Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta

$
0
0
D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin Tuarascáil 2011 inniu agus léiríodh ann torthaí an imscrúdaithe a thug le fios gur sháraigh na Gardaí fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo.  
Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.  

Léiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún i gceantair Ghaeltachta.

Ba é seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil  de chuid na hOifige ó bunaíodh í sa bhliain 2004. 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh an tuarascáil  go bhfuil géarghá go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara Teanga ina hoifig reachtúil neamhspleách chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint.

Gearáin agus imscrúduithe
Le linn 2011, dhéileáil Oifig an Choimisinéara Teanga le 734 gearán nua i dtaca le deacrachtaí seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge; b’ionann sin agus méadú 5% ar líon na gcásanna ón bhliain roimhe sin
Bhain an chuid is mó de na gearáin sin le cur i bhfeidhm scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí nó le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht. 

Ba iad na daoine a raibh cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht a rinne formhór na ngearán le 50% acu ag teacht ón ardchathair. Bhain beagnach 40% de na gearáin le heasnaimh sna seirbhísí a bhí á gcur ar fáil trí Ghaeilge ó na hÚdaráis Áitiúla. 

Is oifig neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil gach foráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag eagraíochtaí Stáit.

Sheol an Coimisinéir Teanga 15 imscrúdú nua le linn 2011 a bhain le comhlachtaí poiblí ina measc: An Garda Síochána, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairle Contae na Mí, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Laoise.

Scéimeanna Teanga

Léigh An Coimisinéir Teanga imní  faoin mhoill a bhain le daingniú sceimeanna teanga le comhlachtaí poiblí faoin Acht. “Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt an Coimisinéir Teanga. 

Bhí 66 scéim teanga as 105 scéim teanga a daingneoidh go dtí seo imithe in éag faoi dheireadh 2011. Bhí 20% de na scéimeanna sin in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad agus 20% eile in éag le breis agus dhá bhliain. 

I measc na gcomhlachtaí  sin bhí, Oifig an Uachtaráin, An Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman agus An Roinn Oideachais agus Scileanna. 

Sa bhreis air sin ní raibh aon scéim teanga daingnithe i gcás na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a bunaíodh i Mí an Mheithimh 2011.

Tuairiscíodh nach raibh formhór na gcomhlachtaí poiblí  ag cur na gealltanais ar fad a leagadh amach ina scéimeanna teanga i bhfeidhm go hiomlán laistigh de shaolré na scéime. 

Chomh maith leis sin, rinneadh iniúchadh ar scéimeanna teanga atá i bhfeidhm le breis agus sé bliana a léiríonn nach bhfuil cuid de ghealltanas na gcomhlachtaí poiblí sin fós ábhartha san am reatha de réir athruithe a tháinig ar chúrsaí sa tír agus go hidirnáisiúnta ó shin i leith.

Ag labhairt dó faoin Tuarascáil inniu dúirt an Seanadaóir Trevor Ó Clochartaigh go ndéanfaidh sé iarratas chuig Comhchoiste Dála go dtabharfar an Coimisinéar Teanga agus na heagrais Stáit failíocha isteach chun fiosrú iomlán a dhéanamh faoi seo agus ceisteanna eile a bhaineann le dualgais an Stát faoin Acht.

 
Tá cóip den Tuarascáil Bhliantiúil le fáil anseo.
Tá preaseisiúint na Comhdhála le léamh anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:


‘An Hobad’ ar fáil go luath

$
0
0

Is iad na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams a d’aistrigh an mórshaothar fantaisíochta go Gaeilge.

Fuair aistriúcháin Gaeilge de chuid Williams ar Alice’s Adventures in Wonderland agus Through the Looking-Glass (Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi) le Lewis Carroll  ardmholadh ó lucht léitheoireachta na Gaeilge agus ón bpobal i gcoitinne.

Tá sainaithne ag pobal na Gaeilge ar Alan Titley mar shár-scríbhneoir cruthaitheach agus acadúil, mar fhile, mar aistritheoir agus mar láithreoir mar a chonacthas le déanaí sa tsraith teilifíse ‘Scéal na Gaeilge’.

Seolfaidh an staraí sóisialta scríbhneoir agus craoltóir RTÉ Cathal Póirtéir an t-úrscéal nua An Hobad go hoifigiúil, ar 30 Aibreán ag 7.00 sa Siopa Leabhar, Conradh na Gaeilge. Beidh aistritheoirí iomráiteacha an tsaothair, Williams agus Titley i láthair ag an seoladh le cóipeanna den úrscéal Gaeilge a shíniú.

Is léir go bhfuil éileamh mór ar an úrscéal cheana féin de thoradh na réamhordaithe ar fad atá tagtha isteach go dtí an Siopa Leabhar mar sin ní mór cóip a chur in áirithint trí ríomhphost a chur ag siopa@cnag.ie nó glaoch a chur ag 01 4783814.
 
Ní hamháin go mbeidh An Hobad á sheoladh ar ócáid seo, ach cuirfear tús oifigiúil le suíomh úr de chuid an tSiopa Leabhair chomh maith  – www.cnag.ie/siopa.

Áis iontach í seo ina mbeidh earraí ón Siopa Leabhar ar fáil le hordú ar-líne idir réimse leathan leabhar, chluichí boird, mhíreanna mearaí, dhlúthdhioscaí, bhréagáin, bhéiríní BábógBaby, DVDanna, agus eile a shásódh riachtanais Ghaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comórtas scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

Casadh éagsúil ar scéal an Titanic

Comóradh an Titanic

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnHobad

Comórtas scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

$
0
0
Tá sé mar sprioc ag an bhfoilsitheoir scríbhneoirí nua a spreagadh chun pinn ach beidh fáilte roimh iarrthóirí ar foilsíodh saothair leo cheana chomh maith.

“Is mór an cúnamh é go minic spriocdháta a bheith ar intinn an scríbhneora leis an obair atá idir lámha aige/aici a chríochnú. Is mór an spreagadh a thugann sé duais a bhaint amach, an mothúchán sin go bhfuil meas faoi leith ag daoine eile ar an saothar a thagann óna bpeann”, dar le Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht (ar chlé).

Fáilteofar roimh phrós cruthaitheach nuascríofa, nár foilsíodh cheana, de gach cineál ó úrscéalta go nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta, idir shaothair do dhaoine fásta agus saothair do dhaoine óga.

Bronnfar €5,000 ar bhuaiteoir an chomórtais agus bronnfar €3,000 ar an scríbhneoir sa dara háit agus €2,000 ar an saothar a thiocfaidh sa tríú háit.

Cuirfear fáilte roimh iarratais go dtí an spriocdháta ar 3 Meán Fómhair. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.cic.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

Gradam Gaeilge bronnta ar sheirbhís thacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #litríocht

“Easnaimh Mhóra” i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla

$
0
0
Bhí an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge ag  tagairt do Thuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig  an Choimisinéara Teanga. Foilsíodh an tuarascáil inniu 24 Aibreán, 2012 i gcathair na Gaillimhe.

Sa Tuarascáil rinneadh cur síos ar chás a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara maidir le heaspa cumais sa Ghaeilge a bheith ag Gardaí lonnaithe i gceantar Gaeltachta.  

Bhain an cás seo le stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag, Gaoth Dobhair, agus tar éis d’Údarás an Gharda Síochána an cheist a fhiosrú, tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ach ag duine as an naonúr a bhí lonnaithe sa stáisiún sin.  

Léirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga nár chomhlíonadh fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo.  

Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.  
Leiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiúin i gceantair Ghaeltachta.

Cúis eile díomá a léiríodh sa tuarascáil ná gur cleachtas coitianta sa státseirbhís é nach mbronntar marcanna bónais d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar is ceart, le linn comórtais inmheánacha d’fhonn ardaithe céime a bhaint amach.  

Cuireann sé seo go mór le himní na Comhdhála do thodhchaí agus do stádas na Gaeilge sna heagrais phoiblí, go háirithe de bharr go bhfuil cosc ar earcaíocht seachtrach sa státseirbhís faoi láthair, agus go bhfuil deireadh curtha leis na tacaíochta foghlama agus forbartha Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag Gaeleagras d’fhoirne na Seirbhísí Poiblí. 

Cáineadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa tuarascáil, ní hamháin nár dhaingnigh an Roinn ach scéim teanga amháin sa bhliain 2011, ach go deimhin tá an Roinn féin ag feidhmiú i bhfolús scéime, toisc nár dhaingnigh siad a scéim teanga féin ó bunaíodh an Roinn sin go foirmiúil i mí Meitheamh 2011.  

Tá próiseas na scéimeanna teanga mar ghné lárnach den Acht Teanga agus cuireann na scéimeanna go mór le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.  

Léirigh an Coimisinéir Teanga go bhfuil 66 scéim teanga de chuid comhlachtaí poiblí imithe in éag lena n-áirítear Oifig an Uachtaráin, Oifig an Ombudsman agus Comhairle Contae na Gaillimhe as an 105 scéim teanga a dhaingnigh an tAire 
Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó achtaíodh an Achta Teanga in 2003.

Deir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach”.

Anuas air sin, dúirt De Barra go “léiríonn a bhfuil tuairiscithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga i ndáil leis na Comhlachtaí Poiblí, agus na heasnaimh agus na lochtanna móra sa gcóras reatha, cé chomh tábhachtach is atá sé go gcoimeádfaí an Oifig seo neamhspleách ó aon áisíneacht stáit eile, le go bhfaighfear cuntas soiléir, neamhspleách rialta ar chur i bhfeidhm agus riaradh an Achta Teanga”. 

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Foilsithe 24 Aibreán 2012

Tacaíocht do Theaghlaigh le Gaeilge le fógairt ag an Aire McGinley

$
0
0

Faoin gclár nua, cruthófar gréasán náisiúnta de thuismitheoirí a theastaíonn uathu a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge.  Cé go n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim Labhairt na Gaeilge, sa chás gur shásaigh siad critéir na Roinne gurb í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha na clainne, ní íocfar aon deontas chuig teaghlaigh faoin gclár nua.

Dhírigh Scéim Labhairt na Gaeilge ar pháistí sa Ghaeltacht, in aois scoile, ach cuirfear tacaíocht ar fáil faoin gclár nua do thuismitheoirí sna 26 contae, sula dtéann a bpáistí ar scoil.

Leagfaidh an clár nua an-bhéim ar scaipeadh eolais; scaipfear pacáistí eolais ar bhuntáistí an dátheangachais, agus ar na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil dóibh siúd a roghnaíonn a gclann a thógáil trí Ghaeilge. 

Tuigtear go mbeidh coiste stiúrtha á chur le chéile go luath mar chuid den chlár, agus samhlaítear go mbeidh ionadaithe ó réimsí difriúla ar nós stiúrthóirí naíonraí, múinteoirí, ionaid tacaíochta teaghlaigh agus ionadaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an gcoiste stiúrtha seo.  Ní fios go fóil cén struchtúr a bheidh leis an gcoiste stiúrtha seo, nó cén ról sonrach a bheidh ann dó.
 
Cé go raibh lochtanna ar leith ag baint le Scéim Labhairt na Gaeilge, bhíodh torthaí na scéime sin an-úsáideach mar shlat tomhais ar láidreachtaí na gceantar éagsúla Gaeltachta.   Baineadh úsáid as na torthaí seo mar chritéir do scéimeanna deontais eile de chuid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, ach ní léir leis an gcóras nua, cén cineál measúnaithe a gcuirfear i bhfeidhm do scéimeanna eile na Roinne.
 
Ní hé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh amháin a sheolfar inniu in Indreabhán, mar go mbeidh an tAire Dinny McGinley, TD, ag fógairt clár eile freisin, Próiseas Pleanála Teanga.  Tuigtear go bhfuil sé cheantar ar leith roghnaithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, agus go n-iarrfar ar na pobail sin, plean teanga a cheapadh i gcomhar leis an Roinn.
 
Beidh tuilleadh eolais faoin dá chlár thuas ar fáil um thráthnóna, agus beidh an scéal againn ar Gaelport.com, a luaithe is a fhógróidh an tAire é!

© Gaelport.com - 26 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Straitéis níos láidre á lorg don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh

“Easnaimh Mhóra” i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla

Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta ceaptha

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

“Tacaíocht Phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeilge anois"

$
0
0

Tá tuilleadh soiléirithe fós le teacht ón Roinn áfach maidir le cur i gcrích na mbeartas agus le róil Ranna eile i gcur i gcrích na hoibre seo, go háirithe Ról na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Inné 26 Aibreán, cuireadh sonraí ar fáil den chéad uair maidir leis an gclár tacaíochta teaghlaigh, clár úr a thiocfaidh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.  

Thug an tAire Mac Fhionnlaoich le fios go bhfuil socrú déanta chun feachtas feasachta teanga a thionscnamh i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte trí bhileog eolais, a leagann amach na buntáistí maidir le gasúir a thógáil trí Ghaeilge a chur ar fáil do mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil sa bheart seo ach ‘túsphointe’ ach deir Stiúrthóir Gníomhach na Comhdhála, Kevin De Barra nach leor eolas a scaipeadh, agus gur gá anois “díriú ar mhodhanna níos praiticiúla chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do thuismitheoirí fud fad na tíre a theastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge, agus go ndéanfar seo i gcomhar le heagrais atá ag saothrú an ghoirt seo le fada, ar nós Comhluadar”.

“Tá an tacaíocht phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeltachta anois mar tá léirithe ag an Staidéar  Teangeolaíoch Cuimsitheach go bhfuil ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht faoi láthair”, a dúirt sé.

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh fhógra an Aire go ndéanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga, scéim de chuid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a thacaíonn le páistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú. 

Beidh Comdháil Náisiúnta na Gaeilge ag áitiú ar an Roinn go gcuirfear oiliúint agus tacaíocht ar fáil gan mhoill do na cúntóirí teanga, mar atá geallta chun rathúlacht na scéime seo ag leibhéal an phobail a chinntiú. D’fhógair an tAire Mac Fhionnlaoich freisin inné go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.   

Faoin mBille Gaeltachta 2012 atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais níos déanaí i mbliana, déanfar teorainneacha na Gaeltachta a shainmhíniú ar bhonn teangeolaíoch in áit ar bhonn tíreolaíoch mar atá faoi láthair. 

Faoin bpróiseas nua a fógraíodh inné, roinnfear an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus beidh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin.  Tá molta gur trí na comharchumainn agus na heagrais phobalbhunaithe, a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta, a chuirfear na pleananna teanga seo i bhfeidhm.  

Dar le Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, nach bhfuil sé soiléir cén réasúnaíocht a bhain le ceantair phleanála teanga chomh fairsing a roghnú.  Ar cheann de na ceantair seo, tá Cois Fharraige i gConamara, ceantar mór ina n-áirítear achar fada ó Na Forbacha chomh fada siar le Ros an Mhíl, le hoiread éagsúlachta teanga ann, idir Catagóirí A agus Catagóirí C de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.  

Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear oiliúint sa phleanáil teanga ar fáil d’eagrais phobalbhunaithe i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  Beidh gá le tuilleadh acmhainní agus tacaíochta, go háirithe acmhainní foirne a chur ar fáil do na heagrais seo a bhfuil cláir oibre dhúshlánacha rompu cheana féin, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ionas go mbainfí spriocanna pleanála teanga.

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Foilsithe 27 Aibreán 2012

Nollaig na mBan

$
0
0

Ní minic a bhíonn an traidisiún á cheiliúradh i dtithe na hardchathrach anois, ach tamall de bhlianta ó shin thugtaí saoirse do mhná tí ar 6 Eanáir tar éis dóibh a bheith gnóthach le cúraimí an tí i rith na Nollag. Théadh na mná ar chuairt ar a gcairde agus ar a gcomharsain ar an lá sin agus thit na cúraimí  clainne ar na fir. Don chéad uair riamh beidh an traidisiún á cheiliúradh in Áras na Scríbhneoirí i gCearnóg Parnell i lár na cathrach. Oíche mhór siamsaíochta atá beartaithe do bhéithe na cathrach agus beidh scoth na bhfilí idir úr agus mórchailiúil ann. I gcomhluadar na mban ar an oíche beidh Nuala Ní Dhomhnaill, Celia De Fréine agus Eilís Ní  Dhuibhne ag léamh sleachta i mBéarla agus i nGaeilge. Chomh maith leis sin beidh léamhanna Béarla le  Mia Gallagher agus  Sarah Clancy agus cuirfidh an fliúiteadóir Ellen Cranitch  an  slua faoi draíocht le cabhair Jane Hughes. Cuirfear tús leis an an ócáid ag a 6 i.n. agus beidh tabharfar an deis do gach aon duine a scíth a ligean agus sult a bhaint as an oíche,  fir ina measc mar beidh fáilte roimh chách ann. ©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Eanáir 2012

Nuacht ó Ghaeltacht na nDéise

$
0
0

SEIRBHÍS IARSCOILE NA RINNE – AFTERSCHOOL SERVICETá neart imeachtaí ar siúl i Seirbhís Iarscoile na Rinne faoi láthair. Idir Karate, Hip Hop, cócaireacht agus eile, bíonn na paistí coinnithe gníomhach i gcónaí. Tá an tseirbhís oscailte do aon páiste atá ag freastal an bunscoil, is cuma cén scoil. Is seirbhís lán-Ghaelach é seo a bhíonn oscailte ó 1.30pm go dtí 5.30pm gach lá scoile. Is costas €5 atá ann seisiúin, le liúntais ar fáil do leasa shoisialta (roinnt sort). Má tá tuileadh eolais ag teastáil, nó chun páiste a chlárú, cur glaoch ar Laura Uí Ruairc, Príomh Stiúrthóir ar 087-3270661.CLUICHÍ POBAIL - COMMUNITY GAMES Clúdaíonn Cluichí Pobail “An Ghaeltacht” ceantair Ard Mhóir, An Gráinsigh agus An Rinn. Is féidir le aon páiste atá cónaí orthu ins na paróistí seo cur isteach ar aon imeacht i gclár na Cluichí Pobail. Tá an babhta cáillithe áitiúil don ealaíon agus an peannaireacht ar siúl ar an Satharn 10 Márta i Halla Naomh Déagláin, san Aird Mhóir ó 2pm – 3pm. Is gá do na hiomatheoirí a bheith ann ag 1.40pm don chlárúchán. Táille €2 don pháiste, chun dul i dtreo costas an halla. Níl aon duaiseanna ag an leibheal áitiúil. Rachaidh a chéad beirt ar aghaidh chuig comóras ceannais an contae i gColáiste Naomh Aibhistín, Dún Garbhán ar 24/03/12. Tá an ealaíon oscailte do bhuachaillí agus cailíní faoi 8, 10, 12, 14 agus 16 bliana d’aois, agus bíonn trí uair a’chloig curtha ar fáil dóibh siúd atá ag iomaíocht chun pictiúr, líníocht nó colláis a dhéanamh. Is gá go mbeadh téama na Cluichí Pobail ar an bpíosa, le úasmhéid 60cm x 70cm. Is gá do na hiomaitheoirí a gcuid ábhair agus soláthairtí a chur ar fáil. Níl an comórtas peannaireacht ach ar fáil do pháistí faoi 10 bliana d’aois. Is gá do na h-iomaitheoirí píosa téacs a cóipeáil, 100-150 focail taobh istigh de uair a’ chloig. Is gá don pháiste leathanach A4 nó leathphraitin línithe agus peann luaidhe a thabhairt leo. Níl feidir le buachaillí agus cailíní faoi 10 bliana d’aois ach cur isteach ar an ealaíon agus an peannaireacht. Tabhair faoi ndearadh go bhfuil aoisteorainn difriúl ag na Cluichí Pobail ná atá ag sport eile, i.e. má tá páiste 10 bliana d’aois roimh 31ú Iúil is gá don pháiste seo dul san iomaíocht faoi 12, agus ma tá siad 10 tar éis an dáta sin, is gá dóibh dul san iomaíocht faoi 10. Tá sé mar an gcéanna do gach aois ghrúpa.Tá eolas faoi na himeachtaí ar fad ar www.communitygames.ie.  Má tá spéis ag aoinne cur isteach ar an amhránaíocht aonar faoi 14, ceol faoi 14, an reacaireacht faoi 14 nó aon comórtas snámha / nó chun tuilleadh eolais a fháil, bí i dteangmháil le Elsie ar 087-6332321.   CIORCAL COMHRÁ – CONVERSATION GROUPBeidh an Ciorcal Comhrá sa Seanachaí gach oíche Mháirt ó 7pm go dtí 8.30pm ón 13/03/12 go dtí 24/04/12. Failte roimh chách. Gach eolas ó Cabríní 087-6532044.TAEKWON DOBeidh Taekwon Do ar siúl i Halla Pobail na Rinne gach Céadaoin ó 5.30pm go dtí 6.30pm do pháistí ó 4-6 bliana d’aois, agus ó 6.30pm go dtí 7.30pm le haghaidh paistí idir 7 agus 12 bliana d’aois. Tuilleadh eolais ar fail ó Edward Dillon ar 085-1218155. Tá Crios Dubh 2ú Dan ag Edward.CAIRDE NA RINNEBeidh Cairde na Rinne ag teacht le cheile arís ar 3pm ar an Mháirt, 3ú lá de Mí Aibreán i Halla Pobail na Rinne, agus ar an gcéad Mháirt de gach mhí ina ndiaidh san. Bíonn ábhar spéisiúil agus éagsúil le plé, agus comhluadar den scoth ar fáil i gcónaí! Tá fáilte mór roimh baill nua i RANGANNA RINCE GAELACH – IRISH DANCE CLASSESBíonn ranganna Rince Gaelach do pháistí ar siúl le Múinteoir Rince cáilithe gach oíche Déardaoin ag 5pm i Halla Pobail na Rinne. Fáilte roimh páistí ó 4 bliana d’aois suas.SLIMATHON Tá an Slimathon ar siúl arís i dTigh Mhuirithe, Heilbhic gach Ceadaoin ó 7.30pm go dtí 8.30pm faoi lathair. Costas €5. Coimeádfar meáchan faoi rún  agus beidh an t-airgead go léir a bhaileofar ar mhaithe le Scoil Náisiúnta na Rinne. SPRAOI – PARENT AND TODDLER GROUPTá an ghrúpa Spraoi do thuismitheoirí agus leanaí ar siúl gach maidin Aoine ó 9.45am go dtí 11.45am i Halla Pobail na Rinne. The Spraoi parent and toddler group is on every Friday from 9.45am to 11.45am in Halla Pobail na Rinne.  SRAITH SIÚLÓIDE/REATHA AN CHOINIGÉIRTá an Straith siúlóide/reatha ar siúl ar an gCoinigéar gach maidin Dhomhnaigh ag 9.30am. Tá cúrsa 4 mhíle leagtha amach agus tá costas  €2 ‘cead isteach’ i gceist. GRADAM GNÓ NA NDÉISE 2012 – IRISH IN BUSINESS AWARD 2012Ar mhaith leat gnó a ainmniú don Ghradam Gnó 2012? An bhfuil eolas agat ar áit gur féidir leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge i nGaeltacht na nDéise, Dún Garbhán nó Iarthar Phort Láirge? Nó gnó atá báúil don Ghaeilge agus a úsáideann comharthaíocht Gaeilge nó eile? Más ea, cur sonraithe chuig cabrini01@gmail.com nó chuig msbreathnach@waterfordcoco.ie Is féidir gach eolas faoin scéim a fáil ó Cabríní de Barra ar 058-46664 nó Máire Seo Breathnach ar 058-20884.SCÉIMEANNA OIBRE FÁS – WORK PLACEMENT SCHEMESTá deis ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe cur isteach ar deis taithí oibre i bhforbairt turasóireacht atá ar fáil i gComhlucht Forbartha na nDéise faoin scéim “JobBridge”. Má tá tú cláraithe le FÁS don scéim seo, tá eolas ar fáil ar shuíomh idirlín FAS nó is feidir teagmháil a dhéanamh le Cabríní de Barra, Bainisteoir Forbartha ar 087-6532044 / 058-46664 / cabrini01@gmail.com.NUACHT NUA? – NEW NEWS?Ma ta aon scéal nó ócáid gur mhaith leat roinnt le pobal na Gaeltachta tríd na nótaí seo, bí i dteangmháil le Cabríní ar cabrini01@gmail.com nó 087-6532044. Is féidir cabhrú le leagan Gaeilge a chur le do chuid nuacht, mas gá.Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012le Cabríní De Barra

Seachtain na Gaeilge sa Bhruiséil

$
0
0

Is fada ann an ceangal idir an Bheilg agus Éire ó thaobh na Gaeilge de. Is sa Bheilg a cuireadh an chéad leabhar Gaeilge sa chló Rómhánach i gcló in 1639; ón gcoláiste Proinsiasach i Lováin a cuireadh Mícheál Ó Cléirigh, duine de na “Ceithre Máistrí”, go hÉirinn in 1626 chun lámhscríbhinní faoi na naoimh a bhailiú, tionscadal a raibh an saothar mórthábhachtach Annála Ríoghachta Éireann mar thoradh air; agus i 1905 tháinig Pádraig Mac Piarais chun na Beilge chun an córas oideachais dátheangach sa tír seo a scrúdú. Is ann don cheangal sin idir an Bheilg agus Éire fós, agus tá pobal mór Éireannach ina gcónaí anseo anois, neart Gaeilgeoirí ina measc. Is iontach an rud é a mhinice a chastar Gaeilgeoirí ort sa Bhruiséil agus d’fhéadfaí a rá gur inchurtha le cathair ar bith in Éirinn í ar uairibh! Tá an teanga níos suntasaí freisin ó rinneadh teanga oifigiúil di san Aontas Eorpach in 2007. Is cúis mórtais é an Ghaeilge a fheiscint ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile san AE ar fhograí ilteangacha ó na hinstitúidí Eorpacha a bhíonn le feiscint thart ar chathair na Bruiséile. Eagraítear ciorcal comhrá Gaeilge gach mí i dteach tabhairne Éireannach i gceantar Schuman, ceartlár na n-institiúidí Eorpacha. Tá club ana ghníomhach CLG lonnaithe sa Bhruiséil leis agus dream maith Gaeilgeoirí bainteach leis. Is iomaí uair a chloisfeá imreoirí ag glaoch ar a chéile i nGaeilge sa Pharc Cinquantenaire oíche bhreá shamhraidh. Ainm Gaeilge a roghnaíodh don chlub nuair a bunaíodh é – An Chraobh Rua – ainm a aithníonn tábhacht theanga agus thraidisiúin na hÉireann i saol an imircigh. Tá imeachtaí á n-eagrú sa Bheilg do Sheachtain na Gaeilge ó 2008 i leith agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn imeachtaí ann don duine óg agus don duine aosta. Anuraidh bhí os cionn 50 duine óg i láthair ag mórócáid na leanaí – maidin scéalaíochta, cheoil agus rince. I mbliana tá curtha leis na hócáidí agus beidh siúlóid ann sa Forêt de Soignes, foraois mhór ar imeall na cathrach, ina mbeidh deis beagán de stair na háite a fhoghlaim chomh maith le deis bualadh agus cainte le Gaeilgeoirí eile. Tabharfaidh an Dochtúir Seán Ó Riain léacht ag cruinniú Mháistrí Sláinte an Chladaigh, club dátheangach na Máistrí Sláinte sa Bheilg, dar teideal “An Ghaeilge: Teanga Eorpach nua-aoiseach.” Beidh an chéad tráth na gceist as Gaeilge á eagrú agus súil le roinnt mhaith scléipe is spraoi an oíche sin. Faigheann Seachtain na Gaeilge tacaíocht ó bhuanionadaíocht na hÉireann sa Bheilg a eagraíonn oíche seolta na Seachtaine, agus ón ambasáid freisin a eagraíonn oíche scannánaíochta agus a chuireann grán rósta agus sóláistí eile ar fail do “phictiúrlann” na hoíche sin. I mbliana beidh an lón le Gaeilge á eagrú i gcaife Delish sa Bhruiséil, áit atá faoi úinéireacht lánúin Éireannach, Gaeilgeoirí beirt. Mar sin, beidh an deis acu siúd a fhreastalóidh ar an lón biachlár speisialta an lae a cheadú i nGaeilge agus a mbéile a ordú trí Ghaeilge. Nach iontach a leithéid in ardchathair na hEorpa! Chun níos mó eolais faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a fháil, cuir ríomhphost chuig snagbxl@gmail.com nó féach ar an leathanach facebook “Seachtain na Gaeilge: Ócáidí sa Bheilg 2012”. Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012. Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #snag #gaeilge  

Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge i gCorcaigh

$
0
0

Plé oscailte ar an Straitéis a bheidh ann agus ansin roinnfear daoine suas i ngrúpaí éagsúla bainteach le gnéithe éagsúla do shaol na Gaeilge. Cuirfear béim ar ghníomhaíocht ag an Seimineár, chun cur leis an dea-obair atá déanta ag Gaeilgeoirí Chorcaí go dtí seo agus cruthófar plean gníomhachta don chathair ina dhiaidh sin. Cuirfear fáilte roimh dhaoine ar bheagán nó ar mhórán Gaeilge, ach go bhfuil suim acu i cur chun cinn na teanga, agus todhchaí na Gaeilge i gCorcaigh. Beidh gach eolas faoin seimineár ar fáil ar shuíomh idirlín Gael-Taca nó cuir glaoch ar an oifig ar 021 4310841. Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012. Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltaca

Áiseanna d'fhoghlaim agus do theagasc trí Ghaeilge

$
0
0

Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé hAoine 16 Márta 2012 Applications for financial support are invited from companies, institutions and individuals for the development of teaching and learning resources for Irish medium schools and for the teaching of Irish in all schools. Foirm iarratais le fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012

Tosaíocht don Ghaeilge molta don Chrannchur Náisiúnta

$
0
0

Fógraíodh inné go bhfuil téarmaí díolacháin an Chrannchur Náisiúnta curtha i dtoll a chéile ag an Rialtas agus go bhfuiltear ag súil na céadta milliúin a fháil ó dhíolacháin an cheadúnais,  ceadúnas a mhairfidh thar tréimhse 20 bliain.

Tá ról lárnach ag an gCrannchur Náisiúnta ag bailiú na céadta milliún don Rialtas le dáileadh ar dhea-chúiseanna ar fud na hÉireann lena n-áirítear cúiseanna spóirt, sláinte agus teangeolaíocha.  Cuireann an Crannchur Náisiúnta maoiniú ar fáil tríd an Rialtais d’eagrais agus d’instituidí eile a bhfuil ag cur na Gaeilge chun cinn trí Chiste na Gaeilge. 

I measc na n-eagras a bhfuair tacaíocht airgeadais ó Chiste na Gaeilge tá, An Cumann Scoildramaiochta, Gael-Taca, Gaillimh Le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Ollscoileanna a bhfuil ag múineadh cúrsaí Gaeilge ar fud na cruinne.

Bronnadh €368,000 ar Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2009 chun bunachar sonraí a fhorbairt do théarmaiocht na Gaeilge a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Cuireadh deontas bliantúil de € 165,068 ar fáil d’Acadamh Ríoga na hÉireann i leith thionscadal foclóra Nua-Ghaeilge sa bhliain chéanna agus tugadh €700,000 d’instituidí triú leibhéil a bhfuil ag iarraidh líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú ar fud na cruinne.

Cé go bhfuil laghdú tagtha ar Chiste na Gaeilge ón bhliain 2009 tá an Crannchur Náisiúnta ag cur, ar an meán, 63% de luach iomlán an Chiste ar fáil ó bhí 2009 ann.

Ag labhairt dó faoi Chiste na Gaeilge, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé “fíorthábhachtach go dtabharfaidh pé dream a fhaigheann an conradh seo sa todhchaí tosaíocht do chur chun cinn na teanga, trí mhaoiniú a chur ar fáil do Chiste na Gaeilge.  Tá maoiniú curtha ar fáil le blianta beaga anuas tríd an ciste seo do scoláireachtaí Fulbright agus do theagascóirí Gaeilge i 40 ollscoil timpeall na cruinne, rud atá fíor luachmhar i dtaobh feiceálacht agus foghlaim na teanga thar lear”.   

Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh an ceadúnas nua i bhfeidhm i mí Iúil 2013 agus cuirfear fáilte roimh iarratais don cheadúnas go luath in 2013.

© Foilsite ar Gaelport.com 05 Aibreán 2012

Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís

$
0
0
Bhí an gabhar á róstadh i nGaoth Dobhair na gréine aréir nuair a d’éirigh leis an bhfoireann áitiúil Corn an Aire a chrochadh leo don seachtú huair as a chéile ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar pháirc Mhachaire Gathlán i nGaoth Dobhair.
Bhuail Gaoth Dobhair ar Chill tSéadhna ó chontae Mhaigh Eo sa chraobh ceannais tar éis cluiche peile den scoth. Bhí coimhlint an-ghéar idir na foirne agus ag deireadh an chluiche bhí sé nóiméad d’am breise agus ceithre chúilín idir na foirne.  Sna soicindí deireanacha thug an réiteoir cic éirice do Cill tSéadhna agus bháigh Mícheál Mac Suibhne an máilín gaoth i gcúl na heangaí.

Bhí buachaillí Mhaigh Eo amuigh as ama faoin tráth seo áfach agus bhí an lá le foireann Ghaoth Dobhair agus ba ar chaptaein Ghaoth Dobhair, Peadar Mac Aodha a bhronn an tAire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D Corn an Aire na bliana seo.

Cinnte bhí an lá leis na Conallaigh ar gach bhealach, bhí dhá fhoireann ón chontae, Naomh Náille, agus foireann an Tearmainn in aice le Leitir Ceanainn, ar an bpáirc peile sa chluiche ceannais i sraith na sóisear.

Ba é seo an chéad uair riamh ag ceachtar do na foirne seo dul chun páirce chun Corn Ghael Linn a thabhairt abhaile leo.  

Bhí an-chluiche bríomhar ann, ach bhí an Tearmann ag féachaint níos láidre agus níos aclaí ar an lá agus iad ag brú chun cinn.  Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa do Naomh Náille thug an réiteoir Máirtín Ó Colla bata agus bóthar do Barra Ó Gríofa ag deireadh an chéad leath agus d’fhág sé sin buachaillí Naomh Náille ag streachailt sa dara leath. Chríochnaigh an cluiche leis an scór An Tearmann 1-11 agus Naomh Náille 1-9.  Bhronn Cathaoirleach Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta Seán Ó hEarcáin Corn Ghael Linn ar chaptaein agus ar chúl báire An Tearmainn, Micheál Ó Baoill.

Ba hiad mná an Tearmainn a chroch leo craobh na mban don tríú bliain as a cheile le bua ollmhór acu ar mhná Naomh Colmáin as Contae Mhaigh Eo.

Le linn an deireadh seachtaine bhí neart imeachtaí shóisialta idir láimhe.  Bhí an Cabaret Craiceáilte ar siúl sa Club Theach agus bhí neart siamsaíochta ar siúl go breacadh an lae.  

Ar an Domhnach bhí ócáid mhór ar siúl nuair a chuir an ceoltóir aitheanta Ciarán Ó Maonaigh na Cailíní Gaelacha i mbéal an phobail agus ainmníodh Rachel Ní Fhearraigh as Gaoth Dobhair mar Chailín Gaelach 2012.

I measc na gclubanna Gaelacha éagsúla ar fud na tír a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana bhí foireann shinsir Rinn Ó gCuanach as Port Láirge ach fuair foireann Cloch an Fhaola an ceann is fearr orthu ar an Satharn.

Thug Na Gaeil Óga ón bpríomhchathair an bóthar leo chomh fada le Tír Chónaill freisin ach cuireadh críoch lena n-iarrachtaí siúd tráthnóna Dé Sathairn nuair a bhuail siad le foireann láidir An Tearmainn.

Bhí foireann shóisir Clann na nGael as Ráth Cairn i gContae na Mí i láthair freisin d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Naomh Muire as Tír Chónaill ach tráthnóna Dé Domhnaigh bhuail siad leis an bhfoireann Chonallach eile agus bhí buachaillí An Tearmainn i bhfad Éirinn ró láidir do bhuachaillí na Mí agus ag deireadh an chluiche bhí seacht gcúilín idir na foirne agus chuir sé sin An Tearmann isteach sa gcluiche ceannais sóisir.

Ag comórtas na bliana seo freisin bhí foireann sinsir agus sóisir as an gCeathrú Rua i láthair.  Fuair Naomh Náille an ceann is fearr ar an fhoireann sóisir agus tráthnóna Dé Sathairn chuir foirne Daingean Uí Chúise as Ciarraí críoch le brionglóidí fhoireann shinsir Chonamara, bhí an-chluiche go deo ann idir an dá fhoireann le coimhlint ghéar ach tar éis am breise ba le fir na Ríochta a bhí an bua.

Chuaigh siadsan ar aghaidh go dtí an cluiche leath cheannais ach bhí foireann Ghaoth Dobhair i bhfad níos fearr na buachaillí Chiarraí agus bhí an imreoir Contae Caoimhín Ó Casaide i mbarr a réime don fhoireann áitiúil thar an deireadh seachtaine.

I measc na foirne eile bhí Laochra Loch Laoi as Béal Feirste, Baile Mhúirne as Gaeltacht Chorcaí agus Gael Fhánaid as Tír Chonaill.  
 
Ar ndóigh bhí an ródaí i lár an aonaigh le linn na deireadh seachtaine agus bhí clúdach iontach de gach chluiche agus anailís do na cluiche mar aon le agallamh ag Seán Bán Breathnach le laochra mór peile le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na deireadh seachtaine.

Thaispeáin TG4 cluichí an Domhnach agus an cluiche ceannais inné agus bhí tráchtaireacht le Mícheál Ó Muircheartaigh mar aon le hanailís le iar-imreoirí contae agus laochra móra peile Jarleth Burns as Ard Mhacha agus Micheál Ó Cróinín as Corcaigh.

Beidh muintir Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht Port Láirge ag siúl go mór le Comórtas peile na Gaeltachta a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn ós rud é nach raibh sé ar siúl ansin ó bhí 1999 ann.

© Foilsithe ar Gaelport.com 05 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Andrew McKimm: Leaving Cert: it's an Irish renaissance as hostilities cease

Siamsaíocht agus amhránaíocht sean-nóis sa phríomhchathair
 
Éachtaí nua bainte amach ag BabógBaby

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com: #gaeilge 

 

 

Clár Gaeilge nua ar Shannonside Northern Sound

$
0
0
“Ar an raidió is fearr i gcónaí  éisteacht leis an dream áitiúil agus leis na scéalta atá acu ”, dar le Máire Máiréad Ní Loideáin, láithreoir raidió le Shannonside Northern Sound. Bíonn Máire Máiréad le cloisteáil  mar láithreoir ar an gclár Gaeilge Bígí an Caint gach Domhnach ag a sé an chlog tráthnóna. Cuireadh tús leis an gclár i mí Aibreáin agus tá ag éirí go hiontach leis.

“Is breá liom é mar bím ag caint le daoine atá ar bheagán Gaeilge agus le cainteoirí líofa ar an gclár gach seachtain ”, a deir sí.  
Chomh maith leis na hagallaimh, castar ceol agus tugtar eolas mar gheall ar imeachtaí Gaeilge atá ar siúl sa cheantar i gContae Liatroma, Ros Comáin agus i gContae Longfoirt. Is fearr i bhfad léi blas áitiúil a chloisteáil ná bheith ag éisteacht le réaltaí móra na Gaeilge ag labhairt ar an raidió.

 “Triailim í a choinneáil sa gceantar ach de bharr  nach bhfuil Gaeltacht ann,  tá sé deacair daoine le Gaeilge a fháil. Le beagán taighde bím in ann teacht ar dhaoine.  Mar shampla bhí an fear gnó Adrian Devane linn le Bábóg Baby le déanaí chomh maith leis an iriseoir Orla Bradshaw”.

“Ta an-suim acu sa Ghaeilge sa gceantar agus tá roinnt gaelscoileanna lonnaithe anseo  ach i mo thuairimse tá sé níos deacra orthu toisc nach bhfuil Gaeltacht mórthimpeall orthu.”

Gan amhras tá tuiscint ag Máire Máiréad ar dhá thaobh an scéil mar is as an gCeathrú Rua  i gConamara di ó dhúchas.  Tá lán-tacaíocht ag an gclár ó bhainistíocht Shannonside Northern Sound dar le léiritheoir an chláir, Eithne Kelly. “Léiríonn sé an meas atá ag Shannonside Northernsound don Ghaeilge agus tá an clár ag freastal ar lucht éisteachta forleathan ina bhfuil cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí páirteach ann”, a deir sí.

©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Assembly concern at proposed changes to Irish language funding

Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #craoltóireacht

Cúis Bróid

$
0
0

Is fear díograiseach é Bernard Dunne.

Is léir sin ón méid atá bainte amach aige ina shaol dornálaíochta.  Ach,  thug sé faoi dhúshláin go hiomlán éagsúil i mbliana.

Mar is eol do Ghaeilgeoirí agus Éireannaigh ar fud an domhain, cuireadh tús le feachtas Bród Club i mí Márta na bliana seo.  Sprioc an fheachtais náisiúnta agus na sraithe teilifíse ab ea daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid, go laethúil, in ainneoin an leibhéil Gaeilge acu.

Ag  an bpointe seo tá 24,568 duine ar ais ar an gcapall, mar aon le comhlachtaí agus eagraíochtaí ó bhun barr na tíre.  Agus cé nach bhfuil ach 1/5 den sprioc 100,000 síniú bainte amach ag an bhfeachtas, is léir go bhfuil an réabhlóid teanga ag dul ó neart go neart toisc Bernard Dunne agus a fheachtais.  Feictear lógó An Tósta Mór agus Fáilte

Fridays ar fud na háite, chomh maith leis na pearsantachtaí cáiliúla ag léíriú a gcuid tacaíochta d’iarrachtaí Bhernard.

Chonacthas Bernard ag taisteal timpeall na tíre le linn na sraithe teilifíse ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh agus muinín a thabhairt do dhaoine a gcúpla focal a úsáid. 

Bhí daoine áirithe i gcoinne an fheachtais agus i gcoinne iarrachtaí Bhernard ach sheas sé an fód agus tá muintir na Gaeilge uile bródúil as Bernard agus an feachtas nuálach a chum sé. 

Ach tá dream amháin ann atá níos bródúla as an bhfear ó Bhaile Néill ná dream ar bith eile, agus is é sin muintir Chluain Dolcáin.

Tabharfar aitheantas d’ éachtaí mhac an bhaile ghaelaigh ar an 25 Bealtaine ag oíche mhór san Ionad Cultúrtha, Baile Átha Cliath 22, arna heagrú ag Áras Chrónáin.  Beidh

Bernard ann i measc na nGaeilgeoirí agus na dtacadóirí a bheidh ag spalpadh na Gaeilge ar an oíche, agus cuirfidh John Spillane leis an gcéiliúradh lena chuid cheoil agus amhránaíochta.

Tosóidh an oíche ag 8.30pm agus cuirfear fáilte roimh chách.  Faightear gach eolas ó Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha, www.araschronain.ie, gaeilge@araschronain.ie nó 01-4574847.

 

© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Publication of Irish language survey welcomed

Banc na hÉireann le páirt a ghlacadh sa 'Bródclub'

Féile Ceoil Thraidisiúnta Na Scéirí linn arís

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Míorúiltí Mhac an tSaoi le plé ag comhdháil lae

$
0
0

Téamaí móra fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi a bheidh faoi chaibidil ag comhdháil lae a bheidh ar siúl  in Ollscoil na hÉireann Gaillimh Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2012.

Is é an file agus Stiúrthóir Ionad an léinn Éireannaigh Louis de Paor, fear a chuir filíocht Mhac an tSaoi in eagar don chnuasach dátheangach ‘An Paróiste Míorúilteach’(2011) atá i mbun na comhdhála a reáchtáil.

Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar fhilí móra na linne seo agus  is iad Margadh na Saoire (1956); Codladh an Ghaiscigh (1973); An Galar Dubhach (1980), and An Cion go dtí Seo (1987) na cnuasaigh filíochta is mó atá luaite léi.

Táthar ag súil le díospóireacht bhríomhar i measc na gcainteoirí agus an lucht éisteachta ag an gcomhdháil. Cuirfear tús leis an bplé ag a 9am ag léacht an Ollaimh Mhichíl Mhic Craith  ar an gceangal idir saol agus saothar an fhile agus an stát ó bunaíodh í .

Ar na hábhair spéisiúla eile a bheidh idir chamáin ag an ócáid beidh an grá agus an tsaoirse i bhfilíocht Mháire Mhac a’ tSaoi á bplé ag an Ollamh Máire Ní Annracháin.  Feimineachas an údair agus a cuid filíochta a bheidh á phlé ag an Ollamh Margaret Mac Curtain ina dhiaidh sin. Ag leanúint leis na téamaí sin pléifidh an tOllamh Máirín Nic Eoin  ó Choláiste Phádraig an guth máthartha ina cuid filíochta.

Tar éis lóin tabharfaidh An Dr Caoimhín Mac Giollla Léithe, An Dr Ríona Ní Fhrighil agus an tOllamh Eiléan Ní Chuilleanáin léargas ar ghnéithe eile dá cuid filíochta agus cuirfear clabhsúr leis an ócáid nuair a chíorfaidh an tOllamh Patricia Coughlan  ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh na mianta collaí i saothar Mháire Mhac an tSaoi ag 5pm.

Sa seomra seimineáir in Institiúid de Mórdha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh a reáchtálfar na seisiúin ar fad. Tá cead isteach go dtí na seisiúin ar fad agus fáilte roimh chách.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 2012

Ó Bheal – Tráthnóna aoibhinn le Séamus Barra Ó Súilleabháin

Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Gaiscí Phóirtéir aitheanta ag na Gradaim Chumarsáide

$
0
0

Bronnfar Gradam Saoil Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an gcraoltóir raidió Cathal Póirtéir ag searmanas bronnta i nGaillimh Dé hAoine 18 Bealtaine.

Tá Póirtéir ag craoladh i nGaeilge agus i mBéarla ar RTÉ le tríocha bliain anuas agus tá sé ina láithreoir ar an gclár ealaíon Comhluadar na Leabhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn.

Deir sé gur mhór an onóir dó an gradam saoil a bhaint amach agus gur ndearna sé iarracht i gcónaí “peirspictíochtaí nua a chur ar fáil i dtaobh clár faoi chúrsaí staire, béaloidis agus litríochta agus scríbhneoirí agus  a spreagadh chun pinn”.

Dúirt Stiúrthóir Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais,  Liam Ó Maolaodha go raibh caighdeán den scoth leagtha amach ag an gcraoltóir leis an ról a ghlac sé sna meáin Ghaeilge agus sna healaíona.

Oíche mhór a bheidh ann do na meáin Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe Dé hAoine. Fógrófar leis buaiteoirí na seacht ngradam eile, ina measc gradaim do phearsa teilifíse na bliana, clár raidió na bliana agus iriseoir na bliana.

 

© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo

An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar RnaG inniu

As na Nuachtáin: New Siamsa Tíre season 


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Ag cuardach poist?

$
0
0

Is cinnte go bhfuil cursaí eacnamaíochta go dona sa tír faoi láthair.

Táimid i lár an chúlaithe eacnamaíochta is measa riamh in Éirinn, tá os cionn 400,000 gan phost agus tá breis is 70,000 Éireannach imithe ar eisimirce le bliain anuas. Is deacair an rud é meon dearfach a spreagadh i muintir na tíre i láthair na huaire. Ach dá gcaithfeá súil ar http://www.gaelport.com/foluntais, d'fheicfeá, in ainneoin na gcúinsí reatha, tá earnáil na Gaeilge faoi lán seoil agus tá an t-úafás deiseanna fostaíochta ar fáil i ngach cúinne den tír.

Tá eagarthóir teilifíse, oifigeach forbartha Gaeilge Ghlór na Móna, agus oifigeach feidhmiúcháin d’Fhoras na Gaeilge á lorg ó thuaidh, chomh maith le deis iontach ar scéim oiliúna atá ar fáil faoi láthair le Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Leanann an réimse leathan oibre i gCúige Mumhan le poist idir bhainisteoir le Coláiste Íde agus léachtóir béaloidis i UCC fógartha le déanaí.

Mar is gnách ag an am seo den bhliain, tá deiseanna múinteoireachta i nGaeltacht Chonamara mar aon le folúntas do bhainisteoir naíonra i gContae Maigh Eo.

Ó thaobh na príomhchathrach de, níl deireadh go deo leis na deiseanna atá ar fáil dóibh siúd atá ag cuardach poist. Tá folúntais ann do mhúinteoirí Gaeilge le Coláiste Hibernia, do stiúrthóir naíonra, agus d’fheidhmeannach riaracháin leis An Timire. Más tá spéis agat i gcursaí scríbhneoireachta tá intéirneacht foilsitheoireachta á lorg ag Comhar agus tá folúntas i gcroílár na hearnála mar Stiúrthóir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá Roinn Ghaeilge Choláíste Phádraig ag dul ó neart go neart na laethanta seo le poist mar léachtóir, léachtóir cúnta agus oifigeach na Gaeilge go léir le líonadh acu. Chomh maith leis sin tá deis do mhúinteoirí Gaeilge cur is teach ar Chomhaltacht Shéamuis Uí Mhórdha.

Is léir ón méid seo gur buntáiste ollmhór í an Ghaeilge i gcóras fostaíochta Éireann uile agus éiríonn an scéal níos fearr fós le neart folúntas nua fógartha ar Gaelport.com gach uile sheachtain.  Mar sin, déan cinnte súil a choinneáil ar an suíomh ionas go mbeidh an nuacht is déanaí maidir le hearnáil na Gaeilge agat gach lá.

Tá gach eolas ar na poist seo agus neart eile ar fáil anois ar http://www.gaelport.com/foluntais.

 

© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

As na Nuachtáin: Publication of Irish language survey welcomed

Stiúrthóir á lorg ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

MA / Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) (Leibhéal 9)

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Ó Bheal – Tráthnóna aoibhinn le Séamus Barra Ó Súilleabháin

$
0
0

Bíonn an oíche fhilíochta Ó Bhéal a bhíonn á reáchtáil ag Poetry Ireland ar siúl i gcathair Chorcaí gach oíche Luain. Bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta gach seachtain chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndán a thabhairt.

Ar an Luan, 28 Bealtaine beidh oíche speisialta d’fhilíocht arna heagrú ag Ó Bhéal i gcomhar le Foras na Gaeilge san Hayloft The Long Valley (thuas an staighre) agus beidh an file iomráiteach Séamus Barra Ó Súilleabháin ina aoi speisialta ag an ócáid seo agus leanfar le seisiún de mic oscailte.  Saolaoídh i Londain Séamus ach tá caniúint aoibhinn Ciarraíochta ar a chuid Gaeilge.

Is scríbhneoir agus file an-éirimiúil é Seamus agus cúpla bliain ó shin thug sé faoi Scéim na nOidí a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge agus fuair sé deis iontach a chuid filíochta a fhorbairt, agus é ag labhairt linn an tseachtain seo dúirt se linn go raibh an-tionchar ag an bhfile aitheanta Gabriel Rosenstock air agus é faona stiúir le dhá bliain anuas . Tá comhghnó filíochta aige darb ainm ‘An Lobharlann/De Leprosarium’. Agus é ag cur síos ar a chuid oibre linn na seachtaine seo dúirt sé go raibh sé ‘ag súil go mór leis an oíche’ agus gur ‘breá leis filíocht a bhfuil cúis léi’ agus anuas air seo dúirt sé go ‘ndéanann  fíorfhilíocht meon an duine a oscailt’.

Beidh Séamus ag léamh i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Aoine seo áit a mbeidh oíche mhór filíochta agus ceoil arna eagrú ag IMRAM.

Dóibh siúd i gcúige Mumhan beidh deis iontach acu Seamus a fheiceáil i mbun a cheirde le linn Fhéile Scríbhneoireachta Lios Tuathail a bheidh ar siúl i gCiarraí ón 30 Bealtaine – 3 Meitheamh.

Cuirfear tús leis an oíche ag 9 nó 9.30i.n

Tuilleadh eolais : www.obheal.ie

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas
:

Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail 2012

Siamsaíocht IMRAM sa Chlub

Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 2012

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #feile

Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 2012

$
0
0

Beidh Féile Scríbhneoirí Átha Cliath ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 4-10  Meitheamh 2012.

Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an fhód le breis is deich mbliana agus tá sé ar ceann de na príomhfhéilte litríochta sa tír agus é ag dul ó neart go neart  le blianta beaga anuas.

An aidhm is mó atá ag an fhéile na aitheantas a thabhairt do scríbhneoirí na tíre seo agus  treoir a thabhairt do scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn.

Beidh neart ceardlann scríbhneoireachta ar siúl agus beidh siad siúd á dteagasc ag scoth na scríbhneoirí sa tír.

Mar chuid d’imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, léachtaí, taispeántas ealaíona, scéalaíocht do pháistí i siopaí leabhair, taispeántas scannáin, sárthaispeántas, comórtais scéalaíochta chomh maith le léamh filíochta in ionaid éagsúla timpeall na cathrach.

An 6 Meitheamh beidh oíche mhór filíochta sa Workman's Club áit ina mbeidh an file aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag léamh filíochta ar an oíche. I mí Aibreáin le linn Thuras na bhFilí na bliana seo ba í Ailbhe a bhain amach an chéad áit i gcomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill i dteannta Ailbhe ar an oíche beidh an file iomráiteach a bhfuil clú agus cáil air,  Gabriel Rosenstock.

I measc na n-imeachtaí eile beidh oíche mhór i Halla na Saoire ar an 7 Meitheamh le tráthnóna aoibhinn i gcuideachta an amhránaí iomráitigh Mike Scott, príomhamhránaí a bhíonn ag canadh leis an ngrúpa aitheanta The Waterboys.

Ar an 9 Meitheamh beidh oíche mhór Ghaelach le léamh filíochta, próis agus ceoil san Eaglais Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna Thiar, Baile Átha Cliath 2. Tá an oíche seo á reáchtáil i gcomhar leis an fhéile litríochta IMRAM.

Tá oíche iontach geallta leis an amhránaí  Pádraigín Ní Uallacháin,  agus na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Macdara Ó Graham. Beidh Eilís Ní Anluain ag léamh óna leabhar Fillean Seoirse ar an oíche agus beidh an scríbhneoir aitheanta Darach Ó Scolaí  a bhain a leabhar An  Cléireach duais an Oireachtais amach sa bhliain 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2008. I láthair freisin beidh an t-údar Kevin Power agus an file Leontia Flynn.

Tuilleadh eolais:
Teil: + 353 (0) 1 222 5455
Ríomhphost: info@dublinwritersfestival.com

Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.dublinwritersfestival.com


© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gaiscí Phóirtéir aitheanta ag na Gradaim Chumarsáide

Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo

Siamsaíocht IMRAM sa Chlub

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #dublinwritersfestival

Viewing all 1945 articles
Browse latest View live