Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Port an chéimithe ollscoile sa bhliain 2012

$
0
0

Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís.

Críochnóidh na mílte mac léinn a gcuid scrúduithe ollscoile an tseachtain seo agus déanfar ceiliúradh leanúnach sna seachtainí seo romhainn.

Uaireanta, laethanta, seachtainí, blianta caite ag staidéar agus ag maireachtáil ar bhia eitneach faoi luach €5. Ag brath ar an duine, d'fhéadfadh gurb é deireadh na hollscoile an rud is measa nó an rud is fearr a d’fhéadfadh tarlú ina shaol. Ar dtús níl ann ach meon dearfach go dtí go ndruidfidh scamall dubh na réadúlachta go mall agus go mín.

Is deacair an rud é cur síos a dhéanamh ar an mothú sin - nuair a thagann an t-amhras agus an éiginnteacht - 'Céard a dhéanfaidh mé anois'? 'Cá dtosaím'? Bíonn na daoine eagraithe sin ann i gcónaí a bhfuil fuath ag gach uile dhuine dóibh ach den chuid is mó crochann samhail an tsaoil oibre comhartha ceiste mór millteach thar ghuaillí mhic léinn ollscoile- go háirithe le céim chomh leathan le céim sna Dána.

Bheartaigh mé casadh le cara liom, iníon léinn de chuid na nEalaíon a bhí díreach críochnaithe lena scrúduithe ollscoile i gColáiste na Tríonóide. Shuigh mé féin agus Michelle ina gairdín cúil faoin ngrian álainn ag ól tae agus ag cabaireacht. Bhí cuma an-sásta uirthi.

“Tá faoiseamh orm ar ndóigh ach ag an am céanna tá brú agus imní orm ó thaobh fostaíochta de”, a dúirt Michelle nuair a d'iarr mé uirthi cén mothú is mó a bhraith sí.

“Tá súil agam cur go mór le mo CV agus níos mó taithí oibre a fháil. Ní dóigh liom go bhfuil sé de rogha agam ach jab gan phá a thógáil. Táim ag smaoineamh chomh maith ar dhul ar imirce, mar a rinne an chuid is mó de mo chairde nuair a chríochnaigh siad a gcúrsaí anuraidh.”

D’iarr mé uirthi ansin an gceapann sí go bhfuil dóthain tacaíochta do mhic léinn agus iad ag dul isteach sa saol oibre den chéad uair – “Ní dóigh liom é”, a dúirt sí, “Múintear duit cén chaoi anailís a dhéanamh ar rudaí agus smaoineamh ar bhealach ar leith ach ní scileanna praiticiúla iad sin ar chor ar bith. Tá áthas orm go bhfuil céim bainte amach agam ach tá an-chuid le foghlaim agam go fóill.”

“Níl cúrsaí go maith ó thaobh fostaíochta faoi láthair ach tá dóchas agam go dtiocfaidh gach rud le chéile. Braithim gur am an-mhaith é seo le bheith cruthaitheach agus go bhfuil bealaí fiúntacha ag daoine le déileáil leis na cúinsí eacnamaíochta seo. Is gá an fócas céanna a coimeád mar gheall ar an iomaíocht ghéar atá sa saol oibre faoi láthair.”

Tá an ceart ag Michelle, caithfear an meon dearfach a choimeád agus a bheith sásta dul san iomaíocht. Ba chóir go dtiocfadh an mianach sin ón taobh istigh, cibé bóthar atá romhainn. Tá seirbhísí, roghanna agus tacaíocht ann agus ní mór dul sa tóir orthu.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna cúrsaí / folúntais seo a leanas
:

Cúrsa Taibh-Ealaíona

Intéirneacht Iarchéime le Foclóir na Nua-Ghaeilge

MA / Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) (Leibhéal 9)

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail 2012

$
0
0
Beidh Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail ar siúl i gCiarraí ón 30 Bealtaine – 3 Meitheamh 2012.

Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an fhód ó 1971 agus tá sé ar ceann de na príomh fhéilte litríochta sa tíre agus é ag dul ó neart go neart  le blianta anuas.

Ar an Aoine  1 Meitheamh beidh oíche mhór Gaeilge ar siúl le ‘Blas na Gaeilge’ sa Plaza Centrear an mbaile áit a ndeanfar ceiliúradh ar an nGaeilge le scríbhneoir  áitiúil ar nós Seamus Barra Ó Súilleabháin, Gabriel Fitzmaurice agus ina gcuideachta beidh an file agus an scríbhneoir iomráiteach Rody Gorman a rugadh i mBaile Átha Cliath ach tá sé ag cur faoi le tamall anuas ar an Eilean Sgìtheanach.

I dteannta Rody beidh an file, scríbhneoir agus ealaíontóir Catríona Lexy Campbell as Albain agus beidh sise ag léamh as a bailiúchán Gàidhlig ar an oíche, beidh neart ceoil le cloisteáil ina measc.

Beidh an file aitheanta Áine Ní Ghlinn i mbun ceardlainne i nGaelscoil Lios Tuathail thar an deireadh seachtaine agus beidh an fear grinn Des Bishop faoi agallamh ag Billy Keane, mac le John B Keane. 

Mar chuid d’imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, taispeántas ealaíona, scanann, sárthaispeántas, comórtais scéalaíocht chomh maith le léamh filíochta.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas:

Féile Scríbhneoiri Átha Cliath 2012

Féile na Gréine 2012

Ceardlann Scríbhneoireachta agus Tionól na Mumhan


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile

Ard-Fheis Shinn Féin

$
0
0

Is é Sinn Féin an dara páirtí polaitíochta is mó sa tír de réir na pobalbhreithe is déanaí.

Reáchtáladh Ard-Fheis an pháirtí polaitíochta i gCill Airne ag an deireadh seachtaine agus bhí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta go mór idir chamáin ag comhaltaí a ghlac páirt ann.


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Cháin an Seanadóir  Trevor Ó Clochartaigh an rialtas ó dheas as a dhearcadh i leith na Gaeilge. Dúirt sé gur “siopa cainte” iad na coistí atá i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus nach bhfuil spriocanna na straitéise á gcomhlíonadh acu. 

Agus é ag tagairt d’obair Oifig an Choimisinéara Teanga dúirt Ó Clochartaigh, “ Tá an Rialtas tar éis díriú ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga a bhaint uaidh, in ainneoin an obair den scoth atá á dhéanamh aige, ar bealach trédhearcach, agus éifeachtach”.

Luaigh sé nach bhfuil an Rialtas ag brú an chinnte seo ar aghaidh in ainneoin nach bhfuil aon airgead le sábháil as. Maidir leis an mBille Gaeltachta atá le plé i nDáil Éireann go luath, deir Ó Clochartaigh go mbainfear an daonlathas as Údarás na Gaeltachta dá gcuirfear deireadh le toghcháin Bhord an Údaráis.


Samhail Nua Mhaoinithe don earnáil dheonach
Tá samhail nua mhaoinithe do earnáil dheonach na Gaeilge idir dhá cheann na meá i láthair na huaire. Reáchtáladh an tríú próiseas comhairliúcháin i mbliana agus ní fios go fóill an nglacfaidh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) leis an tSamhail mar a sheasann sí.

Gan amhras tá suim ag an bpáirtí sa cheist toisc go bhfuil roinnt do na heagrais Ghaeilge ag feidhmiú ar dá thaobh na teorann agus dornán eile nach bhfuil ag feidhmiú ar bhealach uile-oileánda.

Agus é ag tagairt don tSamhail Nua Mhaoinithe, dúirt Ó Clochartaigh go raibh moltaí dearfacha déanta ag Sinn Féin i leith na Samhala Nua Mhaoinithe.

Ceann acu sin ná go gcreideann Sinn Féin gur chóir go mbeadh aon Samhail Nua Mhaoinithe bunaithe ar phrionsabail fhónta pleanála teanga agus curtha i gcomhthéacs

Phlean 2030 agus na pleananna faoi choinne aonad náisiúnta pleanáil teanga a bhunú.  Chuir an páirtí aighneacht isteach mar chuid don phróiseas atá le léamh anseo. http://www.gaeilge.ie/ForasnaGaeilge/Comhairliuchan_Poibli.asp 

É sin ráite, tá Sinn Féin ag iarradh fanacht ar thorthaí an chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Iúil ina mbeidh an tuairisc is déanaí faoin tSamhail Nua Mhaoinithe á phlé ann.

Ritheadh rún i dTionól Thuaisceart Éireann Dé Máirt seo caite ag cáineadh na Samhla ach dúirt Cathal Ó hOisín, Comhalta den Tionól nár cheart an tSamhail Nua Mhaoinithe a phlé go fóill go dtí go raibh torthaí an phróisis comhairliúchán foilsithe.

Beidh an-tionchar le himirt ag an Aire Fóillíochta ó Thuaidh Carál Ní Chuilín MLA ó Shinn Féin nuair a thiocfaidh an crú ar a tairne mar beidh an cinneadh deireanach le socrú aici maidir le todhchaí na Samhla sa samhradh i gcomhpháirt lena comhpháirtithe ó dheas, an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD agus Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD.


Oifigeach Gaeilge ceaptha
Ba bhliain tábhachtach é do Shinn Féin ó thaobh na Gaeilge de mar gur ceapadh Liadh Ní Riada mar Oifigeach Gaeilge an pháirtí.

Deir sí go bhfuil an ceapachán ‘stairiúil mar gur Sinn Féin an t-aon Pháirtí riamh atá tar éis Oifigeach Gaeilge Náisiúnta a fhostú agus soiléiríonn sé an dearcadh dearfach atá ag Sinn Féin i dtreo na Gaeilge. 

Deir sí go mba mhaith le Sinn Féin, a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus airgead ar fáil d’eagraíochtaí atá ag gníomhú ar son na Gaeilge agus gan amhras go mbeadh tacaíocht faoi leith ann don Ghaeltacht. 

Tá súil aici tionól oibre a reáchtáil leis an heagraíochtaí agus eagrais Gaeilge go bhfuil suim acu feachtas nó meitheal oibre náisiúnta a chuir ar bun chun ábhair agus plean le struchtúir phraiticiúla a chruthú a thabharfaidh aghaidh ar na constaicí atá ann maidir le feidhmiú na Gaeilge.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: ‘Childish political point scoring’ - SF hit back at Overend Irish school remarks

As na Nuachtáin: 13 iarratas ar phacáiste tacaíochta teanga Roinn na Gaeltachta

As na Nuachtáin: Póstaeir 'Tá' agus 'Níl' crochta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #samhail

Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann

$
0
0

Déanfar comóradh ar oidhreacht Naomh Colm Cille le linn féile mhór i nGleann Cholm Cille in iar-dheisceart Thír Chonaill ón 1-4 Meitheamh 2012.

Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D féile na bliana seo go hoifigiúil ar 1 Meitheamh.

Níos déanaí sa tráthnóna beidh léacht dhátheangach le hAodán Mac Póilín, Stiúrthóir, Iontaobhas Ultach ar théama a bhaineann leis an oidhreacht choiteann atá ann idir na pobail ar dhá thaobh shruth na maoile.

Ar an Satharn agus an Domhnach beidh neart ranganna i nGaeilge na hAlban, ranganna i ndamhsaí Thír Chonaill, siúlóidí ar Shléibhte Thír Chonaill mar aon le himeachtaí Gàidhlig agus céilí mór ar siúl. Chomh maith leis sin, déanfar oilithreacht timpeall ar na suíomhanna ba mhó a bhí luaite leis an naomh agus déanfar Cuairt an Chlacháin  ar Dhaoniarsmalann an Athair Mhic Daidhir ('An Clachán')

Oíche Shathairn beidh ceolchoirm mhór ann nuair a rachaidh na hamhránaithe agus ceoltóirí clúiteacha Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh chun stáitse.

Tá an-nasc ag Griogair leis an gclann chlúiteach teaghlach Lawrie as Ballachulish a bhfuil clú agus cáil orthu in Albain de bharr a gcuid ceoil ardchríocha.

Is minic a bhíonn Griogair le cloisteáil ag féilte éagsúla timpeall na tíre seo agus thar lear agus bíonn meascán iontach de shean-amhráin Gàidhlig aige mar aon le neart sean-nóis na tíre seo.

Is as Na Doirí Beaga i dTír Chonaill de Doimnic Mac Giolla Bhríde fear a bhain an bonn óir amach i gcomórtas na bhfear sa bhliain 2008 agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2009 i Leitir Ceanainn. Mar aon le bheith ina amhránaí sean-nóis cumasach seinneann Doiminic ar na píopaí agus ar an gcairdín. Bíonn sé i bhfeighil ranganna amhránaíochta ar an sean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas
:

Comórtas Peile na Gaeltachta 2012

Féile na Gréine 2012

Féile Ceol Tíre Wimborne 2012

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile

Siollabas nua don tríú bliain ollscoile le seoladh inniu

$
0
0

Seolfar an siollabas nua inniu i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus is é an tríú siollabas atá deartha ag an ngrúpa comhairleach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.Is iad an Dr Máirín Nic Eoin  ó Choláiste Phádraig agus an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá ina chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Tá sé bunaithe ar shlat tomhais idirnáisiúnta, an Fráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.“Is siollabas comhtháite é agus tá na scileanna teanga go léir i gceist”, dar leis an Dr Máirín Nic Eoin, comhstiúrthóir an tionscadail. Tugtar san áireamh sa siollabas riachtanais éagsúla agus cumas teanga na mac léinn chomh maith leis na  téamaí, scileanna teanga agus torthaí foghlamtha a bheidh i gceist sa siollabas úr.Tá an siollabas don chéad bhliain agus don dara bliain ar fáil chomh maith leis an siollabas úr don tríú bliain ar http://www.teagascnagaeilge.ie/.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Feabhra 2012.

Tuairim an Phobail á iarradh faoin tSamhail Nua Mhaoinithe

$
0
0

Ceist chonspóideach atá sa tSamhail Nua Mhaoinithe faoin tráth seo, le seasamh láidir glactha ag eagrais Ghaeilge, agus ag lucht léann sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga in aghaidh na Samhla.   Tá achainí ar líne sínithe ag os cionn 1,300 duine le seachtain anuas, agus iad den tuairim go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe “lochtach go smior” agus go mbeidh mar thoradh air ná “dochar aimhleasach” don Ghaeilge. Teastaíonn ó Fhoras na Gaeilge deis a thabhairt don phobal tuairimí a nochtadh maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe.  Tionóladh an chéad chruinniú poiblí aréir i dTrá Lí, agus beidh cruinnithe eile ar siúl sa choicís romhainn ag na hionaid/dátaí thíos. • Cúige Uladh: Cultúrlann Bhéal Feirste  - 8 Márta 2012 • Cúige Chonnacht: Óstán Pháirc Mionlach, ( Menlo Park Hotel) Gaillimh- 12 Márta- 7 in • Cúige Laighean: Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2  - 14 Márta- 7 in Tá eolas faoin tSamhail Nua Maoinithe agus na Doiciméid Comhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhail Cuirfear seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil le linn na n-ócáidí seo, agus cuirfear fáilte roimh chách. © Gaelport.com 06 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #samhail #gaeilge 

Cabaret Craiceáilte san Ardchathair

$
0
0

Beidh Bréag , na Dirty 9’s, Rís, Tura Aru Tura agus go leor ceoltóirí/siamsóirí eile páirteach sa ruaille buaille a bheidh ann i Lána na Dáma ó 9.30 in ar aghaidh. Tá clú agus cáil bainte amach ag Bréag ar fud an domhain le blianta anuas. Tá ceol bríomhar traidisiúnta acu lena stíl éagsúil féin.  Is as Béal Feirste don ghrúpa agus tá tionchar na Gaeilge go mór le cloisteáil ina gcuid ceoil. Caith ort na bróga damhsa agus buail isteach chuig an Cabaret Craiceáilte. Tuilleadh eolais: www.craiceailte.com © Foilsithe ar Gaelport.com -  6 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge

Coicís fágtha roimh spriocdháta Chomórtas Filíochta Uí Néill

$
0
0

Is comórtas dátheangach é seo, do dhánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban. Tá an comórtas filíochta seo á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le ceithre bliana anuas agus é mar ócáid lárnach ag ‘Turas na bhFilí’, malartú cultúrtha bliantúil idir filí Albanacha agus Éireannacha. Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr in cibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus cuirfear ar ghearrliosta iad. Gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ar Déardaoin, 12 Aibreán, 2012. Ní ghearrfar táille ar iarratais a chur isteach agus níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de.  Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach san iris Comhar, i nuachtlitir Eolas agus sa nuachtán seachtainiúil Gaelscéal. Beidh duine de mhórfhilí na linne seo, Nuala Ní Dhomhnaill mar mholtóir ar an gcomórtas mar aon le Rody Gorman, file Gàidhlig mór le rá. Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, Máire Ní Choilm mar aoi ar an oíche chomh maith. Beidh buaiteoir an chomórtais i gcomhluadar fhilí  úra is mó na linne seo. Is í Máire Wren as Cois Cladaigh sa Bhun Beag a bhuaigh an comórtas anuraidh leis an dán ‘Lúb ar Lár’. Is é Prionsias Mac an Bhaird buaiteoir 2010 leis an dán, ‘Bróga’ agus sa bhliain 2009 bhuaigh Tadhg O Dúshláine an comórtas leis an dán ‘An Duais’. Is é Niall Gordon an chéad bhuaiteoir sa bhliain 2008 leis an dán ‘Rannan na Bliadhna (12)’. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh an Aoine, 16 Márta 2012 ag meán lae. Is féidir foirmeacha iarratais agus eolas breise a fháil ag www.gaelport.com/comortasuineill nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Sibéal Davitt ag 01 6794780 nó ag sdavitt@comhdhail.ie. © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #comortasuineill

Cláir Ghaeilge ar RTÉ do Sheachtain na Gaeilge

$
0
0

Chothaigh feachtas an chláir nua de chuid an dornálaithe chlúitigh Bernard Dunne, ‘Bród Club’, neart cainte le déanaí agus cuireadh tús leis aréir, 5 Márta. Is í an aidhm atá ag Bernard Dunne leis an gclár seo a leanfaidh ar feadh sé seachtaine ná réabhlóid a thosú le 100,000 duine breise a chur ag labhairt Gaeilge. Cinnte beidh dúshlán mór roimh Dunne sna seachtainí romhainn agus é ag triail modhanna éagsúla le daoine a spreagadh agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chur chun cinn.Beidh Bernard Dunne mar aoichainteoir ar an gclár Eleve8 do dhaoine óga ar 6 Márta agus beidh an phearsa teilifíse Eoghan Mac Diarmada ar an gclár céanna ar 8 Márta ag caint ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Ghaeilge mar ábhar cainte ar cláir theilifíse eile do dhaoine óga ar nós TwoTube, Juice, Hubble agus  RTÉjr.Fiú gan trácht ar Raidió na Gaeltachta, beidh idir léamh filíochta agus léirmheasanna ar litríocht na Gaeilge le cloisteáil ar chláir éagsúla ar Radio 1, ‘The Book on One’ agus ‘Sunday Miscellany’ ina measc.Beidh Aifreann Lá ‘Le Pádraig á chraoladh beo ar RTÉ One agus le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ó 11.02 – 11.45am ar 17 Márta 2012.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012.Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #snag

Comórtas Comhrá Gaeilge

$
0
0

Ach, ní gá go mbeifeá i do shár-cheoltóir nó i do shár-amhránaí chun páirt a ghlacadh sna comórtais mar tá comórtas Comhrá Gaeilge ann do chainteoirí Gaeilge fud fad na tíre. Tá na comórtais oscailte do na haoisghrúpaí seo a leanas; Faoi 9 mbliana 9-11 bhliain 11-13 bliana 13-15 bliana 15-18 mbliana Ní mór do na hiomaitheoirí faoi aois 11 eolas a bheith acu ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. I gcás na n-aoisghrúpaí eile, idir aois 11-18, scrúdaítear cumas na ndaltaí i leith ábhair eile lena n-áirítear an Ghaeilge.  Is féidir tuilleadh eolais faoi na comórtais a fháil ar www.comhaltas.ie nó glaoch a chur ar +353 1 2800295 © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge @comhaltas

Cuirfear tús le Rith 2012 an Déardaoin seo

$
0
0

An uair seo beifear ag triall ar Thír Chonaill, Tír Eoghain, Doire, Aontroim, Ard Mhaca, Muineachán, Baile Shláine, Rath Tó agus ar Ghaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí, ar Bhaile Átha Cliath, Co. Chill Dara, Co. Cheatharlach, Co. Laoise, Co. Thiobraid Árainn, Co. Luimnigh, Co. an Chláir, Co. na Gaillimhe agus ar na hOileáin Árainn. Mairfidh ollrith na bliana seo ar feadh tréimhse deich lá agus beidh na mílte ag glacadh páirte sna himeachtaí i ngach Cúige den tír ón 8-17 Márta 2012.Ar an mbealach beidh peileadóirí contae agus imreoirí ó na clubanna áitiúla ag teacht amach chun rith ar son na Gaeilge agus anuas air seo beidh pearsa Sheachtain na Gaeilge, Eoghan Mac Diarmada amuigh ar na sráideanna agus ag spreagadh na rannpháirtithe i mBéal Feirste agus in Ard Mhacha.Beidh an Cabaret Craiceáilte, oíche mhór ceoil thraidisiúnta, rac-ceoil agus neart ceoil eile á reáchtáil i mbaile Mhuineacháin mar chuid d’imeacht Rith na bliana seo agus ar an Luan, 12 Márta beidh Rith i gCo. Átha Cliath áit a mbeidh deis iontach ag daoine fásta rith ó Coláiste Íosagáin/Coláiste Eoin chomh fada le Dún Laoghaire agus is féidir le daoine páirt a ghlacadh i rith éasca nó beagán níos faide le rogha idir aon, cúig nó ocht chiliméadar a rith.Arís i mbliana tá Rith ag nascadh leis na scoileanna i ngach contae agus thug foireann Rith cuairt ar scoileanna timpeall na tíre le cúpla mí anuas agus dá bharr seo beidh deis bhreá ag scoileanna mórthimpeall na tíre páirt a ghlacadh sna himeachtaí ina gceantar áitiúil.  Tá pacáistí eolais ar fáil do gach scoil mar aon le hacmhainní agus comórtais ar shuíomh Rith 2012.Ar ndóigh beidh teachtaireacht an-tábhachtach ó Uachtarán na tíre Micheál D. Ó hUigín laistigh den bhaitín i mbliana ach caithimid fanacht go dtí Lá Fhéile Pádraig chun a fháil amach céard atá sé chun a rá aige le muintir na tíre nuair a dhéanfar an teachtaireacht a léamh amach i gCill Ronáin, Inis mór, Oileán Árann áit a gcuirfear clabhsúr spleodrach le Rith 2012Tá gach eolas maidir leis na ceantair a mbeidh Rith ag triall orthu ar fáil ar: www.rith.ie©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012.Lean an scéal seo agus @Gaelort ar Twitter:#gaeilge #rith #snag

Dlúthdhiosca Dharach Uí Chatháin le buachan

$
0
0

Féile amhránaíochta ar an sean-nós a dhéanann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí chlúitigh, Darach Ó Catháin.  Bíonn scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na rinceoirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain. Ba sa Mháimín i gCeantar na nOileán i gConamara, Co. na Gaillimhe a rugadh Darach Ó Catháin sa bhliain 1922.  Ach sna tríochaidí bhog a mhuintir chomh maith le go leor teaghlach eile ag an am suas go Gaeltacht Ráth Chairn mar chuid de scéim talún a bhí curtha ar bun ag Coimisiún na Talún i gContae na Mí. Phós sé Bríd Ní Chonaire as  Ros Muc agus ag tús na gcaogaidí d’imigh sé go Leeds, Sasana, agus chaith sé an chuid eile dá shaol ann. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis sa tír seo bíonn Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí gach bliain áit  a ndéantar ceiliúradh ar a shaothar agus ar shaibhreas, ar chultúr agus ar oidhreacht shaibhir an tsean-nóis. Ceist na seachtaine seo: Cá rugadh  Darach Ó Catháin ? • Ros Muc  • Máimín  • Leeds  • Ráth Chairn  Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Déardaoin, 15 Márta 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Pádraig Ó Flaitheartaigh as Co. Chorcaí a bhuaigh duais an eagráin seo caite. © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge

Ticéid Ghradam Ceoil TG4 á ndíol go tapa!

$
0
0

Ba é Tommy Peoples an chéad cheoltóir a roghnaíodh do Ghradam Ceoil TG4 i 1998 agus ó shin i leith bíonn ceoltóirí den scoth i measc na mbuaiteoirí gach bliain agus ní haon eisceacht í 2012. Beidh sé ghradam dhifriúla á mbronnadh sa Cheoláras ar an oíche ar scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na gcumadóirí. Ina measc beidh na gradaim seo a leanas: Gradam Ceoil TG4, Ceoltóir Óg TG4, Gradam Saoil TG4, Cumadóir TG4, Amhránaí TG4 agus Gradam Aitheantais TG4. Is iad Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird ó TG4 a bheidh mar láithreoirí ar an oíche.  Beidh an cheolchoirm speisialta seo á thaifeadadh beo ar an oíche agus beidh sé á chraoladh ar TG4 oíche Dhomhnaigh Cásca. © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge @TG4TV

Buntáiste Breise na Gaeilge faoi chaibidil san iarthar

$
0
0

Bhí dhá seimineár i gceist,  ceann i mBéal Átha na Sluaighe ar an gCéadaoin agus ceann eile in Inis i gCo. An Chláir ar an Déardaoin.In Inis maidin Déardaoin chuala daltaí scoile as Contae An Chláir na buntáistí a thug an Ghaeilge don phainéil nuair a thug Conor Keane, Siún Nic Gearailt, Dónal Ó hAiniféin, , Emer Ní Fhlaitheartaigh agus Breandán Mac Fhionnghaile cuntas an-spreagúil ar a gcuid oibre agus an bhaint lárnach atá ag an nGaeilge lena gcuid poist laethúil.  Ar ndóigh, cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus bhí an-deis ag na  dhaltaí scoile páirt a ghlacadh sa díospóireacht le linn na seimineáir.Comhghairdeas le Donnagh Ní Anracháin, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí a bhuaigh an príomhdhuais ag an seimineár i mBéal Átha na Sluaighe agus le Clóe Ní Mhaoilchaoin as Coláistepobail Naomh Mícheáil i gCill Mhicheáil a bhain amach an duais mór in Inis. Bhuaigh an bheirt acu leath scoláireacht i gColáiste Samhraidh Coláiste Laichtín,  Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe luach €440 an duine.Léirigh na haoichainteoirí go léir do na daltaí a bhí i láthair, nach gá gurb as an nGaeltacht thú chun gairm beatha a bhaint amach i saol na Gaeilge.Tá semineáir eile le reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge amach anseo: Newgrange Hotel, An Uaimh, Co. na Mí - 27 Márta 2012The Anner Hotel, Dúrlas Éile, Co. Thiobraid Árann - 17 Deireadh Fómhair 2012Whites Hotel, Loch Garman - 18 Deireadh Fómhair 2012Killashee House Hotel, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara - 15 Samhain 2012Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar dean teagmháil le 01 6794780.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #bbnag

Príomhfheidhmeannach nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta

$
0
0

Tá an tÚdarás ag feidhmiú gan príomhfheidhmeannach buan ó mhí na Nollag, 2010. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá ról lárnach ag an Údarás i saol na Gaeltachta mar go cuireann siad forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta chun cinn agus é mar aidhm fhoriomlán aige an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh mar phríomhtheanga phobail an réigiúin. D’éirigh iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin as ról an phríomhfheidhmeannaigh  breis is bliain ó shin agus tá Seán Ó Labhraí ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ó mhí Eanáir 2011 go dtí an lá inniu toisc nach bhfuil príomhfheidhmeannach buan ceaptha go fóill. Is post dúshlánach atá ann don phríomhfheidhmeannach nua lena n-áirítear an ról ar leith atá ag an Údarás Straitéis 20 bliain na Gaeilge a chur i bhfeidhm.  Anuas air sin, Comhoibreoidh an Príomhfheidhmeannach leis an mBord chun straitéis, polasaí agus pleananna a thionscnamh agus a fhorbairt chun aidhmeanna na heagraíochta a chur chun cinn. Léireoidh an té a cheapfar ceannasaíocht chun a chinntiú go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh maith is atá ar a chumas chun infreastruchtúr eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeltachta a fhorbairt. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bpost chomh maith le sonraí iomlána an phoist agus conas iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin www.publicjobs.ie. Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin, 21 Márta 2012. © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge @UdarasnaG

An bhfuil aon tuar dóchais don Ghaeilge sna Gaeltachtaí?

$
0
0

Agus iarrachtaí macánta á dhéanamh ag lucht an Chúpla Focail timpeall na tíre as seo go Lá Fhéile Pádraig, chun beogacht na teanga a cheiliúradh, is bás ní athfhás a bhí faoi chaibidil agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail á plé le linn na Scoile Earraigh seo. Díríodh isteach sa Scoil seo, ar chúrsaí Forbartha Pobail, agus cúrsaí Athnuachana Teanga.  Ghlac cainteoirí ó Éirinn agus ó Albain páirt sa Scoil Earraigh, agus spreagadh plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na hathnuachana teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil cinniúint mionteangacha an domhain ag brath. Chuir Dr Brian Ó Curnáin, stádas reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcomparáid le hiarrachtaí tine a lasadh, ach go raibh na fóid mhóna rófhada óna chéile, le splanc bheag anseo is ansiúd, ach  gan dóthain dlúis de bhreosla ar fáil chun an tine a fhadú.  Ag leanúint lena chuid meafar, tharraing Ó Curnáin comparáid idir an Béarla agus an Ghaeilge, agus an Euro, agus seanphunt na hÉireann, agus dúirt gurb é an Béarla an t-airgead reatha atá ag an dream óg ó thaobh cúrsaí teanga de.  Dar le Ó Curnáin, tá an Béarla á shealbhú ró-óg acu siúd sa Ghaeltacht, agus gur gá tearmann teanga a chruthú, agus a chothú, chun an Ghaeilge a thabhairt slán.  D’aontaigh Ó Curnáin, agus Ó Giollagáin, go bhfuil an Ghaeilge á shealbhú go “heasnamhach” sna Gaeltachtaí ó bhí na 1970idí ann.  Mhol Ó Giollagáin go bhfuil gá anois le ceannaireacht láidir sna Gaeltachtaí, ach léirigh sé éagsúlacht idir cheannaireacht ar phobal tíreolaíoch agus ceannaireacht a thabhairt do phobal teanga.  Mhol Ó Giollagáin gur gá tosú leis na pointí is géarchéimí, agus mhol sé don Stát aitheantas ar leith a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a ngasúr trí Ghaeilge. I measc na n-aoichainteoirí eile a labhair le linn na Scoile bhí, an Dr Gillian Munro, Sabhal Mòr Ostaig, Alba; an Dr Michelle Macleod, Ollscoil Obar Dheathain, Alba; Ivan Mac Philp, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo ; an Dr Tony Varley, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Sa bhreis ar na hacadúlaithe thuas, labhair gníomhairí teanga amhail, Feargal Mac Ionnrachtaigh,  Aoife Ní Shéaghdha, agus Donnachadh Ó Baoill faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le teanga a athnuachan agus pobail a chumasú.   Má tá aon tuar dóchais nó tuar dearfachta ag éirí as plé an lae inné, is é gur bhain an plé go docht le taighde reatha comhaimseartha, ní féidir na staitisticí a shéanadh, agus ní féidir linn dallamullóg a chur orainn féin maidir le cás na Gaeltachta – caithfear eolas a bheith agat ar an ngalar sular féidir é a leigheas.  A bhuíochas don taighde atá curtha i gcrích ag Aonad na Pleanála Teanga de chuid an Acadaimh, go háirithe an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) is féidir breathnú go fuarchúiseach ar ghéarchéim na teanga sna Gaeltachtaí chun teacht ar réiteach na faidhbe.    Mar chríoch ar an Scoil Earraigh, seoladh an leabhar “An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas” atá foilsithe ag Leabhar Breac, agus curtha in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Curnáin, agus Ciarán Lenoach.  De réir an leabhair seo, is breac-Ghaeltacht atá fágtha anois den Ghaeltacht stairiúil, nach bhfuil inmharthana mar atá sí, agus pléitear sa leabhar cur chuige réadúil le dul i ngleic leis na fadhbanna seo, chun an Ghaeltacht mar phobal Gaeilge a athnuachan.  © Gaelport.com 06 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter #pleanáil_teanga #Gaeilge

Féile Idirnáisiúnta Sheachtain na Gaeilge

$
0
0

I dteannta leis na céadta imeachtaí a bheidh ag titim amach in Éirinn, beidh Seachtain na Gaeilge 2012 á cheiliúradh ar fud an domhain.Tá deireadh seachtaine den chéad scoth eagraithe ag The London Irish Centre do dheireadh seachtaine Fhéile Pádraig.  I dteannta leis an bparáid bhliantúil beidh céilithe, seisiúin scéalaíochta, béilí gaelacha agus Féile Ghlór na nGael, ceiliúradh na dteangacha gaelacha i gceol an domhain. Beidh ceardlann amhránaíochta á reáchtáil ag Gráinne Holland ag an bhféile agus beidh Feilimí O’ Connor i láthair freisin.  Tá gach eolas ar na himeachtaí i Londain ar fáil ag: www.londonirishcentre.org.Seolfar Seachtain na Gaeilge Beilge sa Bhruiséil ar 6 Márta áit a mbeidh Amhráin, Rince agus Ceol do Leanaí ar siúl.  Leanfaidh na himeachtaí ar feadh na seachtaine le hAifrinn, Ciorcail Chomhrá agus ceolchoirm le Liam Ó Maonlaí.  Titfidh Mórshiúl Là ‘le Pádraig na Bruiséile 2012 amach ar 11 Márta ag a mbeidh ceiliúradh agus cuimhneacháin á dhéanamh ar an gcaidreamh idir Éirinn agus An Bheilg.Beidh Lá Gaelach ar siúl in Ollscoil Brest sa Bhriotáin ar 14 Márta agus leanfaidh An Ghaeilge ag an gcéilí ar an 16 Márta.Beidh imeachtaí ar siúl ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn na Féile le hAifrinn Gaelacha agus feiseanna scannánaíochta  ar siúl in California, San Francisco agus New Jersey.Agus leanfaidh an ceiliúradh níos faide fós le scoth an amchláir i gCeanada.  Beidh Ontario mar lár-ionad na Féile ina mbeidh cúrsaí Gaeilge, dinnéir, tráth na gceist, rince agus Aifrinn ar siúl i measc go leor leor imeachtaí eile.  Beidh Mórshiúil Lá Fhéile Pádraig, buaicphointe na féile atá eagraithe ag Cumann na Gaeltachta,  ar siúl ar 17 Márta. Tá gach eolas maidir leis na himeachtaí seo agus an t-uafás eile ar fáil ag www.snag.ie© Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #Gaeilge #SnaG

Buaicphointí Sheachtain na Gaeilge

$
0
0

Leanfaidh Seachtain na Gaeilge ar aghaidh go dtí an 17 Márta agus beidh scoth na n-imeachtaí ar siúl timpeall na tíre le linn na féile. Tá ócáidí éagsúla spéisiúla eagraithe i ngach uile chontae sa tír mar sin, beidh deis ag gach uile dhuine a gcúpla focal a chleachtadh, in ainneoin an chaighdeáin Ghaeilge acu. Cúige Chonnacht: Tá Lá na Gaeilge eagraithe ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo don 13 Márta ag a mbeidh Comhairle na nÓg, Caisleán an Bharraigh, ag súgradh agus ag ceol trí Ghaeilge ar feadh an lae, agus beidh ar gach duine a mbuailfear leo Gaeilge a labhairt chomh maith. Beidh Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl i gClub Áras na nGael i nGaillimh ar 7 Márta.  Oíche shóisialta a bheidh inti ag a mbeidh deis ag foghlaimeoirí bualadh le chéile agus an chraic a bheith acu trí mheán na Gaeilge Beidh Flash Céilí ar siúl ag An Cumann Craic, OÉG, ar 8 Márta.   Beidh siad ag bualadh le chéile ag 2pm le Flash Céilí/ Agóid sa Chathair. Cúige Laighin: Beidh Comórtas Mhaisiú Fuinneoga Shiopaí ar siúl i nGlór Chluainín, Contae Liatroma ar 14 Márta áit i mbronnfar €150 ar an maisiú fuinneoige is fearr a chuireann Gaeilge in úsáid ann. Beidh Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag reáchtáil An Gael-Fachtóir le linn Sheachtain na Gaeilge 2012. Is seó tallainne é an Gael-Fachtóir a dhéantar go hiomlán trí mheán na Gaeilge chun an deis a thabhairt do Ghaeil óga a gcuid scileanna agus buanna a thaispeáint ar an ardán agus duais cúpla céad euro a bhuachan. I mbliana reáchtálfar an An Gael-Fachtóir Déardaoin an 8 Márta i halla Fhoras na Gaeilge ag 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ag a 6.00pm. Beidh Comórtas Amhrán Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar 8 Márta.  Beidh Daithí Ó Sé mar fhear an tí agus beidh siad ag ullmhú don chéad fhéile mhór eile i mí Aibreáin. Cloisfear scoth an cheoil ag Ceolchoirm Mhór na Féile Pádraig i nDún Laoghaire ar 16 Márta.  I measc na gceoltóirí a mbeidh ag seinm ar an oíche beidh Niamh de Búrca, Cormac Breatnach, Máire Breatnach agus Colm Ó Foghlú.  Cúige Mumhain: Cuireadh tús le Mí na Gaeilge i gCorcaigh ar 1 Márta in Ionad Gael-Taca, Port Uí Shúilleabháin, Cathair Chorcaí.  Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl sa chathair le linn na féile idir sheimineáir, fhilíocht agus cheolchoirm.  Tabharfaidh John Spillane cuairt ar 8 Márta agus beidh Mórshiúil lá le Pádraig ar siúl i lár na cathrach ar an lá saoire náisiúnta. Beidh Dúshlán Luamhaireachta ar siúl i Freedom Scoil Surfála ar 8 Márta.  Beidh deis ag daltaí sa chéad agus dara bliain dul in iomaíocht le scoileanna eile ar an gcúrsa gníomhaíochta atá lonnaithe sa Trá Mhór. Tabharfaidh Féile Coirm Gael Linn cuairt ar Thrá Lí ar 9 Márta.  Cuirfidh muintir na mbunscoileanna áitiúla drámaíocht agus ceoil den scoth ar siúl in ionad Siamsa Tíre don chomórtas náisiúnta. Cúige Ulaidh: Is i dteach tábhairne An Poc Fada i gContae Mhuineacháin a bheidh an chéad Cabaret Craiceáilte eile ar siúl.  Beidh Rónán Mac Aodh Bhuí, na grúpaí ceoil Bréag agus Rís,  agus rinceoir Tura Atura i láthair ar oíche an 10 Márta le tabhairt faoi oíche cheolmhar chraiceáilte eile. Pléifear stair agus béaloideas Leitir Cheanainn  ar shiúlóid an Chlocháin Bhig ar 11 Márta.  Beidh fáilte roimh chách bailiú le chéile ag Ionad Naomh Pádraig ag 2pm agus aghaidh a thabhairt ar an tsiúlóid stairiúil Ghaelach. Beidh Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil i ngach áit i gcathair Dhoire le linn Sheachtain na Gaeilge.  Tá scoth na n-imeachtaí eagraithe idir lá eolais, chéilithe, scléip an fháinne agus thráth na gceist.  Beidh Sár-thaispeántas Cultúrtha agus Lá Siamsaíochta ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin  ar 12, áit a mbeidh an slua ag ceiliúradh na ngaelscoileanna sa cheantar. Beidh imeachtaí Gaeilge do gach duine ar gach caighdeán Gaeilge ar siúl i ngach ceantar sa tír le linn Sheachtain na Gaeilge 2012.  Tá gach eolas ar fáil ar www.snag.ie. © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #SnaG #Gaeilge

Féile an Earraigh 2012 – Béal Feirste

$
0
0

Mar chuid d’Fhéile an Earraigh 2012, tá sraith d’imeachtaí den chéad scoth eagraithe i mbliana le scoth na gceoltóirí agus bannaí ceoil ag dul chun stáitse. Beidh an fhéile mhór cheoil agus chultúrtha seo ar siúl ón gCéadaoin 14 Márta go dtí an Domhnach 18 Márta 2012. Ar an Aoine rachaidh an grúpa ceoil aitheanta Kíla agus an t-amhránaí agus an ceoltóir cumasach as iarthar Bhéal Feirste Gráinne Holland chun stáitse ag 8pm sa Bank Square Marquee. Beidh scoth na mbannaí ceoil ag dul ar stáitse le linn na féile. Mar chuid de cheiliúradh mór Lá le Pádraig beidh siamsaíocht den scoth leis na bannaí ceoil The ShamRogues agus Bréag ag 8pm sa Bank Square Marquee. Ar an Domhnach 18 Márta leanfar leis an gceiliúradh le neart ceoil le The Rapparees & Bernadette Morris. Tuilleadh Eolais : www.feilebelfast.com © Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012 Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #Gaeilge

“Easpa Iontaoibhe” ag eagrais Ghaeilge as Próiseas Comhairliúcháin an Fhorais

$
0
0
Scríobh An Fóram, chuig na hAirí Carál Ní Chuilín MLA agus Dinny McGinley TD inné, agus iad ag cur in iúl an easpa iontaoibhe atá acu as an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh le deireanaí ag Foras na Gaeilge maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe d’earnáil na Gaeilge.  Is grúpa é an Fóram atá ionadaíoch ar 80% de na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tagann an cáineadh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ón lá inné, ag léiriú amhrais ar an tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus ag léiriú amhrais ar an bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.  

19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair, ach punann de 8 scéim atá curtha chun cinn anois mar mhúnla nua maoinithe don earnáil.  Cuireadh tús leis an bpróiseas seo sa bhliain 2008, agus tá mar sprioc ag an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint.

Mar chuid den tSamhail, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.

Sa chomhfhreagras chuig na hAirí, leagann An Fóram amach sraith fhada de chúiseanna imní i ndáil leis an bpróiseas comhairliúcháin deireadh.  Dar leis an bhFóram, go bhfuil “easpa iontaoibhe forleathan i measc na n-eagras agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh”.

Sa litir chuig na hAirí cuirtear i leith an Fhorais gur chuir an doiciméad comhairliúcháin “dúshlán nach beag” roimh an bpobal tabhairt faoin gceistneoir a fhreagairt, ó tharla go raibh 108 leathanach ann.  De réir an Fhóraim, phléigh an comhairliúchán le hábhar na dréachtscéimeanna amháin, in áit choincheap na samhla nua a phlé.

Cuirtear in iúl sa litir go bhfeictear don Fhóram go bhfuil coimhlint leasa dealraitheacht ag eascairt as conradh gnó do Chomhairleoireacht Bainistiú Tionscadail a bhronnadh ar an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Is cosúil go bhfuil eagrais an Fhóraim míshásta freisin gur fágadh isteach agus gur cuireadh  na mílte aighneachtaí aonaracha chuig oifigí Fhoras na Gaeilge ó chliaint na n-eagras roimh spriocdháta an phróisis, ach nach bhfuil tásc ná tuairisc d’fhormhór mhór na n-aighneachtaí seo ar shuíomh an Fhorais.

Deir Cathaoirleach an Fhóraim, Antoine Ó Coileáin, gur chuir sé an-díomá air féin nár foilsíodh an méid a dúradh ag na seisiúin phoiblí agus nach fios cén aird atá an Foras ag tabhairt don méid a dúradh ag na cruinnithe poiblí.

Sonraítear sa litir go bhfuil fianaise ag an bhFóram go ndeachaigh ar a laghad aighneacht amháin ó eagraíocht dheonach amú sa phróiseas comhairliúcháin, ach nach fios cé mhéad aighneachtaí eile a chuaigh amú sa phróiseas toisc fadhbanna teicneolaíochta ó thaobh an Fhorais de.

Ar bhuille mheánlae i dTeach Laighean inniu, seolfar tuarascáil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá curtha le chéile ag an gCoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht. Sa bhreis ar mholtaí i leith na samhla nua maoinithe a chur chun cinn, nochtfar tuairimí an Chomhchoiste sa tuarascáil seo ar shaincheisteanna na Samhla.

Dar le Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh, TD, “Beartaítear leis an Tuarascáil seo tuairimí na ndaoine siúd ar cás leo ár dteanga náisiúnta, agus a bhfuil de dhiongbháilteacht iontu obair ar a son, a chur in iúl go díreach don Rialtas".

© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Todhchaí na nEagras Gaeilge le plé ag Comhchoiste Oireachtais

As na Nuachtáin:Assembly concern at proposed changes to Irish language funding

 

Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com agus ar Facebook: #Gaeilge #samhail
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>