir an Bhille nua, leagfar amach Líonraí Gaeilge. Pobail Ghaeilge is ea na líonraí seo, a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus a bhfuil pleananna teanga comhaontaithe acu le Foras na Gaeilge.  Is faoi Fhoras na Gaeilge a bheidh sé a mheas an bhfuil eagraíocht ionadaíoch ar an bpobal sula ndéanfar plean teanga a ullmhú idir iad féin agus Foras na Gaeilge.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge á chiorrú bliain i ndiaidh bliana agus is deacair a shamhlú go mbeidh de chumas ag an bhForas an scéim seo a chur i gcrích laistigh dá acmhainní reatha. 

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh soiléirithe maidir le ról an Fhorais sa chás seo, agus eolas faoin gcritéar a bheidh in úsáid ag an bhForas chun “ionadaíocht” a mheas. 

Má reachtaítear Acht na Gaeltachta 2012, beidh leasuithe le déanamh dá réir ar an Acht um Údarás na Gaeltachta (1979).  Leagtar amach sa Bhille nua go laghdófar líon na gComhaltaí ar Bhord an Údaráis ó 20 go 12.  As an dá chomhalta dhéag a bheadh le ceapadh, bheadh Cathaoirleach an Bhoird, mar aon le seisear comhaltaí eile ceaptha ag an Aire Gaeltachta.  

Is ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae sna contaetha Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí a bheadh ceathrar comhaltaí eile le hainmniú, agus iad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige cúig bliana.  Ceapfar comhalta amháin eile ar bhonn sealaíochta, ar feadh tréimhse dhá bhliain, ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae ó chontaetha ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta mar atá Port Láirge, Corcaigh agus an Mhí.

Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an Bhille Gaeltachta, go háirithe agus An Chomhdháil ag moladh go dtiocfadh an Bille seo chun cinn sa Rialtas le blianta anuas.  Dúirt De Barra go bhfuil an “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, agus cuspóirí Bhille na Gaeltachta ag brath go mór ar ionchur agus ar thacaíocht an phobail.  Leis an mbealach úr atá molta chun Bord Údarás na Gaeltachta a thoghadh, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, agus is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar an bpobal”.

Dar le De Barra go bhfuil go leor moltaí maithe curtha chun cinn sa Bhille Gaeltachta, ach go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt.  I measc na gceisteanna sin deir De Barra go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh eolais maidir leis na critéir shainiúla a úsáidfear agus limistéir Ghaeltachta á meas amach anseo, agus ag moladh go ndéanfaí “soiléiriú ar an gcomhordú a dhéanfar idir ról Údarás na Gaeltachta agus ról Fhoras na Gaeilge i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille, go háirithe ó tharla go bhfuil feidhmeanna an-éagsúil ag an dá eagraíocht, agus gur foras trasteorann é Foras na Gaeilge”. 

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ar Athló: Plé ag Leibhéal an Choiste ar an mBille Gaeltachta

As na Nuachtáin - Gaeltacht Bill to trigger status change

As na Nuachtáin - Ó Domhnaill slams ‘anti-democratic’ Gaeltacht Bill 

 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht

Gaeilgeoirí ag a bhfuil dúil sa ‘Coddle’ ag teastáil

$
0
0

An Gaeilgeoir ón bpríomhchathair tú?  An gcuireann babhla mór cadal ag deireadh an lae ar do shuaimhneas tú?  An bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do réalta teilifíse?

Tá daoine á lorg le páirt a ghlacadh i sraith úr teilifíse den teideal, ‘Bia Dúchais’.

Beidh an tsraith nua do TG4 bunaithe ar bhia dúchais na hÉireann agus an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar dhaoine ó thaobh cuimhní agus traidisiúin de.

Pléifear bia traidisiúnta ar nós muiceola, bradáin, meala, arbhair agus prátaí le linn na sraithe ach is é fíor sprioc an chláir ná cuimhní dhaoine a spreagadh agus iad ag ithe bia áirithe.  Na scéalta pearsanta a bhaineann leis na béiltí a fhiosrú agus na naisc idir an bia agus oidhreacht nó traidisiúin a muintire a nochtadh.

Táthar ag lorg daoine faoi láthair le bheith páirteach sa mhír ina bpléifear Cadal Bhaile Átha Cliath agus na cuimhní a spreagann an béile áirithe seo i muintir na príomhchathrach. 
Más mian leat a bheith páirteach sa chlár nua spéisiúil seo, nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Karen ag Marmalade Films ar research@marmaladefilms.ie nó (01) 416 3352.

Foilsithe ar Gaelpot.com - 28 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh

As na Nuachtáin - Irish language media make a Rí-rá about going online

MA sa Chumarsáid

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Bia #Cadal

Samhail Nua Mhaoinithe RIP

$
0
0
Ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge inniu i nGaoth Dobhair, cinneadh nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí molta go dtí seo.  
Faoi láthair tá 19 n-eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.  Tá an múnla reatha maoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram ocht n-eagras déag Gaeilge a bhí ag fáil maoiniú ón dá Stát go dtí an comhlacht.  

Punann de scéimeanna iomaíocha a bhí i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla. 

Níos túisce an mhí seo d’fhoilsigh  an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil i dtaobh na Samhla Nua Maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.  

Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na n-eagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo.

Sa tuairisc moladh gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar fíorthábhachta  a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Tháinig tuairisc an Chomhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann a léirigh amhras faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus a léirigh amhras faoin bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.

I ráiteas Fhoras na Gaeilge um thráthnóna, luadh go mbeidh an Foras ag breathnú anois ar mhúnlaí eile agus go cuirfear tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh chomh maith le moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin, cuirfidh Foras na Gaeilge san áireamh na moltaí agus na tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin. 
 
Is gá anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais comhoibriú ar bhonn comhpháirtíochta chun teacht ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun earnáil dheonach na Gaeilge a mhaoiniú amach anseo.

© Gaelport.com 29 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Fáilte curtha roimh athruithe ar phátrúnacht bunscolaíochta

As na Nuachtáin - 50 towns to see handover of school patronage

As na Nuachtáin - Quinn questions school emphasis on Irish, religion 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Samhail

Stiúrthóir Nua Ceaptha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

$
0
0
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil an tUasal Kevin De Barra ceaptha mar Stiúrthóir úr ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. 

Feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar 24 eagraíocht dheonach Ghaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tiocfaidh Kevin De Barra i gcomharba ar an Uasal Pádraig Mac Criostail a bhí mar Stiúrthóir ar an gComhdháil ó 2007.

Is as An Spidéal, i gConamara é Kevin De Barra. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge, agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Le déanaí tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Tá an tUasal De Barra ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2007 ann, ar dtús mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí, ansin mar Rúnaí na Comhdhála, agus ó Feabhra na bliana seo bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ar an gComhdháil.
Roimh dó post a ghlacadh sa Chomhdháil, d’oibrigh Kevin mar Bhainisteoir Margaíochta Idirnáisiúnta leis an gcomhlacht QTEK Manufacturing Ltd. atá a gceanncheathrú lonnaithe i nGaillimh.

Ag labhairt dó ar cheapachán De Barra, dúirt Uachtarán na Comhdhála, Pádraig Mac Fhearghusa: “Cuireann an ceapachán seo go mór le cumas na Comhdhála ceannasaíocht a léiriú ar earnáil dheonach na Gaeilge sa tréimhse dhúshlánach atá amach romhainn. Tá sainscileanna agus saintaithí ag Kevin De Barra a rachaidh go mór chun tairbhe don Chomhdháil agus dá balleagraíochtaí, agus ar ndóigh do phobal na Gaeilge i gcoitinne”.

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge - Foilsithe ar Gaelport.com 02 Iúil 2012

An Bille Gaeltachta ag Leibhéal an Choiste sa Seanad

$
0
0

Tháinig Seanadóirí le chéile Déardaoin don dara uair chun Bille na Gaeltachta 2012 a phlé. Tá an Bille á phlé ag leibhéal an Choiste sa Seanad faoi láthair rud a chiallaíonn go bhfuil na Seanadóirí ag déanamh imscrúdú ar an mBille alt de réir ailt agus ag moladh leasuithe.

In iomlán tá 160 leasú molta don Bhille.  Cé gur caitheadh beagnach trí uair an chloig ag plé an Bhille, agus go raibh neart ceisteanna freagartha ag an Aire Stáit Mc Ginley, T.D., níor éirigh leis na Seanadóirí ach cúig leasú as an 160 a phlé Déardaoin seo caite.
 
Moladh arís gan teorann ama a chur leis an mBille seo, an chéad Bille Gaeltachta ó 1956. Dúirt an Seanadóir Sean Barrett go bhfuil cearta áirithe ag lucht labhartha mhionteangacha agus gur cheart tuairim na ngeallsealbhóirí uile a thabhairt san áireamh agus gur chóir measúnú ar thionchar rialála a dhéanamh sula n-achtófar an Bille.

Chuir an tAire Mc Ginley T.D., in iúl go raibh an Bille faofa ag na Ranna Rialtais agus go bhfuil Oifig an Ard-Aighne sásta go bhfuil an Bille bunreachtúil. Ceistíodh na sábháiltí de €100,000 in aghaidh na bliana atá luaite sa Bhille toisc leasuithe beartaithe ar an Acht um Údarás na Gaeltachta  1976.  Mhínigh an tAire go mbeidh airgead le sábháil de bharr go mbeadh líon na mball ar an mBord níos lú chomh maith le níos lú cruinnithe de choistí réigiúnach agus laghdú i gcostais riaracháin.  Ceistíodh freisin an figiúr de €500,000 atá le sábháil de réir an Bhille toisc nach mbeidh toghchán i gceist do cheapachán Bhord Údarás na Gaeltachta.
 
Beidh tuilleadh plé ar an gceist seo Dé Céadaoin 4 Iúil agus Déardaoin 5 Iúil, ag Leibhéal an Choiste, agus tá súil go ndéanfar tuairisciú don Seanad an tseachtain seo chugainn, agus go bhfágfaidh an Bille an Seanad ag an bpointe sin, ach go leanfaí le tuilleadh plé ar an gceist seo sa Dáil.

© Gaelport.com 02 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

''Easpa Ionadaíochta'' a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

Bille Gaeltachta á rith go tapa tríd an Seanad  

  

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht


An Tobar Líofa 2015

$
0
0

Seoladh feachtas ‘Líofa 2015’ i dTuaisceart Éireann i mí Mheán Fómhair seo caite agus cruthaíodh le déanaí go bhfuil ag éirí thar cionn leis ó shin.

Tosaíodh an feachtas leis an nGaeilge a spreagadh i measc phobal Thuaisceart Éireann.

Iarradh ar dhaoine, ó gach gné den saol agus gach traidisiún, an dúshlán a ghlacadh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus líofacht sa teanga a bhaint amach roimh an mbliain 2015.

Bhí sprioc 1,000 cainteoir ag an bhfeachtas nuair a seoladh é anuraidh ach anois, toisc rathúlacht Líofa 2015 agus líon reatha na rannpháirtithe, síneadh an sprioc le déanaí go 5,000.

Creidtear go láidir go mbainfear an sprioc nua seo amach roimh 2015 agus bítear cinnte go ndéanfaí an feachtas a dhreasú fós leis an scéim nua sparánacht Gaeltachta, ‘An Tobar Líofa’.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál NíChuilín, an clár nua de chuid Líofa 2015 inné i Lios na gCearrbhach.

Cuirfidh ‘An Tobar Líofa’ sparánachtaí ar fáil do dhaoine faoi mhíbhuntáiste le deis a thabhairt dóibh cúrsa a dhéanamh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tuigtear go bhfuil costas áirithe ag baint le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, áit a thumtar daoine sa teanga agus sa chultúr Gaeilge, agus is é atá mar sprioc ag ‘An Tobar Líofa’ ná an deis sin a thabhairt do dhaoine nach mbeadh in ann a leithéid a dhéanamh gan an cineál scéime seo.

Is féidir gach eolas maidir leis ‘An Tobar Líofa’ a fháil ach ríomhphost a chuir chuig liofa@dcalni.eu. Dáta deireanach d’iarratais ná 6 Iúil 2012.

Má ta suim agat páirt a ghlacadh i ‘Líofa 2015’ is féidir síntiús a glacadh anseo.

Foilsithe ar Gaelport.com - 2 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Sprioc ‘Líofa 2015’ sínte go 5,000 cainteoir

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

As na Nuachtáin - Revealed: The 18 Northern Ireland schools which will share £173m cash pot

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Líofa

Blagáil Beo: Bille Gaeltachta 2012

$
0
0
Tá an Bille á phlé ag leibhéal an Choiste sa Seanad faoi láthair rud a  chiallaíonn go bhfuil na Seanadóirí ag déanamh imscrúdú ar an mBille alt de réir ailt agus ag moladh leasuithe. In iomlán tá 160 leasú molta don Bhille. Beimid ag déanamh tuairisc bheo ar an bplé i dTithe an
Oireachtais inniu.

16.40 Agus sin é don lá inniu. Tá an bille ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Cuirfear fáilte roimh bhur dtuairimí mar is iondúil ar Twitter, Facebook agus thar rphost chuig eolas@gaelport.com.

16.37 Vótáil eile á lorg ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Tá siad ag cur na cosa i dtaca a chéile anois ach níl an chuma ar an scéal go n-éireoidh leo an ceann seo a thabhairt leo.

16.24 Níor ghlacadh leis an rún sin. Toradh: Tá 27/ Níl 15

16.20 Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ag lorg síneadh ama don díospóireacht agus tá vótáil ar siúl arís le nach mbrúfaí an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

16:00 Agus seo linn an guillotine. Tá an díospóireacht críocnaithe don lá inniu. Pléadh thart ar 16 leasú ansin agus anois  beidh an Bille ag bogadh ar aghaidh go céim na tuairisce. Níor pléadh ach 10% de na leasuithe a bhí molta.

 

 

15.54 "Is ábhar díomá é go dtí seo nach raibh an tAire sásta glacadh le leasú ar bith go dtí seo", dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh.  Tá sé imníoch nach bhfuil an rialtas ag tabhairt aird ar an bhuairt atá ag muintir na Gaeltachta i dtaobh an Bhille. Is ceart síneadh ama a chur leis an bplé, dar leis. "Cén dochar a dhéanfadh sé coicís eile a thabhairt leis é seo a chur ina cheart,  a Aire?"

15.47 "Níl rud ar bith sa Bille a chuirfidh le hacmhainní an Údaráis", dar leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Níor tugadh aon chuireadh do na hionadaithe poiblí freastal ar chruinnithe poiblí nó fóraim atá ar siúl inniu sa Ghaeltacht i nGaoth Dóbhair.  "Tá an chuma air nach nglacfar le aon cheann de na leasuithe agus is cur amú ama na cruinnithe sin a réachtáil anois", a deir sé.

15.45 Seanadóir Brennan ag labhairt anois. "Caithfimid tosnú a dhéanamh sna scoileanna náisiúnta, tá a-lán le déanamh ag gach aon duine", dar leis.

15.38 An bhfuil an bille á plé sna ceantair Ghaeltachta? Tá amhras ar roinnt Seanadóirí. Ceist eile atá ann ná an leanfar leis an díospóireacht tráthnóna inniu sa Seanad?Tá imní ann go gcuirfear deireadh leis an bplé ansin agus na leasuithe go léir atá molta le go mbeidh an rialtas in ann an bille a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh.

15.32  Ceaptar go bhfuil roinnt Teachtaí Dála Fhine Gael atá ionadaíoch ar cheantair Ghaeltachta atá ag easontú leis an mBille. Beidh le feiceáil nuair a bheidh an bille á phlé sa Dáil.

14.58 Tá an díospóireacht sa Seanad le feiceáil beo anseo. Scríobh Donncha ó hÉallaithe alt suimiúil- Flawed Gaeltacht Bill in need of brave revision maidir le Alt 7 don Bhille san Irish Times Dé Céadaoin. Tá sé ar fáil le léamh anseo

14.52 Leasú eile atá molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh á phlé anois. Moltar gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag na heagraíochtaí a bheidh ag ullmhú na pleananna teanga faoin Acht.

14.47 Toradh: Tá 15/ Níl 29. Mar sin níor ghlacadh leis an leasú sin. Léiríonn sé nach bhfuil an rialtas ag tabhairt aird ar stádas teangeolaíoch na gceantar éagsúla.

14.45 Tá vótáil ar bun anois maidir le leasú atá molta faoi Alt 7 ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaidh an tAire aird ar staid na Gaeilge i measc an pobail atá ina gcónaí sa limistéar sin le linn dó limistéar a ainmniú mar cheantair Gaeltachta sa Bhille.

Sos- 14.15

13.35 Deir an tAire Gaeltachta go bhfuil sé sásta plé a dhéanamh maidir le stádas teangeolaíoch na gceantar Gaeltachta go dtí meán oíche. Tharla an rud céanna an uair a bhí cás na ndamhchaséarachais á phlé sa Seanad cúpla mí ó shin. Tá 146 leasú fós le plé.

13.30  Go dtí seo níor ghlacadh ach le dhá leasú ón rialtas agus níor ghlacadh le aon leasú eile on fhreasúra. Tá an Seanadóir Cáit Keane ag labhairt sa Seanad anois.

13.25  Níl tagairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sa Bhille dar leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Beidh cruinniú ar siúl i nGaoth Dobhair inniu faoin Bhille. Cén fáth nár réachtáladh é cúpla mí ó shin? "This Bill removes one thing the people have, a democratic voice".

13.23 An Seanadóir Seán Barrett ag léiriú imní faoin gcur chuige atá á ghlacadh faoin Bhille. "There is huge public opinion against the Bill, how can you change from being a proponent of Gaeltacht rights and pressing the Guillotine on the Bill today".

13.17 Níor fhreagair an tAire aon cheann de na ceisteanna a cuireadh níos túisce, dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ar léigh aon duine eile ar bhinsí an rialtais an Staidéar SCT? An bhfuil sampla don chur chuige seo in úsáid ag aon tír eile ina bhfuil mionteanga á labhairt ann?

13.10 An tAire Stáit Dinny McGinley TD ag caint. Tá acmhainní teoranta sa tir faoi láthair. Tá €60 milliún á thabhairt don Ghaeilge gach bliain. "Ní beag an suim é sin",  a deir sé."Níl airgead chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais".

13.03 Deir an tAire go bhfuil an tÚdarás ag plé leis na ceantair seo le tríocha bliana anuas. Cur síos á dhéanamh ar dul chun cinn na Gaeilge i gCluain Dolcáin. Mol an óige agus tiocfaidh sí, a deir sé.

13.00 An Seanadóir Brian Ó Domhnaill ag cáineadh cur chuige an Bhille. Cén fáth go bhfuil an staidéar SCT curtha ar leataobh, cad iad na critéir atá á úsáid ag an Roinn maidir leis an 19 ceantair a bheidh ag ullmhú pleananna teanga. An raibh aon plé leis  an gCoimisinéir Teanga agus le hÚdarás na Gaeltachta?

12.57 Tá dul amú ar an Aire mura dtabharfaí aird ar mholtaí an  staidéar teangeolaíoch (SCT) dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Cá bhfuil na critéir agus  an slat tomhais a bheidh ann do na ceantair seo. “An mbeimid ag fanacht ar an daonáireamh mar ní bheidh an Roinn in ann measúnú a dhéanamh ar na figiúirí”, a deir sé. Cuirtear i leith an Aire Gaeltachta go bhfuil sé ina Aire á la Carte Gaeltachta.

12.55  Níl sé beartaithe idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí ABC mar a mholadh faoin Staidéar SCT. Ní ghlacfar leis na leasuithe atá molta ag lucht an fhreasúra dár réir

12.44 Díospóireacht bhríomhar sa Seanad. Deir an tAire Stáit Dinny McGinley go bhfuil sé mórtasach gur tháinig an Bille isteach. “Táimid ag plé leis na ceantair Ghaeltachta”, a deir sé. Táimid ag dul i gcomhairle le muintir na Gaeltachta a deir sé.

12.41 An Guillotine á thabhairt don Bhille: Tá imní léirithe ag an Seanadóir nach bhfuil an rialtas ag glacadh leis an leasuithe atá molta ag Seanadóirí agus nach bhfuil aird á thabhairt ar na leasuithe atá ann.

12.32 Tá cleasaíocht ar bun ag an Aire Gaeltachta dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. “Dá mbeadh suim agat sa daonlathas bheimid ag bogadh ar aghaidh le toghchán an Údaráis”, a deir sé.

Caitheadh suas le €500,000 ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, dar leis. Cén fáth nach bhfuil an tAire ag glacadh leis na moltaí atá déanta acu? Tá codarsnachtaí atá ann ó thaobh leibhéal labhairt na Gaeilge sna ceantair ina bheidh pleananna teanga le réiteach acu. Buille an bháis a thabhairt don Ghaeilge, dar leis.

*  le Niamh Ní Shúilleabháin agus foireann Gaelport.com. Foilsithe ar Gaelport.com 05 Iúil 2012. Tá i gceist ag Gaelport blagáil beo a dhéanamh ar díospóireachtaí Oireachtais maidir le Bille na Gaeltachta 2012. An bhfuil aiseolas agat nó an bhfuil spéis agat do thuairim a léiriú? Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com, fág teachtaireacht ar Facebook thíos nó seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter.com.


Bille Gaeltachta á phlé faoi dheifir

$
0
0
Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta   inniu go bhfuil Bille Gaeltachta ‘lochtach’ le hachtú faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge inniu go raibh sé “scannalach nach mbeidh deis ag na bpolaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sula mbrúitear tríd an Dáil é”.

Cuireadh deireadh leis an bplé faoi Bhille na Gaeltachta 2012 sa Seanad go tobann Déardaoin seo caite, 5 Iúil agus níor pléadh ach deich faoin gcéad de na leasuithe a bhí le plé.

Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley inniu áfach go raibh sé den tuairim go raibh go plé leanúnach poiblí ar siúl maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta le blianta fada anuas agus go bhfuil an t-am tagtha chun gníomh fónta, dearfach a chur in áit na cainte. 

D'eisigh sé ráiteas inniu agus dúirt sé: "Faoin am go mbeidh an plé sa Seanad críochnaithe ar an gCéadaoin, 11 Iúil, beidh díospóireacht de dheich n-uaire a chloig déanta ar an mBille sa Teach sin agus tabharfar beagnach an méid céanna ama don mBille nuair a thabharfar os comhair na Dála é".

Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh agus tá dhá mhórsprioc luaite leis: córas pleanála teanga a leagan amach sna ceantair Ghaeltachta amach anseo chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le feidhmeanna agus cur chuige Bhord Údarás na Gaeltachta.

Faoi mar a sheasann sé, cuirfidh an Bille seo deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus tabharfar an chumhacht don Aire seachtar comhalta a ainmniú; ainmneoidh comhairlí contae na comhaltaí eile ar an mBord.

Beidh an Bille á phlé sa Seanad Déardaoin seo chugainn 12 Iuil. Más fíor go bhfuil i gceist ag an rialtas é a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh, ní bheidh ach seachtain don phlé sa Dáil roimh dheireadh an téarma seo ar 19 Iúil.

Tá conspóid freisin mar leis an socruithe atá beartaithe sna naoi gceantar déag in bheidh pleananna teanga le hullmhú ag  coistí pobail.  Níl an Bille ag glacadh leis na critéir a moladh faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch inar moladh gur cheart trí limistéir a leagadh amach bunaithe ar chritéir theangeolaíoch.

Tugadh le fios sa staidéar sin go raibh trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta: Limistéir Ghaeltachta Chatagóir A a chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá  ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge; Limistéir Ghaeltachta Chatagóir B a chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66%  dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus limistéir Ghaeltachta Chatagóir C a chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Níl Guth na Gaeltachta sásta le cur an chuige an rialtais. Ag labhairt dó faoin mBille dúirt Dónall Ó Cnaimhsí, "Agus muid ag fanacht 55 bliain le Bille Gaeltachta chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, ní dhéanann sé aon chiall dúinn nach mbeadh an Rialtas sásta fiú fanacht cúpla mí eile leis an reachtaíocht ríthábhachtach, thromchúiseach seo a reachtú."

Léirigh an Coimisinéir Teanga imní maidir leis an mBille san Irish Times an tseachtain seo caite. “Bheadh lúb ar lár an-suntasach i bhfeidhmiú an Bhille nua Gaeltachta mura gcinntítear comhthreomhar leis go gcuirfeadh na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais reachtúla ar eagrais stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Blagáil Bheo: Tá i gceist ag Gaelport blagáil beo a dhéanamh ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais ar na díospóireachtaí faoin Bhille Gaeltachta. Más mian leat do thuairim a léiriú seol ríomhphost chuig eolas@Gaelport.com, seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter nó fág teachtaireacht ar facebook.com/gaelportcom.

© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Iúil 2012. An leagan is déanaí foilsithe 18:15.

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na nuachtáin: Veradkar's Vacation to get tongue wagging

As na Nuachtáin: Saving the Gaeltacht

 

Scoil Samhraidh i nDeisceart Thiobraid Árann

$
0
0
Beidh Scoil Samhraidh Éigse Eatharlaí ar siúl sa Ghleann Eatharlaí i ndeisceart Thiobraid Árann ón 27-29 Iúil 2012.
Tá an Scoil Éigse seo ar an fhód le seacht mbliana anuas agus déantar comóradh agus ceiliúradh ar an gceol traidisiúnta sna hamhráin agus sa rince.

Tá deireadh seachtaine iontach den amhránaíocht, den chraic, ceol, sean-nós, damhsa agus de chuideachta gealta ag an na deireadh seachtaine.

Beidh an chuid is mó de na himeachtaí ar siúl san Ionad Cultúrtha, Tigh Roy, atá suite in aice leis an gGallbhaile i gCo Luimnigh agus i mBaile Lios Fearnáin i gCo. Thiobraid Árann.

Seo an baile a bhain amach an phríomhdhuais le linn chomórtas An G-Team a bhí craolta ar TG4, clár a ndeachaigh bailte ina raibh pobail nach pobail Ghaeltachta iad san iomaíocht lena chéile chun an baile is Gaelaí in Éirinn a aimsiú.

Beidh neart imeachtaí cultúrtha ag an Éigse seo ina measc beidh ceol Gaelach, damhsa, ceardlanna éagsúla, ceolchoirmeacha, taispeántais, amhráin ar an sean-nós chomh maith le neart imeachtaí eile.

Beidh ceardlanna agus ranganna éagsúla ar an fheadóg, consairtín, cláirseach, an fheadóg mhór, bainseó chomh maith le huirlisí eile á dteagasc. I measc na dteagascóirí beidh an t-amhránaí ar an sean-nós Caitríona Ní Cheannabháin as Ceantar Iorras Aithneach i gConamara.

Beidh ceardlann ar an gcruit leis na gceoltóir aitheanta Cormac De Barra, ceardlann damhsa ar an sea-nós leis an damhsóir Liam Ó Scanláin.  Beidh an ceoltóir iomráiteach Mary Bergin i bhfeighil teagaisc na Feadóige Stáin agus beidh Michelle Mulcahy ag taispeáint a ceirde ar an gconsairtín do dhaoine agus Louise Mulcahy ar an bhfeadóg mhór.

Ag glacadh páirte san himeachtaí freisin beidh an boscadóir iomráiteach as Cois Farraige i gCo. na Gaillimhe Johnny Connolly agus an fidléir aitheanta Máire Breatnach.

Ag 8:30 pm an Aoine 23 Iúil beidh Fáiltiú agus oscailt oifigiúil ar siúl i dTigh Roy, Ionad Cultúrtha, Gleann Eatharlaí. Leanfar le ceolchoirm mhór le haíonna speisialta ina measc beidh  Mary Bergin, Máire Breatnach, Cormac De Barra, Michelle Mulcahy, Louise Mulcahy, Mick Mulcahy, Caitríona Ní Cheannabháin, Liam Ó Scanláin, Roy Galvin.

Maidin Shathairn beidh ceardlann ar siúil i rith an lae agus níos déanaí sa tráthnóna beidh ceolchoirm mhór na hÉigse ar siúl ag 8:30 pm.

San iarnóin ar an Satharn beodh seisiún ceoil i dTeach Tábhairne, Moroney's, Lios Fearnáin. Beidh neart seisiún ceoil, amhrán sean-nóis agus damhsa ar an sean-nós ar siúl gach oíche in ionaid éagsúla ar fud an bhaile.

Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ar www.eatharlai.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéálta a leanas:

Foghlaim: Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit eile

Folúntais: Oifigeach Riaracháin á lorg ag Seachtain na Gaeilge

Féilire:  Tús curtha le Scoil Samhraidh Willie Clancy 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Féilte #spraoi

Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon Eile' Seolta

$
0
0
Seoladh seirbhís nuachta ar líne ‘Meon Eile’ i mBéal Feirste le déanaí. Tá i gceist ag an tseirbhís scéalta nuachta, spóirt agus siamsaíochta  a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus do Ghaeilgeoirí i gcoitinne.


Is é cur chuige an tsuímh seo ná ardán ilmheáin a chur ar fáil trí Ghaeilge le cuidiú físeán, grianghraf agus scéalta rathúla a chlúdaíonn réimse leathan ábhar ar bhealach cruthaitheach.

Tá an suíomh á reáchtáil ag an gcomhlacht léiriúcháin ‘Below the Radar’ agus é faoi stiúir Shinéad Ingoldsby agus í tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag obair le BBC Tuaisceart Éireann.

“Tá an comhrá a bhíonn ar siúl ag cainteoirí Gaeilge ar líne ag fás i rith an ama agus tá súil againn go mbeidh scéalta Meon Eile ag cur leis an chomhrá sin.” a dúirt sí agus an suíomh á sheoladh", a deir sí.

Tá triúr iriseoirí eile fostaithe ag meoneile.ie - Sarah de Búrca, a bhfuil seal caite aici ag obair sa rannóg scripte i Ros na Rún; Shane Ó Curraighín, iar-scoláire de chuid Fulbright le taithí sa seomra nuachta agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise ‘Nós’.

Tá rogha speisialta ar an suíomh a leagann na scéalta nuachta amach de réir na n-iriseoirí nó faoi na teidil ‘Cúrsaí Reatha’, ‘Ealaíon agus Cultúr’, ‘Spórt’, ‘Pobal’ agus tugtar deis chomh maith do bhaill sa phobal páirt a ghlacadh sa suíomh sa rannóg ‘Do Thuairim’.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

 




Ó Bhéal - léamh filíochta le hÁine Ní Ghlinn i gCorcaigh

$
0
0
Beidh filíocht bhinn Áine Ní Ghlinn le cloisteáil ag an oíche filíochta Ó Bhéal i gcathair Chorcaí ar 23 Iúil. Bíonn oíche filíochta Ó Bhéal á reáchtáil i gCathair Chorcaí gach Luan.  Bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta gach seachtain chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndán a thabhairt.

Is as Crois an Ghúlaigh i gCo. Thiobraid Árann di agus tá clú agus cáil uirthi mar fhile agus mar scríbhneoir den scoth.  Is file den scoth í Áine a bhfuil cnuasaigh filíochta foilsithe aici.  Bhíodh sí ag scríobh freisin don dráma teilifíse Ros na Rún ar TG4.

Is iomaí gradam atá bainte amach aici lena cuid scríbhneoireachta le blianta anuas. Cuirfear tús leis an oíche ag 9 pm thuas staighre in ionad The Hayloft, The Long Valley i Sráid Winthrop i gcathair Chorcaí

Tá saorchead isteach ach bígí ann in am chun suíochán maith a fháil. Tuilleadh eolais: www.obheal.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: Bille Gaeltachta á phlé faoi dheifir

Foghlaim: Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí

As na Nuachtáin: Síocháin ag díbirt an phobail

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Filíocht


Clár na féile Scoil Samhraidh Mhic Reachtain fógartha

$
0
0
Beidh  an Ciarraíoch Pauline Scanlon ar  stáitse mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a bheidh ar siúl i dtuaisceart Bhéal Feirste ón 23-29 Iúil 2012.
Is féile Ghaeilge í  a mhaireann seachtain go leith atá feiliúnach d’ óg agus aosta.

Beidh réimse leathan d'imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí Gaeilge le fáil le linn na féile cultúrtha seo.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, campa samhraidh Gaeilge do dhéagóirí, scéalaíocht do pháistí, lúibíní, ceardlanna ealaíne agus amhrán ar an sean-nós, fidil agus feadóg stáin do pháistí bunscoile, taispeántas scannánaíochta, ceardlann amhránaíochta Gàidhlig na hAlban, mar aon le cluichí agus neart spóirt do dhaoine óga.

Beidh campaí spraoi agus ranganna Gaeilge, spóirt agus ceoil do dhéagóirí , anuas air seo beidh ceardlann ealaíne agus drámaíochta atá dírithe ar pháistí idir 8-11 bhliain d’aois agus do ghasúir níos óige atá ag freastal ar bhunscoil Bhéarla beidh club óige ann agus tabharfaidh sé deis iontach do na páistí seo blaiseadh a fháil ar an nGaeilge  agus taitneamh a bhaint as an teanga le linn dóibh a bheith ag spraoi.

Beidh ceolchoirm mhór ar siúl ar an gCéadaoin 25 Iúil agus beidh go leor ceoltóirí áitiúla mar aon le hamhránaithe agus ceoltóirí as Albain ag dul chun stáitse ar an oíche agus beidh oíche mhór le dinnéar agus siamsaíocht den scoth á reáchtáil in óstán An Europa ar an Satharn, 28 Iúil.

Beidh ticéid le cur in áirithe roimh ré má tá sé i gceist agat freastal ar roinnt de na hócáidí thuasluaite.
Tuilleadh eolais: www.mhicreachtain.com

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Folúntais: Oifigeach Riaracháin Sheachtain na Gaeilge

Folúntais: Réabhlóidí ilchumasach á lorg ag Nós

An nuacht is déanaí: Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon eile' seolta

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #féilte

Scoil Samhraidh Dheisceart Shligigh

$
0
0
Cuirfear tús le Scoil Samhraidh Dheisceart Shligigh ar an Domhnach seo chugainn agus beidh an fhéile ar siúl i dTobar an Choire i gCo.  Shligigh faoi scáth Sliabh Gamh go dtí an 21 Iúil 2012.  

Agus arís i mbliana beidh neart ranganna agus ceardlann ar uirlisí éagsúla ar siúl le linn na scoile.

Beidh scoth na gceoltóirí i mbun teagasc ceoil ina measc beidh Jack Talty, Breda Shannon ar an gconsairtín agus beidh Ann Conroy Burke, Annette Owens, & Steve Sweeny ag teagasc an bhosca ceoil, ina theannta beidh Ann Conroy Burke agus  Annette Owens ann ag teagasc, chomh maith le  Holly Geraghty, Michelle Mulcahy, Seamus O’Donnell, Bernard Flaherty, Michael Hurley, Louise King, Junior Davey, Paddy Kerr agus Siobhan O’Donnell, agus beidh John Butler agus Mairéad Ní Fhlathartha as An Spidéal ag teagasc amhránaíochta ar an sean-nós.

I measc na n-imeachtaí eile beidh damhsa ar an sean-nós á theagasc ag Brenda O' Callaghan, léachtaí, ceolchoirmeacha chomh maith le neart seisiún ceoil mórthimpeall an bhaile. Tuilleadh eolais: www.sssschool.org

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo:

As na nuachtáin: Limerick to be first national city of culture

Foghlaim: MA sa chumarsáid, Ollscoil na hÉireann Gaillimh

An nuacht is déanaí: Blagáil beo ar an diospóireacht faoin Bhille Gaeltachta sa Seanad

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Féilte



An Bille is ‘neamh-ullmhaithe ’ á bhrú tríd an Seanad

$
0
0
Tá Seanadóirí áirithe míshásta leis an mBille Gaeltachta  agus dar leis an Seanadóir Seán Barrett,  tá sé ar an mBille  ‘is neamh-ullmhaithe agus is  fabhtaí a tháinig os comhair an tSeanaid le fada an lá’.
Pléadh Bille na Gaeltachta 2012 ag leibhéal an chomhchoiste sa Seanad 4 Iúil agus 5 Iúil agus léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach imní do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht dá n-achtófaí an Bille mar atá sé.

Níor glacadh le hoiread agus leasú amháin a mhol an Seanad tar éis beagnach ocht huaire an chloig de phlé.

Pléadh deich faoin gcéad de na 160 leasú a moladh a bhain le réimse leathan leasuithe tábhachtacha lena n-áirítear
•    toghcháin Bhord an Údaráis,
•    foráil lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na gcomhlachtaí atá ag ullmhú pleananna teanga,
•    foráil lena chinntiú go gcuirfidh an tAire ailt áirithe de chuid an Bhille i bhfeidhm seachas é a fhágáil mar rogha aige,
•    idirdhealú níos mó a dhéanamh idir na ceantair dhifriúla theangeolaíocha mar atá leagtha amach sa staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Údarás na Gaeltachta
Baineadh geit as na Seanadóirí nuair a dúirt an tAire leo go bhfuil i gceist aige fógra poiblí a dhéanamh go han-luath trí www.publicjobs.ie ag lorg iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu i gceapachán do Bhord an Údaráis.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin: “Cuireann sé iontas orm go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a leithéid de ráiteas nuair nach bhfuil an Bille bailithe tríd an Teach seo nó tríd an Dáil agus nuair nach bhfuil sé sínithe ag an Uachtarán.”

Tá sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny Mc Ginley TD tríd an mBille seo deireadh an chur le toghcháin do Bhord an Údaráis agus Bord nua de dháréag a cheapadh, seachtar a bheidh ainmnithe ag an Aire agus cúigear a bheidh ainmnithe ag Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram.

Dúirt an Seanadóir Sean Barrett go dtéann an cinneadh seo chun deireadh a chur le toghcháin an Údaráis glan i gcoinne ráiteas an Aire sa Dáil dhá bhliain ó shin agus é ag suí ar bhinse an fhreasúra nuair a dúirt sé ‘An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an Údarás.

"Tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid ball a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san Údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidearthachtaí  atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó cuireadh ar bun iad."

Dúirt an Seanadóir Barrett go suíonn cearta daonlathais mhuintir na Gaeltachta do thoghcháin Bhoird an Údaráis le dualgas an Stáit cloí le cearta faoin gCoinbhinsiún um Chearta Daonna chomh maith le cearta teanga idirnáisiúnta a bhfuil dualgais ar an Stáit cloí leo.

Ach ba léir go bhfuil sé i gceist ag an Aire an próiseas daonlathais a bhaint ó mhuintir na Gaeltachta trí dheireadh a chur leis na toghcháin don Bhord.

Agus é ag caint faoi chur chuige an Bhoird nua, deir sé go bhfuil foráil sa Bhille ‘nach gceapfar duine chuig an Údarás gan an taithí agus an cumas cuí aige nó aici, agus cumas chun feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sin go mbeidh an modh ceapacháin don Bhord oscailte, trédhearcach agus ag teacht leis an tslí a ndéanann an Rialtas ceapacháin do bhoird Stáit.’

Pleanáil Teanga
Moladh don Aire freisin go dtabharfaí aird chuí ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus Limistéar Pleanála Gaeltachta á bheartú.

Faoin mBille nua beidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.

Mar sin iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe sna 19 limistéar Ghaeltachta mar atá beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga a foilsíodh níos túisce sa bhliain iarratas a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.   

Mhol na Seanadóirí Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin agus Brian Ó Domhnaill ó Fhianna Fáil nach n-ainmneodh an tAire limistéar ar a bhfuil plean teanga a ullmhú ina bhfuil pobail ina gcónaí atá neamhchosúil ó thaobh na teangeolaíochta de.  

Ach ba léir nach bhfuil an tAire ag tabhairt aird chuí ar mholtaí na saineolaithe pleanála teanga a thionscain an staidéir teangeolaíoch nuair a dhiúltaigh sé glacadh leis an leasú a cuireadh os a gcomhair.

Is beag an tacaíocht atá ann don Bhille Gaeltachta de réir an tSeanadóra Ó Clochartaigh. Cuireadh in iúl don Seanad gur ritheadh rún i gComhairle Contae na Gaillimhe ag rá gur cheart leanúint ar aghaidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, labhair comhaltaí de chuid pháirtí Fhine Gael dála John Deasy TD i gcoinne an chinnidh nach mbeidh ionadaithe buana ag na ceantair Ghaeltachta beaga amhail Gaeltacht na Déise, Gaeltacht Ráth Chairn agus Gealtacht Chorcaí.

Is cosúil go mbeidh an plé faoin mBille críochnaithe sa Seanad Déardaoin seo chugainn nuair a phléifear é ag Céim na Tuarascála’. Fágann sé sin seachtain don Rialtas an Bille a phlé sa Dáil sula mbeidh téarma reatha na Dála críochnaithe ar 19 Iúil.

Blágáil Bheo:  Beidh tuairisc bheo ar Gaelport.com gach lá nuair a bheidh  an Bille á phlé sa Seanad agus sa Dáil. Lean  an scéal go rialta ar  Gaelport.com agus seol teachtaireachtaí chuig eolas@gaelport.com.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: Bille Gaeltachta á phle faoi dheifir

Blagáil bheo: Bille Gaeltachta 2012


As na nuachtáin: Gaeltacht Bill is woefully deficient

As na nuachtáin Flawed Gaeltacht Bill in need of brave revision

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht

iSiúl ar Shléibhte an Chomaraigh

$
0
0
Seoladh an chéad aip dhátheangach do shiúlóirí in Éirinn ag an deireadh seachtaine i mBaile Mhac Caibre i gContae Phort Láirge.

Bhí an láithreoir raidió John Murray  a bhfuil dúil aige sa cnocadóireacht i láthair Dé Sathairn 7 Iúil leis an aip d’fhóin chliste a sheoladh agus tugadh cuairt ar shléibhte an Chomharaigh ar an lá.

Tabharfar leideanna agus eolas mar gheall ar na conairí siúlóide éagsúla atá i nGleann na hUidhre agus beidh go leor le foghlaim  san aip mar gheall ar stair agus oidhreacht shaibhir an cheantair ag an am céanna.

Chomh maith leis sin beidh amhráin áitiúla i mBéarla agus i nGaeilge le cloisteáil ina measc:Cruacha Glas na hÉireann, Sliabh Geal gCua
agus  A Chomaraigh Aoibhinn Ó.

Rith an smaoineamh le Turasóireacht Ghleann na hUidhre ar dtús báire gur cheart aip a sheoladh agus le tacaíocht Chomhairle Contae Phort Láirge, Fáilte Ireland agus Fhoras na Gaeilge d’éirigh leo é a chur i gcrích.

Beidh an Aip ar fáil le híoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge ó lár mhí Iúil ar aghaidh agus feidhmeoidh sé mar threoraí fíorúil don iliomad turasóirí a thugann cuairt ar Shléibhte an Chomaraigh.

Dúirt Bainisteoir Chontae Phort Láirge, Donncha Mac Cárthaigh, go raibh iarrachtaí ollmhóra á dhéanamh ag an gComhairle Contae le blianta beaga anuas chun líon na siúlóirí agus na rothaithe a thugann cuairt ar an gcontae a mhéadú, chun cur le hioncam turasóireachta.  

“Fanann lucht siúlóide chnoic 17 lá ar an meánmhéid, tréimhse ama atá i bhfad níos faide ná an méid ama a chaitheadh gnáth duine a d'fhéadfadh a bheith ag teacht ar saoire. Is sa treo sin atá á n-iarrachtaí margaíochta á dhíriú againn faoi láthair”, a dúirt sé

Beidh costas €1.99 ar an aip agus níl le déanamh ach “Nire Valley Trail Guide” a lorg i Stór na hAipe.

 


© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iuil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: An Bille is neamh-ullmhaithe á bhrú tríd an Seanad

Féilte:  Scoil Samhraidh i nDeisceart Thiobraid Árann

Folúntais: Oifigeach na Gaeilge á lorg ag ITBÁC

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #teicneolaíocht




Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

$
0
0
Cuirfidh cuardaitheoirí poist fáilte roimh an bhfógra go seolfar comórtas úr chun aistritheoirí Gaeilge a earcú san Aontas Eorpach (AE) Déardaoin 12 Iúil.
Bhí na postanna buana seo go mór faoi chaibidil ag lucht na Gaeilge ar líne le tamall anuas agus faoi dheireadh beidh aistritheoirí in ann iarratais a dhéanamh ar chóras EPSO an AE idir an 12 Iúil agus an 14 Lúnasa 2012.

Tabharfar an deis d’iarrthóirí tuilleadh eolais a fháil ag seisiún eolais a reáchtálfar Dé hAoine 13 Iúil ag 2 i.n. ag 43 Sráid Theach Laighean i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Déanfar cur i láthair faoin gcomórtas EPSO agus beidh duine ón gCoimisiún agus duine ón gComhairle in ann ceisteanna a fhreagairt maidir le cúraimí na n-aistritheoirí.

Beidh an comórtas oscailte do chéimithe ach níl céim sa Ghaeilge riachtanach don phost. Is leor céim tríú leibhéal in ábhar ar bith, cumas sármhaith sa Ghaeilge agus eolas maith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an AE.

Tá leathanach Facebook ar bun ag Aonad na Gaeilge sa Choimisiún chun daoine a chur agus a choinneáil ar an eolas faoin gcomórtas.  Tuilleadh eolais: www.facebook.com/aistritheoir.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: An Bille is neamh-ullmhaithe á bhrú tríd an Seanad

Folúntais: Oifigeach Gaeilge á lorg ag ITBÁC

Foghlaim: Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit eile

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #folúntais

Cóip den leabhar 'Ailfí agus an Vaimpír' le buachan

$
0
0
Seoladh an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’ leis an t-údar Orna Ní Choileáin agus a d’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i mí na Mhárta na bliana seo. Bhí an-ráchairt ar an gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf le Orna Ní Choileáin a d’fhoilsigh Cois Life in 2009 agus ní aon ionadh go bhfuil leabhar eile draíochtiúil dá cuid i gcló. Tá bua na scéalaíochta go nádúrtha inti agus tá roinnt mhaith gradam liteartha bronnta uirthi. Is údar don aos óg freisin í. Is ábhar spéise di domhan na vaimpírí agus sa saothar seo is mian léi vaimpír an 21ú haois a chur os comhair páistí an lae inniu.

An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín agatsa? Vaimpír faoi leith is ea Marius a chónaíonn i ngairdín Ailfí, garsún óg. B’fhearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis!
Tá an leabhar seo atá foilsithe ag Cois Life feiliúnach do dhaoine óga fásta agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

An tseachtain seo tugann muid deis iontach do dhuine amháin cóip a bhuachan -níl le déanamh agat ach an cheist shimplí thíos a fhreagairt.

Ceist na seachtaine seo: Ainmnigh údar an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’.  
•    Anna Heussaff       
•    Mícheál Ó Ruairc          
•    Orna Ní Choileáin          
•    Pádraig Ó Siadhail

Seol freagraí chuig  duais@comhdhail.ie roimh meán lae, 19 Iúil 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Máiréad Uí Dhomhnaill as Co. Átha Cliath a bhuaigh leabhair leis An Gúm san  eagráin seo caite.

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: An Bille is neamh-ullmhaithe á bhrú tríd an Seanad

An nuacht is déanaí: Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach


Féilte: Scoil Samhraidh i nDeisceart Thiobraid Árann





Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>