Nótaí ó Ghaeltacht na nDéise
40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an Rialtais
Mionphlé ar chúrsaí Gaeilge i dTeach Laighean
“Beidh impleachtaí ag an mBille Gaeltachta nua do na Gaeltachtaí, d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge” a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Dinny Mc Ginley TD sa Dáil an tseachtain seo caite.
Bhí an tAire ag glacadh le ceisteanna i nDáil Éireann ar 6 Meitheamh inár thug sé le fios go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta go luath an mhí seo.
Ní amháin go raibh an tAire Stáit Gaeltachta os comhair na Dála Dé Céadaoin seo caite ach ar an lá céanna foilsíodh tuarascáil neamhspleách traspháirtí de chuid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltachta ar an tSamhail Nua Mhaoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Tuarascáil traspháirtí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltachta
Moltar sa tuairisc gur cheart bunmhaoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge chun soláthar fíorthábhachtach a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar nár cheart go mbeadh an earnáil á maoiniú le scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.
Punann scéimeanna iomaíocha atá i gceist leis an tsamhail nua mhaoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge. Mar chuid den tSamhail, cuirfear maoiniú ar fáil d’iarratasóirí bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, is é sin na costais incháilithe agus cheadaithe, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.
Moltar i dtuarascáil an Chomhchoiste gur cheart d’Fhoras na Gaeilge plean straitéiseach a ullmhú ina leagfaí amach conas a chuirfear leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus leis an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Moltar freisin go mbeadh straitéis an Fhorais bunaithe ar phrionsabail na pleanála teanga agus go dtabharfadh sí aird ar riachtanais na hearnála deonaí. Cuirfear an tuarascáil os comhair an Rialtais go luath agus tá baill an chomhchoiste ag súil go ndéanfaidh an Rialtas breithniú cúramach ar na moltaí atá inti.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Thug an tAire Gaeltachta le fios gur tionóladh cruinniú den choiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht faoi chathaoirleacht an Taoisigh Enda Kenny TD ar 5 Meitheamh agus go bhfuil i gceist ag an gCoiste sin cruinniú a thionól an mhí seo chugainn. Tá príomhstruchtúr leagtha amach ag an Rialtais chun an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a sheachadadh ar a bhfuil:
• An Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus a dhéanann maoirseacht ar an dul chun cinn faoin straitéis chomh maith le tuairisc a thabhairt don Rialtas nuair is gá;
• Grúpa Oifigeach Sinsearach atá comhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí. Tugann an Grúpa seo tacaíocht don Choiste Rialtais,
• Grúpa idir-rannach faoi chathaoirleacht Áire Stáit na Gaeltachta a dhéanann comhordú ar chur i bhfeidhm na Stratéise, agus
• Aonad Straitéis sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as pleanáil agus as feidhmiú na Straitéise.
Deir an tAire Stáit go bhfuil oifigigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt tús áite do dhréachtú an Bhille Ghaeltachta 2012 faoi láthair, an chéad bille Gaeltachta ó 1956. Faoin mBille Gaeltachta nua tabharfar feidhm do chinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge lena n-áirítear sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Beidh foilsiú an Bhille Ghaeltachta ar an gcéim is déanaí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Cheana féin i mbliana rinne an tAire Stáit dhá thionscnamh faoin straitéis a fhoilsiú ag deireadh mhí Aibreán na bliana seo: An Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus an Próiseas Pleanála Teanga.
Clár Tacaíochta Teaghlaigh
Tiocfaidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh in áit scéim labhairt na Gaeilge a cuireadh deireadh leí ag deireadh na scoilbhliana seo caite. Tá an Roinn ag tabhairt faoi 12 beart chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil trí Ghaeilge. I measc na beart sin tá clár nua ag díriú isteach ar thuismitheoirí ón ama a thagann an páiste ar an saol mar atá molta ag teangeolaithe in áit páistí a chur faoi scrúdú ar scoil ag sé bliana d’aois.
Mar chuid den chlár nua cuirfear pacáistí ar fáil do thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil trí mheán na Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé i gceist ag an Roinn cur leis na pacáistí sna seachtainí amach romhainn mar aon le suíomh idirlín a sheoladh ina mbeidh gach saghas eolais ar fáil maidir le clann a thógáil trí Ghaeilge.
Próiseas Pleanála Teanga
Fógraíodh próiseas pleanála teanga faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag deireadh mhí Aibreán. Mar chuid den phróiseas seo beidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar. Agus é ag tagairt don phróiseas pleanála teanga sa Dáil deir an tAire Stáit ‘Bunaíodh na ceantair seo ar cheantair phleanála Údarás na Gaeltachta ag tógáil san áireamh cúinsí teanga, cúinsí tíreolaíochta, struchtúir phobail agus dlús daonra’. Beidh ar na sé cheantar is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge pleananna teanga a ullmhú go luath sa todhchaí sula n-iarrfar ar na ceantair eile plean teanga a fhoilsiú.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011
“Easpa Iontaoibhe” ag eagrais Ghaeilge as Próiseas Comhairliúcháin an Fhorais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Dul chun cinn na Gaelscolaíochta
Beidh cruinnithe eolais á reachtáil ag An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., ag deireadh na míosa seo le gaelscoileanna nua na príomhchathrach a phlé.
Tionólfar cruinniú sa Chéim, Baile Átha Cliath 18, agus Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, le gach eolas a chur ar fáil do mhuintir na gceantar sin sula n-osclófar na scoileanna, faoi phátrúnacht An Fhorais Pátrúnachta, i mí Mheán Fómhair 2013.
Beidh an dá ghaelscoil mar chuid den scéim a d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, i mí an Mhárta na bliana seo, inar fógraíodh 16 bhunscoil nua ar fud na tíre sa bhliain 2012-2013, agus ceithre ghaelscoil ina measc.
Maraon leis na gaelscoileanna sa Chéim agus i dTamhlacht a osclóidh an bhliain seo chugainn, bunófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh, i 2013 agus osclóidh Gaelscoil Chuilinn i Mulach Eadrad, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2012.
Léirigh Daonáireamh na bliana 2011 go bhfuil ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil éileamh an phobail ar ghaelscoileanan áitiúla ag méadú. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Pátrúnachta go “gcuirfidh na Gaelscoileanna nua go mór leis na ceantair agus go sásóidh siad an t-éileamh láidir atá ann don oideachas lán-Ghaeilge”.
Beidh na cruinnithe poiblí ar siúl ag deireadh mhí an Mheithimh le gach eolas a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, tuismitheoirí agus daoine ar mhian leo cúnamh a thabhairt le linn bhunú na scoileanna. Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a réamhchlárú agus beidh ionadaithe i láthair ón dá eagraíocht, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., le ceisteanna a fhreagairt agus buntáiste na gaelscolaíochta a phlé.
Reáchtálfar cruinniú an Céime ar an Máirt, 26 Meitheamh 2012 in Óstán Bewley’s, An Pháirc Láir, Baile na Lobhar, BÁC 18 ag 8.00pm.
Beidh an chéad chruinniú poiblí eile ar siúl ar an gCéadaoin, 27 Meitheamh 2012, sa Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht, BÁC 24 ag 8.00pm ag a bpléifear gaelsocil nua Theach na Giúise/An tSeanbhábhúin.
Tá fáilte roimh chách chuig an dá chruinniú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Caitríona Bairéad, 01-6294110, caitriona@foras.ie; nó Clare Spáinneach 01- 853 5193; cspainneach@gaelscoileanna.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Dea-scéal do na healaíona dúchasacha sa Spidéal
As na Nuachtáin: Smiles all round as Irish higher-level is plain sailing
As na Nuachtáin: Being a true Belieber pays off academically
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Le Chéile Trí Chultúr
“Tá stair shaibhir ag an Ghaeilge agus níor chóir gur leis an phobal sin amháin a bheadh sí luaite”.
Sin tuairim an Dr. Adrian Johnston, Cathaoirleach an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn, agus é ag seoladh tionscadal nua i mBéal Feirste den teideal Le Chéile Trí Chultúr.
Bunaíodh an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn (CIE) sa bhliain 1986 le dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíochta a spreagadh idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe na tíre. Tá an tionscadal is úire, Le Chéile Trí Chultúr (LCTC), faoi stiúir Chomhairle na Gaelscolaíochta agus is í príomhaidhm an tionscadail ná daltaí scoile, ón dá thraidisiún, a bhailiú le chéile agus a gcuid spéise a spreagadh sa chultúr Gaelach.
Tá LCTC mar chuid de chlár an CIE , Ag Roinnt san Oideachas, agus is í Comhairle na Gaelscolaíochta a rinne an tionscadal a fhorbairt. Cuspóir an chúrsa scoile ná bacainní idir an dá thraidisiún a shárú tríd an cultúr agus an teanga a mhúineadh i modh neodrach, oscailte. Ní cúrsa teanga é ach cúrsa i saibhreas na léann Gaelach. Tá béim áirithe curtha ar an teanga féin, cinnte, ach cuirtear an bhéim sin ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil atá á húsáid ag na daltaí go laethúil; logainmneacha, sloinnte, ceol agus téarmaí.
Modh úr atá ann leis an teanga agus an oidhreacht a nochtadh den chéad uair dóibh siúd atá neamheolach orthu ar chúis pholaitíochta. Téama lárnach an chláir Ag Roinnt San Oideachas ná athmhuintearas agus déanann LCTC an pholaitíocht agus an mistéir a nasctar leis na léinn Ghaelacha de ghnáth a shárú. Ní hé go múintear na gnéithe Gaelacha amháin ach múintear iad i dtimpeallacht ina bhfuil an dá ghrúpa i gcomhpháirtíocht lena chéile.
Cuirfear an tionscadal i bhfeidhm i ngach cineál scoile idir scoileanna lánGhaeilge, scoileanna rialaithe, bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar fud Thuaisceart Éireann. Rinneadh LCTC a fhorbairt sa chaoi is go bhféadfaí cuid den chúrsa a athrú le go bhfreastalódh sé ar gach leibhéal scolaíochta, agus d’fhéadfaí é a nascadh le hábhar scoile reatha mar oideachas saoránach.
Tá an CIE maoinithe ag ranníocaíochtaí ó Mheiriceá, ón tAontas Eorpach, ó Cheanada, ón Astráil agus ón Nua Shéalainn. Infheistíodh £16m (€19.5m) sa chlár ‘Roinn san Oideachas’ agus tá £309,800 (€385,000) soláthartha ag an gclár sin don tionscadal LCTC cheana féin.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Slí Cholmcille i nDoire Cholmcille
Dea-scéal do na healaíona dúchasacha sa Spidéal
As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile
Féile splancach, bunaithe ar mhúnla ‘Oireachtas na Gaeilge’ atá i gceist agus í lonnaithe i nGaeltacht An Oileáin Úir i gCeanada.
Cuireadh tús le samhail na féile sa bhliain 2008 ag comhdháil urraithe ag Glór na nGael i Nua-Eabhrac ‘Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh’ le fís uaillmhianach a nascfadh grúpaí Gaeilge i Meiriceá Thuaidh agus in Éirinn. Freastalaíonn an fhéile ar chainteoirí dúchasacha mar aon le foghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha éagsúla ar fud an domhain.
Le linn an dtrí lá déanfar ceiliúradh ar oidhreacht na Gaeilge agus ar na healaíona dúchasacha mar a dhéantar gach bliain ag Oireachtas na Samhna. I measc na n-imeachtaí beidh comórtais éagsúla á reáchtáil sna rannóga a leanas:
Scéalaíocht
Agallamh beirte
Lúibíní
Dreas cainte
Aithris Filíochta
Amhránaíocht ar an sean -nós
Litríocht
Ceol Aonair
Damhsa ar an sean-nós
Damhsa seite
Cruthófar atmaisféar breá Gaelach le himeachtaí amhail féastaí, drámaí, seoladh leabhar, seisiúin cheoil, club na féile, céilithe agus is cinnte go mbeidh scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí Éireannacha i láthair, ina measc beidh an damhsóir aitheanta Labhras Sonaí Choilm Learraí as Leitir Mealláin i gConamara, an ceoltóir cumasach agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada Meataí Joe Shéamais Ó Flátharta agus iarbhuaiteoir eile Chorn Uí Riada Máirín Uí Chéide, as ceantar na n-oileán i gConamara ach atá ina cónaí i mBostún.
Beidh aíonna na féile Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Ealaíne, Oireachtas na Gaeilge agus Cilian Fennell, Comhbhunaitheoir Stillwater Communications ag déanamh roinnt cainte ag cuid de na hócáidí chomh maith.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Oireachtas Cheanada. Reáchtálfar an chuid is mó de na hócáidí i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (Erinsville/Tamworth, Ontario), agus in Óstán Days Inn, Dún Laoghaire (Kingston), Ontario - http://www.daysinnkingston.com/Events.html.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Le Chéile Trí Chultúr
Dul chun cinn na Gaelscolaíochta
As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Stáisiún Raidió Pobail úr le bunú
Tá Coiste Forbartha Charn Tóchair ag lorg aiseolais ón bpobal i bhfoirm suirbhé maidir le feachtas gníomhach stáisiún úr raidió dátheangach a bhunú a fhreastalóidh ar an mórcheantar Macaire Ratha agus Doire Theas.
Tá sé i gceist ag bunaitheoirí an stáisiúin go gcraolfar cláir dhátheangacha agus go ndéanfar thart ar 50% den chlárú a chur i láthair i nGaeilge. 20 uair de chlárú in aghaidh na seachtaine a bheidh i gceist ar dtús a fhreastalóidh ar raon spéiseanna Gaeilge agus cultúrtha - Ceol, spórt Gaelach, cúrsaí reatha/ pobail agus clárú sainspéise/ irischlárú speisialta.
Beidh ról gníomhach ag an stáisiún le linn an phobail mar lárphointe eolais chomh maith le bheith ag cothú riachtanas aoisghrúpaí áirithe agus ag tacú le Gaeilgeoirí ag gach leibhéal cumais. Déanfar rangú ar na cláir leis na téamaí a leanas:
• Ceol – popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, ceol eitneach, ceol clasaiceach, ceol domhanda.
• Spórt Gaelach – cláir díospóireachta agus agallaimh leis na himreoirí chomh maith le tuairisciú agus an t-eolas is déanaí maidir le cluichí an chontae/clubanna.
• Cúrsaí Reatha agus Pobail
• Imeachtaí, gníomhaíochtaí agus féilte pobail, fógraí poiblí, fógraí báis etc.
• Clárú sainspéise/ irischlár speisialta
Mar stáisiún dátheangach beidh dualgas ar láithreoirí na gclár éisteoirí a spreagadh an méid Gaeilge atá acu a úsáid ar bhonn rialta chomh maith le cuidiú le héisteoirí a gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Craolfar an stáisiún as Machaire Rátha agus craolfaidh sé le linn gha 10 CM.
Gliogáil anseo le suirbhé a líonadh.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Clár Gaeilge nua ar Shannonside Northern Sound
Cogar - An tSeirbhís nuachta dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge
Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió
Lean an scéal seo @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter: #Gaeilge #craoltoiri
Féile na Gréine 2012
Beidh Féile na Gréine ar siúl ar An gCoreán i ndeisceart Chiarraí taobh istigh de choicís eile le neart imeachtaí éagsúla reáchtáilte sa cheantar ón 21-23 Meitheamh.
Ag féile na bliana seo beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar Ghrianstad an tSamhraidh ar an 21 Meitheamh, in atmaisféar taitneamhach le neart ceoil, amhrán agus damhsa agus mairfidh an ceiliúradh ar feadh tréimhse trí lá.
Ag 7pm ar an Déardaoin, 21 Meitheamh déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD Féile na Gréine na bliana seo a oscailt go hoifigiúil ag ócáid mhór in ionad ealaíon Tech Amergin ar An gCoireán agus beidh taispeántas ealaíne leis an ealaíontóir aitheanta atá lonnaithe i gCiarraí Pauline Bewick.
Tá nasc an-láidir ag an fhéile seo le hAlbain agus i mbliana beidh muintir na hAlban ag dul chun stáitse le linn go leor de na himeachtaí atá beartaithe . Beidh na filí Liz Lochead agus Aonghas Mac Neacail i láthair mar aon leis an bpíobaire Albanach Allan Mac Donald agus Gerda Stevenson.
Beidh scríobh filíochta le James Harpur agus péinteáil tírdhreacha le Helen Richmond,
Potaireacht le Louis Mulcahy agus beidh comhrá agus rang Gàidhlig le Beathag Mhoireasdan.
Maidin Aoine beidh léiriú ag an gcomhlacht amharclannaíochta/dráma do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir. Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.
Beidh an seó seo á Stiúradh ag Marc Mac Lochlainn le tionlacan ó na ceoltóirí Michael Chang agus Freda Nic Giolla Chatháin.
I measc na n-aíonna áitiúla beidh ceol le The Boys of the Lough mar aon le drámaíocht le Dónal O’Kelly mar aon le go leor eile.
Anuas air seo beidh ceardlanna éagsúla, ceolchoirmeacha, siamsaíocht, léamh, díospóireacht, tine cnámh taobh amuigh den ionad ealaíon Tech Amergin ar Oíche Fhéile tSin Sheáin, 23 Meitheamh agus tá fáilte roimh chách agus leanfar le siamsaíocht agus leis an gceiliúradh isteach san oíche.
Beidh neart ceardlann, imeachtaí óige, siamsaíochta agus litríochta ar siúl agus ar an Satharn beidh taispeántas scannánaíocht agus beidh Filí Chorca Dhuibhne ag léamh filíochta sa iarnóin.
Tá fáilte roimh chách chuig na himeachtaí ar fad agus tá táille ar chuid de na himeachtaí ach tá cinn eile saor in aisce do chách.
Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.feilenagreine.com
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile
As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Féile Ealaíne An Earagail 2012
Beidh Féile Ealaíne An Earagail ar siúl i nDún na nGall ón 7-22 Iúil 2012. Tá an fhéile seo ar an fhód le ceithre bhliana is fiche anois agus le blianta anus tá an fhéile ag dul ó neart go neart.
Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn fhéile na bliana seo - ina measc beidh léamh filíochta, damhsa, ceol gaelach, ceardlann cois farraige, ceardaíocht, imeachtaí amharclainne, taispeántais scannáin amuigh faoin spéir, seó puipéid beo, taispeántais ealaíne agus ghrianghrafadóireachta, ceolchoirmeacha , seisiúin cheoil in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, siamsaíocht sráide chomh maith le dhá lá d’imeachtaí ar oileán Thoraí le linn Fhéile Soilse Thoraí.
Cuirfear tús le taispeántas ealaíne sa Gailearaí i nGaoth Dobhair ar an 7 Iúil agus ar an 9 Iúil beidh Finscéal leis an gcomhlacht puipéadóireachta, amharclannaíochta agus drámaíochta Gaeilge Fíbín ar siúl i gColáiste Bhríde Rann na Feirste. Beidh an file aitheanta Cathal Ó Searcaigh ag léamh filíochta sa Dámhlann an Ghleanna i nGort an Choirce.
Ón 14-15 Iúil beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar thrá Mhachair Rabhartaigh le taispeántas dealbhóireachta atá á eagrú ag An Cosán Glas. Anuas air seo beidh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag léiriú dráma dá gcuid san Amharclann An Grianán.
Beidh cuid de na hamhránaithe is cumasaí in Éirinn ag seinm ceoil agus ag canadh le linn na féile, ina measc beidh an ceoltóir agus amhránaí Liam Ó Maonlaí ón ngrúpa clúiteach The Hot House Flowers agus Rónán Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ar stáitse i Leitir Ceanainn ar an 16 Iúil.
Beidh an comhlacht puipéid Púca Puppets ag cur an tseó Tic Teac ar stáitse in Ionad Teampall Chroíne, ar An gClochán Liath ar 18 Iúil agus arís in Ionad Naomh Pádraig ar an 19 Iúil.
Tuilleadh eolais:
Guthán: +353 (0)74 916 8800
R-phost: info@eaf.ie
Suíomh gréasáin: www.eaf.ie
Fáilte Uí Cheallaigh roimh chách!
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Oíche Albanach ‘Ar an gCarraig’
CD nua Shaileog á sheoladh i gCarna
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Leabhar úr le Cló Mhaigh Eo le buachan
An tseachtain seo beidh an leabhar 'Deora Draíochta’ leis an údar aitheanta Colmán Ó Raghallaigh agus atá foilsithe ag Cló Mhaigh Eo le bronnadh ar bhuaiteoir amháin.
Níl ort ach an cheist shimplí seo ag deireadh an ailt a fhreagairt chun a bheith san iomaíocht don duais ghleoite seo.
Seo scéilín beag álainn daonna le Colmán Ó Raghallaigh agus tá an leabhar seo maisithe go gleoite ag Olivia Golden.
Sa leabhar Deora Draíochta tá an sorcas tagtha. Ar imeall an bhaile tá an puball mór á chur suas. Ach an féidir go bhfuil deireadh le draíocht an tsorcais mar a chreideann Cócó an Fear Grinn?
Bronnadh gradam náisiúnta ar Cholmán le déanaí sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Reáchtáladh Comhdháil bhliantúil Leabhar Pháistí Éireann sa Leabharlann agus bronnadh Gradam 2012 air don ghaisce atá bainte amach ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Mhaigh Eo i réimse na foilsitheoireachta in Éirinn.
Bhunaigh sé Cló Mhaigh Eo sa bhliain 1995 agus le blianta fada anuas tá Colmán Ó Raghallaigh ag saothrú leis mar scríbhneoir agus mar fhoilsitheoir Gaeilge.
Ceist na seachtaine seo:
Cén bhliain ar bunaíodh Cló Mhaigh Eo?
a) 1980
b) 1953
c) 1995
d) 1987
Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Déardaoin, 21 Meitheamh agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Tá an leabhar gleoite seo ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre.
Tá tuilleadh eolais maidir le foilseacháin Chló Mhaigh Eo ar fáil ag: www.leabhar.com
Comhghairdeas le Stiofán Ó hAoláin as Baile Átha Cliath a bhuaigh cóip den dlúthdhiosca ‘i bhfíor-dheiriú oidhche’ leis an amhránaí sean-nóis Saileog Ní Cheannabháin san eagrán seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Gradam náisiúnta bronnta ar Fhoilsitheoir Gaeilge
As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne
Comhlacht de chuid Putóg Teo is ea an branda muiceola ‘De Róiste’ a thosaigh ag soláthar táirgí muiceola ceithre mhí ó shin le haghaidh
siopaí náisiúnta, Supervalu agus Centra ina measc. Úsáidtear 100% d’ábhar nádúrtha, faighte ó sholáthraithe áitiúla le haghaidh oideas De Róiste a bhfuil síolraithe ó shean-traidisiúin an teallaigh agus atá ag freastal ar líon chustaiméirí ar mhaith leo bia lámhcheardaithe.
I láthair ag seoladh an bhranda ag ócáid na n-aonad táirgeachta bhí an cócaire iomráiteach agus úinéir na Scoile Cócaireachta Bhaile Uí Mhaolmhuaigh, Darina Allen, a léirigh suim i dtáirgí an chomhlachta. Tá súil ag stiúrthóir Putóg Teo Jimmy Allen cur le líon táirgí an chomhlachta le dul chun cinn níos faide a dhéanamh.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 22 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta
Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla
As na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Ar Athló: Plé ag Leibhéal an Choiste ar an mBille Gaeltachta
Foilsíodh an Bille Gaeltachta ar Dé Máirt 19 Meitheamh. Bhí díospóireacht ghinearálta i leith phrionsabail an Bhille sa Seanad Déardaoin seo caite 21 Meitheamh inár léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach imní faoin deifir a bhí ar an Rialtas an Bille a achtú gan mhionscagadh air.
Níor aontaigh roinnt Seanadóirí leis an gclár ama a leagadh amach chun leasuithe i dtaobh an Bhille a mholadh inár tugadh níos lú na 24 uair an chloig dóibh aon leasú a mholadh. Bhí i gceist an an Seanad an Bille a phlé amárach (Dé Máirt) ach tá sé curtha siar anois go dtí Déardaoin 28 Meitheamh ag 4in.
Meastar gur toradh é seo ar líon na leasuithe atá faighte i dtaobh an Bhille.
Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley, T.D. óráid phaiseanta sa Seanad Déardaoin seo caite ina ndúirt sé go bhfuil an Stáit tar éis 10 mbliana a chaitheamh ag plé an Bhille Ghaeltachta – idir fhoilsiú an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge chomh maith le plé leathan ar chúrsaí Gaeltachta i dTithe an Oireachtais. Lean sé air ag rá go bhfuil an Bille seo ag bronnadh ról ceannasaíochta ar mhuintir na Gaeltachta agus ag tabhairt deise dóibh ról a imirt i dtodhchaí a gceantar féin.
Léirigh roinnt Seanadóirí a n-imní maidir leis an easpa daonlathais a bhainfeadh le deireadh a chur le toghchán Bhord Údaráis na Gaeltachta agus an easpa tacaíochta airgeadais a bheidh á chur ar fáil d’eagrais a bheidh ag ullmhú pleananna teanga dá gceantar.
Le Ferdia Ó Mongáin, Gaelport.com
© Foilsithe ar 25 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin
“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #bille
Féile Charn Tóchair 2012
Cuirfear tús le Féile Charn Tóchair na bliana i gCarn Tóchair i nDoire ar an Domhnach seo 1 Iúil agus mairfidh na himeachtaí do dtí lár na míosa.
Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn fhéile na bliana seo - ina measc beidh tóraíocht taisce dhátheangach, seandálaíocht, siúlóid thart ar shliabh Charn Tóchair faoi threoir Paul McCooey, Léachtaí, Tráth na gCeist Teaghlaigh, Coláiste Charn Tóchair a bheidh dírithe ar imeachtaí Gaeilge do dhaoine óga, anuas air seo beidh neart imeachtaí dátheangacha idir ranganna, chomhrá, cheoil, bhearbaiciú agus siamsaíocht.
Beidh Scoil Samhraidh Ghaeilge do Dhaoine Fásta á reáchtáil ag féile na bliana seo ón 9 - 11 Iúil agus beidh deis iontach ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus tabhairt faoi ranganna Gaeilge ó bhunrang/Meánrang/Ardrang i mBunscoil Naomh Bríd idir 10am – 3pm.
Ar an Satharn, 14 Iúil beidh ceolchoirm mór i mBialann an Oakleaf i Machaire Rátha ag 9am áit a mbeidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ag dul chun stáitse.
Ar an Domhnach, 15 Iúil beidh Lá Spraoi Teaghlaigh agus beidh neart spóirt agus spraoi gealta le cluichí bailte fearainn, taispeántas na nEolaithe Mire as Gaeilge, péinteáil aghaidhe, marcaíochtaí pónaí, aeraíochtaí, cluichí agus go leor eile.
Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil Anseo
Tuilleadh eolais:
Coiste Forbartha Charn Tóchair
T: 028 7954 9978
R: eolas@ancarn.org
Suíomh gréasáin: www.ancarn.org
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin - Raidió RíRá
Féile Ealaíne An Earagail 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Féile Iorrais 2012
Beidh Féile Iorrais na bliana seo ar siúl i gceantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo ón Aoine, 13 do dtí An Domhnach 22 Iúil 2012.
Is Féile Idirnáisiúnta Cheoil é an fhéile do cheantar Iorrais agus arís i mbliana beidh scoth na gceoltóirí ag freastal ar an bhféile mhór seo ó i bhfad is i gcéin agus bíonn béim faoi leith ar ghrúpaí idirnáisiúnta a mhealladh chuig an bhféile gach bliain agus nascadh le cultúir i dtíortha eile.
Tá neart imeachtaí éagsúla eagraithe don fhéile in ionaid i ngach coirnéil d’Iorras. Ó Ionad Deirbhile in Eachléim go Trá Buí í Dumha Thuama agus ó Ghleann na Muaidhe go Baile Chruaiche.
I measc na n-imeachtaí beidh ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil, damhsa, amhráin, siúlóidí treorach, imeachtaí súgartha don teaghlach, spóirt, imeachtaí óige, ceardlanna, imeachtaí oidhreachta agus cultúrtha, imeachtaí do pháistí mar aon le go leor eile.
Tá an fhéile seo ag ceiliúradh seacht mbliana déag ar an bhfód i mbliana agus beidh léiritheoirí agus pictiúrlann ón Spáinn, ó Shasana, ón Fhrainc agus ó Éirinn ag an bhféile.
I measc na i-imeachtaí beidh sraith ceoil, ealaíontóirí Fernanda Sanchez-Valdes ón Spáinn ag seinm Tango, beidh an banna ceoil aitheanta Beoga a thugann blas an tuaiscirt do cheol traidisiúnta na hÉireann ar stáitse ar an 14 Iúil anuas air seo beidh scannán Idirnáisiúnta do pháistí, Za Ucha le ceol iontach Balkan, Northumberland Celtic Ranters ó Shasana, ceol do dhaoine óga le meascán de cheol Éireannach, Sasanach agus Albanach agus beidh an ceoltóir áitiúil David Munnelly i measc na n-aíonna chomh maith.
Ar an 15 Iúil beidh oíche mhór d’fhilíocht, ceol agus cur i láthair sa Teach tábhairne Trá Buí i nDumha Thuama, áit a mbeidh Ríonach Uí Ógáin ag tabhairt léachta dar teideal Songs of the Sea. Tá Ríona in Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Ina cuideachta ar an oíche beidh an file aitheanta Louis De Paor ag léamh cuid dá dhánta le tionlacan ceoil ó na ceoltóirí iomráiteacha clann Uí Mhongáin.
Is as Dumha Thuama i nGaeltacht Iorrais do na ceoltóirí cumasacha seo agus ní haon strainséirí don stáitse iad na fír óga seo mar is minic a bhíonn siad ar stáitse ag féilte éagsúla timpeall na tíre agus thar lear agus ghlac siad páirt sa chlár ceoil Geantraí a bhíonn á chraoladh ar TG4.
Beidh an hamharcealaíona á léiriú ó Bhéal an Mhuirthead le taispeántas ó Diarmuid O’ Riordan ar siúl in Áras Inis Gluaire agus ar an 18 Iúil beidh dhá léiriú ag an gcomhlacht amharclannaíochta/dráma Branar do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir. Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.
Beidh táille chuig cuid de na ceolchoirmeacha, ní chosnaíonn sé aon rud do na ceardlann go léir ach píosa de do am. Teastaíonn áirithintí do na ceardlanna, glaoigh ar 097-81079.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Féile, logáil isteach ar www.feileiorras.org, r-phost feileiorras@eircom.net no glaoigh 097-81079
Is féidir eolas faoi na himeachtaí a fháil ar www.errisevents.com
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gaeilge ar litreacha “ina céim siar” - Aontachtóirí
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht
Fógraíodh le déanaí go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 san iomlán ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail Ghaeltachta sna míonna romhainn.
Freastalóidh an maoiniú ar cheantair Ghaeltachta éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus i gContae Mhaigh Eo.
Rachaidh an t-airgead go mór i bhfeidhm ar na 6 thionscadal ar leith a d’fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich le linn mhí an Mheithimh.
Tá an t-airgead curtha ar fáil do réimse leathan tionscadal, idir chinn reatha agus chinn nua.
Na figiúirí agus na tionscadail
Tá maoiniú dar luach €110,000 ceadaithe ag an Aire do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaelacadamh ó thaobh an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta de sa cheantar Gaeltachta.
Tá €100,000 soláthartha ag an Roinn do Chumann Lúthchleas Gael - Chomhairle Chonnacht mar chúnamh costais don scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe atá á reáchtáil faoi láthair i scoileanna Chonamara. Tugann an scéim deis do dhaoine óga na Gaeltachta an teanga a úsáid go spraoiúil le linn shaol na scoile.
Gheobhaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne €35,000 lena chomhordaitheoir Gaeilge reatha a fhostú agus a choinneáil mar fhreastalaí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Ceadaíodh €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – An Deisceart mar chúnamh tuarastail don teiripeoir urlabhra agus teanga Gaeilge a fhreastalaíonn ar phobal Chorca Dhuibhne faoi láthair.
Tabharfar deontas €15,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe mar chúnamh don fhoscadán nua a thógfar ag Cé an Chloiginn a fhreastalóidh ar mhuintir Inis Bó Finne.
Ceadaíodh €10,000 d’obair bheag athchóirithei gColáíste uisce i gcontae Mhaigh Eo agus mar chúnamh dóibh fearas spóirt uisce a cheannach.
€300,000 funding for An Ghaeltacht
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne
Ainm i nGaeilge agus Ceannaire Gaeltachta do ‘Uisce Éireann’
As na Nuachtáin - An tÁisaonad
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht
Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna
Ba le hinfheistíocht de €1 mhilliún maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta a rinneadh forbairt ar Ionad Cúraim Leanaí úr i gCarna a osclaíodh go hoifigiúil ar 18 Meitheamh.
“Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge”, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley agus é ag oscailt an Ionaid go hoifigiúil.
Bhí ról lárnach ag Forbairt Chonamara Láir Teo i dul chun cinn an Ionaid ó cuireadh tús leis an togra.
Tá thart ar 40 páiste ag freastal ar naíonra, naíolann agus ar sheirbhís iarscoile an Ionaid agus anuas ar ghnáthfheidhmiúchán an Ionaid cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil don cheantar Gaeltachta sa tslí go bhfeidhmíonn an tIonad mar spás le haghaidh grúpaí spraoi mar aon le campaí samhraidh.
Tá ochtar fostaithe san Ionad agus is mór an tacaíocht é an luathoideachas a chuirtear ar fáil ann don Ghaeilge sa phobal agus í mar phríomhtheanga teallaigh.
Cé nár osclaíodh an tIonad go hoifigiúil go dtí cúpla seachtain ó shin, tá seirbhísí á gcur ar fáil ann ó mhí Mheán Fómhair agus tá líon na bpáistí ag baint leasa as na seirbhísí sin tar éis fás ó 14 – 40 le linn an ama sin.
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne
As na Nuachtáin - Minister open £1 million centre for Citizens Advice Direct
Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht
Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh
Tá siad ag Teacht arís –
Dé Sathairn seo chugainn cuirfear tús ollmhór le ceiliúradh Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh agus leanfar leis an tsiamsaíocht agus leis an spórt ar fud na cathrach go dtí an 8 Iúil.
Is rás timpeall an domhain atá i gceist le ceiliúradh mór i gcathracha éagsúla ar fud na cruinne go dtí go sroichfidh siad ceann scríbe agus is onóir an-mhór do mhuintir na tíre seo agus go speisialta do mhuintir na Gaillimhe go bhfuil an rás clúiteach seo ag filleadh ar an gcathair arís Dé Máirt seo chugainn.
Cuireadh tú leis an Volvo Ocean Race anuraidh nuair a d’fhág na luaimh Alicante na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2011 agus thug siad a n-aghaidh ar Cape Town, Abú Daibí agus ar aghaidh go dtí cathair Sanya sa tSín, ar aghaidh go dtí na hOileáin Auckland sa Nua-Shéalainn as sin go dtí an cathair Bhrasaíleach Itajaí ar aghaidh go dtí Miami in Florida agus trasna an Aigéin Atlantaigh chomh fada le Liospóin na Portaingéile, as sin go Lorient na Fraince agus beidh os cionn 39,000 míle d’fharraige curtha díobh acu nuair a bhainfidh siad a gceann scríbe amach i gCuan na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.
Mar chuid de cheiliúradh na bliana seo atá á dhéanamh ar an rás tá siúl leis na mílte daoine aghaidh a thabhairt ar chathair na Gaillimhe áit a mbeidh go leor imeachtaí dátheangacha ar siúl ar feadh na seachtaine.
Le tamall anuas tá Gaillimh le Gaeilge ag obair go dícheallach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun a chinntiú go mbeidh neart comharthaí dátheangacha agus fógraí Gaeilge le feiceáil timpeall na cathrach le linn an ama sin. Anuas air sin, bhí Údarás na Gaeltachta ag obair leis an gcoiste eagrúcháin sa chathair chun Lá Gaelach a reáchtáil ar an Déardaoin, 5 Iúil áit a mbeidh beidh neart imeachtaí Gaeilge ar siúl sa Phuball Siamsaíochta - ina measc beidh ceolchoirmeacha, taispeántas damhsa ar an sean-nós, siamsaíocht, scléip, scéalaíocht le hÚdair Futa Fata, ar nós Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus Bridget Bhreathnach.
Beidh fonnadóirí agus cumadóirí ón Spidéal amhail Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Dhroighneáin, an fidléir Toner Quinn agus Fergal Ó Béarra le tionlacan ó Ruairí Mac Con Iomaire ag seinm freisin.
Ag leanúint leis an gceol, beidh an ceoltóir aitheanta Nóirín Uí Shúilleabháin ag seinm lena deartháireacha Seán agus Frankie Gavin, le Seamie Ó Dowd ar an ngiotár, Ritchie Lyons ar an mbodhrán le cur i láthair ó Cheoltóirí Óga Charna chomh maith agus cuirfear tús leis seo ag 3pm.
I measc na n-aíonna eile a bheidh ag dul chun stáitse beidh an t-amhránaí iomráiteach sean-nóis as ceantar Iorrais Aithneach Seosamh Ó Flaithearta, Delia Boyce, Tom Cullivan agus beidh léamh sleachta as Béal Faoi, leabhar le hEnda Ó Coineen, Cathaoirleach Let's Do It Global ar siúl óna a 5 go dtí a 6pm.
Léireoidh Taibhdhearc-Amharclann Náisiúnta na Gaeilge seó speisialta darb ainm ‘Seoda an Aigéin’ agus beidh léiriú de chuid an ghearrscannáin ‘Piobair na Gríosaí’ i rith an lae agus caint ó Chríostóir Mac Cárthaigh. Tá suim Críostóir i rámhaíocht curach agus tá an-chuid scríofa agus craolta aige maidir le Teanga Pobail Mara na hÉireann agus ar ghnéithe eile de cultúr na hÉireann.
Cuirfear clabhsúr iontach leis an Lá Gaelach nuair a rachaidh an grúpa traidisiúnta ó Ghaeltacht Dhún na nGall Altan ar stáitse agus beidh siad ag seinm le haíonna speisialta ar an bPríomh Stáitse Volvo.
Anuas ar an Lá Gaelach beidh Club Árus na nGael atá lonnaithe i gcroílár chathair na Gaillimhe ag reáchtáil neart imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha mar chuid den cheiliúradh agus le linn na hócáide móire seo beidh go leor de na himeachtaí as Gaeilge agus dátheangach. I measc na n-imeachtaí beidh ceardlann ar an nGaeilge mar theanga cheilteach agus ar cúlra na teanga agus athbheochan na teanga, ceolchoirmeacha, comhrá mar aon le neart eile.
Beidh neart imeachtaí farraige ar siúl agus beidh ceoltóirí den scoth ar stáitse ar feadh cúpla lá spóirt agus de thaispeántais seoltóireachta de Húicéirí na Gaillimhe, ceolchoirmeacha agus imeachtaí cultúrtha chomh maith le neart seisiún ceoil thraidisiúnta ina mbeidh scoth de cheoltóirí na Gaillimhe páirteach ina theannta sin beidh sráideanna na cathrach plódaithe le neart siamsaíochta agus damhsóirí sráide ildaite.
Guímid gach ráth ar na foirne uile nó go mbeidh a gceann scríbe sroichte acu!
Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí ar fáil ag na sonraí thíos:
Lets Do It Galway, Gaillimh
Teil: +353 (0)91 539995 Ríomhphost: office@letsdoitgalway.com
Suíomh Gréasáin: www.letsdoitgalway.com / www.volvooceanrace.com
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna
As na Nuachtáin - Raidió RíRá
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Leabhair ghleoite foilsithe ag An Gúm le buachan
An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine leabhair ghleoite do ghasúir atá foilsithe ag An Gúm a bhuachan.
Seo hiad na leabhair atá i gceist:
AZZI Idir Dhá Stól, Dalladh Dánta agus Féasta Filíochta.
Leabhar grafach le Sarah Garland a scríobh agus a mhaisigh atá sa leabhar gleoite AZZI Idir Dhá Stól. Seo scéal iontach corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach. Tá Azzi agus a cuid tuismitheoirí i mbaol. Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile.
Téann siad ag cónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine ann. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í?
Sa leabhar Dalladh Dánta tá 25 leathanach ildaite d’fhilíocht, Haiku agus Rannta ó fhilí aitheanta. San áireamh tá Áine Ní Ghlinn, Claire Lyons, Colette Nic Aodha, Éamonn Ó Ruanaí, Maria Ní Mhurchú, Patricia Forde, Seán Mac Dhonnagáin, Seán Ó Muimhneacháin, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Sorcha de Brún, agus Uinsionn Ó Domhnaill. Cuid de shraith Séideán Sí
Is cnuasach iontach de dhánta do ghasúir atá sa leabhar Feasta Filíochta. Dearthóirí Áiseanna Teagaisc a thiomsaigh an bailiúchán seo agus ba é Peter Donnelly a mhaisigh an leabhar. Togha gach bia agus rogha gach dí a bhíonn ag féasta de ghnáth. Suigh chun boird ag féasta de chineál eile agus blais de thogha agus de rogha na filíochta!
Tá na leabhair seo feiliúnach ag gasúir aois 10+
Ceist na seachtaine seo:
Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh an leabhar AZZI Idir Dhá Stól?
• An Gúm
• Cló Iar-Chonnacht
• Futa Fata
• Coiscéim
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 05 iúil 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Padaí Ó Mianáin as Doire bhuaigh cóip den leabhar ‘Deora Draíochta’ leis an údar Colmán Ó Raghallaigh san eagrán seo caite.
Táimid fíorbhuíoch de An Gúm a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin - Welcome for Libraries Irish Language commitments
As na Nuachtáin - Scríobh geal
Éachtaí nua bainte amach ag BabógBaby
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Comórtas
Sprioc ‘Líofa 2015’ sínte go 5,000 cainteoir
Tugadh léiriú ar rathúlacht an fheachtais ‘Líofa 2015’ an tseachtain seo nuair a d’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i Stormont, Carál Ní Chuilín, go sínfear sprioc na gcainteoirí úra Gaeilge i dTuaisceart Éireann ó 1,000 go 5,000 sa bhliain 2015.
I mí Meán Fómhair na bliana seo caite sheol an tAire Uí Chuilín ‘Líofa 2015’ a raibh d’uaillmhian aige 1,000 cainteoir Gaeilge líofa a chothú laistigh de cheithre bliana. Tá sé mar bhunaidhm ag an bhfeachtas leanúnach seo claontaí lonnaithe sa tsochaí i leith na teanga a bhriseadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach, fáilteach agus úsáideach.
Táthar ag súil go gcloisfear tuilleadh Gaeilge sa phobal i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2015 mar thoradh air seo agus go gcuirfear deireadh leis an nasc idir an pholaitíocht agus an teanga. Fáilteofar roimh chainteoirí éagsúla cibé cúlra nó traidisiún a bhaineann leo leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a spreagadh i measc an phobail.
Dúirt an tAire ag ócáid cheiliúrtha ag Gaelscoil Éadain Mhóir nuair a fógraíodh síneadh na sprice, go raibh fíor-áthas uirthi gur sroicheadh an sprioc de 1,000 cainteoir roimh an Nollaig 2011 agus go bhfuil sí ag súil go leanfar leis an obair chrua le toradh níos uaillmhianaí fós a bhaint amach sa todhchaí.
Bhain an feachtas éacht suntasach eile amach nuair a bronnadh fáinne airgid ar Leas-Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Judith Gillespie ag searmanas stairiúil in oirthear Bhéal Feirste ar 19 Meitheamh.
Caitheann cainteoirí Gaeilge an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bronntar an fáinne airgid ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Bhronn an tAire Uí Chuilín an fáinne uirthi lena cuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh. Bhí an tAire i mbun cuairte ar ionad traenála SPTE, áit a mbíonn ranganna Gaeilge ar siúl go rialta.
Deir Gillespie go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís póilíneachta ábalta cumarsáid a dhéanamh le pobail éagsúla i dTuaisceart Éireann agus go bhfuil an SPTÉ ag iarraidh éagsúlacht teangacha a chothú.
“Tá baint ag an leas-ardchonstábla, Judith Gillespie, le hiarrachtaí leanúnacha seirbhís póilíneachta an tuaiscirt a nuachóiriú agus le go mbeidh ionadaíocht ar an tsochaí ina hiomláine ag SPTÉ”, a dúirt an tAire Ní Chuilín.
Is í Gillespie an chéad bhean a ceapadh riamh mar leas-ardchonstábla na seirbhíse póilíneachta.
Má ta suim agat páirt a ghlacadh i ‘Líofa 2015’ is féidir síntiús a glacadh anseo
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin - Gaelfest 2012 the springboard to Líofa 2015
Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Líofa
An doras druidte ar Scoil Mhín na Manrach
Agus bunscoileanna na tíre ag druidim do shaoire an tsamhraidh ar an aimsir seo, ní ríméad ach briseadh croí atá i ndán do dhaltaí agus a dtuismitheoirí i mBunscoil Mhín na Manrach nach mbeidh ag filleadh ar an scoil sin san fhómhar.
Tar éis os cionn céad bliain ar an bhfód, dúnadh doirse na scoile sna Rosa den uair dheiridh. Bhí líon na ndaltaí sa scoil tite chomh mór sin gur chinn an Roinn Oideachais agus Scileanna gur gá an scoil a dhúnadh.
An tseachtain seo caite agus an scoil á dúnadh, cúigear a bhí cláraithe ar rolla na scoile. Astu sin, bhí daltaí i rang na naíonán mór, i rang a haon, rang a dó agus rang a cúig. Múinteoir amháin, príomhoide na scoile, Bernadette Ní Dhuibhir, a bhí i bhfeighil na ranganna sin go léir, agus b’éigean do Choiste Bainistíochta na scoile Rúnaí Scoile a cheapadh go lánama ionas go mbeadh beirt daoine fásta ar an láthair, ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Astu sin a bhí cláraithe ar rolla na scoile ar lá druidte an dorais, bhí cuid acu ar an tríú glúin ó roinnt teaghlach a d’fhreastail ar an scoil.
Sa bhliain 2008, caitheadh €400,000 ar fhorbairtí ar fhoirgneamh na scoile atá suite i gceantar fíor-álainn i measc na gcnoc. Bhí an scoil cóirithe go maith le trealamh, spás, áiseanna agus acmhainní den chéad scoth ar fáil do suas le 60 gasúr, le cláir bhána idirghníomhacha, agus breis agus dhá ríomhaire dhéag.
Tá cainteanna ar siúl faoi láthair ag Coiste Bainistíochta na Scoile i dtaobh cónascadh a shocrú le Scoil Chróine, scoil atá 8km ar shiúl ó láthair Scoil Mhín na Manrach, agus atá sa pharóiste céanna, paróiste an Chlocháin Léith. Tá tuairim is 270 gasúr ag freastal ar an scoil sin, agus tá príomhoide agus deichniúir múinteoirí ar an bhfoireann.
Cé gur trí mheán na Gaeilge a bhí gasúr Scoil Mhín na Manrach ag foghlaim go dtí seo, is cosúil nach ionann polasaí Gaeilge na scoile sin, agus an nósmhaireacht teanga atá ar fáil i scoil mhór an pharóiste, Scoil Chróine, áit nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad cuid mhór de na daltaí.
Deir Bernadette Ní Dhuibhir, Príomhoide na scoile, go raibh an scoil seo “mar chuisle croí an phobail – tá an pobal thart timpeall ar an scoil in ísle brí nach mbeidh futa fata na bpáistí le cloisteáil i gclós na scoile am sosa riamh arís”.
Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Imní na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge