Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

$
0
0
Foilsíodh staitisticí nua inniu a thugann léargas ar stádas na Gaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht. Bailíodh na staitisticí mar chuid de scéim labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2010/2011. Tháinig deireadh leis an scéim ag deireadh na scoilbhliana seo caite.
Rinne 3,370 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain 2010/2011 agus thuill 2,760 teaghlach deontas faoin scéim – 2,322 teaghlach a thuill an deontas iomlán agus 438 teaghlach eile a thuill an deontas laghdaithe.

I gcomparáid leis an scoilbhliain roimhe sin, tháinig méadú beag ar líon na n-iarratasóirí agus tháinig laghdú beag ar líon na n-iarratasóirí rathúla.

Faoin scéim d’íoc an Roinn deontas in aghaidh na scoilbhliana le teaghlaigh sa Ghaeltacht má shásaigh siad an Roinn gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha agus go raibh an líofacht nádúrtha acu dá réir.

Bhí an scéim ar an bhfód ó na 1930í ach ceapadh go raibh easnaimh sa scéim agus tá molta ag an rialtas clár tacaíochta teaghlaigh a chur ar fáil ina háit.

Ar na heasnaimh ba mó a bhain leis an scéim,  luadh nár fhreastal sé ar pháistí ar aois réamhscoile agus nach raibh bunús  láidir teangeolaíoch leis. Thagair Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD don laige sin sa ráiteas a eisíodh inniu.

"Tá sé aitheanta go forleathan ar feadh i bhfad nach raibh Scéim Labhairt na Gaeilge, dá fheabhas í, ar an scéim ba éifeachtaí chun tacú leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Aithníodh go príomha nach raibh mórán tionchair ag an scéim sin ar iompar teanga theaghlaigh na Gaeltachta a raibh páistí ag aois réamhscoile iontu”, a dúirt sé.

Os a choinne sin áfach bhí saineolaithe agus eagraíochtaí ag brath ar staitisticí na scéime mar shlat tomhais ar láidreacht agus laigí na teanga i gceantair Ghaeltachta.

I gCúige Chonnacht bhí laghdú beag ar líon na dteaghlach a rinne iarratas ar an scéim i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh le céatadán níos fearr an deontas a fháil.

I nGaillimh bhí titim beag ar líon na dteaghlach a fuair an deontas ó 1058 sa scoilbhliain 2009/2010 go 1025 teaghlach anuraidh.

Fuarthas níos mó iarratas i nDún na nGall an bhliain seo caite ná mar a bhí ann an bhliain roimhe sin agus bhí titim beag ar an líon teaghlach a thug an deontas leo.

I gCiarraí bhí méadú beag ar an lion teaghlach a chuir iarratas isteach ach ba figiúir seasmhach a bhí ann ó thaobh an líon teaghlach ar bronnadh an deontas orthu.

 

 

D’fhógair an Rialtas Scéim Tacaíochta Teaghlaigh ag tús mhí na Bealtaine Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu agus beidh an Roinn ag cur pacáistí tacaíochta ar fáil ar iarratais ó thuismitheoirí.

D’fhoilsigh  The Irish Times tuairisc le déanaí áfach a thug le fios nach raibh ach 13 iarratas faighte ag an Roinn ó thuismitheoirí ag lorg an phacáiste eolais. Tá sé mar chuspóir ar an gclár nua seo go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus í threisithe mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht.

© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Clár tacaíochta teaghlaigh le teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge

“Easpa Iontaoibhe” ag eagrais Ghaeilge as Próiseas Comhairliúcháin an Fhorais

Corn an Aire ag fanacht i dTir Chonaill arís

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht #SLG

Leasuithe sa tSamhail Mhaoinithe molta ag Comhchoiste Oireachtais

$
0
0
Tá leasuithe suntasacha molta ag  an gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht  don tSamhail Nua Mhaoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste i dTeach Laighean inniu. Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na neagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo.

Sa tuairisc moltar gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar fíorthábhachta  a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Is léir go mbeidh cuíchóiriú de shaghas éigin i gceist don earnáil amach anseo agus moltar gur cheart go mbeadh an múnla nua bunaithe ar scéimeanna.

Sa chás sin bheadh freagrachtaí agus dualgais na rannpháirtithe go léir soiléir ón tús agus bheadh an scéim bunaithe ar chomhaontú idir Foras na Gaeilge agus an eagras agus go mbeadh sin socraithe le conradh seirbhíse a mhairfeadh idir aon bhliain amháin agus cúig bliana.

Easnaimh Straitéiseacha
I mí Bealtaine 2010, d'fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe, a bhí "glanta i bprionsabal" ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas. 

Punann scéimeanna atá i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla. Tá an tSamhail á phlé go forleathan ó shin i leith idir na heagrais bhunmahoinithe, Foras na Gaeilge agus sna meáin chumarsáide.

Tugtar le fios sa tuarascáil áfach nach bhfuil straitéis uileghabhálach nó creatlach teoiriciúil ina bhfuil an tsamhail mhaoinithe nua fréamhaithe ann go sonrach.

Sa tuarascáil a foilsíodh inniu moltar gur cheart do Fhoras na Gaeilge plean straitéiseach a ullmhú ina leagfaí amach conas a chuirfear leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus leis an Straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an maoiniú a bheidh á gcur ar fáil do na heagrais. 

Moltar freisin gur cheart go mbeadh an straitéis sin bunaithe ar prionsabail pleanála teanga agus go dtabharfadh sé aird ar riachtanais na hearnála deonaí.

Faoi láthair tá 19 eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.Tá an múnla  reatha mhaoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram ocht n-eagras déag Gaeilge a bhí ag fáil maoiniú ón dá Stát go dtí an comhlacht.

Moltar ann go ndéanfar measúnú ar obair na neagras bunaithe ar róil agus freagrachtaí na n-eagras; soláthar tíreolaíoch, an ról atá saorálaithe san obair agus rialachs corparáideach gach eagraíochta. 

Neamhspleáchas
Luaitear sa tuarascáil chomh maith go mbeadh impleachtaí ann do neamhspleáchas na neagras faoin tsamhail reatha. Deirtear go  méadaíonn an tSamhail “an ceannas atá ag Foras na Gaeilge ar a gcuid acmhainní agus laghdaíonn sé neamhspleáchas na n-eagras maoinithe”.

Agus é ag seoladh na tuarascála dúirt Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh TD  go mbeidh na moltaí á gcur ar aghaidh chuig an Rialtas agus dúirt sé go raibh sé ag súil go ndéanfaidh an Rialtas breithniú cúramach ar an moltaí. Tá an tuarascáil ar fáil le léamh anseo.

Ceisteanna Dála
Ach ní hé an tuarascáil an t-aon rud ó thaobh na Gaeilge de a bheidh á phlé i dTeach Laighean inniu nuair a thiocfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Dinny Mc Ginley T.D. os comhair na Dála ag 2.30pm chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.

Cuirfear réimse leathan de cheisteanna ar an Aire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley TD lena n-áirítear An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Oifig an Choimisinéara Teanga agus Campaí Samhraidh Gaeltachta.

Cuirfear ceist air maidir le líon na gcruinnithe a thionól Coistí idir-Rannacha atá freagrach as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na torthai atá bainte amach acu.

Iarrfar air chomh maith an bhfuil sé i gceist ag an Roinn athrú a dhéanamh ar scéimeanna na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Cuirfidh Pádraig Lochlainn ó Shinn Féinn ceist air an bhfuil i gceist ag an Roinn scéim cosúil le Líofa 2015 a chur ar fail sa stat seo. Anuas iar sin, cuirfear ceist air maidir le hOifig an Choimisinéara a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus léiriú a dhéanamh ar shábhailtí airgid dá bharr.

© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


“Easpa Iontaoibhe” ag eagrais Ghaeilge as Próiseas Comhairliúcháin an Fhorais

Assembly concern at proposed changes to Irish language funding

Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht #samhail

 

 

 

 

Ráitis na nEagras ar mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais

$
0
0
Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar maidin agus moladh go gcuirfí roinnt leasuithe suntasacha i bhfeidhm sa mhúnla maoinithe atá beartaithe do na heagrais dheonacha. Tá tuairisc iomlán ar fáil anseo ach seo chugaibh tuairimí na n-eagras mar a scaipeadh ar na meáin iad ar maidin.

Conradh na Gaeilge:

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an moladh go mba cheart bunmhaoiniú a thabhairt do na heagrais chomhpháirtíochta Ghaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge, agus nár cheart scéimeanna a chur ar forthairiscint iomaíocht, de réir na tuairisce a d'eisigh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht inniu (Dé Céadaoin, 06 Meitheamh 2012).
 
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge agus Aontas Phobal na Gaeilge ag moladh córas comhpháirtíochta chun luach airgid agus seirbhís níos éifeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, tríd na heagrais a chur ag obair le chéile, ní tríd iad a chur in iomaíocht lena chéile, agus is mór an tacaíocht í go n-aontaíonn an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht leis an moladh seo."
 
Thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge i mí na Nollag 2009 agus mar thoradh air seo, d’fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe i mí na Bealtaine 2010.
 
Cé nár moladh córas scéimeanna iomaíoch oiread agus uair amháin sa trí thréimhse sa phróiseas comhairliúcháin le hearnáil agus le pobal na Gaeilge go dtí seo, is é sin a bhí á moladh ag Foras na Gaeilge sa phunann Dréachtscéimeanna faoin tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe, áit go mbeadh iarratasóirí á maoiniú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal agus ar bhaint amach na spriocanna leagtha síos ag an bhForas, seachas ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.
 
Arsa Ó hAodha: "Is léir ón tuairisc a eisíodh inniu go dtuigeann an Comhchoiste na deacrachtaí airgeadais gur ghá d'earnáil dheonach na Gaeilge a shárú trí athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcóras maoinithe, ach go dtuigeann siad freisin an luach a bhaineann le hobair na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe, agus na fadhbanna dosháraithe a bheadh acu ag feidhmiú laistigh den tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe a bhí á moladh ag Foras na Gaeilge go dtí seo."
 
Rinne Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Aontas Phobal na Gaeilge cur i láthair don Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht ar cheist Oifig an Choimisinéara Teanga, agus ar cheist mhaoiniú Sheachtain na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí Gaeilge eile amach anseo, ar an 08 Feabhra 2012; d'imigh Foras na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste céanna ar an 28 Feabhra 2012.
 
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ba mhór againn an deis labhairt leis an gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht faoin mbuaireamh agus faoi na fadhbanna a bhí ag Conradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na teanga, i dtaca le Samhail Nua Mhaoinithe bheartaithe Fhoras na Gaeilge. Is dul chun cinn ríthábhacht é don phróiseas comhairliúcháin atá ag dul ar aghaidh maidir le maoiniú na hearnála Gaeilge tuairisc an Chomhchoiste seo, ó tá tacaíocht traspháirtí aige."
 
Tá Conradh na Gaeilge anois ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge agus ar CATT moltaí ríthábhachtacha an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a ghlacadh san áireamh in aon chóras maoinithe nua, ina measc nár cheart scéimeanna a chur ar forthairiscint iomaíocht, agus go mba cheart go bhfreastalóidh an tsamhail nua ar riachtanais ar leith earnáil agus phobal na Gaeilge.
 
Leanann de Spáinn: "Tá moladh ag dul leis an gComhchoiste as éisteacht chóir a thabhairt d'ionadaithe na n-eagraíochtaí, agus as na haighneachtaí a seoladh isteach chucu a scrúdú go mion, chun moltaí fiúntacha, tábhachtacha a dhéanamh go díreach don Rialtas maidir leis an athstruchtúrú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge sa tuairisc a d'eisigh siad ar an tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe inniu."
 
Gael Linn

Fáiltíonn Gael Linn roimh thuairisc ó Chomhchoiste Oireachtais a rianaíonn bealach as an tsáinn ina bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe, atá á moladh ag Foras na Gaeilge. Leagtar béim sa tuairisc ar an gcomhdhearcadh atá idir na páirtithe ar na mórcheisteanna agus moltar go dtabharfadh na hAirí cuí  ‘treoirlínte ar leith  d’Fhoras na Gaeilge ionas go ndéantar breis dul chun cinn ar shamhail nua mhaoinithe a chothú’.

Tar éis don Chomhchoiste na ceisteanna a scagadh agus éisteacht leis na páirtithe, d’fhoilsigh siad a dtuairisc inniu. Sa tuairisc, aithnítear ról criticiúil na hearnála deonaí agus an gá atá ann go mbainfí leas aisti chun sochar straitéisí pleanála don Ghaeilge. Aithnítear chomh maith go bhfuil cuid mhór  pointí comónta idir Foras na Gaeilge agus na heagrais, agus ar an mbonn sin, moltar bealach chun cinn. Ar an tátal is suntasaí tá an méid seo a leanas:

Sula ndéanfaí múnla maoinithe a fhorbairt, molann an tuairisc go nglacfaí trí chéim:

1.    Go ndéanfaí measúnú ar na heagrais bhunmhaoinithe

2.    Gur cheart d’Fhoras na Gaeilge Plean Straitéiseach a ullmhú, straitéis a bheadh ag teacht le prionsabail na pleanála teanga agus a thógfadh san áireamh riachtanais ar leith an phobail dheonaigh agus polasaí Gaeilge pobalbhunaithe.

3.    Bunaithe ar an dá phointe réamhráite, gur cheart go n-aontódh Foras na Gaeilge cuíchóiriú na hearnála leis na heagrais bhunmhaoinithe.

Ar na moltaí eile de chuid an Chomhchoiste a bhfuil tábhacht leo tá:
?    gur cheart go mbeadh bunmhaoiniú lárnach sa tsamhail
?    nach próiseas iomaíoch a bheadh ann maidir le seirbhísí conartha a aontófaí leis an bhForas
?    go mairfeadh conarthaí seirbhíse ar feadh tréimhsí suas le cúig bliana.

Creideann Gael Linn go bhfuil bunús réitigh i moltaí an Chomhchoiste agus tréaslaímid a gcuid oibre leis an gCathaoirleach agus le baill uile-pháirtí an choiste; is eiseamláir í an tuairisc de mhodh oibre éifeachtach.

Iarraimid ar na hAirí Séamus Ó Duibhneacháin agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich, i gcomhpháirt lena gcomhleacaí sa CATT, moltaí na tuairisce a nótáil agus a fheidhmiú mar ábhar práinne.


Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an tuarascáil neamhspleách traspháirtí ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe.  

19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair.  Cuireadh tús le hathbhreithniú ar an earnáil bhunmhaoinithe sa bhliain 2008, agus mhol an Foras punann de 8 scéim iomaíoch mar bhealach nua maoinithe don earnáil.  Mar chuid den tSamhail mholta, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.

Leagtar béim sa tuairisc a d’fhoilsigh an Comhchoiste Dála inniu ar thábhacht an bhunmhaoinithe, chun soláthar seirbhísí fíorthábhachta a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach.  Sonraítear go ríshoiléir sa tuairisc nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Tagann na moltaí seo ón gComhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ó shin, inar léiríodh an-amhras faoi thionchar na samhla nua maoinithe ar an nGaeilge, agus faoin gcur chuige maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Ag labhairt ag seoladh na tuairisce, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is céim mhór chun cinn í seo d’earnáil dheonach na Gaeilge, agus táimid buíoch den Chomhchoiste as a saothar i leith na tuairisce.  Tugann an tuairisc seo léamh neamhspleách ar cheist na samhla nua maoinithe, agus tá moltaí ann do na geallsealbhóirí go léir”.  

Deir De Barra gur gá anois do na heagrais Ghaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge oibriú “i gcomhar lena chéile chun tabhairt faoi thaighde cuimsitheach ar obair reatha na hearnála deonaí Gaeilge. Ag baint úsáide as an taighde sin agus as saineolas siúd atá tuisceanach ar an earnáil dheonach agus ar athrú bainistíochta is gá teacht aníos leis an mbealach is fearr chun cinn d’earnáil dheonach na Gaeilge, le go gcuirfí na seirbhísí is fearr ar fáil don phobal ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla”

Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge agus ar Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas: Carál Ní Chuilín, MLA; Jimmy Deenihan, TD; agus Dinny McGinley TD, moltaí an Chomhchoiste Oireachtais a thabhairt san áireamh in aon phlé ar chóras maoinithe nua don earnáil.

Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012.


“Fáiltíonn an Chomhdháil roimh léamh neamhspleách ar an tSamhail Nua Mhaoinithe"

$
0
0
Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an tuarascáil neamhspleách traspháirtí ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe.   19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair.  Cuireadh tús le hathbhreithniú ar an earnáil bhunmhaoinithe sa bhliain 2008, agus mhol an Foras punann de 8 scéim iomaíoch mar bhealach nua maoinithe don earnáil.  Mar chuid den tSamhail mholta, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.

Leagtar béim sa tuairisc a d’fhoilsigh an Comhchoiste Dála inniu ar thábhacht an bhunmhaoinithe, chun soláthar seirbhísí fíorthábhachta a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach.  Sonraítear go ríshoiléir sa tuairisc nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Tagann na moltaí seo ón gComhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ó shin, inar léiríodh an-amhras faoi thionchar na samhla nua maoinithe ar an nGaeilge, agus faoin gcur chuige maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Ag labhairt ag seoladh na tuairisce, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is céim mhór chun cinn í seo d’earnáil dheonach na Gaeilge, agus táimid buíoch den Chomhchoiste as a saothar i leith na tuairisce.  Tugann an tuairisc seo léamh neamhspleách ar cheist na samhla nua maoinithe, agus tá moltaí ann do na geallsealbhóirí go léir”.  

Deir De Barra gur gá anois do na heagrais Ghaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge oibriú “i gcomhar lena chéile chun tabhairt faoi thaighde cuimsitheach ar obair reatha na hearnála deonaí Gaeilge. Ag baint úsáide as an taighde sin agus as saineolas siúd atá tuisceanach ar an earnáil dheonach agus ar athrú bainistíochta is gá teacht aníos leis an mbealach is fearr chun cinn d’earnáil dheonach na Gaeilge, le go gcuirfí na seirbhísí is fearr ar fáil don phobal ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla”

Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge agus ar Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas: Carál Ní Chuilín, MLA; Jimmy Deenihan, TD; agus Dinny McGinley TD, moltaí an Chomhchoiste Oireachtais a thabhairt san áireamh in aon phlé ar chóras maoinithe nua don earnáil.

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Eisithe 06 Meitheamh 2012

Dialann na hArdteiste – An cúlscéal de réir dalta mheánscoile

$
0
0

Sa phíosa seo déanann dalta meánscoile Cathal Ó Céilleachair as Corcaigh cur síos ar an mbealach a ndeachaigh sé i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana.

Bhí mé lán sásta leis an scrúdú Gaeilge i mbliana, shíl mé nach raibh sé ró-dhúshlánach.

Tháinig deacracht nó dhó chun cinn dar ndóigh. Táim ag ceapadh gur éirigh go maith liom sa chluastuiscint i bPáipéar 1 ach amháin i gcás na logainmneacha – níor aithin mé cuid de na háiteanna a luadh. Rud beag é seo is dócha ach bheadh sé go deas dá mbeadh gach rud ar eolas agam!

Bhí an scéal céanna i gceist leis an gcuid eile den pháipéar. Roghnaigh mé aiste a scríobh faoin teideal  “Éire: Tír oscailte fháilteach í”. Tá neart ar féidir scríobh ar an ábhar sin agus bhraith mé go raibh mé breá ullmhaithe ina thaobh. Bhí rogha eile ann maidir le coiriúlacht in Éirinn ach níor thaitin sé sin liom, agus sheachain mé mar sin é.

Níor baineadh geit ar bith asam agus mé ag tabhairt faoi Pháipéar 2, buíochas le Dia. Bhí mé lán sásta leis an dá léamhthuiscint, d’fhreagair mé na ceisteanna ceart go leor agus ansin bhí orm ainmfhocal agus briathar saor a aimsiú sa téacs rud nár bhraith mé a raibh dúshlánach.

Bhí áthas orm a fheiceáil go raibh an scéal a bhí ullmhaithe agam, "Hurlamaboc" ar an bpáipéar.  Bhí mé tar éis ceist a fhreagairt ar an scéal sin sa réamhscrúdú a bhí agam, agus mar sin bhí tuairim agam maidir leis an gcineál freagra a bhí de dhíth orm. Is dócha gur buntáiste a bhí ansin. D’fhreagair mé ceist eile ar an saol nua aimseartha agus bhí sí sin éasca go leor.

Ina dhiaidh sin, thug mé faoin gceist ar "An tEarrach Thíar". Ceapaim gur thug mé freagra breá air sin. Lean ceist eile í maidir le fuaimeanna agus leis na híomhánna a úsáideann an file chomh maith le ceist ar shaol an fhile féin.

Ar deireadh d’fhreagair mé an cheist ar an dráma "An Triail".  Thaitin an cheist shuimiúil seo liom a bhain le mná agus le fimíneacht sa drama. Dar liom tugadh deis do dhaoine sa cheist seo a gcumas cruthaitheach a léiriú.  Bhí mé críochnaithe le litríocht na hArdteiste ansin agus níorbh fhada go raibh mé críochnaithe le Gaeilge na hArdteiste!

Ar an iomlán bhí mé féin agus mo chairde lán sásta le hábhair na scrúduithe i mbliana. N’fheadar an raibh baint aige sin lenár gcumas Gaeilge toisc muid a bheith ag freastal ar  Ghaescoil.  Bhí na páipéir sách cothrom agus mar a dúirt mé, níor baineadh geit ar bith asam. Is dócha go raibh buntáiste agam sa chéad áit de bharr go n-úsáidim an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go bhfuil cleachtadh agam ar uirlisí na teanga.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 14 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Port an chéimithe ollscoile sa bhliain 2012

Gnáthlá oibre

As na Nuachtáin: Tricky higher-level questions ‘not contemporary enough’

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #ardteist

‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais

$
0
0

D’fhógair an tAire Phil Hogan i mí Aibreán go mbunófar ‘Irish Water’, cuideachta faoi scáth Bhord Gáis, a thacóidh le rialacháin nua a thiocfaidh chun cinn níos déanaí sa bhliain ag baint le soláthar agus le méadrú uisce.

Tá díomá an phobail maidir leis na rialacháin úra seo infheicthe go maith sna meáin le cúpla mí anuas sa tslí go bhfuil na mílte tar éis a mbuairt ó thaobh costas ard maireachtála a léiriú go leanúnach.  Anuas ar sin, léirigh pobal na Gaeilge díomá i dtaobh cinneadh Hogan teideal Béarla, ‘Irish Water’ a chur leis an gcuideachta úr seo. 

I mí Aibreáin, mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge don Aire Phil Hogan teideal Gaeilge feiliúnach don chuideachta a chur i bhfeidhm, agus mhol siad an t-ainm “Uisce Éireann”.

Chuir eagrais Ghaeilge fáilte le déanaí roimh mholtaí sa tuarascáil is déanaí ar sholáthar uisce leis an gComhchoiste Um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht. 

Moladh sa tuarascáil seo, gur “Uisce Éireann” a bheadh mar ainm ar an bhfóntas poiblí úr, in áit an ainm “Irish Water” a tagraíodh dó go dtí seo. De réir an Chomhchoiste is cinneadh costas neodrach a bheadh sa mholadh seo, agus ar bhonn prionsabail, agus i bhfianaise gurb í an Ghaeilge an chéad teanga náisiúnta sa tír, gur cheart ainm i nGaeilge a bhaisteadh ar an bhfóntas.

Mar fheagra ar cheist Dála ag deireadh na bliana seo caite, dúirt an tAire Phil Hogan go mbeadh sé sásta teideal Gaeilge a chur in áit ‘Irish Water’.  I bhfianaise an fhreagra sin, agus moltaí an Chomhchoiste Dála le déanaí táthar ag súil anois gurb é an t-ainm Gaeilge “Uisce Éireann” a bheidh in úsáid nuair a chlárófar an fóntas poiblí úr amach anseo.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Gnáthlá oibre

Comhlachtaí poiblí ag briseadh an dlí

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge

Bille Gaeltachta Foilsithe

$
0
0
D’fhoilsigh an Rialtas Bille na Gaeltachta 2012 ar maidin. Tá dhá phríomhaidhm leis an mBille, eadhon, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh téacs an bhille faofa ag an rialtas.

Ag labhairt dó faoin mBille dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley TD: “Is reachtaíocht thábhachtach í seo a chuirfidh bunús reachtúil faoin phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfaidh feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht."

Tá an Bille ar fáil anseo. Beidh tuilleadh anailíse ar impleachtaí an Bhille ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta níos déanaí tráthnóna.

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Meitheamh 2012




Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

$
0
0
Cuirfear tús leis an gcur agus cúiteamh faoin Bhille Gaeltachta i dTeach Laighean an tseachtain seo nuair a bheidh an bille faoi chaibidil  sa Seanad tráthnóna Déardaoin. Is í seo an chéim is déanaí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus beidh go leor ceisteanna ann maidir le feidhmeanna agus cumhachtaí na bhforas stáit a bheidh freagrach as na struchtúir úra seo a riaradh.

Tá dhá phríomhaidhm leis an mbille sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Bord Údarás na Gaeltachta

Tá athruithe móra i ndán do chur chuige Bhord an Údaráis agus tiocfaidh laghdú ar an líon duine a bheidh ar an mBord ón scór comhalta atá ann faoi láthair.  

Tugtar le fios sa Bhille go mbeidh Cathaoirleach agus aon comhalta dhéag eile le ceapadh ar an mBord. Tá imní léirithe ag  an bhfreasúra cheana féin gur chéim siar atá sa Bhille nua seo mar  go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis.

Is é an tAire a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an seisear eile a bheidh ar Bhord an Údaráis. Maidir leis na hainmniúcháin eile, tabharfar an deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil.

Ach ní bheidh an deis chéanna ag comhairlí contae eile ina bhfuil limistéir bheaga Gaeltachta  lena n-áirítear Contae na Mí, Contae Phort Láirge agus Contae Chorcaí  mar beidh an t-ainmniúchán sin roinnte idir na ceantair sin ar bonn timthriallach gach dhá bhliain.

Ní mór do na comhaltaí a léiriú go bhfuil taithí nó cumas léirithe acu I ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis agus go bhfuil sé ar a gcumas acu na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i nGaeilge.

Limistéir Ghaeltachta
Thug an tAire Stáit Dinny McGinley le fios an tseachtain seo caite go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.  

“Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.”

Mar sin iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe sna 19 limistéir Ghaeltachta mar atá beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga iarratas a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.

Sa phlean sin déanfar cur síos ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.

Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh d’eagraíochtaí atá ag cur pleananna le chéile ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú.

Ina dhiaidh sin beidh sé de dhualgas ar an Roinn athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Tá castachtaí áirithe i gceist le coincheap na mbailte seirbhíse Gaeltachta ar an ábhar go bhféadfadh idir Foras na Gaeilge nó an tÚdarás a bheidh ag plé leis an mbaile sin.

Tugtar bailte seirbhíse Gaeltachta ar bhailte ina mbeidh seirbhísí poiblí le haghaidh an limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus saoráidí sóisialta agus tráchtála a théann chun tairbhe do na limistéir sin.

Beidh sé faoi na heagraíochtaí féin iarratas a dhéanamh chuig Údaras na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge agus plean teanga a sholáthar dóibh. Is cosúil go mbeidh Foras na Gaeilge ag plé don chuid is mó le bailte atá suite in áiteanna eile seachas limistéar pleanála teanga Gaeltachta.

Líonraí Gaeilge
Is léir go bhfuil athrú tagtha ar an tuiscint a bhí ar an ‘Gaeltacht Gréasáin’ mar a fógraíodh i Mí an Mheithimh 2011 agus anois is é ‘líonraí Gaeilge’ a thugtar ar phobail a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus a bheidh sásta plean teanga a chur i gcrích.

Mar sin beidh na líonraí seo pobalbhunaithe in áit a bheith bunaithe ar shainmhíniú tíreolaíoch agus beidh sé faoi eagraíochtaí sna pobail sin plean teanga a ullmhú le cúnamh Fhoras na Gaeilge.

Arís beidh sé de chúram ag an Aire an plean teanga deireanach a cheadú agus is é Roinn na Gaeltachta a rachadh i mbun maoirseoireachta  tar éis don Aire ordú a dhéanamh.

In ainneoin go bhfuil athstruchtúrú suntasach le déanamh go náisiúnta faoin bhille seo, tá Roinn na Gaeltachta den tuairim go mbeidh 100,000 sa bhliain le sábháil ag an státchiste dá bharr.

Tá Bille na Gaeltachta 2012 le leamh anseo

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais


Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

As na Nuachtáin: Major reform at RTE to cut costs includes consolidating Irish services

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht


“Easpa Ionadaíochta” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Bhille na Gaeltachta

$
0
0

Tar éis stocaireacht leanúnach ó eagrais Ghaeilge le blianta anuas, foilsíodh Bille na Gaeltachta 2012 inniu.

Faoin mBille úr leagfar amach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ar ainmniú ón Aire Gaeltachta.  Ciallóidh na limistéir nua seo gur ar chritéir theangeolaíocha in áit chritéir thíreolaíoch a bheidh ceantair Ghaeltachta bunaithe amach anseo, mar a leagadh amach sa Phróiseas Pleanála Teanga a foilsíodh níos túisce i mbliana.  Naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith a ainmneofar agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar a bheidh le haontú ag an Aire.  Tá imní léirithe roimhe seo ag an gComhdháil maidir le sainmhíniú na gceantar seo, toisc go bhfuil na ceantair sin an-fhairsing agus dar leis an gComhdháil nach bhfuil dóthain airde á thabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. 

Déantar cur síos freisin i bhforálacha an Bhille ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.  Ullmhóidh eagrais, atá lonnaithe i mbaile a chuireann seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta, plean teanga i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge.  Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur gá soiléiriú a thabhairt maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á cur ar fáil do na heagrais phobail, agus gur gá go mbeadh tacaíochtaí chomhchosúla á gcur ar fáil d’eagrais, bíodh siad á bhfáil ó Fhoras na Gaeilge nó ó Údarás na Gaeltachta.

De réir an Bhille nua, leagfar amach Líonraí Gaeilge. Pobail Ghaeilge is ea na líonraí seo, a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus a bhfuil pleananna teanga comhaontaithe acu le Foras na Gaeilge.  Is faoi Fhoras na Gaeilge a bheidh sé a mheas an bhfuil eagraíocht ionadaíoch ar an bpobal sula ndéanfar plean teanga a ullmhú idir iad féin agus Foras na Gaeilge.  Tá buiséad Fhoras na Gaeilge á chiorrú bliain i ndiaidh bliana agus is deacair a shamhlú go mbeidh de chumas ag an bhForas an scéim seo a chur i gcrích laistigh dá n-acmhainní reatha.  Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh soiléirithe maidir le ról an Fhorais sa chás seo, agus eolas faoin gcritéir a bheidh in úsáid ag an bhForas chun “ionadaíocht” a mheas. 

Má reachtaítear Acht na Gaeltachta 2012, beidh leasuithe le déanamh dá réir ar an Acht um Údarás na Gaeltachta (1979).  Leagtar amach sa Bhille nua go laghdófar líon na gComhaltaí ar Bhord an Údaráis ó 20 go 12.  As an dá chomhalta dhéag a bheadh le ceapadh, bheadh Cathaoirleach an Bhoird, mar aon le seisear comhalta eile ceaptha ag an Aire Gaeltachta.   Is ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae sna contaetha Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí a bheadh ceathrar comhalta eile le hainmniú, agus iad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige cúig bliana.  Ceapfar comhalta amháin eile ar bhonn sealaíochta, ar feadh tréimhse dhá bhliain, ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae ó chontaetha ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta mar atá Port Láirge, Corcaigh agus an Mhí.

Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an Bhille Gaeltachta, go háirithe agus An Chomhdháil ag moladh go dtiocfadh an Bille seo chun cinn sa Rialtas le blianta anuas.  Dúirt De Barra go bhfuil an “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, agus cuspóirí Bhille na Gaeltachta ag brath go mór ar ionchur agus ar thacaíocht an phobail.  Leis an mbealach úr atá molta chun Bord Údarás na Gaeltachta a thoghadh, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, agus is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar an bpobal”.

Dar le De Barra go bhfuil go leor moltaí maithe curtha chun cinn sa Bhille Gaeltachta, ach go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt.  I measc na gceisteanna sin deir De Barra go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh eolais maidir leis na critéir sainiúla a n-úsáidfear agus limistéir Ghaeltachta á meas amach anseo, agus ag moladh go ndéanfaí “soiléiriú ar an gcomhordú a dhéanfar idir ról Údarás na Gaeltachta agus ról Fhoras na Gaeilge i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille, go háirithe ó tharla go bhfuil feidhmeanna an-éagsúil ag an dá eagraíocht, agus gur foras tras-teorainn í Foras na Gaeilge”. 

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Eisithe ar 19.06.2012

Fáinne airgid don Leas-Ardchonstábla

$
0
0
Bronnadh fáinne airgid ar Leas-Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Judith Gillespie ag searmanas stairiúil in oirthear Bhéal Feirste inné. Caitheann cainteoirí Gaeilge an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bronntar an fáinne airgid ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Ba í an tAire Cultúir agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín a bhronn an fáinne uirthi lena cuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh.  Bhí an tAire i mbun cuairte ar ionad traenála SPTE, áit a bhíonn ranganna Gaeilge ar siúl ann go rialta.

Deir Gillespie go bhfuil sí ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís póilíneachta ábalta cumarsáid a dhéanamh le pobail éagsúla i dTuaisceart Éireann agus go raibh an SPTÉ ag iarraidh  éagsúlacht teangacha a chothabháil.

Tá an leas-ardchonstábla ag glacadh páirte sa bhfeachtas Líofa 2015. Is é an sprioc atá ag an tionscadal seo ná go mbeadh míle duine atá ag cur fúthu i dTuaisceart Éireann líofa sa Ghaeilge roimh 2015.

Éacht a bhí ann, dar le  Carál Ní Chuilín “Tá baint ag an leas-ardchonstábla, Judith Gillespie, le hiarrachtaí leanúnacha seirbhís póilíneachta an tuaiscirt a nuachóiriú agus le go mbeidh hionadaíocht ar an sóchaí ina iomlán ag SPTÉ”, a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Is í Gillespie an chéad bhean ar ceapadh riamh mar leas-ardchonstábla na seirbhíse póilíneachta.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

As na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change
 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht

Cúrsa iarchéime sa Chumarsáid ar fáil i gConamara

$
0
0
I gcroílár Gaeltacht Chonamara cúpla míle siar an bóthar ó cheannáras TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh mic léinn in ann tabhairt faoi chúrsa nua MA sa Chumarsáid ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Cúrsa lánaimseartha bliana is ea é a bheidh á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.  Is é an chéad chúrsa dá chineál atá á thairiscint go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Leis seo cuirfear deireadh leis an Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach. I measc na scoláirí a thug faoin gcúrsa sin bhí Siún Nic Gearailt agus sheol sí an cúrsa nua inné i gCathair na Gaillimhe.

Dúirt Siún gur ‘oscailt súl’ a bheadh sa chúrsa do mhic léinn ar thionscal na meán. “Má cheapann tú nach gá duit ach suí os comhair ceamara nó micreafóin agus labhairt, beidh thiar ort,” a dúirt sí. “Bíonn an t-uafás oibre ar bun ag daoine os comhair agus taobh thiar den cheamara, sa seomra stiúrtha, ar an deasc eagarthóireachta agus gan dabht ag cur scéalta an lae le chéile.  

Deirtear go mbeidh an-bhéim ar  réimse leathan ábhar a bhaineann leis an gcraoltóireacht raidió agus teilifíse, leis an iriseoireacht, agus leis an aisteoireacht don scáileán.

Déanfaidh na mic léinn speisialtóireacht le linn an chúrsa i gceann de na réimsí seo leanas: staidéar na físe, iriseoireacht fheidhmeach, na meáin dhigiteacha agus drámaíocht sna meáin.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an gcóras iarchéime PAC ag www.pac.ie/nuigalway.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Meitheamh 2012

Sean go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile

Folúntais: Cuntóir Naíscoile á lorg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht

Agus ná déan dearmad go bhfuil cur síos cuimsitheach ar chúrsaí agus ranganna Gaeilge ar fáil ar http://www.gaelport.com/cursai.

Seirbhísí i mBéarla amháin

$
0
0

Is foinse eolais iontach é an suíomh idirlíon www.studentfinance.ie dóibh siúd a mbeidh ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí ard-oideachais.

Cuirtear síos ar gach cineál cúnaimh atá ar fáil do mhic léinn ó thaobh táillí agus deontas de agus luaitear na coinníollacha agus na sonraí ar fad a bhaineann le córas na ndeontas.  Is seirbhís iontach fhiúntach í a dhíríonn ar ábhar casta, coimpléascach.   Ach, níl fiúntas ar bith ag baint leis an méid seo más Gaeilgeoir tú a dhéanann gach gnó pearsanta trí Ghaeilge go laethúil.

 
Cé go bhfuil nasc ar an suíomh leis an leagan Gaeilge a roghnú, ní dhéanann sé sin ach ceannteidil agus fáiltiú an tsuímh a aistriú go Gaeilge.  Agus nuair a brúitear ar na ceannteidil Gaeilge, níl ar fáil ach eolas Béarla.

Nuair a rinneadh teagmháil leis an eagraíocht www.studentfinance.ie, maidir leis an easpa Gaeilge sa tseirbhís, dúradh gurb í príomhaidhm an tionscadail ná an suíomh a bheith beo agus ar fáil dóibh siúd atá de dhíth.

Is tionscadal é seo de chuid an Údarás um Ard-Oideachais, comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Arís, is suíomh fiúntach don phobal é www.hea.ie ach ní fhreastalaíonn an tseirbhís seo ar mhuintir Ghaeilge na tíre ach an oiread.  Níl ar fáil ach ceannteidil Ghaeilge a bhfuil nasctha le heolas Béarla nó an ráiteas Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.

Tá dualgas ar an Údarás um Ard-Oideachais suíomh gréasáin dátheangach a chur ar fáil de réir a scéim teanga a bhfuil i bhfeidhm ó 2008. Ach ní léir go bhfuil dualgas reachtúil orthu aon fo-shuíomh de chuid an Údaráis a chur ar fáil go dátheangach. Ní mór a rá ach go gcuireann seo lucht labhartha na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste agus iad ag lorg eolais maidir leis an Údarás um Ard-Oideachais nó le hábhar a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas.

Tá go leor béime ar na suíomhanna áirithe seo faoi láthair agus níos mó daoine ná am ar bith roimhe seo ag lorg comhairle maidir leis an gcúnamh airgeadais atá ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar an gcoláiste. Ag tús na míosa seo, mhol an tAire Oideachais Ruairí Quinn T.D. do dhaltaí scoile a raibh i gceist acu iarratas dheontais a fháil, an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir.

Seoladh an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn le déanaí, seirbhís idirghníomhacha de chuid an Údaráis um Ard-Oideachais.  Is córas iarratais ar líne é do dheontais mhic léinn agus is suíomh é a fhreastalaíonn go cothrom ar chainteoirí chéad teanga na tíre seo.  Tá gach gné agus gach foirm iarratais ar an suíomh ar fáil trí Ghaeilge ach is deacair teacht ar an suíomh gan dul tríd www.studentfinance.iewww.citizensinformation.ie.  Anuas air sin, moltar do gach cuairteoir ar shuíomh an SUSI, suíomh atá á moladh go láidir ag an Roinn Oideachais lena n-áirítear Aire na Roinne, www.grantsonline.ie, gach eolas a fháil ó www.studentfinance.ie, suíomh nach bhfuil fáil ar bith ar an nGaeilge.

Cé go bhfuil dualgas ar an Údarás um Ard Oideachais seirbhís idirghníomhach a chur ar fáil trí Ghaeilge, rud atá déanta acu leis an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, ba léir nach raibh tús áite tugtha d’eolas a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas do chainteoirí Gaeilge.

Arís, cuirtear Gaeilgeoirí na tíre faoi mhíbhuntáiste le seirbhísí úra nach bhfreastalaíonn ar an bpobal san iomlán.  Déantar neamhaird ar chéad teanga na tíre nuair nach cuirtear ar fáil ach leathsheirbhís.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 19 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais
Gnáthlá oibre
Freagra ar bith faoin gCoimisinéir Teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge

Le Clár Johnston, Gaelport.com

Clár úr raidió ag fiosrú Cá bhfuil an Éire Dhearg?

$
0
0

Craolfar clár úr dar teideal Cá bhfuil an Éire Dhearg? a bhaineann le stair shóisialta na tíre ar Raidió Fáilte ar an Luan 25 Meitheamh ag 4i.n.

Tá an clár á chraoladh mar chuid den tsraith leanúnach “Samhlaigh Sin/Imagine That” de chuid Raidió Fáilte agus is í Máirín Hurndall a chuirfidh an clár i láthair.

Clúdófar réimse leathan téamaí maidir le stair an tsóisialachais in Éirinn agus ag tógáil bunú an Pháirtí Lucht Oibre, céad bliain ó shin mar phointe imeachta. Fiosraíonn an clár seo cérbh iad na hathruithe a tháinig chun cinn le linn an ama sin agus ar cloíodh le fís bhunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre - Séamus  Ó Conghaile agus Séamus Ó Lorcáin.

Díreofar ar Chogadh Cathartha na Spáinne, athruithe thart ar an dara cogadh domhanda, dícheangal i ngluaiseacht an Lucht Oibre idir Thuaidh agus Theas, an scoilt idir Oráiste agus Glas ó thuaidh ar aghaidh chuig na Trioblóidí agus an polarú ba chúis le lagú na gluaiseachta.

Cloisfear agallaimh le hionadaithe ón eite chlé an TD Joe Higgins, Ceannaire an Pháirtí Shóisialaigh, Erskine Holmes ón iar-NILP (Páirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann), Pádraig Ó Mainnín ón WPI (Páirtí Oibrithe na hÉireann) ina measc.

Craolfar an clár don chéad uair ar Dé Luan 25 Meitheamh ar 16.00 agus arís ar Déardaoin 28 Meitheamh 2012 ar 10.00 ar 107.1fm. Beidh an clár le cloisteáil ar www.raidiofailte.com chomh maith.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 20 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Stáisiún Raidió Pobail úr le bunú

Clár Gaeilge nua ar Shannonside Northern Sound

Cogar - An tSeirbhís nuachta dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge

 


Lean an scéal seo @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter: #Gaeilge #craoltoiri

Ceardlann lae maidir le maoiniú don earnáil ealaíne sa Ghaeltacht

$
0
0

Ar na haoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid beidh; Kevin Murphy, Príomhoifigeach, (Voluntary Arts Ireland);  Meic Llewellyn, Ceannasaí ar ‘Comharsan Ceilteach’;  Maria Ferguson agus Carol Margey.  Aonad polasaí agus maoiniúcháin an CE - Oifig Chultúrtha agus Fiontraíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Máire Áine Ní Chinnéide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus iar-bhainisteoir ar Siamsa Tíre. Is é príomhchuspóir na ceardlainne ná scileanna na rannpháirtithe a fhorbairt ionas go mbeidh sé ar a gcumas iarratais ar ardchaighdeán a chruthú.  Tabharfar léargas cruinn, sothuigthe ar na scéimeanna éagsúla maoiniúcháin atá ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus taispeánfar an chaoi is fearr le hearraíocht a bhaint astu. Tá súil go mbeidh léargas agus tuiscint níos cruinne ag na rannpháirtithe ar fhoinsí maoiniúcháin, ar an gcóras maoiniúcháin agus ar an bpróiseas iarratais. I measc na n-ábhar le plé, tá conas caidreamh a chothú le lucht maoiniúcháin; deiseanna trasteorann agus Eorpacha; léargas ar na deontais atá ar fáil in earnáil na Gaeilge. Tá costas €20 an duine ar an gceardlann, nó €35 d’eagraíocht (beirt). Tá teorann le líon na ndaoine a bheidh i láthair ag an gceardlann.  Más mian leat áit a chur in áirithe, téigh i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh, Áisitheoir Ealaíne ag m.macaoidh@udaras.ie nó ag 074 9558025. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Deiseanna do theagascóirí Gaeilge i gCeanada

$
0
0

Tá méadú tagtha ar líon na ndeiseanna chun an Ghaeilge a mhúineadh agus cultúir na nGael a roinnt i dtíortha cosúil le Meiriceá, an Astráil, an tSín agus Ceanada le blianta beaga anuas. Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ag glacadh le hiarratais chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada i láthair na huaire. Bhunaigh an Dr Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994. Níl uait ach líofacht sa Ghaeilge agus cáilíocht tríú leibhéal chun iarratas a dhéanamh. Beidh taithí ag múineadh na Gaeilge chomh maith le haon cháilíochtaí nó scileanna iomchuí eile ina gcabhair d’iarratasóirí. Caithfidh na hiarrthóirí a cheapfar tréimhse naoi mí (Meán Fómhair 2012 – Bealtaine 2013) sna hollscoileanna seo leanas: • University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario • Concordia University, Montreal, Quebec • St. Francis Xavier University, Antigonish, Nova Scotia • St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia • St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick • Memorial University, St. John’s, Newfoundland • University of Ottawa, Ontari Tabharfaidh an dámhachtain seo deis cur le do scileanna múinteoireachta agus cur le d’eolas faoi shochaí agus chultúr Cheanada. Má tá suim agat sa deis iontach seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na foirmeacha iarratais ag www.icuf.ie nó is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig Gaeilge@icuf.ie. Glacfar le hiarratais suas go dtí an Déardaoin, 1 Márta 2012. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Dánta uile an Ríordánaigh le buachan

$
0
0

Ag tús mhí na Nollag anuraidh sheol an file aitheanta Louis de Paor an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus b’ann a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol. Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta don Irish Times. Fuair sé bás sa bhliain 1977.  Sa leabhar nuafhoilsithe  seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).  Ceist na seachtaine seo: Cén bhliain a rugadh Seán Ó Ríordáin?  • 1902    • 1884     • 1932     • 1916 Seol freagraí agus  do shonraí teagmhála chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 16 Feabhra 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Pádraig Ó Flaitheartaigh as Co. Chrocaí agus Aislínn Nic Ruairí sa Bhruiséil a bhuaigh duais an eagráin seo caite. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Gradam Ceoil TG4 le bronnadh i gCathair Luimnigh

$
0
0

Is i  gCeoláras na hOllscoile in Ollscoil Luimnigh a bheidh na gradaim ar siúl agus tugadh blaiseadh beag ar an gceol den scoth a bheidh le cloisteáil ag searmanas fógartha na mbuaiteoirí i gCora Droma Rúisc, Déardaoin seo caite. Is iad Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird a bheidh mar láithreoirí ar an oíche.  Beidh an cheolchoirm speisialta seo á thaifeadadh beo ar an oíche agus beidh sí á craoladh ar TG4 oíche Dhomhnach Cásca. Beidh sé ghradam éagsúla á mbronnadh ar an oíche ar scoth na gceoltóirí,  na n-amhránaithe agus na gcumadóirí. Is ar an bhfidléir Brian Rooney as tuaisceart Liatroma ó dhúchas ach  atá ag cur faoi le fada an lá i Londain  a bhronnfar Gradam Ceoil 2012.  Is é an píobaire agus fear óg a sheinm an fheadóg Mhór Caoimhín Ó Fearghail a rugadh in aice le Chicago sna Stáit Aontaithe ach atá ina chónaí i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge le blianta  fada anuas a chroch leis  Gradam Ceoltóir Óg na bliana. Is é Paddy O’Brien a bhain amach gradam chumadóir na bliana. Is as An Daingean in Uíbh Fhailí do Phaddy O’Brien, a rugadh  i 1945.   Tá cáil agus meas air ar fud na cruinne mar fhoinse eolais, mar scoláire ceoil agus mar chumadóir.  Meastar go bhfuil 3,000 píosa éagsúil de cheol Gaelach  ina chuimhne. Is í an t-amhránaí sean-nóis aitheanta Nell Ní Chróinín  a hainmníodh mar Amhránaí TG4 na bliana. Is ó cheantar agus ó theaghlach ceolmhar a shíolraigh an t-amhránaí óg seo ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí.  Is í Neill a bhain amach Corn Cuimhneachán Sheáin Óig Uí Thuama le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne sa bhliain 2010. Anuraidh bronnadh an Gradam saoil ar an bhfidléir Ben Lennon as Co. Liatroma agus i mbliana is ceoltóir den scoth, a bhfuil an oiread déanta aige ar son cheol agus amhráin thraidisiúnta na tíre seo a choinneáil beo thar lear, a mbronnfar an Gradam Saoil air. Rugadh Danny Meehan i nDroim Lú Theas, baile fearainn siar ó bhaile Dhún na nGall sa bhliain 1940. Agus é fós ina dhéagóir, thug Danny aghaidh ar an mBreatain agus tar éis dó go leor de Shasana agus den Bhreatain Bheag a thaisteal, lonnaigh sé i Londain ó 1963. D’fhill Danny abhaile chun cónaithe i nDún na nGall sa bhliain 2007. Mar a deir a chara Tommy  Peoples, “Cuireann seal i gcuideachta Danny Meehan ardú croí ar an uile  dhuine againn.” Tá Gradam Aitheantais na bliana seo á bhronnadh ar Eithne agus Brian Vallely.  Tá Brian agus Eithne Vallely ina gcónaí in Ard Mhacha le blianta fada. Is de bhunadh Thír Chonaill í Eithne, cháiligh sí ina múinteoir agus go gairid ina dhiaidh sin casadh go Sráid na Cathrach í go gcloisfeadh  sí ceol an mháistir-phíobaire, Willie Clancy. Is ansin a casadh Briain di den chéad uair, fear a bhí ar an oilithreacht chéanna, tar éis dó Club na bPíobairí a bhunú in Ard Mhacha i 1966. Cuirtear ranganna ar fáil ar raon uirlisí, na píobaí féin, an fheadóg, idir mhór agus stáin, an fhidil, an bosca ceoil, an consairtín, an chruit agus amhránaíocht. Is í  Féile William Kennedy  gach Samhain an t-imeacht poiblí is mó atá luaite leis an gClub, ceiliúradh ar phíobaire dall ón ochtú haois déag. Is féidir ticéid don choirm cheoil a chur in áirithe ar an teileafón ó 061 331549 nó ar www.uch.ie © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Nuala Ní Dhomhnaill le bheith ina moltóir ar Chomórtais Uí Néill

$
0
0

Tá fógartha go mbeidh Nuala Ní Dhomhnaill mar mholtóir ar an gcomórtas dátheangach seo i mbliana. Duine de mhórfhilí na linne seo is ea Ní Dhomhnaill agus í tar éis cáil a bhaint amach lena saothar ina bhfuil an béaloideas agus na sean-amhráin mar chroí-ábhair ann. Bhí baint mhór aici le filíocht Innti i rith na seachtóidí agus sna hochtóidí ach tá a saothar tar éis forbairt go mór ó shin. Is iomaí duais a bronnadh uirthi in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus bíonn sí ag taisteal timpeall na tíre go minic ag freastal ar fhéilte filíochta. Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, Máire Ní Choilm mar aoi ar an oíche chomh maith. Is as Mín an Iolair, Doirí Beaga i dTír Chonaill do Mháire Ní Choilm. Chroch sí léi Corn na mBan le linn Oireachtas na Samhna sa bhliain 2009. Beidh buaiteoir an chomórtais i gcomhluadar fhilí  úra is mó na linne seo. Is í Máire Wren as Cois Cladaigh sa Bhun Beag a bhuaigh an comórtas anuraidh leis an dán ‘Lúb ar Lár’. Is é Prionsias Mac an Bhaird buaiteoir 2010 leis an dán, ‘Bróga’ agus i 2009 bhuaigh Tadhg O Dúshláine an comórtas leis an dán ‘An Duais’. Is é Niall Gordon an chéad bhuaiteoir sa bhliain 2008 leis an dán  ‘Rannan na Bliadhna (12)’. © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012

Gaelport.com ar an ngearrliosta do Ghradam Nuachta

$
0
0

Sa chatagóir chéanna le Gaelport.com tá CKSK don suíomh gréasáin Heineken Music and Green Spheres; Digital Reach/ Sunday Business Post do The Sunday Business Post agus Daily Business Post agus Nuacht RTÉ. Tá na gradaim seo ar an bhfód ó bhí 2003 ann, agus cuireadh tús leo chun aitheantas a thabhairt d’earnáil na meán digiteach in Éirinn. Dearadh na gradaim chun sárchaighdeán obair sna meáin dhigiteacha in Éirinn a thabhairt chun solais, agus tugann na gradaim ardán d’obair chomhlachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí i réimse leathan de chatagóirí.  Ar na forbairtí is mó a baineadh amach le bliain anuas ar Gaelport.com rinneadh athdhearadh ar phríomhleathanach an tsuímh  le go mbeadh béim breise ar  na cúig fhotha nuachta a fhoilsítear ar an suíomh gach lá.; cruthaíodh naisc níos láidre le léitheoirí ar na meáin shóisialta agus forbraíodh féilire na n-imeachtaí Gaeilge agus forbraíodh an seirbhís earcaíochta, ‘Folúntais’ ar an suíomh. Tá feidhmhchlár fóin á fhorbairt i láthair na huaire agus tá beartaithe ag Gaelport díriú níos mó ar ábhar fuaime agus físe chomh maith le seirbhís nuachta dhigiteach ar ardchaighdeán ar fhorbairt níos mó sa bhliain atá amach romhainn. Bronnfar na gradaim ag searmanas a bheidh ar siúl sa Convention Centre Dublin ar 30 Márta 2012. ©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Feabhra 2012.

The Gathering - Féile Cheoil agus Amhráin thraidisiúnta

$
0
0

Is é seo an dara hócáid mhór de cheol Gaelach agus cultúrtha a eagraíodh i gCill Airne le ráithe anuas, ba ann a bhí Oireachtas na Samhna i mí na Samhna seo caite. Is é aidhm (The Gathering ) an ócáid mhór ceoil agus amhránaíochta seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar stíl  Sliabh Luachra agus an stíl a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Mar chuid de bhuaicphointí na féile ceoil thraidisiúnta seo atá ag ceiliúradh trí bliana déag ar an bhfód i mbliana beidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ag dul chun stáitse agus ag roinnt a gcuid scileanna leis an bpobal le linn na gceardlann éagsúil. I measc na n-imeachtaí beidh ceardlanna, ranganna, ceolchoirmeacha, léachtaí agus neart seisiún ceoil. I measc na gceoltóirí beidh Meati Jó Shéamuis, Séan Garvey, Tim Dennehy i bhfeighil ceardlainne amhránaíochta. Beidh Paudie O‘Connor ar an mbosca ceoil agus Pádraig Buckley ar an bhfeadóg stáin. Beidh an fidléir cumasach Connie O Connor i dteannta Emma O Leary ar an bhfidil agus is í Máiread Casey a bheidh ag teagasc damhsa ar an sean-nós. Ag glacadh páirte sna ceolchoirmeacha beidh an banna aitheanta Danú, Seán Tyrrell, Rónan Browne agus Kevin Glackin. Ar stáitse freisin beidh Liz agus Yvonne Keane as Conamara mar aon le Edel Fox, Jack Talty agus an ceoltóir aitheanta Noel Hill as Co. an Chláir. Beidh an t-amhránaí cumasach Neill Ní Chróinín bean óg a chroch léi dhá ghradam le linn Oireachtas na Samhna sa bhliain 2010 i láthair ag The Gathering i mbliana.  Tá an-aithne ag daoine ar fud na tíre ar Neill mar amhránaí sean-nóis den scoth. Beidh neart ceoil, damhsa agus comhrá agus malartú cultúir ann sa tráthnóna tar éis na ranganna dátheangacha. Tuilleadh eolais mar gheall ar chlár na féile i mbliana ar fáil ó : 087 2348824 / info@inec.ie © Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>