Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Maoiniú na nEagras Gaeilge le plé ar TG4

$
0
0

Go dtí seo tá curtha in iúl go lom ag na heagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge, (An Chomhdháil ina measc) gur ionann Samhail Nua Mhaoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge agus deireadh a bheith á chur le hobair na n-eagras bunmhaoinithe. Chuir Foras na Gaeilge tús le hathbhreithniú ar mhaoiniú na n-eagras chomh fada siar le 2008 agus mhol an Foras ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ d’earnáil na Gaeilge.  Faoin tSamhail déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim.  I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Dar leis na heagrais bhunmhaoinithe go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. An mhí seo caite d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, ina mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.  Comhráiteas na nEagras - 17.01.12.pdf Is é an léamh atá ag na heagrais ar an tSamhail seo ná gur léir gur mian le Foras na Gaeilge obair na Gaeilge a dhéanamh feasta trí thairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana. Tá próiseas comhairliúcháin poiblí ar siúl faoi láthair i leith na samhla nua maoinithe, chun deis a thabhairt don phobal, do na heagraíochtaí Gaeilge agus d’eagraíochtaí  leasmhara eile ceistneoir a líonadh faoi na scéimeanna atá beartaithe sa tsamhail nua mhaoinithe.   Mar chuid den phróiseas seo, tionólfar ócáid phoiblí ag plé na samhla i ngach aon Chúige, ach níl dátaí na n-ócáidí sin fógartha go fóill. Ní hamháin go bhfuil an tsamhail féin cáinte ag na heagrais, ach tá locht faighte acu freisin ar an bpróiseas go dáta.  Dar le Kevin De Barra, Rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, go bhfuil an an t-athrú molta seo beartaithe, gan “aon taighde ar éifeachtacht nó ar éifeachtúlacht na n-eagras Gaeilge” agus go dtagann sé “go hiomlán i gcoinne dea-chleachtas idirnáisiúnta sa Phleanáil Teanga”. Deir De Barra go gcuireann an próiseas comhairliúcháin seo “cosc iomlán ar aon ionchur dáiríre ón bpobal, toisc nach ligtear cead don lucht freagartha aon tuairim a léiriú ach tuairim a thacaíonn leis an 8 scéim”. Sa bhreis ar cheistneoirí a líonadh, is féidir leis an bpobal a dtuairimí a léiriú trí aighneachtaí scríofa a chur chuig: Séan Ó Cearnaigh, Comhordaitheoir Freagairtí,  Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, roimh 4pm ar 02 Aibreán 2012. Beidh Páidí ó Lionáird sa chathaoir chun an scéal a chíoradh ina iomláine, agus an clár á chraoladh ar Tg4 ag 7.30pm. © Gaelport.com 07 Feabhra 2012

Deireadh le deontas Gaeltachta d'abháir oidí

$
0
0

Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil. Ag labhairt faoin gcinneadh dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh ceim ollmhór chun tosaigh glactha ag an Rialtas le foilsiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge.  Moladh sa straitéis go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus  go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta. Mhol an Chomhairle Mhúinteoireachta chomh maith gur chóir clár tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoir "Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta, arsa Julian de Spáinn. Foilsithe ar Gaelport.com 07 Feabhra 2012.

Tionól Niocláis Tóibín

$
0
0

Bhí clú agus cáil ar Niocláis Tóibín mar amhránaí den scoth agus mar fhear ciúin cóir dóibh siúd a raibh aithne acu air. Bhain sé Corn Ui Riada ag an Oireachtas trí bliana as a chéile ó 1961-1963. D’fhoilsigh Gael Linn dhá cheirín dá chuid sa bhliain 1963 agus LP sa bhliain 1977.  D’fhan sé dílis do cheantar na nDéise i gcónaí agus bhí baint ag an gceantar le go leor dá chuid amhrán, ach é sin ráite bhí os cionn 300 amhrán aige, ach an t-amhrán ba mhó a bhí luaite leis na an t-amhrán álainn sin Na Connerys" Beidh oscailt oifigiúil Tionól Niocláis Tóibín na bliana seo ar siúl ag 9pm ar an Aoine, 10 Feabhra i dTigh an Cheoil agus Bronnfar Gradam Nioclais ar an t-amhránaí clúiteach Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha ar an oíche. Beidh ceolchoirm le Cór Fear na nDéise agus seisiún ina dhiaidh sin. Ar an Satharn beidh ranganna Ceoil le ceoltóirí den scoth ar siúl i Meánscoil San Nioclás agus beidh Ceadal Ceoil idir mhúinteoirí agus daltaí ar siúl i ndiaidh na ranganna san iarnóin. Ag 3.30pm i gColáiste na Rinne beidh cairde Nioclais Tóibín ag bailiú lena chéile chun súil siar a chaitheamh ar shaol agus ar shaothar Niocláis Tóibín. Agus níos déanaí sa tráthnóna beidh Ceolchoirm an Tionóil ar siúl i Meánscoil San Nioclás. Beidh seisiúin breá ar siúl i dTigh Mhaonithe ina dhiaidh sin. Ar an Domhnach 12ú Feabhra i Séipéal San Nioclás, An Rinn beidh Aifreann á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Cór Fear na nDéise ag 11.30am agus beidh teacht le chéile ceolmhar ar siúl i dTigh Mhuirithe, Heilbhic i ndiaidh an Aifrinn chun clabhsúr bríomhar a chur le Tionól na bliana seo.   © Foisithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Eagrais Ghaeilge le buaileadh le comhchoiste Oireachtais

$
0
0

Beidh Julian de Spáinn, Ard- Rúnaí  Chnradh na Gaeilge  chomh maith le hÉamon Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta i láthair ag an gcruinniú  de chuid an choiste um  Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a bheidh faoi stiúir ag Ciarán Lynch TD. Cuirfear na hargóintí i gcoinne dúnadh oifig neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga  faoi bhráid an choiste agus déánfar iarracht cur in a luí ar na Teachtaí Dála agus Seanadóirí an tábhacht a bhaineann leis an oifig. Ar clár an lae chomh maith, táthar ag súil go bpléifear an obair atá ar bun ag Seachtain na Gaeilge, eagraíocht a bhíonn i mbun na n-imeachtaí  go léir a bhíonn ar siúl le linn na féile a chomhordú agus go bpléifear chomh maith struchtúr maoinithe na nEagras Gaeilge. In áit na samhla iomaíche molta ag Foras na Gaeilge, tá Aontas Phobal na Gaeilge ag moladh samhail comhpháirtíochta. Pléifear an moladh sin ag an gcruinniú agus táthar ag súil  tacaíocht an Chomhchoiste le hiarraidh ar an gComhairle Aireachta Thuaidh agus Theas chun na scéimeanna iomaíoch molta ag Foras na Gaeilge sa tSamhail Nua Mhaoinithe a chur ar leataobh agus samhail chomhpháirtíochta a aontú leo. ©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Feabhra 2012.

Gaeilge sna Coláistí

$
0
0

Cuireadh tús le hÉigse na Tríonóide ar 30 Eanáir agus bhí scoth na n-imeachtaí ar siúl ag an gCumann Gaelach idir bhricfeasta Gaelach, díospóireacht, cheoldráma agus sheisiún cniotála trí Ghaeilge. Bhí cuairteoirí spéisiúla ann le linn na seachtaine nuair a osclaíodh an Fhéile le Máirtín Tom Sheáinín agus ba iad Gabriel Rosenstock agus Máirín Nic Eoin mar aoichainteoirí ag Caint Mhór na Seachtaine. Bhí Gig Mór na hÉigse ar siúl leis an ngrúpa mór le rá Aslan le tacaíocht ó The Bonnymen, agus cuireadh críoch cheart leis an bhFéile ar an Aoine le seisiúin traid. Táthar ag súil leis an méid céanna buanna an tseachtain seo agus féilte Choláiste Naomh Pádraig agus Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath faoi lán seoil. Leanfaidh an dá fheile go dtí Aoine, 10 Feabhra le scoth na n-imeachtaí ar fáil an dá thaobh den chathair. I measc na n-imeachtaí beidh tráth na gceist, seisiúin cheoil agus Bál na Gaeilge, beidh roinnt léachtaí suimiúla ar siúl i gColáiste Naomh Pádraig mar chuid den tseachtain.  Beidh Peadar Tomáis Mac Ruairí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ann ar an Máirt agus pléifear stádas na Gaeilge ar an gCéadaoin nuair a thabharfaidh An Coimisinéir Teanga cuairt ar an gcampas i nDroim Conrach. Glacfaidh coláistí éagsúla páirt i nDíospóireacht na Seachtaine ar an gCéadaoin agus cuirfear deireadh leis an tseachtain le hAifreann Gaelach ar an Aoine. Tiocfaidh na coláistí ar fad le chéile i gClub an Chonartha le haghaidh Oíche na Mac Léinn ar an Mháirt agus beidh muintir COBÁC ina measc agus iad ag ceiliúradh a seachtaine Gaeilge féin. Tá amchlár iontach curtha le chéile amuigh i mBelfield don tseachtain idir sheisiúin traid, gig mór le The Dirty Nines  agus Aslan, agus oíche Dáta Dall.  Titfidh na himeachtaí amach i mBeár na Mac Léinn agus gan amhras, aithneofar muintir na Gaeilge COBÁC agus na céadta geansaithe ‘No Béarla’ le feiceáil timpeall na cathrach. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Tuairisc ar an nGaelscolaíocht

$
0
0

Foilsíodh tuairisc nua de chuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste na Tríonóide, Growing Up In Ireland ar 26 Eanáir. Bunaíodh torthaí na tuairisce ar shuirbhé, a raibh páistí 9 mbliana d’aois timpeall na tíre páirteach ann, a mheas na gníomhaíochtaí oideachais agus caitheamh aimsire a bhí acu. Dar le torthaí an tsuirbhé, bíonn páistí Gaelscoile páirteach i gcaitheamh aimsire cultúrtha seachas bheith in ionad spóirt amháin nó ag amharc ar an teilifís, níos mó ná grúpa ar bith eile.  Dúradh go bhfuil páistí Gaelscoile, go háirithe cailíní, níos dearfaí faoin léamh agus caitheann siad níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire ná páistí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeltachta. Léirigh an tuairisc go bhfuil curaclam níos leithne á chur ar fáil i nGaelscoileanna, áit a bhfuil níos mó béime ar ábhair éagsúla ar nós na Drámaíochta, an Cheoil agus an Chorpoideachais.  Tuairiscíodh leis an toradh sin go n-úsáidtear na hábhair seo níos minice i nGaelscoileanna mar mhodhanna do mhúineadh na Gaeilge. Anuas ar sin, tá páistí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge.  Deir 45% de pháistí Gaelscoile agus beagnach 40% de pháistí i scoileanna Gaeltachta go dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’.  Ach dar leis an tuairisc, níl ach 20% de pháistí i scoileanna Béarla a dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’ agus deir 30% nach dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘riamh’. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Áiseanna foghlamtha Gaeilge anois ar iTunes

$
0
0

Is togra é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, comhpháirtíocht ar cuireadh tús léi cúpla bliain ó shin agus bhí áis nua foghlama den scoth le feiceáil le linn an tseolta i gCarna. Cnuasach saibhir fuaime, fís amhráin dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid de thionscadal taighde atá curtha i gcrích ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Tá an áis nua iontach seo, arna mhaoiniú ag COGG, dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán- Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Tá os cionn 300 mír éagsúil ar fáil le seálta gleoite An Gúm agus tá físeán eolaíochta don teastas sóisearach á chur i láthair ag an múinteoir agus láithreoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin mar mhír thábhachtach ar an áis. Tá na scéalta agus míreanna staire le cloisteáil i gcanúintí Uladh, i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Chonnacht. Is é an aidhm is mó a bhí leis ná daoine óga a mhealladh ar ais chug nósanna a bhíodh ann blianta ó shin agus iad a chur ar an eolas maidir le cultúr agus seanchas na tíre. Tá an áis nua foghlama seo ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Slí Cholmcille i nDoire Cholmcille

$
0
0

Déanfar comóradh ar shaol agus ar thionchar Cholmcille i gcathair Dhoire ar  Satharn, 9 Meitheamh 2012 le turas idireaglasta trí Ghaeilge.

D’ardaigh sé a sheol as Doire agus thug sé aghaidh ar Albain.  Bhunaigh sé a mhainistir ar Oileán Í agus thug sé faoi mhuintir na hAlbain agus muintir na hÉireann a mhealladh go saol na Críostaíochta.

D’éirigh leis an misinéir Éireannach dár ndóigh agus siúlfar seanbhealach oilithreach Dhoire Cholmcille ar an lá, rud a rinneadh sa mheánaois, mar chuid de cheiliúradh Lá Fhéile Cholmcille.

Is é An Tor ar Lasadh, grúpa Preispitéireach Gaeilge, atá i mbun an turais i gcomhar leis na heaglais rannpháirtithe agus Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann.

Turas idireaglasta trí Ghaeilge a bheidh ann don chuid is mó, agus cuirfear fáilte roimh dhaoine gan Gaeilge acu tabhairt faoin siúlóid.

An Turas
Cuirfear tús leis an turas ag 2.00in ag an Guildhall , áit ina bhíodh Port na Long suite agus an áit chéanna a tosaíodh turas na n-oilithreach sa Mheánaois.

Leanfar an seanbhealach oilithrigh as sin go dtí an Eaglais Phreispitéireach ar Magazine Street agus ar aghaidh go hEaglais Naomh Agaistín, áit ar bunaíodh an chéad eaglais i nDoire sa 6ú céad.

Críochnóidh an turas ag An Long Tower, suíomh An Teampaill Mhóire agus an Iompaithe Deisil.  Ba phríomheaglais é An Long Tower sa 12ú céad nuair a bhí mainistir Dhoire mar cheannaire ar eaglaisí Cholmcille na hÉireann.  Beidh An Long Tower mar shuíomh an ionaid nua stairiúla, Áras Cholmcille, ionad cultúrtha a bheidh tiomnaithe do shaol agus shaothar Cholmcille.    

Tá gach eolas maidir leis an turas ar fáil ó Mhaolcholaim:  mscott@forasnagaeilge.ie nó 028 90 890 983.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann

Cultúr na nDéise le ceiliúradh ag Comhdháil na nDéise

As na Nuachtáin - Gaeilge le Chéile na Míosa

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Colmcille


Bille Gaeltachta 2012 ar na bacáin

$
0
0

Tá dhá phríomhaidhm leis an mBille: sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.Is í seo an chéim is déanaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus beidh impleachtaí móra ann do mhuintir na Gaeltachta agus ar an tuiscint atá againn  go léir ar cheantair Ghaeltachta.Thug an tAire Stáit Dinny McGinley TD le fios inné go mbeidh an sainmhíniú bunaithe ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.  Níor tháinig aon athrú suntasach ar an sainmhíniú ar na ceantair Ghaeltachta ó na 1950í agus sa bhliain 2002 mhol Coimisiún na Gaeltachta gur cheart limistéir na Gaeltachta a athstruchtúrú.Ina dhiaidh sin, mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht  (2007) gur cheart trí limistéir a leagadh amach bunaithe ar chritéir theangeolaíoch. Tugadh le fios sa staidéar sin go raibh trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta: Limistéir Ghaeltachta Chatagóir A a chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá  ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge; Limistéir Ghaeltachta Chatagóir B a chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66%  dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus limistéir Ghaeltachta Chatagóir C a chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.Tiocfaidh athrú ar an tuiscint atá againn ar an nGaeltacht lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta chomh maith. Leagtar amach sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta aitheantas Gaeltachta a bhaint amach faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu chomh maith. Déanfar foráil reachtúil do ‘Gaeltacht gréasáin’, a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh cnap bunúsach criticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge; agus déanfar foráil reachtúil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirfear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley TD gur chuir sé fáilte roimh chinneadh an Rialtais. “Is reachtaíocht thábhachtach í seo a chuirfidh ar chumas mo Roinne na céimeanna cuí a thógáil chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfaidh feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht”, a dúirt sé.Tá athruithe móra i ndán do Údarás na Gaeltachta chomh maith. Déanfar leasuithe ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta ach is cinnte go mbeidh próiseas ceapacháin bhord an Údaráis go mór ina chnámh spairne mar tiocfaidh deireadh le toghcháin do bhord an Údaráis agus ar an líon comhalta atá tofa ar bhord an Údaráis.  © Foilsithe ar Gaelport.com 08 Feabhra 2012.

Duaiseanna Ghlór na Gael le fógairt ar SBB Tráthnóna

$
0
0

Ba iad muintir an bhaile, Carn Tochair, Co. Doire, a chroch leo an duais i 2010 agus beidh buaiteoir na bliana seo ag súil le mórdhuais €40,000.   Mar aon leis an bpríomhdhuais a bhronntar gach bliain, bíonn duaischiste €150,000 le bronnadh ar choistí deonacha Gaeilge ar fud na tire. Tugtar aitheantas do choistí le cúnamh fostaíochta agus gan chúnamh fostaíochta a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa phobal áitiúil.   Bíonn aitheantas chomh maith ag dul do chumainn Gaeilge agus d’eagraíochtaí Gaeilge idirnáisiúnta leis na duaiseanna speisialta a mbíonn luach €70,000 orthu san iomlan.   Beidh torthaí na gcomórtas oideachas á fhógairt ar 25 Feabhra ag ócáid bhronnadh na nduaiseanna in óstán Carton House i Maigh Nuad, Co. Chill Dara. © Foisithe ar Gaelport.com - 8 Feabhra 2012

Daithí Ó Sé ar chuairt ar Cheatharlach

$
0
0

Tá fiche amhrán roghnaithe don chomórtas náisiúnta. Roghnófar buaiteoir amháin agus rachaidh sé nó sí san iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ó na tíortha Ceilteacha eile  ag an bhFéile Phan-Cheilteach a bheidh ar siúl  i gCeatharlach ón 10-15 Aibreán. Tá an comórtas oscailte d’amhráin thraidisiúnta, do phopamhráin, d’ amhráin tíre agus d’amhráin rac cheiltigh ach ní foláir do na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus a bheith as Gaeilge. Is iad na moltóirí a bheidh i láthair ná Seán Ó Sé, Niamh de Búrca agus Seán Ó Briain agus déanfar measúnú ar na hamhráin bunaithe ar liricí, ceol agus cur i láthair an amhranaí ar an oíche. Tá ticéid fós ar díol agus beidh an cheolchoirm seo mar bhuaicphointe imeachtaí Sheachtain na Gaeilge sa cheantar. Cuirfear tús leis an gcomórtas ag 8 i.n.  Tuilleadh eolais ar fail ar 059  9158105. ©Foilsithe ar Gaelport.com 08 Márta 2012. Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #FéilePhanCheilteach

Rith 2012 ar an mbóthar anois!

$
0
0

"Tugann ócáidí mar seo deis do gach uile dhuine teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge ar bhealach dearfach,spraíúil agus tugann sé spreagadh dóibh ár bpríomhtheanga náisíúnta a úsáid, fiú mura bhfuil acu ach an cúpla focal", a dúirt an tAire Stáit. Is í seo an dara bliain atá an t-ollrith náisiúnta seo ar siúl agus tá sé eagraithe mar chuid d'imeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge 2012’. Sa deich lá amach romhainn, táthar ag súil go rithfidh na mílte duine ar son na Gaeilge ar thuras iomlán de 1000 cileaméadar trí bhreis  agus 200 baile agus 15 contae.    Foilsithe ar Gaelport.com 08 Márta 2012. Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #snag #rith

Aighneachtaí á lorg -Comhairle Chontae Chill Mhantáin

$
0
0

Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidís ar chaighdeán níos airde. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí thar 3,000 focal. B’fhearr na haighneachtaí, a chuirfear ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na nÚdarás, a sheoladh go leictreonach chuig oifgaeil@wicklowcoco.ie. De rogha air sin, is féidir iad a chur sa phost chuig Oifigeach Gaeilge, Seirbhísí Corparáide, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Áras an Chontae, Cill Mhantáin.   Is é an dáta deireanach chun aighneachtaí a bheith faighte ná 5i.n. Déardaoin an 5 Aibreán 2012. Tá tuilleadh eolais ar an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.   Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.       Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:   http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.     Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 8 Márta 2012

Deis do chompántas dramaíochta i mBéal Feirste

$
0
0
Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste ag lorg chompántas drámaíochta le geamaireacht Nollag a chur ar siúl sa Chultúrlann do lucht na mbunscoileanna/naíscoileanna lán-Ghaeilge ar feadh seachtaine i mí na Nollag 2012.
Fáilteofar roimh iarratais ó chompántais Ghaeilge ar bith a bhfuil taithí cruthaithe acu san earnáil seo.

Ní mór cur síos ar idir chúlra/stair an chompántais agus bunsonraí faoi ábhar na geamaireachta a bheith mar chuid den iarratas.

Is féidir tuilleadh eolais, mar aon le treoracha d’iarrthóirí, a fháil ó bhainisteoir imeachtaí na Cultúrlainne, Frainc Mac Cionnaith, ag proinsias@culturlann.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 
20 Meitheamh 2012

Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, ionad cultúrtha agus siamsaíochta Gaeilge  ar an fhód i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste ón bhliain 1991 i leith. 

Is fostóir comhdheiseanna í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh na Cultúrlainne ar fáil ar www.culturlann.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com 08 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #deiseanna

Dea-scéal do na healaíona dúchasacha sa Spidéal

$
0
0

Tá sé fógraithe ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich go bhfuil allúntas de luach €110,000 ceadaithe aige do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh le dul chun cinn an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta dúchais sa cheantar Gaeltachta.

Mhol an tAire dea-obair an ionaid chultúrtha i speagadh na n-ealaíona dúchasacha agus caighdeán na múinteoirí ata fostaithe ann. Cuideoidh an t-airgead go mór le caomhnú na hoidhreachta sa Ghaeltacht trí mhúineadh an cheoil thraidisiúnta, damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós agus aon mheán ealaíona eile go dtí an chéad ghlúin eile.

Dúirt an tAire go bhfuil “ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin dóibh féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre”.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 8 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Slí Cholmcille i nDoire Cholmcille

As na Nuachtáin: Easaontas idir RTÉ agus RnaG

As na Nuachtáin: Irish language bodies welcome report

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Próiseas Comhairliúcháin maidir le maoiniú na nEagras Gaeilge fógartha

$
0
0

Tabharfar cuireadh don phobal, do na heagraíochtaí Gaeilge agus d’eagraíochtaí  leasmhara eile ceistneoir a líonadh faoi na scéimeanna atá beartaithe sa tsamhail nua mhaoinithe. Fógraíodh chomh maith go dtionólfar ócáid phoiblí i ngach aon Chúige agus go mbeidh fócasghrúpaí le reáchtáil mar chuid den phróiseas.Faoin tsamhail nua, tiocfaidh athrú suntasach ar an mbealach ina dtabharfar maoiniú do na heagrais Ghaeilge. In áit bunmhaoiniú bliantúil, beidh ar na heagrais cur isteach ar na scéimeanna áirithe mar atá luaite sa tsamhail nua.Bhí sé mar údar imní do na heagrais Ghaeilge anuraidh nár tugadh aon aird ar na hargóintí a bhí a dhéanamh i gcoinne na samhla agus d’iarr an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 sheachtain a chur ar fáil go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe.Deir Foras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm ag an athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras a chinntiú go bhfeabhsófar an bealach ina gcuirtear seirbhísí agus eolas ar fáil do phobal na Gaeilge, earnáil inmharthana, chumasach a chinntiú agus luach níos fearr ar airgead a fháil.Fógraíodh go mbeadh an tsamhail bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha agus bunphrionsabail pleanála teanga; stádas, cumas agus úsáid. Déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh de na hocht scéim, ina measc: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Deir Foras na Gaeilge go mbeidh aon eagraíocht amháin nó líon teoranta eagraíochtaí, más gá ag feidhmiú gach scéime.Cuireadh tús leis an bpróiseas athbhreithnithe  ar  na 19 n-eagraíocht Ghaeilge bhunmhaoinithe chomh fada siar le 2008. Tá 7 gcinn de na heagrais lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus 12 eagras lonnaithe sa Deisceart.Chuir Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit le freagracht speisialta as Gnóthaí Gaeltachta agus Carál Ní Chuilín CTR, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart, fáilte roimh an seoladh inniu.Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin go dtí 02 Aibreán. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.Beidh tuilleadh eolais agus plé faoin bpróiseas comhairliúcháin agus faoin athbhreithniú sa nuachtlitir Eolas a fhoilseofar amárach ar Gaelport.com ©Foilsithe ar Gaelport.com 09 Eanáir 2012

Dónal Ó Braonáin, OÉ Gaillimh le Tóstal na Gaeilge a oscailt go hoifigiúil

$
0
0

Le linn eochairchaint an Tóstail tabharfaidh an tUasal Ó Braonáin forléargas ar chlár na comhdhála agus díreofar ar roinnt cheisteanna comhaimseartha a bhaineann le stádas agus le cearta teanga agus mar a bhaineann na hábhair seo le cur chuige agus cultúr na gceart trí chéile.   Cuirfear tús le himeachtaí an Tóstail ar 10am ar Dé Sathairn, 14 Eanáir 2012 san Óstán Hilton, Plás Charlemont Baile Átha Cliath 2.  Comhdháil lae atá i gceist le scoth na gcainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus iad ag díriú ar na bealaí ar féidir stádas na Gaeilge faoin mBunreacht a threisiú tríd an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.   Tar éis eochairchaint Uí Bhraonáin, déanfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin cur síos ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus ansin cloisfear moltaí praiticiúla chun cinn ó shaineolaithe idirnáisiúnta amhail: an tOllamh Colin Williams, (An Bhreatain Bheag); An tOllamh François Grin, (An Eilvéis), agus Dr Wilson McLeod (Albain). Labhróidh painéal de shaineolaithe agus de ghníomhairí teanga ina dhiaidh sin agus iad ag cur moltaí chun cinn maidir leis na céimeanna ar féidir a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do stádas na Gaeilge faoin mBunreacht tríd an Acht Teanga.  Orthu siúd a labhróidh le linn an tseisiúin seo, beidh Dr John Walsh, OÉ Gaillimh, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael, Máire Seosaimhín Breathnach, Comhairle Contae Phort Láirge, Cóilín Ó Cearbhaill, Conradh na Gaeilge, agus Dr Janet Muller, POBAL. Tabharfar deis don phobal páirt lárnach a ghlacadh sa phlé i rith an lae, agus beidh fóram oscailte ann um thráthnóna chun mionchíoradh a dhéanamh ar na topaicí ar fad a ardaítear le linn na Comhdhála.  Tarraingeoidh Dr Peadar Ó Flátharta, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath na tátail ar fad le chéile agus é ag déanamh cur síos ar chonclúidí an Tóstail. Ag labhairt dó faoi Thóstal na Gaeilge 2012 dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Tá clár cuimsitheach ábhartha curtha le chéile againn don Tóstal arís i mbliana, agus mórcheisteanna na teanga faoi chaibidil ag scoth na gcainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Tá ionchur an phobail ar na ceisteanna seo ríthábhachtach, agus táimid ag súil go mór na ceisteanna seo a chíoradh le pobal na Gaeltachta agus le lucht labhartha na Gaeilge timpeall na tíre”. Tá cead isteach chuig Tóstal na Gaeilge saor in aisce, ach iarrtar orthu siúd a bheidh i láthair clár roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Clár Johnston, T: 00 353 1 679 4780 R: cjohnston@comhdhail.ie.  Tá clár an Tóstail ar fáil ag www.gaelport.com/tostal2012.     © Gaelport.com 09 Eanáir 2012

Naíonraí á bhforbairt i Loch Garman

$
0
0

Beidh FNT ann ag bualadh le muintir naíonraí na háite mar chuid den tsraith clinicí náisiúínta atá á reáchtáil acu faoi láthair.   Eagraíodh an tsraith náisiúnta le deis a thabhairt do naíonraí ar fud na tíre bualadh le foireann na heagraíochta agus ábhair na hearnála a phlé leis an bhfoireann eolach.   Beidh FNT ag tabhairt cuairte ar naíonraí áitiúla nach mbeidh i láthair ag an gclinic le linn an lae, ionas go mbeidh deis acu aithne a chur ar a chéile agus ábhair a ardú leo.   Cuirfear fáilte roimh stiúrthóirí agus foirne naíonraí áitiúla freastal ar an gclinic a bheidh ar siúl idir 3.30in agus 6.00in, Déardaoin 15 Márta sa Riverside Park Hotel, An Phromanáid, Inis Córthaidh.   Deis iontach a bheidh inti do lucht na hearnála bualadh le chéile, plé ceart a dhéanamh ar chursaí Naíonraí na hÉireann, agus comhairle a fháil ón eagraíocht bhunaithe, eolach.   Iarrtar ceisteanna don chlinic a chur chuig eolas@naionrai.ie roimh ré ionas go mbeidh gach eolas bailithe ar gach ábhar ar leith.   Tá tuilleadh eolais ar fail ó Chlíona Frost ar 086-0403709; nó seol ríomhphost chuig eolas@naionrai.ie.       ©Foilsithe ar Gaelport.com - 9 Márta 2012

Dearcadh dlithiúil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

$
0
0

Is é an tOllamh Gerry Whyte, atá ina shaineolaí ar an dlí bunreachtúil a osclóidh an ócáid a bheidh ar siúl Dé Sathairn 21 Eanáir 2012 ag 10 a chlog i Mol an tSeomra Fhada (The Longroom Hub) san Ollscoil. Beidh cearta teanga á bplé i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na n-athbhreithniúchán atá ar siúl faoi láthair.  D’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mí na Samhna  go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán poiblí ag deireadh na míosa seo. Ar an lá, beidh aitheasc ann ón Choimisinéir Téana, Seán Ó Cuirreáin, agus tabharfaidh an Coimisinéir éachtaint ar an obair atá ar bun ag a Oifig go praiticiúil agus é i mbun monatóireachta  ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí.  Agus beidh léargas an oifigigh Gaeilge á chur i láthair ag Aonghus Dwane ó Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach san ollscoil. Beidh saoithe eile ag labhairt ag an ócáid - ina measc, an cleachtóir dlí, Daithí Mac Cárthaigh. Cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí a bheidh á phlé aige sa dara seisiún a bheidh ar siúl roimh lón. Ar an ardán leis beidh tabharfaidh Julian de Spáinn, Ard- Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta léargas ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú. Chomh maith leis sin, tabharfar an deis don phobal a dtuairimí a chur in iúl ag fóram plé a bheidh á stiúradh ar an lá ag an iriseoir Emer Ní Chonaola. Baileofar an t-eolas go léir agus cuirfear tuairisc faoi bhráid na Roinne bunaithe ar imeachtaí an lae. Cuirfear fáilte roimh an phobal ar fad, dlí-chleachtóirí agus mic léinn a bhfuil suim acu i gcearta teanga ach go háirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Aonghus Dwane ar 087 6232841 agus ar http://www.tcd.ie/gaeloifig. ©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012

Cóip den leabhar Luaithreach Angela le buachan

$
0
0

Ar an 10 Deireadh Fómhair ag ócáid mhór i Músaem Frank McCourt i gcathair Luimnigh rinne An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan, T.D. an leagan Gaeilge don leabhar seo a sheoladh go hoifigiúil agus i lár na míosa seo caite bhí plé agus cur síos ar an leabhar ag ócáid mhór i Lárionad Éireannach Nua-Eabhrac. Ba iad Ionad na Scríbhneoirí i gcathair Luimnigh a d’fhoilsigh an leabhar seo i Luimneach agus cé go bhfuil an leabhar seo ar fáil i bhfiche cúig teanga ar fud na cruinne faoi dheireadh tá lúcháir orthu agus iad ag ceiliúradh an leagain nua-fhoilsithe Luaithreach Angela, Angela’s Ashes leis an scríbhneoir clúiteach Frank McCourt atá aistrithe go Gaeilge anois ag an scríbhneoir cumasach Pádraic Breathnach. Seoladh an leabhar Angela’s Ashes ar dtús sa bhliain 1996.  Seo leabhar iontach a bhfuil ardmholadh faighte aige ó na léirmheastóirí agus bhain an leabhar gradam domhanda amach agus cúpla bliain ina dhiaidh sin rinneadh scannán as. Rugadh Frank McCourt i Brooklyn i Nua-Eabhrac sa bhliain 1930, Is scéal gruama, dorcha, tragóideach, fuar é seo a chuireann síos ar a shaol agus an bochtaineacht agus é ina stócach óg ag fás anois i gcathair Luimnigh. Leis an leagan Gaeilge den leabhar áirithe seo déanann Pádraic Breathneach aistriúchán iontach chun nach gcaileann an léitheoir amach ar aon ní den scéal mar a bhí sé sa Bhéarla. Ceist na seachtaine seo: Cá rugadh Frank McCourt? •    San Francisco          •    Londain        •    Luimneach           •    Nua-Eabhrac      Seol freagraí agus ainm chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae Déardaoin, 19 Eanáir 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Mary Finn as Co. Chorcaí a bhuaigh duais mhór na Nollag, deireadh seachtaine soar in aisce in Óstán an Seven Oaks le linn Féile Phan Cheilteach i gCeatharlach i mí Aibreáin 2012. ©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012.
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>