Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Cóip den úrscéal draíochtiúil ‘An Hobad’ le buachan

$
0
0

An mhí seo caite sheol an scríbhneoir agus craoltóir aitheanta le RTÉ Cathal Póirtéir an t-úrscéal nua An Hobad (The Hobbit) go hoifigiúil i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Seoladh buneagrán an leabhair seo leis an údar JRR Tolkien’s i mí Mheán Fómhair 1937 an chead uair riamh.

An tseachtain seo beidh deis iontach ag duine amháin cóip den leabhar fantaisíochta iontach seo a bhuachan agus a bheith faoi dhraíocht ag na heachtraí atá sa leabhar.

Is iad na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams a d’aistrigh an mórshaothar fantaisíochta go Gaeilge.  Is iontach an rud é go bhfuil leagan Gaeilge den leabhar seo ar fáil anois faoi dheireadh.

Tá sainaithne ag pobal na Gaeilge ar Alan Titley mar shár-scríbhneoir cruthaitheach agus acadúil, mar fhile, mar aistritheoir agus mar láithreoir.

Is féidir an leabhar seo a ordú ón Siopa Leabhar ach ríomhphost a chur chuig siopa@cnag.ie nó glaoch a chur ar 01 4783814.

Ceist na seachtaine seo:

Cén bhliain ar foilsíodh an leabhar The Hobbit ar dtús?
1952     
1895        
1937     
1902      

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig duais@comhdhail.ie  roimh mheán lae, 24 Bealtaine 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le:
Bairbre Uí Theighneáin as Co. Uíbh Fhailí, Feargus Ó Snodaigh Baile Átha Cliath, Mairtín Birt as Co. Dhoire, Marie Mhic Giolla Phádraig Baile Átha Cliath agus Carmel Mac Domhnaill as Co. Luimnigh a bhuaigh cóip den leabhar More Facts About Irish le Helen Ó Murchú san eagrán seo caite.

 

© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Gaiscí Phóirtéir aitheanta ag na Gradaim Chumarsáide

Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 2012

Míorúiltí Mhac an tSaoi le plé ag comhdháil lae

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter - #Gaeilge


Féile na Gaeilge Nua-Eabhrac!

$
0
0

Is é Nua-Eabhrac an chathair is bríomhaire agus is ilchultúrtha ar domhan agus Dé Sathairn 19 Bealtaine reáchtálfar féile na Gaeilge san Irish Arts Centre i gcroílár chathair Nua-Eabhrac.

Beidh féile na Gaeilge ag freastal ar gach aon duine a bhfuil spéis acu sa  Ghaeilge idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí dúchais atá ar deoraíocht.

Tá beartaithe go mbeidh ranganna Gaeilge ar fáil ar maidin óna 11.45am agus beidh na ranganna sin faoi stiúir fhoireann teagascóirí sinsearacha, ina measc Muireann Ní Chuív, Peadar Ó hÍcí agus Caoimhe Ford.

Tabharfar an deis do rannpháirtithe bualadh le cainteoirí Gaeilge atá ag cur fúthu sa bhaile mór agus sna bruachbhailte máguaird ag na hócáidí sóisialta eile a bheidh ar siúl i rith an lae.

Ina measc beidh ceardlanna ina mbeidh ceird an aistriúcháin á plé chomh maith le seisiúin eile ina mbeidh amhránaíocht agus gnéithe den litríocht faoi chaibidil iontu. Ina dhiaidh sin beidh ciorcal comhrá ar siúl san áiléar agus beidh léamhanna filíochta ar siúl tráthnóna.

Tá an t-ionad ar bhfód ó bhí 1972 ann agus buaileann pobal na Gaeilge le chéile go minic ag an gciorcal comhrá a bhíonn ar siúl gach Céadaoin. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an bhféile ar fáil ar shuíomh an ionaid anseo www.irishartscenter.org.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Cúis Bróid

Cóip den úrscéal draíochtiúil ‘An Hobad’ le buachan

Ag cuardach poist?

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Féile Ceoil Thraidisiúnta Na Scéirí linn arís

$
0
0

Cuirfear tús bríomhar le Féile Ceoil Thraidisiúnta Na Sceirí na bliana seo le ceolchoirm mhór an Aoine seo 18 Bealtaine 2012. Tá deireadh seachtaine den scoth de cheol traidisiúnta, oidhreachta agus amhráin geallta le linn na deireadh seachtaine

Tá an fhéile cheoil seo aon bhliain déag ar an fhód i mbliana agus le cúpla bliain anuas tá aitheantas faighte aige mar fhéile mór a chuireann an traidisiún chun cinn. Ar na Satharn beidh ceol binn san Eaglais Mheitidisteach le Peter Brown, Siobhán Peoples, amhránaí áitiúil Aebh Kelly mar aon le go leor eile.

Arís i mbliana beidh scoth cheoltóirí na tíre ag tabhairt aghaidh ar bhaile beag Na Scéirí - baile atá suite ar chósta thuaidh Chontae Átha Cliath.

Beidh ceoltóirí ag seinm ag féile na bliana seo agus ag teagasc ag na ceardlanna éagsúla. Ina dteannta beidh na ceoltóirí Mick O’Brien, Mairéad Casey, Máire O’Keeffe, Liam O’Connor, Conor McEvoy, Conall O’Grada, Mary Bergin, Seán Ryan, Caitlin NicGabhann, Con Fada Ó’Drisceoil mar aon le go leor eile

Beidh na teagascóiír a bheidh i láthair ag múineadh uirlisí ceoil ag glacadh páirte ins na ceolchoirmeacha le linn na deireadh seachtaine.

Tuilleadh eolais:  
Tel: 01 8492223
Tel: 01 8490901

Suíomh gréasáin: www.skerriestraditionalmusic.com

Fáilte Uí Cheallaigh roimh chách chuig an fhéile thraidisiúnta seo!

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile na Gréine 2012

Fidil – Ceolchoirm mhór in Áras Éanna

Ó Bheal – Tráthnóna aoibhinn le Séamus Barra Ó Súilleabháin

 

Lean an scéal seo ag @gaelport ar Twitter: #gaeilge #feile

Scoil Samhraidh cois Bhearú

$
0
0
D’éirigh go hiontach leis an Fheile Phan-Cheilteach i gCeatharlach mí ó shin agus ag eascairt as sin beidh ceisteanna geilleagrach agus teanga le plé ag Scoil Samhraidh  sa bhaile i mí Iúil .
Is iad Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Cois Céim and Fondúireacht na Gaeilge atá i mbun na scoile samhraidh a reáchtáil agus beidh sé ar siúl oíche Aoine agus lá iomlán Dé Sathairn an 13 agus 14 Iúil in Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.

Is é an ní is díol spéise ná go mbeidh aoichainteorí Éireannacha ar cuairt ón mBanc Ceannais, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ón Irish Times mar aon le haoichainteoirí ón Spáinn agus ó Mheiriceá ag tabhairt faoi na seimineáir seo.

Beidh an t-Ollamh Peadar Kirby, Ollscoil Luimneach ag tabhairt aghaidh ar bhunlaigí agus ar bhundúshláin na staire maidir le tábhacht na Gaeilge i bhforbairt na tíre oíche Aoine, beidh Bríona Nic Dhiarmada, Ollscoil Notre Dame ag plé stádas  na Gaeilge ar an scáileán Dé Sathairn chomh maith le Fionnbara Ó Brolcháin, a bheidh ag déanamh plé ar mheabhrú na todhchaí.

Is é aidhm na scoile ceol, caidreamh, machnamh agus plé a chur chun cinn agus tá réimse leathan d’ imeachtaí agus de sheimineáir leis an sprioc sin a bhaint amach.

Tá seomraí codlata curtha ar leataobh san óstán agus is féidir seomraí a chur in áirithe ar líne . 
Tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.fnag.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas




 Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Ceatharlach

Cultúr na nDéise le ceiliúradh ag Comhdháil na nDéise

$
0
0
Tá deis eile ar fáil chun tacú le cultúr agus cruthaíocht na hÉireann i nGaeltacht Phort Láirge.

 
Beidh Comhdháil na nDéise á reachtáil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 7 Meitheamh.

Díreofar ar gach gné de Ghaeilge agus de Ghaeltacht na nDéise, ag tógáil na litríochta, na staire, na canúna, na hamhránaíochta, an cheoil agus an chultúir san áireamh.

Tá Gaeltacht Phort Láirge suite sé mhíle ó Dhún Garbhán agus feictear go bhfuil  saibhreas litríochta, teanga agus béaloidis ar fáil go forleathan inti.

Beidh Comhdháil na nDéise á oscailt go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD ag 11.30 rn ar an 7 Meitheamh.

Beidh roinnt scoláirí Gaeilge ag glacadh páirt sa Chomhdháil chun a gcuid saothar a chur i láthair i dteannta bheirt aoichainteoirí mór le rá – An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Nioclás Mac Craith, an scoláire Gaeilge. 
Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl sa Halla Éisteachta T&L, Príomhchampas WIT, Sráid Chorcaí agus is trí mheán na Gaeilge a bheidh siad. 
Cuirfear aistriúcháin chomhuaineacha Bhéarla ar fáil chomh maith.

Seolfaidh an tAire Mac Fhionnlaoich Cartlann Chultúr na hÉireann mar chuid d’imeachtaí an Chomhdhála. 
Beidh réimse leathan de bhailiúcháin sa chartlann; Bailiúchán Bobby Clancy, Bailiúchán Ghaedhealuinn na nDéise agus bailiúchán de lámhscríbhinní  agus taifeadtaí a bronnadh ar an Institiúid ina measc. 
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin http://www.wit.ie/news/pdf2.pdf 


© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas




 Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Comhdháilnandéise

Deis damhsa ar an Jig Gig!

$
0
0

Ar mian leat do chéimeanna damhsa a thaispeáint ar stáitse náisiúnta? Tá Adare Productions ag lorg iarratas ó dhamhsóirí traidisiúnta le dul san iomaíocht don cheathrú sraith den chlár ‘An Jig Gig’ de chuid TG4.

Músclaíodh suim dhomhanda sa damhsa Gaelach le déanaí nuair a bhuaigh an grúpa de sár-damhsóirí ‘Prodijig’ an comórtas idirnáisiúnta ‘Got to Dance’ ar Sky One le cur i láthair ag meascadh stíleanna hip hop le céimeanna traidisiúnta, mar sin níl bheidh am ar bith eile chomh feiliúnach le cur isteach ar chomórtas damhsa teilifíse ar ard-chaighdeán.

Anuraidh chuir na mílte grúpaí agus rinceoirí isteach ar ‘An Jig Gig’ ach ní raibh an bua ach ag mír amháin sa deireadh.

Glactar le gach sort iarratas ó dhamhsa céime, damhsa scuaibe, damhsa ar an sean-nós go damhsa seite agus níl srian ar bith ann ó thaobh aoise de.

Is iad na damhsóirí iomráiteacha Breandán de Gallaí, Dearbhla Lennon agus Labhrás Sonaí Choilm Learraí a bheidh ag déanamh moltóireachta arís i mbliana agus is cinnte nach bhfuil sé chomh héasca sin dul i bhfeidhm orthu.

An músclaíonn an méid sin do mhianach damhsa? Más ea, is féidir foirm iarratais a líonadh isteach ar www.tg4.ie nó glaoch ar 01-2843877 leis an deis iontach seo a thapú.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Féile Ceoil Thraidisiúnta Na Scéirí linn arís

As na Nuachtáin: Cuir ort do bhróga damhsa – seo chugainn sraith 4 den ‘Jig Gig’

As na Nuachtáin: Gradam Stewart Parker


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Forbairtí beartaithe do Theach an Phiarsaigh

$
0
0
Táthar ag súil go dtiocfaidh borradh mór faoi thurasóireacht i gConamara le fógra an Aire Gaeltachta Dinny McGinley arú inné go bhfuil ionad oidhreachta nua ar na bacáin do theach an Phiarsaigh i Ros Muc. Thug an tAire le fios go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus táthar ag súil go mbeidh an t-ionad oidhreachta tógtha in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916.

Tá feachtas ar bun le beagnach fiche bliain anuas ionad cuairteoirí a thógáil agus dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh bhí amhras “nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta”.

Níl an plean ach ina thús agus má éiríonn leis ceaptar go gcuirfear tús leis an obair tógála i 2014. Bunaíodh grúpa  le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí leis an bplean a fhorbairt agus tá i gceist go mbeidh ionad cuairteoirí nua-thógtha, cosán léirmhíninithe agus an teach stairiúil féin.

“Is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois”, a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

“Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir sé. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’”.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas €4m a ghiniúint, bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Buaileann an treoraí Máirtín Maher leis na tuarasóirí ar leac an dorais gach lá sa teach stairiúil agus tá sé cinnte go mbeidh éileamh ar an ionad oidhreachta.

“ Níl aon dabht ar bith go gcuirfeadh an t-ionad nua leis an teach féin agus rud ar bith a thabharfaidh leis turasóirí isteach ann, níl aon dabht ach go mbeidh an t-ionad nua atá beartaithe in ann é sin a dhéanamh”, a deir Martin Maher atá mar threoraí san ionad. Fostaítear triúr treoraí sa teach gach samhradh.

Thagadh an Piarsach ar chuairt ar Ros Muc gach samhradh agus sa teach stairiúil tá dhá seomra codlata agus tá an struchtúr mar a bhí sé nuair a bhí an Piarsach ann.

Dar leis an Aire beidh an ionad nua ina "lárphointe cultúrtha" don réigiún agus cuirfidh sé feabhas ar áiseanna do chuairteoirí sa cheantar máguaird.

“ Tabharfaidh an t-ionad léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge don náisiún i súile an Phiarsaigh agus ar thábhacht chultúr na Gaeilge agus an tírdhreach mórthimpeall mar thobar na n-oidhreachta”, a dúirt an tAire Stáit McGinley.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Bealtaine 2012

Sean go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Picnic náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Ionad fáilte nua do Ghaeltacht Dhún na nGall

Des Bishop sa Siopa Leabhar

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge

 


Des Bishop sa Siopa Leabhar

$
0
0
Ní in am soip a bheidh sé agus na leabhair úra ‘Our Fada’ le Rossa Ó Snodaigh agus Micheál Ó Domhnaill agus ‘Leabhar Foinn’ le Kíla á seoladh sa Siopa Leabhar ag an bhfuirseoir iomráiteach Des Bishop. 
Tá eagraithe na hócáide ag maíomh go mbeidh idir ghreann, cheol agus gháire á dtairiscint acu ag an seoladh seo a bheidh sa Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearcair, Baile Átha Cliath 2 ag 7.30in, Déardaoin 24 Bealtaine, 2012.

Deir Daragh Ó Tuama, Bainisteoir, An Siopa Leabhar: “Is oíche ar leith a bheidh sa seoladh den dá leabhar Our Fada agus Leabhar Foinn - Kíla - Book of Tunes an Déardaoin bheag seo, ó is é an chéad mhórócáid i sraith úr d'imeachtaí dá leithéid a bheidh á reáchtáil ins An Siopa Leabhar agus ina mbeidh an ceol, an greann agus an litríocht á shníomh le chéile.” 

Cuirtear béim ar thábhacht an tsínte fada ar fhocail agus léirítear an difríocht idir focail má bhíonn an fada ar bharr nó an fada ar lár in ‘Our Fada’ le Ó Snodaigh agus Ó Domhnaill. 
Tá 3,000 sampla ann agus léirítear an difríocht idir focail ar nós ‘Eire’ agus ‘Éire’ chun soiléiriú a dhéanamh ar an scéal. 
Sa ‘Leabhar Foinn’ le Kíla, tá breis is 100 fonn á gcur i láthair acu agus tá filíocht agus grianghraif de chuid an ghrúpa ina dteannta mar mhaisiúchán orthu. 
Beidh Kíla i láthair chun seit ceoil a sheinm ar an oíche agus beidh leabhair á síniú acu idir amhráin. 

Tá An Siopa Leabhar ag iarraidh go ngríosófar muintir Bhaile Átha Cliath chun léitheoireachta i nGaeilge amach anseo. 
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin www.cnag.ie 

©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:




Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #ansiopaleabhar

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

$
0
0
Fud fad na tíre beidh teaghlaigh ag spraoi trí mheán na Gaeilge ag picnicí ar 27 Bealtaine mar chuid de phicnic náisiúnta Chomhluadar. 
Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge. 

Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh.

Deir  Nicole Ní Cheallaigh, Oifigeach Imeachtaí Náisiúnta le Comhluadar: ‘Is deis iontach í an Phicnic Náisiúnta do ghrúpaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile agus imeacht nádúrtha i nGaeilge a bheith acu. Tá neart suime léirithe ag ár mbaill féin agus ag grúpaí pobail ann.’

Ní cúis imní é mura luaitear do cheantar thuas. Is féidir do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar  agus beidh pacáiste áiseanna á chur ar fáil do gach aon dream a dhéanann a bpicnic a chlárú leo. 

Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí. 
Bíonn imeachtaí den tsaghas seo á n-eagrú go minic ag Comhluadar chun deis a thabhairt do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith.

Tá sé i gceist ag Comhluadar An Phicnic Náisiúnta a eagrú go bliantúil amach anseo. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:




Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #picnic

 

An Star níos fearr ag gnó as Gaeilge

$
0
0
Is fearr an Star i réimse na margaíochta Gaeilge is léir, mar thug an nuachtán gradam náisiúnta leis ag searmanas bronnta a d’eagraigh Institiúid Mhargaíochta na hÉireann in óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath ar 17 Bealtaine.
Bronnadh an gradam ar an nuachtán ag Gradaim mhargaíochta na hÉireann dá iarrachtaí an gnó agus straitéis mhargaíochta a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge.

Bhí an gradam urraithe ag Foras na Gaeilge agus san iomaíocht leis an nuachtán bhí Bábóg Baby, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, an compántas amharclannaíochta Fíbín agus Gala.

Straitéis níos fearr
Le bliain anuas, tá roinnt forbairtí curtha i gcríoch ag foireann mhargaíochta an fhoilseacháin le go mbeadh gaol láidir idir féiniúlacht an nuachtáin  mar nuachtán dúchasach agus an Ghaeilge mar theanga náisiúnta na tíre.

Thug an nuachtán le fios sa chomórtas go gcuidíonn na tionscadail Ghaeilge leis an nuachtán seasamh láidir a choinneáil i margadh iomaíoch na nuachtán in Éirinn inniu agus go ndíoltar níos mó nuachtán dá bharr.

Am Breise
Am Breise is teideal don fhorlíonadh  Gaeilge a fhoilsítear sa nuachtán Déardaoin amháin sa mhí ina bhíonn cur síos ar chúrsaí peile, rugbaí agus scéalta ón tsraith agus ón gcraobhchomórtas náisiúnta peile agus iománaíochta foilsithe ann.

Is comhthionscnamh é seo idir The Star agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus tá ag éirí go h-iontach leis toisc meon dhearfach an nuachtáin  i leith na Gaeilge , dar le Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach (COGG).

Cuireadh tús leis an iris i mbliana mar thaca ar theagasc na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna. 

Bíonn scéalta ón pháirc peile le cloisteáil ó bhéil na n-imreoirí gach mí agus bíonn tuairiscí scríofa don nuachtán i nGaeilge ag an imreoir rugbaí Luke Fitzgerald agus Liam Rushe, iománaí óg a bhíonn ag imirt ar fhoireann shinsearach  Bhaile Átha Cliath.
 
Chomh maith leis sin bíonn tascanna éagsúla san iris a chuidíonn le comhrá a spreagadh sa seomra ranga ar bhealach neamhfhoirmiúil.

Seachtain na Gaeilge
Gan amhras tá tionscadail eile nach mbaineann le cúrsaí spóirt amháin ag an Star. Bíonn an-tóir mar shampla ar an iris ‘Sult’ a thagann amach ag tús Sheachtain na Gaeilge gach aon bhliain.

I mbliana scaipeadh 120,000 cóip don iris agus chuidigh feachtas raidió náisiúnta  poiblíocht a thabhairt don iris dhátheangach i mbliana. Chomh maith leis sin foilsítear forlíontaí eile i rith na bliana mar shampla 12 Lá na Nollag.

 

Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir le Foras na Gaeilge i gcomhluadar na mbuaiteoirí Maeve O’Connell and Diarmuid O’Leary ón Independent Star ag an searmanas bronnta.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Aois Nua do ‘Nua-Aois’

Forbairtí beartaithe do Theach an Phiarsaigh


Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #gnó



Ionad Fáilte Nua i nGaeltacht Dhún na nGall

$
0
0
Tá céad míle fáilte iomráiteach na nÉireannach fós beo.
Sin é an scéal in Ailt an Chorráin i nGaeltacht Dhún na nGall ar aon chuma, áit ar osclaíodh Ionad Fáilte nua ag tús mí Bealtaine.

Bhailigh an pobal le chéile chun an tionscadal seo a chur i gcrích agus tá meanma agus bróid i gcoitinne i measc mhuintir na háite. 
Lonnaíodh an t-Ionad Fáilte ar phaintéar an tseanollmhargaidh a bhí i mbun gnó go dtí 2006.

 

Is iad na gnéithe sainiúla den Ionad Fáilte ná an deasc caife, an spás galánta taispeántais, na híomhánna agus grianghraif ollmhóra de radhairc éagsúla ón sráidbhaile agus ar ndóigh, an comhartha ‘Cope’, a bheartaigh muintir na háite a choimeád in ómós don seansaol. 

Grúpa Gníomhach Ailt an Chorráin is ea an an grúpa taobh thiar den tionscnamh agus is obair dheonach amháin ó dhaoine éagsúla ón bpobal a chur an Ionad Fáilte seo le chéile.
Deir Frank Green, Rúnaí an Ghrúpa, “Tugadh an-tacaíocht dúinn ón phobal agus ó chomhlachtaí ”. 
Bhí Údarás na Gaeltachta, Tionscnamh Forbartha Pobal na Rosann agus comhlachtaí áitiúla eile ar son agus taobh thiar den chur le chéile.

Cuireadh tús le Féile Ealaíona agus Ceardaíocht Ailt an Chorráin an tseachtain seo caite agus mar chuid de, eagraíodh siúlóid dísirt mar aon le comórtas ealaíne do na páistí. 
Léirítear saothair ealaíne de chuid aos óg na háite san Ionad Fáilte agus tá deis ag aon cuairteoir iad a cheannach. 
Tá trealaimh, seirbhísí tógála agus ceardaíochta, grianghraif agus saothair ealaíne de shíor á ndeonú ag daoine agus tá líon na ndaoine atá ag freastal ar an ionad agus ar na himeachtaí ag dul i méid in aghaidh an lae.
 
Dúirt Mario Cafolla, Cathaoirleach an Ghrúpa gurbh í an aidhm a bhí acu anuraidh ná chun beocht agus beatha a chur ar ais sa bhaile agus toisc an suim a léirigh an phobal ann ní raibh ach rath ar an oibríocht.

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:




Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #ionadfáilte

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012

$
0
0
Tugadh aitheantas do Chathal Póirtéir, Pháidí Ó Lionáird agus do Bhrídín Nic Dhonncha ó 'Ros na Rún' i measc daoine eile i gcathair na Gaillimhe dé hAoine, áit ar bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais orthu.
Ba é an léitheoir nuachta RTÉ Aengus Mac Grianna a bhí ina fhear an tí agus d’fhreastail mór-uaisle na meán Gaeilge, iriseoirí, aisteoirí agus láithreoirí  ina measc ag an ócáid ghalánta.

Tháinig Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD ar chuairt agus chuir sé béim ar an ról atá ag na meáin Ghaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge.

“Creidim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hearnáil na meán Gaeilge: ní hamháin go bhfuil sí ag cuidiú le gnéithe tábhachtacha dár gcultúr a chaomhnú ach tá sí ag spreagadh fuinnimh agus cruthaíochta i measc ealaíontóirí agus daoine gairmiúla araon, ar mian leo slite beatha fiúntacha a bhaint amach trí mheán na Gaeilge ” a dúirt an tAire Stáit.

Tá Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus thug an craoltóir seirbhíse poiblí dhá ghradam leis ar an oíche. Bronnadh gradam craoltóir raidió na bliana ar Ghearóid Mac Donncha  agus chomh maith leis sin bhain 'Adhmhaidin' an gradam Clár Raidió na Bliana.

Tugadh an gradam saoil don chraoltóir agus léiritheoir raidió Cathal Poirtéir agus tugadh aitheantas don éacht atá déanta ag Cathal na healaíona agus litríocht na Gaeilge a chur chun cinn ar an raidió ach go háirithe le linn dó bheith ag obair le RTÉ ar feadh 30 bliana.

Bhí iomaíocht ghéar idir an dá nuachtán náisiúnta Ghaeilge,  Gaelscéal agus Foinse ag na gradaim chomh maith ach tugadh duaiseanna d’iriseoirí ón dá nuachtán ag an deireadh. Bhuaigh Orla Bradshaw, eagarthóir nuachta le Foinse an gradam d’iriseoir na bliana agus bronnadh gradam ar an gcraoltóir raidió Today FM Conall Ó Móráin dá cholúnaíocht in Gaelscéal.  Ba é an clár teilifíse ‘Scéal na Gaeilge’ a thug leis an gradam don shraith teilifíse is fearr. Tugadh ardmholadh don tsraith staire agus faisnéise leis an gcomhlacht léiriúcháin ROSG níos túisce sa bhliain don bhealach ar thug sé faoin ábhar a chur i láthair ar bealach spraíúil.

Tugadh gradam don aisteoir Brídín Nic Dhonncha ó Ros na Rún dá cuid aisteoireachta mar ‘Gráinne’ sa sobalchlár agus bronnadh  pearsa teilifíse na bliana ar an gcraoltóir agus colúnaí Gaelscéal Páidí Ó Lionáird as ucht a chuid oibre ar an gclár cúrsaí reatha '7 Lá'.

 

Cathal Póirtéir, buaiteoir an ghradaim saoil ag Gradaim chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh ar 18 Bealtaine.
Íomhá: Seán Ó Mainnín


©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


Aois Nua do ‘Nua-Aois’

$
0
0
Aois nua spleodrach chruthaitheach atá i ndán don iris liteartha Ghaeilge seo de chuid UCD. Cuireadh tús le Nua-Aois sa bhliain 1970 agus ba í an aidhm a bhí aici ná saothar na mac léinn, idir scríbhneoireacht chruthaitheach agus scríbhneoireacht acadúil, a fhoilsiú.

D’éirigh go maith leis an iris i dtosach báire agus bhí clú uirthi toisc an caighdeán ard scríbhneoireachta a bhí inti ó scríbhneoirí cosúil le hAnna Heusaff agus Gearóid Denvir. Tháinig an iris amach go neamhrialta sna 1970í agus 1980í ach mar gheall ar thimthriall na mac léinn, thit an iris i léig ar feadh tréimhse.

Sa bhliain 2004, rinneadh athnuachan ar an iris arís agus foilsíodh eagrán nua de Nua-Aois i 2006. Bailíodh neart ábhair don chéad eagrán eile idir 2007-2009 agus rinne triúr eagarthóírí, Siún Ní Dhuinn, Siobhán Ní Mhaolagáin agus Aoife Uí Fhaoláin, eagarthóireacht air, le cabhair ó mhic léinn MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge.

Seoladh an t-eagrán is déanaí, Nua-Aois 2007-2009, ag an Ollamh Alan Titley i mí Feabhra agus feictear go bhfuil saothar ann ó scríbhneoirí aithnidiúla mar Dr Liam Mac Amhlaidh agus Caitríona Ní Chléirchín.

Tá an-éileamh ar an iris agus í ar díol taobh istigh de UCD agus is dá bharr go mbeidh an eagrán is déanaí ar díol don phobal anois.

Tá sé i gceist ag coiste úr Nua-Aois go leanfaidh an iris stairiúil seo ar aghaidh i measc mhic léinn UCD agus go gcuirfear saothar nuálach na mac léinn faoi bhráid an phobail amach anseo.

Deir Aoife Ní Fhaoláin, Cathaoirleach Choiste Nua-Aois “ Tá coiste Nua-Aois an-sásta go bhfuil eagrán nua den iris díreach tagtha amach agus tá muid ag súil go mór leis an gcéad chnuasach eile ó mhic léinn UCD a chur le chéile. Is léir go bhfuil neart á scríobh ag mic léinn fhochéime agus iarchéime UCD agus is mór againn an deis seo chun a gcuid saothair Ghaeilge a chur i gcló.”

Tá ábhar don chéad eagrán eile den iris á bhailiú ag an eagarthóir nua, Emma Ní Nualláin, faoi láthair agus tá an coiste ag súil go mbeidh eagrán nua ag teacht amach roimh dheireadh na bliana seo.

Tá costas €5 ar an eagrán is déanaí de Nua-Aois agus tá cóipeanna ar fáil ó UCD amháin ag an bpointe seo. Is féidir cóip a ordú trí theagmháil a dhéanamh le Cathaoirleach Choiste Nua-Aois, Aoife Uí Fhaoláin, ag aoife.whelan@ucdconnect.ie agus beidh an eagrán is déanaí ar fáil go luath sa Siopa Leabhar, Sráid Fhearcair, Baile Átha Cliath.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Bealtaine 2012
Tá Niamh Ní Chadhla ag tabhairt faoin gcúrsa MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i láthair na huaire.

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Forbairtí beartaithe do Theach an Phiarsaigh

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Ionad fáile nua i nGaeltacht Dhún na nGall

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #foilsitheoirecht

Siamsaíocht agus amhránaíocht sean-nóis sa phríomhchathair

$
0
0

Beidh an t-amhránaí sean-nós Antaine Ó Farachán ar stáitse san ardchathair i dtigh tábhairne an Cobblestone i mBaile Átha Cliath ar 05 Meitheamh.

Beidh an t-amhránaí ag glacadh páirte in oíche mhór ceoil thraidisiúnta agus amhránaíochta atá eagraithe ag na Píobairí Uileann.

Ag dul chun stáitse ar an oíche beidh an píobaire iomráiteach as Sráid na Cathrach i gContae an Chláir Séamus Ó Rócháin  agus ar na ceoltóirí clúiteacha eile ina measc beidh Bríd O Donohue ar an bhfeadóg stáin, an fidléir Éamonn McGivney agus an boscadóir Seán Garvey.

Tá aithne mhaith ar Antaine mar amhránaí den scoth agus le blianta beaga anuas chuir sé dhá shraith teilifíse i dtoll a chéile faoin amhránaíocht dhúchasach do TG4.

Osclófar na doirse ag 9:00pm  Tuilleadh eolais ar www.pipers.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Féile Cholm Cille

As na Nuachtáin: Scoil Uí Néill

As na Nuachtáin: Teanga agus trioblóidí

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile

Cogar - An tSeirbhís nuachta dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge

$
0
0

Tá forbairtí móra beartaithe i mbliana do Cogar, an tseirbhís eolais do chraoltóirí raidió le Gaeilge.

Athsheoladh an tseirbhís agus beidh na meáin shóisialta mar dhlúthchuid de straitéis chumarsáide an tionscadail.

Tá athchóiriú iomlán i ndán don tseirbhís agus beidh forbairtí sna meáin  dhigiteacha lárnach sa tionscadal amach anseo.

Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus Údarás Craolacháin na hÉireann é Cogar atá ar bhfód le cúig bliana anuas.

Seoladh an suíomh Gréasáin Cogar.ie trí bliana ó shin agus tá cáil ar an suíomh mar ardán do scéalta nuachta agus foinse eolais dóibh siúd atá ag craoladh trí mheán na Gaeilge idir  chraoltóirí páirtaimseartha agus lánaimseartha. Go dtí seo scaipeadh ríomhirisí ar chraoltóirí ar fud na tíre ach is léir go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar na bealaí cumarsáide ar líne le tamall de bhlianta anuas.

Mar sin beidh an  tseirbhís eolais fréamhaithe ar Facebook agus Twitter agus déanfar cumarsáid rialta gach seachtain le craoltóirí agus daoine eile a bhfuil suim acu sna meáin Ghaeilge.

Scaipfear eolas mar gheall ar  Imeachtaí, cruinnithe, seimineáir, ceardlanna Gaeilge; Foilseacháin na Gaeilge agus seoladh leabhair; Príomhscéalta na Gaeilge atá i mbéal an phobail; Cláir Ghaeilge ar stáisiúin raidió a phoibliú; Nuacht a bhaineann le hearnáil na craoltóireachta agus nathanna cainte úra, gonta agus simplí chomh maith le beannachtaí/nathanna tráthúla.

Glac páirt sa tionscadal anois! Cláraigh le Cogar ar Facebook nó lean @Cogar_ie ar Twitter.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta /cúrsaí seo a leanas:

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012

As na Nuachtáin: Bríd Maloney : Broadcaster who loved Irish language and music

 

Lean an scéal seo, @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter: #Gaeilge #craoltoiri


Gnáthlá oibre

$
0
0

Sa tuairisc seo tugann Niamh Ní Chadhla faoi sheirbhísí a lorg trí mheán na Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí. Cén toradh a bheidh lena fiosrúcháin?

Is mise Niamh Ní Chadla agus  is mac léinn mé a bhíonn ag tabhairt faoi na gnáthchúramaí lae cosúil le gach duine eile. Bhí athnuachan le déanamh ar an bpas le déanaí agus bheartaigh mé tionscadal taighde a dhéanamh ar conas mar a bheadh inneall an státchórais sásta glacadh liom mar chainteoir Gaeilge.

Is mac léinn na Gaeilge mé agus bíonn sí á labhairt agam d’aon ghnó an chuid is mó den am. Ba é an tuiscint a bhí agam ar an scéal ná go mbeadh seirbhísí  poiblí á gcur ar fáil dom trí mheán na Gaeilge más mian liom é.

Ós rud é go bhfuil Scéim Teanga ag Údarás an Gharda Síochána agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhfuil cúram oifig na bPas orthu tá dualgais áirithe orthu seirbhís a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.

Mar sin tá sé de cheart agam foirmeacha pas a fháil i nGaeilge agus seirbhís chustaiméara a lorg ó na Gardaí taobh istigh de thréimhse áirithe.

Cén caoi a n-éireoidh liomsa mar chainteoir líofa ag cur fúithi i dTamhlacht sa phríomhchathair seirbhís a fháil trí Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht?

I dtosach báire bhí orm cuairt a thabhairt ar stáisiún na nGardaí i nDún Droma agus ba iad na cuspóirí a bhí agam ná:

1. An fhoirm don phas a fháil as Gaeilge ón nGarda
2. Treoir a fháil ón nGarda féin maidir leis an bhfoirm a líonadh amach i gceart
3. Stampa agus síniú a fháil uirthi

Bhí sé mar sprioc agam mo ghnó ar fad a dhéanamh  as Gaeilge, ar ndóigh.

An Garda Síochána
Nuair a chas mé leis an nGarda sa stáisiúin, d’iarr mé air an raibh Gaeilge aige, dúirt sé ‘not really’. Ansin, d’iarr mé air an raibh aon duine eile ann a bheadh ábalta déileáil liom toisc go raibh mé ag iarraidh mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.  Dúirt sé nach raibh agus le doicheall, ‘I’ll give it a bash then’.

Níor éirigh ró-mhaith linn, dhiúltaigh an Garda labhairt as Gaeilge liom agus dhiúltaigh mise mo ghnó a dhéanamh as Béarla.

Ba phraiseach de chomhrá a bhí ann agus ba chúis gáire é d’aon dhuine eile a bhí ag éisteacht leis.  Ní raibh mé sásta áfach nuair nach raibh leagan Ghaeilge den fhoirm a bhí uaim acu ach an oiread.

Cé gur thuig an Garda an chuid is mó a bhí á rá agam bhí frustrachas agus fearg air agus thréig sé an comhrá agus mé ag líonadh na foirme amach. Tháinig Garda difriúil a thuig níos lú ná mar a thuig an Garda eile agus faoi dheireadh shocraigh mé na ceisteanna a bhí agam a fhágáil gan fhreagra agus ghlac mé le síniú an Gharda aineolaigh.

Bhí fearg orm féin ag fágáil an stáisiúin mar thoradh ar an easpa cabhrach agus an drochdhearcadh a bhí acu. Bhí comórtas ceanndánachta ar siúl eadrainn agus chloígh an triúir againn lenár dteanga féin agus muid ag glacadh páirte sa chomhrá céanna.

Ní hamháin nach raibh na Gardaí sásta an Ghaeilge a labhairt ach bhíodar feargach toisc go raibh a fhios acu go raibh an Béarla agam agus nach raibh mé sásta é a úsáid.

Is léir gur beag an chosaint atá ag saoránaigh seirbhís a lorg ó na Gardaí lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Oifig na bPasanna
D’éirigh i bhfad níos fearr liom in Oifig na bPasanna. Chuaigh mé suas chuig an gcuntar agus dúirt mé leis an mbean óg gur theastaigh uaim mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An freagra a fuair mé uaithi ná “Are you speaking’ Irish, yeah? Oh my God, fair play to you, hang on and I’ll go get someone now.”

Bhí mé ag fanacht thart ar chúig nóiméad don bhean agus nuair a tháinig sí aníos chugam bhí sí cairdiúil agus cabhrach agus lánsásta an próiseas a dhéanamh as Gaeilge.

D’éirigh liom mo ghnó iomlán a dhéanamh as Gaeilge agus chur sí ar an eolas mé go raibh dhá cháipéis ag teastáil uaim le dhá bhliain anuas a léiríonn go mbíonn m’ainm Gaeilge in úsáid agam, chun go mbeidh an t-ainm léirithe ar an bpas.

Mhothaigh mé sásta go raibh seirbhís ar an gcaighdeán céanna á fáil agam trí Ghaeilge agus a bhfaighfeá as Béarla ach cuireadh ionadh orm nuair a dúirt an bhean go raibh mise ar an dara duine laistigh de thrí bliana a d’iarr seirbhís trí Ghaeilge uathu.

Bhí bród ag sreabhadh tríd na féitheacha agus mé ag plé le cúrsaí gnó as Gaeilge. Bhí orm fanacht don tseirbhís ach níor chuir sé sin isteach orm, ba í an taithí a bhí mé ag súil leis agus an taithí a theastaigh uaim agus mé ag iarraidh mo chearta a chur i bhfeidhm.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

As na Nuachtáin: Comhlachtaí poiblí ag briseadh an dlí

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta

Aois Nua do ‘Nua-Aois

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Cá bhfuil an Obair?

$
0
0

Is tráthúil ar fad téama an chláir raidió,’ Cá bhfuil an Obair’, sraith nua  ina bpléifear deiseanna oibre in earnáil na Gaeilge.

Ghlac daltaí idirlín ó Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin agus ó Mheánscoil Naomh Doiminic, Baile Formaid, Baile Átha Cliath a gcéad gcéimeanna mar thuairisceoirí raidió san earrach agus beidh toradh a gcuid oibre le cloisteáil sa tsraith raidió ‘Cá bhfuil an Obair’ an tseachtain seo.

Craolfar an tsraith ar an stáisiún raidió pobail West Dublin Access Radio. Beidh an chéad chlár le cloisteáil Dé Máirt 29 Bealtaine ar 10.30am. Leanfar leis gach lá an tseachtain seo ag an am sin agus beidh sé le cloisteáil ar an idirlíon ar www.wdar.ie.

Sraith raidió dátheangach is ea é ina bpléifear na deiseanna oibre atá ann in earnáil na Gaeilge. Díreofar ar  réimsí éagsúla ina measc ateangaireacht, oideachas, cumarsáid agus na meáin agus cur chun cinn na Gaeilge.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta / cúrsaí seo a leanas
:

Cogar - An tSeirbhís nuachta dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

As na Nuachtáin: Bríd Maloney : Broadcaster who loved Irish language and music

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Campaí Samhraidh ar fud na tíre

$
0
0

Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.

Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i  gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.

Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.

Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940


Ógras 
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.

Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.

Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh - ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.

Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956

Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil - 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014

Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil - 20 Iúil

Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil - 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i  gCúil Aodha  ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.

Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

As na Nuachtáin: School's girl power still going strong at 85

As na Nuachtáin: An Irishman's Diary

As na Nuachtáin: Críoch le Cúrsaí Gaelchultúr an Earraigh i gCeatharlach

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #cursai

Dlúthdhiosca úr le Saileog Ní Cheannabháin le buachan

$
0
0

Seoladh dlúthdhiosca úr leis an amhránaí sean-nóis Saileog Ní Cheannabháin le déanaí dar teideal 'i bhfíor-dheiriú oidhche'.

Tá dhá amhrán déag a bailigh an ceoltóir iomráiteach Séamus Ennis i gceantar Iorras Aithneach, Conamara idir 1942 – 1945 ar an dlúthdhiosca seo. Ba phíobaire agus, agus bailitheoirí seanchas béil é Séamus a rugadh Séamus Ennis i Fhionnglas i mBaile Átha Cliath i 1919.Thaistil sé Éire agus an domhan mór ag bailiú ceoil, amhrán, seanchais agus béaloidis do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus tá seoda de shaothar fágtha ina dhiaidh aige, fuair Seamus bás i mí Dheireadh Fómhair 1982. 

Tógadh Saileog i mBaile Átha Cliath ach is iníon í leis an amhránaí sean-nóis Peadar Ó Ceannabháin as Aill na Brún  i gceantar Iorras Aithneach a d’fhoilsigh ceirnín dar teideal ‘Mo Chuid den tSaol’ sa bhliain 1997.

Bhí tionchar mór ag saibhreas na teanga agus oidhreacht cheantar Iorras Aithneach agus ag sean-nós agus scoth na n-amhránaithe na háite ar Shaileog agus í ag fás aníos.  Is iomaí samhradh a chaith sí sa cheantar sin agus í ina cailín óg.

Tá clú agus cáil ar Shaileog mar amhránaí aitheanta agus is minic a bhíonn sí ar stáitse le linn féilte agus ag imeachtaí éagsúla timpeall na tíre. Tá glór binn aoibhinn aici agus í ag canadh.

I measc na n-amhrán tá amhráin aoibhne ar nós Sadhbh Ní Bhruinnghiolla, Nóra Ní Chonchúir Bháin , Sadhbh Thomáis, Shíl mise aréir, Seachrán Sí, Amhrán Shéamuis mar aon le go leor eile.

Ceist na seachtaine seo:
Cá bhliain a rugadh Séamus Ennis ? 
• 1982     
• 1975        
• 1991     
• 1919       

Seol freagraí  chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 7 Meitheamh agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Joe O'Longaigh a bhuaigh cóip den leabhar An Hobad san  eagrán seo caite.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann

As na Nuachtáin: Domhandú na healaíne, thiar agus thoir

As na Nuachtáin: Cocteau agus cultúr na hEorpa



Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #comortas

Tionól Gaeltachta ar an mBuailtín

$
0
0

Is i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí a bheidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Tá meascán mór d'imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine idir 5 agus 8 Iúil 2012. Bíonn an tionól á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus bíonn sé ar cheann de na buaicphointí san fhéilire gach bliain.

Cuirfear tús leis an deireadh seachtaine le fáiltiú agus oscailt oifigiúil le hUachtarán an Chonartha, Donnchadh  Ó hAodha i músaem Chorca Duibhne, Baile an Fheirtéaraigh agus ansin beidh seisiún ceoil in Óstan Cheann Sibéal.

Ar an Aoine 6 Iúil beidh turas báid go dtí  oileán an Bhlascaoid Mhóir.  Níos déanaí sa tráthnóna beidh seimineár Raidió na Gaeltachta 1972-2012 in ionad an Bhlascaoid. Beidh  Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, ina haoi-chainteoir ag an ócáid.

Ina dhiaidh sin seolfar an leabhar Scéal agus dán Oileáin le Mícheál Ó Mórdha atá foilsithe ag Coiscéim san ionad agus cuirfear críoch le himeachtaí an lae le seisiúin ceoil i dTigh Uí Mhurchú.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach beidh siúlóid sléibhte, marcaíocht capall, iascaireacht, ceardlann photaireachta agus tráth na gceist boird.
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar, cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól.

Níos déanaí sa tráthnóna rachaidh Aisteoirí Bhréanainn chun stáitse in ionad an Bhalscóid  Mhóir agus leanfar le Seisiún Cheoil i dTigh an tSaorsaigh agus beidh Club Rí-Rá á reáchtáil le cabhair ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Ar an Domhnach beidh Aifreann i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh agus craolfar an tAifreann seo beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tuilleadh eolais ar www.cnag.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas
:

Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail 2012

Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann

Féile na Gréine 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile

Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>