Buaiteoir na duaise Phan Cheilteach fógartha
Tús Curtha le Próiseas Comhairliúcháin don tSamhail Nua Mhaoinithe
Plean Deich Seachtaine do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta
Tóstal na Gaeilge 2012: Treisiú Stádas na Gaeilge
Roghnaigh an Ghaeilge mar dhea-rún na hAthbhliana 2012
Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2012
Ciorcal Comhrá Cois Teallaigh
Lítir ón bhFóram chuig Airí na CATT
Pátrúnacht agus bunscoileanna lán-Ghaeilge
Bunaíodh an fóram faoi phátrúnacht agus iolrachas i mí an Mhárta 2011 d’fhonn moltaí a chur chun cinn ar cheist na pátrúnachta.
Tugtar aird sa tuarascáil go bhfuil éileamh níos mó ar fhoirmeacha nua scolaíochta ilchreidmhí agus neamh-shainchreidmhí, chomh maith le héileamh níos mó ar scolaíocht trí Ghaeilge.
Éagsúlacht Pátrúnachta
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí an stoc scoileanna atá cheana féin i limistéir ina bhfuil an daonra seasmhach a úsáid.
I gcás ina bhfuil cnuasach scoileanna sainchreidmheacha ann ach go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh pátrúnacht mhalartach scoile ar fáil, moltar sa tuarascáil go ndéanfaí aistriú pátrúnachta le cúnamh ón Roinn.
Ach seachnaítear sa tuarascáil cur chuige ‘an bhuille mhóir’ agus moltar gur chóir athrú pátrúnachta a dhéanamh i gcéimeanna, trí chur chuige bunaithe ar scoilcheantair a ghlacadh, ag glacadh rogha na dtuismitheoirí san áireamh.
Moltar sa tuarascáil go mbainfeadh céim a haon den obair seo le pátrúnacht scoile a scrúdú in 43 baile agus i 4 limistéar i mBaile Átha Cliath. Beidh 18 ndeoise i gceist leis sin agus grinnscrúdú ar thart ar 250 scoil, agus féadfar thart ar 50 díobh sin a dhífheistiú.
Moltar próiseas trí chéim, áit a mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna faisnéis maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú trí shuirbhéanna a dhéanamh ar thuismitheoirí.
Ina dhiaidh sin thiocfadh tuarascáil maidir leis na roghanna pátrúnachta agus ar deireadh bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Scoileanna lán-Ghaeilge
Tá molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe.
Tá formhór na scoileanna lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht na nEaspag Caitliceach nó faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta. Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta in ainneoin gur tháinig laghdú ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 153 sa bhliain 1975/1976 go dtí 106 sa bhliain 2010/2011.
Luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas.
Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir le 47 limistéar a dhífheistiú.
Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil atá do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.
Chuir an tAire Ruairí Quinn TD fáilte roimh an tuarascáil agus dúirt sé gur cheart gurb é rogha na dtuismitheoirí an t-ábhar imní is mó a bheadh againn ar fad.
“Le roinnt mhaith blianta anois, tá athrú mór polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha, déimeagrafach agus oideachasúil le feiceáil ar shochaí na hÉireann. Caithfear léiriú a thabhairt ar an tsochaí athraithe sin sa soláthar bunscoile agus caithfear freastal ar éagsúlacht mhéadaithe”, a dúirt sé.
Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas le bunú
Quinn questions school emphasis on Irish, religion
Tosaíocht don Ghaeilge molta don Chrannchur Náisiúnta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #gaeloideachas
Scoileanna Gaeltachta ag ullmhú don agóid i nGaillimh
Beidh lucht tacaíochta na scoileanna Gaeltachta lárnach sa léirsiú sa chathair. Tá bagairt do na scoileanna Gaeltachta fós i mbéal an phobail tar éis gur moladh sa cháinaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.
Tá ciorclán eisithe ag an Roinn Oideachais mar gheall ar an athrú agus tá lucht na scoileanna Gaeltachta ag súil go ndéanfar eisceacht do scoileanna Gaeltachta agus go dtabharfaí aitheantas do thábhacht na scoileanna i gceantair Ghaeltachta.
Buailfidh an slua le chéile ag an Ard-Eaglais sa chathair ag 1 in agus, máirseálfar as sin go dtí an Ollscoil, áit a mbeidh teacht le chéile chun a chinntiú go gcloisfidh baill an pháirtí míshástacht scoileanna agus mhuintir na Gaeltachta.
An tseachtain seo caite, thacaigh na peileadóirí sinsearacha Noel O Leary agus Tomás Ó Sé le feachtas na scoileanna Gaeltachta.
Anuas air sin beidh roinnt eagrais tuaithe agus eagrais oideachais ag súil go tabharfaidh baill pháirtí an lucht oibre cluais dóibh.
Beidh eagraíochtaí atá in aghaidh na dtáillí séarachais i mbun agóide i gcathair na dtreabh Dé Sathairn chomh maith le múinteoirí gairmthreoracha .
Tá molta ag an Roinn Oideachais go mbeadh gearradh siar ar an líon uaireanta scoile a chuirfear ar fáil do ranganna gairmthreoracha agus go mbeadh ar mhúinteoirí gairmthreoracha filleadh ar ais ar an seomra rang le hábhair scoile eile a mhúineadh.
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Youtube: Agóid na Scoileanna Gaeltachta
Imní na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #Gaeltacht
Drámaíocht na Gaeilge faoi bhláth
Thug an tAire aird ar an mborradh faoi dhrámaíocht na Gaeilge i gceantair áirithe i dTuaisceart Éireann agus thug sé aitheantas do shaothar na gcomplachtaí i gContae Dhoire and i gContae Thír Eoghain ach go háirithe.
“Is léir go gcothaíonn an fhéile an-chomhoibriú ag leibhéal an phobail agus níl aon amhras ach gur dea-shampla é sin den phleanáil teanga ag obair ar dhóigh bhreá phraiticiúil”, a dúirt sé. Thug sé moladh do obair atá ar bun ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta sna 32 contae
chomh maith. Tá an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta ar an bhfód le 36 bliain anuas agus tá sé mar sprioc aige drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre.
Fíona Pasoma, Aisteoirí Mhíobhaigh, a bhain Gradam Aisteoireachta ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2012
Ag an ócáid bronnadh gradaim ar chomplachtaí agus ar aisteoirí ó na ceithre cúige a bhíonn ag léiriú drámaí nuascríofa sa Ghaeilge. Chomh maith leis sin fuair an lucht féachana blaiseadh ar an dul chun cinn atá déanta ag grúpaí áitiúla le bliain anuas.
Thaispeáin Aisteoirí Bhréannáin ó Chorca Dhuibhne cóiriú úr ar An mBéal Bocht Dé Sathairn agus ina dhiaidh sin léirigh Aisteoirí Chorr na Móna scéaldráma ón bhéaloideas, Dúthaigh Sheoigheach.
Dráma le Pádraig Standún, Bidín a bhí le feiceáil ar an Domhnach 6 Bealtaine agus léiriú úr de chuid Aisteoirí an Lóchrainn Ceatharlach a bhí ann. Ina diaidh sin bhí dráma eile le Proinsias Ó Cuilinn, Díoltas an tSaoil ar stáitse faoi stiúir Aisteoirí Mhic Easmuinn.
Buaiteoirí
Ar na buaiteoirí ar tugadh aitheantas ag féile na bliana seo bronnadh gradam aisteoireachta ar Fiona Pasoma, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh.
Anuas air sin, tugadh aitheantas do Phroinsias Ó Cuilinn a scríobh an dráma úr Taibhsí na nGael.
Bronnadh Gradaim Aisteoireachta ar Ciara Nic Ruaidhrí, Clár Ní Chaimhsí agus Ciara Uí Mhaoláin, Aisteoirí Charn Tóchair, Co. Dhoire. Ghlac siad páirt sa dráma An Teach Mór le Proinisas Ó Cuilinn.
Thug Dónal de Bhailís, Aisteoirí Mhic Easmuinn,An Cheathrú Rua an gradam do Dhearadh Stáitse leis.
Bronnadh Gradaim Foirne ar Aisteoirí Bhréannainn, Corca Dhuibhne don dráma Magadh fé Mhagadh; Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh don dráma Taibhsí na nGael; Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach don dráma Bidín agus Aisteoirí Mhic Easmuinn, An Cheathrú Rua don dráma Díoltas an tSaoil.
Bronnadh Gradaim Éigse na Féile Náisiúnta ar Éamon Ó Súilleabháin agus Pádraig Ó Caomhánaigh, Corr na Móna (Agallamh); Ann-Marie Uí Dhubhda agus Áine Mhic Gearailt, Corca Dhuibhne (Agallamh): agus Micheál Ó Tuairisg agus Éamon Ó Súilleabháin, Corr na Móna (Lúibín).
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Bealtaine 2012
Seans go bhfuil suim agat sna scéalta a leanas
Deis do chompántas dramaíochta i mBéal Feirste
As na Nuachtáin: Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna
Folúntais: Oifigeach Forbartha siopa-ar-líne á lorg
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #drámaíocht
Siamsaíocht IMRAM sa Chlub
Trí oícheanta Aoine de chultúr a bheidh i gceist leis an tsraith seo ina mbeidh ealaíontóirí iomráiteacha ar nós Colm Mac an Iomaire, an fidléir cruthaitheach de chuid The Frames, máistir cheoil an ghiotáir Steve Cooney, an banfhile cáiliúil Biddy Jenkinson agus laoch an bhosca ceoil, Tony Mac Mahon.
Gearóid Mac Lochlainn, Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson agus Máire Ní Choilm a chuirfidh tús spreagúil leis na hoícheanta ar Dé hAoine 11 Bealtaine 2012 ag 8:30 i.n.
Tá sainaithne ag pobal na Gaeilge ar Bhiddy Jenkinson mar dhuine de mhórscríbhneoirí na linne seo agus is é Oíche Bhealtaine an leabhar is déanaí uaithi. Ina cuideachta, beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis Máire Ní Choilm as Mín an Iolair, Doire Beaga i dTír Chonaill a chroch léi duais mhór Chomórtas na mBan ag Oireachtas na Gaeilge i 2009. Criss-Cross. Mo Chara (CIC) an teideal atá ar an leabhar is déanaí ón scríbhneoir Gearóid Mac Lochlainn as Béal Féirste a bheidh ag léamh saothar leis ar an oíche. In éineacht leis beidh Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhamhránaí leis an mbanna reggae Gaeilge Bréag ag casadh amhráin sa stíl neamhgnáthach reggae.
Ar Dé hAoine 18 Bealtaine is iad Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin agus Tony Mac Mahon agus Steve Cooney a bheidh ag ceol, ag casadh agus ag léamh filíochta.
An tseachtain ina dhiaidh sin ar 15 Bealtaine cuirfear fáilte roimh Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus Doireann Ní Ghríofa a chuirfidh taispeántas ilghnéitheach eile den chéad scoth i láthair.
Tuilleadh eolais ar www.imram.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com - 10 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Céiliúradh file
As na Nuachtáin: The Hobbit as Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Imram #Conradh
Deontais ar fáil faoi Scéim na nImeachtaí Óige
Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2012 agus 30 Meitheamh 2013.
Tabhair faoi deara nach mbeidh Foras na Gaeilge ag dul i mbun aon chomhfhreagrais le hiarrthóirí i ndiaidh an spriocdháta go mbeidh an measúnú déanta. Mar sin de, cuirtear i gcuimhne do ghrúpaí gach ceist ar an fhoirm seo a chomhlíonadh agus gach ní ar an seicliosta a sholáthar roimh an spriocdháta. Má tá aon cheist ort faoi ghné ar bith den fhoirm ná den seicliosta, moltar duit teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.Tá an scéim seo oscailte d’aon ghrúpa nach eagraíocht bhunmhaoinithe iad agus glacfar le hiarratais go dtí 23 Bealtaine 2012.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com 11 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
Siamsaíocht IMRAM sa ChlubDrámaíocht na Gaeilge faoi bhláth
As na Nuachtáin: Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #deiseanna
Scéim Chónaithe TCD 2012-2013 oscailte
An bhfuil tú ag súil le bheith ag freastal ar Choláiste na Tríonóide mí Mheán Fomhair seo chugainn?
Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile?
Tá Oifig na Gaeilge Choláiste na Tríonóide ag glacadh le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí na chéad bhliana 2012-2013 le haghaidh 12 áit a líonadh.
Ní gá go mbeadh mic léinn na scéime ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge amháin, bíonn sé oscailte do mhic léinn atá a tabhairt faoi céimeanna eile, idir leigheas, dlí, an fhealsúnacht agus gnó. Fáiltítear roimh mhic léinn ó gach contae, Tuaisceart Éireann san áireamh.
Is éard atá i gceist le Scéim Chónaithe Dhartraí ná go ndíolfar deontais €1,000 le cur le costais chónaithe do mhic léinn na chéad bhliana ar choinníollacha áirithe.
Is iad sin ná go labhróidh na mic léinn Gaeilge ina saol laethúil san árasán ina bhfuil siad, go nglacfadh siad páirt ghníomhach in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne agus go gcomhlíonfar tuairiscí ag deireadh an chéad agus an dara téarma d’oifigeach na Gaeilge.
Bíonn sé de dhualgas ag mic léinn ar Scéim Chonaithe Dhartraí ócáidí éagsúla a eagrú leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc phobal Halla na Tríonóide, ar nós céilithe, turais, ciorcail chomhrá, tóraíocht taisce agus scóráil sciobhtha. Taistilíonn mic léinn na Scéime go hOireachtas na Gaeilge gach bliain chomh maith le bheith páirteach in imeachtaí Éigse na Tríonóide agus Seachtain Gaeilge an Choláiste.
Bhí an méid seo le rá ag Clár Johnson, iar-scoláire Scéim Chónaithe na Tríonóide faoina taithí féin:
“Mholfainn d’éinne a mbeadh an deis acu tabhairt faoin Scéim Chónaithe. Chuir sé go mór leis an taithí a bhí agam sa Choláiste, a bheith lonnaithe i saol na Gaeilge go buan. Tugann sé deis go háirithe do mhic léinn sa chéad bhliain a n-áit féin a bhunú sa suíomh is spreagúla agus is taitneamhaí sa Choláiste.”
Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais ar www.tcd.ie/gaeloifig.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 11 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
An bua ag Teaspach ag Craobh Siansa Gael Linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Scéim #TCD
An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar RnaG inniu
Mar pholaiteoir, d’oibrigh an tUachtarán Ó hUigínn go crua le cultúr na tíre agus an Ghaeilge a chur chun cinn, agus bhí baint lárnach aige le bunú Teilifís na Gaeilge, nó TG4. Bhí sé le cloisteáil go rialta ar chláracha ar Raidió na Gaeltachta le blianta anuas.
Ba i mí Aibreáin 1972 a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair, agus tá cuairt an uachtaráin ar cheann amháin de shraith imeachtaí atá beartaithe mar chuid den cheiliúradh.
Ar na hócáidí eile atá ar na bacáin tá coirmcheoil cheiliúrtha ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i mí Iúil, craoladh ó Rás an Volvo i gcathair na Gaillimhe, agus coirmeacha ceoil ceiliúrtha i dTír Chonaill agus i gCiarraí san fhómhair.
Bhí ábhar don cheiliúradh ag an stáisiún le déanaí nuair a bronnadh gradam don stáisiún raidió is fearr ar an stáisiún ag Féile na Meán Ceilteach I nDoire an mhí seo caite.
Tá mionshuíomh idirlín nua seolta ag an stáisiún freisin a bhfuil eolas le fáil air faoin gceiliúradh. Tá grianghraif agus físeáin stairiúla de chéad laethanta na seirbhíse, agus grianghraif ó ócáidí eile le blianta beaga anuas, le feiceáil air chomh maith. Tuilleadh eolais ar www.rte.ie/rnag40.
Foilsithe ar Gaelport.com 11 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Drámaiocht na Gaeilge faoi bhláth
As na Nuachtáin: Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #rnag40
Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo
Ceapadh an Connallach Eoghan Mac Giolla Bhríde ina Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo 2012 an tseachtain seo.
Tá an scéim seo á reáchtáil ar feadh 23 bliain ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ghlac leithéidí Ré Ó Laighléis, Seán Lysaght, Máire Holmes, John Breen, Paddy Bushe, Éilís Ní Dhuibhne, Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson páirt sa scéim thar na blianta.
Is as Gaoth Dobhair do Mac Giolla Bhríde ó dhúchas agus neart taithí scríbhneoireachta gnóthaithe aige le 10 mbliana anuas. Tá dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige – Idir Feoil is Leathar (Coiscéim, 2002) agus Díbeartaigh (Coiscéim, 2005).
Bhunaigh sé an comhlacht ilmheáin Éabhlóid sa bhliain 2008 a bhíonn ag plé le réimse leathan meán, idir foilsiú leabhar agus léiriú cláracha faisnéise.
Léirigh Mac Giolla Bhríde a chuid sár-scileanna aisteoireachta agus é sa phríomhpháirt sa scannán Silence a chomh scríobh sé féin le Pat Collins agus Sharon Whooley.
Bhuaigh sé mór-dhuais Michael Dwyer ag Gradaim Discovery ag Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Jameson dá ról féin sa scannán.
Mar chuid den scéim seo, beidh Eoghan Mac Giolla Bhríde ag stiúradh grúpaí scríbhneoirí agus ag tabhairt ceardlanna scoile.
Tabharfaidh sé léamh poiblí dá shaothar i Leabharlann Chaisleán an Bharaigh Dé Céadaoin 23 Bealtaine ag 7.00i.n.
Chomh maith leis sin beidh sé ag reáchtáil ceardlainne ar mhearfhicsean i Lóiste Loch an Éanaigh ó 7.30 go dtí 10.00 i.n. ar an 15 Bealtaine.
Le haghaidh spás a chur in áireamh is féidir ríomhphost a chur chuig mayoarts@mayococo.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 11 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Deis do chompántas dramaíochta i mBéal Feirste
An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar RnaG inniu
Drámaíocht na Gaeilge faoi bhláth
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge