Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Gradam Ríomh-Rialtais bronnta ar iTunes U

$
0
0
Tugadh aitheantas don acmhainn foghlama Gaeilge iTunes U le déanaí nuair a bhronn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Brendan Howlin TD gradam Gaeilge ríomh-rialtais na hÉireann ar an tionscadal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 25 Aibreán 2012. Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a d’fhorbair an áis fhoghlama dhigiteach. Ocáid cheiliúrtha do cheannródaithe idirlín san earnáil phoiblí a bhí ann.

Áis cheannródaíoch  nuálach é cainéal COGG ar iTunes U chun físeáin, podchraoltaí agus eile a chur ar fáil d’earnáil na Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Forbraíodh  300 mír fhoghlama ó bhunábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar ó chartlann Acadamh na Ollscolaíochta Gaeilge agus tá siad go léir ar fáil le híoslódáil ar an gcainéal ar iTunes.

Tá iliomad amhrán ón gcartlann le cloisteáil ina measc Peigín Leitir Móir, Amhrán Chámuis, Roddy McCorley, An Cailín Deas Rua chomh maith le scéalta agus sceitsí eile.

Ar an oíche bronnadh gradam na meán sóisialta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann;  gradam margaíochta ar Fáilte Ireland; gradam oideachais ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don thionscadal Get Ireland Active agus bronnadh Gradam Móibíleach ar aip ghréasáin  a d’fhorbair Ionad Faisnéise an Saoránaigh.

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ag fiach na gceann Gaelach

An bua ag Teaspach ag Craobh Siansa Gael Linn

As na Nuachtáin: Opportunities for schools to get funding from Foras na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #COGG


Comórtas Filíochta Uí Néill 2012 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

$
0
0
Tá an comórtas filíochta seo á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúig bliana anuas agus é mar ócáid lárnach ag Turas na bhFilí, malartú cultúrtha bliantúil idir filí Albanacha agus Éireannacha. Tugann  an comórtas aitheantas d’fhilíocht nua-chumtha sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge.

Chroch an banfhile óg ó Thrá Lí, Contae Chiarraí an corn léi leis an dán Gaeilge  ‘Deireadh na Feide’.

Deir Ailbhe gurb é téama an dáin ná  “cur síos ar theanga feadaíola sna Piréinithe sa bhFrainc nach bhfuil ann níos mó”. Bronnadh duais seic €500 uirthi agus foilseofar an dán san  iris liteartha Comhar.

Bhain ocht ndán amach an gearrliosta i mbliana. Ina measc bhí dánta le Brian Ó Tiomain, Calum MacLeòid, Doireann Ní Ghríofa, Aodán Ó Sé agus Art Ó Súilleabháin.

Bhí Nuala Ní Dhomhnaill agus Rody Gorman mar mholtóirí ar an gcomórtas .Dúirt Nuala Ní Dhomhnaill go raibh na dánta go léir ar ardchaighdeán agus gur cinneadh deacair a bhí ann dóibh.

Chuir an t- amhránaí Máire Ní Choilm an slua faoi dhraíocht  a fhad is a bhí na moltóirí i mbun cainteanna agus i bhfochair léi ar stáitse bhí an t-amhránaí Albanach, Linda NicLeòid.

Ina dteannta bhí an píobaire ón Oileán Sgítheánach, Angus Nicolson agus léigh an file Albanach Fearghas MacFhionnlaigh dán nó dhó óna pheann féin.

Chuir an ócáid tús le clár an mhalartaithe cultúrtha Turas na bhFilí agus tabharfaidh  na hAlbanaigh camchuairt ar Ghaeltacht na nDéise anocht Dé hAoine 13 Aibreán sula thabharfaidh siad aghaidh ar Cheatharlach don  Fhéile Pan Cheilteach amárach, 14 Aibreán.

 

 Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2012
Na filí a bhain amach gearrliosta an chomórtais Filíochta Uí Néill, Art Ó Súilleabháin.Calum MacLeòid, Aodán Ó Sé, Brian Ó Tiomain, Ailbhe Ní Ghearbuigh agus Doireann Ní Ghríofa.



Is í an aidhm atá le Turas na bhFilí, ná na naisc idir pobal agus traidisiúin na hÉireann agus pobal agus traidisiúin na hAlban a threisiú ionas go gcothófar teagmháil leanúnach idir an dá thír.

Tá Turas na bhFilí  ar an bhfód ó bhí 1970  ann agus ba é an Coirnéil Eoghan Ó Néill a chuir tús leis an bhféile nuair a bhí sé ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

“I mbliana tá lúcháir orainn go bhfuilimid ag comhoibriú le Fèisean nan nGáidheal eagraíocht a thugann tacaíocht d’fhéilte Gáidhlig in Alban” a deir Niamh Ní Shúilleabháin, Bainisteoir Gníomhach ar Chumarsáid agus Mhargaíocht. “Táimid an-bhuíoch dóibh agus d’ Fhoras na Gaeilge a thugann tacaíocht don turas seanbhunaithe gach aon bhliain”.

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Foilsithe ar Gaelport.com 13 Aibreán 2012

Comhdháil lae ar Léann na Gaeilge

$
0
0

Osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil ag 9.15am ar 20 Aibreán agus níl aon chostas ag baint le freastal ar an seimineár. 

Tionólfar ceithre sheisiún éagsúla ann ag a mbeidh saineolaí ón Institiúid Ard-Léinn agus ollscoileanna éagsúla ag plé litríochta agus ábhar éagsúil na Sean-Ghaeilge, na Meán-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge.

Beidh Fergus Kelly in chathaoirleach ar an gcéad seisiún ag a mbeidh cainteanna éagsúla á dtabhairt ar chúrsaí gramadaí, staire agus filíochta ag Pádraig A. Breatnach agus Liam Breatnach, Scoil an Léinn Cheiltigh, DIAS; agus Ruairí Ó hUiginn ó Ollscoil Éireann, Maigh Nuad.

Pléifidh Phádraig Ó Macháin, DIAS; Eoghan Ó Raghallaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, OÉ Má Nuad agus Gordon Ó Riain, Rannóg na Ceiltise, Ollscoil Uppsala filíocht na mbard sa dara seisiún le Meidhbhín Ní Úrdail mar chathaoirleach air.

Leanfaidh an plé ar na baird sa chéad seisiún eile le caint ó Damian McManus, TCD, ar mhná agus shinsearacht na filíochta.  Beidh Edel Bhreathnach ina cathaoirleach sa tríú babhta seo ag a bpléifear Annála Uladh le Caoimhín Breatnach, UCD.

Beidh Caoimhín Breatnach mar chathaoirleach ar an seisiún deireanach ag a mbeidh plé ar ghnéithe éagsúla den teanga.  Labhróidh Eoin Mac Cárthaigh, TCD ar ‘Sléagar agus “genitives lenited in special circumstances” i bhfilíocht na scol’.  Beidh Katharine Simms, TCD, ag caitheamh súil eile ar fhilíocht na mbard; ‘Images for the role of bardic poets’ agus beidh Seán Ua Súilleabháin, UCC i mbun caint spéisiúil - ‘Bergin, Ó Cuív agus prós an Athar Peadair sa “letiriú shímplí”’.

Is cinnte gur lá iontach suimiúil a bheidh ann agus ní gá ach bheith i láthair ag 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4 ar an lá le scoth na n-ábhar a phlé le scoth na gcainteoirí.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comórtas Filíochta Uí Néill 2012 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ceolchoirm RnaG i nDoire

As na Nuachtáin: Celtic Media Festival in Derry

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras

$
0
0

Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód  breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Beidh ocht ngrúpa ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile.

Anuraidh ba iad an grúpa 'Éile' ó Laurel Hill Coláiste i Luimneach a bhain amach an craobh lena gcuid ceol bríomhar agus amhráin binn.

Beidh jab an-deacair ag na moltóirí an boscadóir Breandán Ó Beaglaoich as Corca Dhuibhne and t-amhránaí leis an ngrúpa aitheanta Líadan,Sile Denvir agus an fidléir iomráiteach as Tír Chonaill Ciarán Ó Maonaigh buaiteoir na bliana seo a roghnú.

Le linn an chomórtais tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla.  Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge.

Ba chóir do na daoine a fuair cuirí teagmháil a dhéanamh le Niamh De Búrca ag 01 6753303 / niamh@gael-linn.ie roimh Dé Luain, 23 Aibreán 2012 chun a gcuid suíocháin a chur in áirithe don oíche.

Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

Dlúthdhiosca Noreen O’Sullivan le buachan

 

 

 

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

$
0
0

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reáchtálfar Féile na bliana seo i gCarna i gConamara, Co. na Gaillimhe ón 4-6 Bealtaine 2012.

Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.  Bhí an-mheas aige i gcónaí ar an Ghaeilge ar a dhúchais agus ar an sean-nós go dtí go bhfuair sé bás.

Bíonn neart imeachtaí éagsúla ar siúl i gceantar Charna ag na deireadh seachtaine agus bíonn scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe bailithe ar an gceantar Gaeltachta seo le linn na féile.  Bíonn neart sean-nóis, damhsa ar an sean-nós, céilithe, ceardlann, agus comórtas éagsúil do pháistí ar siúl chomh maith.

Arís i mbliana tá clár leathan d’imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór na féile ar siúl ar in ósta Chuan Charna ar an Satharn 5 Bealtaine. Ina measc beidh na píobairí aitheanta Mick O’ Brien, Caoimhín O’Raghallaigh, Calum McMillan as Albain, Kevin Rowsome, an t-amhránaí Róisín White, an boscadóir Danny O’ Mahony, Briocan Bairead as Rosc Muc, na damhsóirí Sibéal Davitt agus Róisín Ní Mhainín an t-amhránaí áitiúil Siobhán Éinniú ó chlann cheolmhar Uí Éinniú mar aon le go leor eile.

I rith an lae ar an Domhnach beidh lá iontach de cheol agus amhráin agus damhsa geallta nuair a sheolfar dhá dhlúthdhiosca den scoth, an dlúthdhiosca The Quite House leis an gceoltóir Noreen O’Sullivan agus ceann le Danny O’Mahony agus Micheal Ó O’Raghallaigh agus .

Más deireadh seachtaine de scoth an cheoil thraidisiúnta agus na amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós atá uait tabhair aghaidh siar ar cheantar Charna ag tús mhí Bealtaine! 

Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ach glaoch ar Mhicheál Ó Cuaig: 095-33599 / 086-3778055 nó seol ríomhphost chuig:  michealocuaig@hotmail.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Clifden Traditional Music Festival

Dlúthdhiosca Noreen O’Sullivan le buachan

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Comórtais Gael Linn

$
0
0

Agus dar le Niamh De Búrca ó Ghael Linn tá na hóráidithe óga réidh le teacht i  gcomharba  ar  Pharnell, Dhónal Ó Conaill agus ar Barack Obama fiú,  tar éis a mbua ag

Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2012 le déanaí.

Ghlac breis agus 150 foireann  ó scoileanna fud fad na tíre páirt i gcomórtas díospóireachta na bliana seo agus cuireann sé leis an sprioc atá ag Gael Linn an teanga labhartha a chur chun cinn ar fud na tíre.

Bhuaigh foireann Iar-bhunscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara an chraobh shinsearach  ag an gcraobh ceannais náisiúnta a reáchtáladh i bPort Laoise ar an Déardaoin, 29 Márta 2012.

Bhuaigh siad leis an gcás láidir a chruthaigh siad faoin rún, ‘Tá an teideal ‘Oileán na Naomh agus na nOllamh’ tuillte go fóill ag Éirinn!’

Chroch foireann Mheánscoil na Trócaire, Trá Lí, an Corn Sóisearach. Ba iad Liam Mac an Mhaoir, Matt Ó Donnchadha, Aingeal Ní Chonghaola, Máirín Uí Mhuirí agus Féilim Mac Donncha  a bhí ag déanamh moltóireachta sa dá chomórtas.

Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.

Reáchtáiltear  comórtas óráidíochta poiblí sna scoileanna i gCúige Uladh chomh maith. Abair is teideal don chomórtas seo a fhreastalaíonn ar scoileanna dara leibhéal.

Reáchtáladh an chraobh i gceannáras an C.L.G. in Ard Mhacha ag Páirc Lúthchleasa Uí Mhuireagáin. Bhí Dónall Mac Giolla Chóill, Seán Ó Maoilsté agus Michelle Nic Pháidín ag moltóireacht.

I gCraobh Abair i bPáirc Lúthcleasaíochta Uí Mhuireagáin in Ard Mhaca, bronnadh an chéad áit ar an gcraobh iomlán ar Roibéard Mac Pharthaláin ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Contae Dhoire. Ba í An Ultais a bhí á plé aige ar an oíche. Mol an Óige!

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras

As na Nuachtáin: Heads down for the Junior Cert

Ranganna Gaeilge san ardchathair

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter

Straitéis Ríomhsheirbhísí Rialtais fógartha

$
0
0

Táthar ag súil chomh maith go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge dá bharr.

Leagann an clár tacaíochta moltaí amach chun éifeacht na gcomhlachtaí poiblí a fhorbairt, dúbláil oibre a sheachaint agus seirbhísí ar líne a bheith níos éasca a úsáid chomh maith le hairgead a shábháil.

Táthar ag súil go mbeidh daoine ábalta a bpas a athnuachan ar líne chomh maith le hiarratais ar shochar leasa shóisialaigh agus foirmeacha eile a líonadh ar líne lena n-áirítear iarratais phleanála agus aighneachta chomh maith le cuid den phróiseas iarratais do cheadúnas tiomána. 

Tá sé i gceist go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos mó trí na meáin úra shóisialta agus ar ghutháin chliste. Moltar chomh maith seirbhísí do bhunachar sonraí digiteach a fhorbairt mar atá in úsáid ag stadanna bus timpeall na hArdchathrach.

Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh bheartas an Rialtais.

Ag labhairt dó faoin straitéis dúirt sé go raibh an Chomhdháil ag moladh le tamall anuas “barainneachtaí an mhórscála a úsáid níos fearr chun acmhainní agus áiseanna a ullmhú agus luach níos fearr ar airgead a sholáthar trí sheirbhísí dátheangacha ar líne agus as líne a sholáthar don phobal oiread agus is féidir”.

Dúirt sé gur deis “ iontach” é seo do chomhlachtaí poiblí tairiscint ghníomhach trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí na seirbhísí ar líne agus “beifear ag súil go mbeidh na seirbhísí le fáil go huathoibríoch sa dá theanga oifigiúla”.

Níl dáta socraithe go fóill chun na seirbhísí ar líne a chur i bhfeidhm. Tá iarrtha ag an Roinn  Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar na Ranna Rialtais eile pleananna tionscnaimh do sheirbhísí ar líne a fhorbairt roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Sinn Féin appoint Ní Riada

Aip Abair Leat! ar Facebook

As na Nuachtáin: Fine Gael politician who cut his teeth in local politics on Kerry County Council

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Gradaim do Ghnólachtaí Gaeilge na Gaillimhe le bronnadh Déardaoin

$
0
0
Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun ‘aitheantas’, ‘onóir’ agus ‘ceiliúradh’ a dhéanamh ar an obair dhátheangach go léir a dhéantar i nGaillimh chun stádas dátheangach a bhaint amach di.    

Bronnfar pacáiste gnó gur fiú €2,000 é ar bhuaiteoirí na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim Pacáiste Fógraíochta de luach €5,000 ón Galway Advertiser mar aon le feachtas poiblíochta náisiúnta atá deartha go speisialta dóibh chomh maith le Ceardlann Comhairliúcháin agus Caidreamh Poiblí agus Margaíochta luach €4,000 ó D’Arcy Marketing & PR.

I mbliana, tá aon chomhlacht déag ar an nGearrliosta. Seo a leanas na comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhain amach an Gearrliosta.
Sa chatagóir ‘Miondíol’, urraithe ag Galway Bay FM ar an ngearrliosta tá:  Candleworks, Ollmhargadh na Seoige agus McCambridge’s.Sa chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’, urraithe ag Fáilte Ireland  ar an ngearrliosta tá: Cupán Tae, Fáilte Tours agus Vina Mara.

Sa chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway, ar an ngearrliosta tá Colette Kelly Optometrist, EmployAbility Service Galway agus Kemple Gormley Solicitors/ Sa chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar an ngearrliosta tá: Ionad na Faiche Móire agus Ionad Acmhainní Mhuintir na Gaillimhe.

Is fiú breis agus €19,000 luach iomlán na nduaiseanna agus buntáistí óna gnólachtaí áitiúla atá ag déanamh urraíochta ar an nGradam i mbliana.

© Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na nuachtáin: Tuam and Ballinasloe parents to be consulted on school patronage

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

Folúntas: Post mar léachtóir Béaloidis

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimh


Na Gaeil Óga ag lorg iománaithe

$
0
0

Tá an club ag dul ó neart go neart  ó bunaíodh é sa bhliain 2011; Ghlac siad páirt den chéad uair i gComórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2011, agus beidh said páirteach arís i mbliana, agus bhí siad i mbun an chéad bhabhta d’Fhéile Peile na nGael ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite. 

Tá an-chuid bainte amach acu go dtí seo agus táthar ag súil go leanfaidh an dea-obair agus go gcuirfidh an fhoireann nua iomáint leis an bpéire d’fhoirne peile na bhfear, agus foireann amháin na mban atá acu go dtí seo.

Cuirfear tús leis an traenáil, faoi bhainistíocht Cholm Mhic Shéadaigh, ar an Déardaoin, 19 Aibreán ag 6.15pm  i bPáirc an Fhionnuisce.  Beifear ag cur béime ar scileanna an chluiche le linn na traenála agus mar sin cuirfear fáilte roimh thosaitheoirí agus imreoirí a bhfuil taithí acu.  Leanfaidh an traenáil go ceann tamaillín sula nglacfar páirt i gcluichí iomaíochta, le súil a bheith páirteach i gcomórtais i gceann bliana nó mar sin.

Tá gach eolas ar na Gaeil Óga ar fáil ó: 087 9351287.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

‘Feachtas gnéasúil earcaíochta’ do chlub peile Gaeilge

As na Nuachtáin: Leathmharatón dOspidéal Shráid Temple

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Ranganna Gaeilge san ardchathair

$
0
0

Cuirfear tús le téarma 10-seachtaine de ranganna oíche Chonradh na Gaeilge i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath ón 24 - 26 Aibreán 2012. Rang dhá uair a chloig ó 7.00 - 9.00in ar do rogha d'oíche amháin in aghaidh na seachtaine atá i gceist agus tá rogha idir 9 leibhéal éagsúla ar fáil oíche Mháirt, Chéadaoin nó Déardaoin.

Beidh na ranganna oiriúnach d’fhoghlaimeoirí ar gach leibhéal agus tá costas €180 ar an gcúrsa Gaeilge. Tá fógartha chomh maith go mbeidh dianchúrsa lae á eagrú ar 28 Aibreán le cabhrú le hiarrthóirí atá ag ullmhú don iarchéim bunmhúinteoireachta.

“Ar €100, tugann cúrsaí lae Chonradh na Gaeilge treoir agus cleachtadh don agallamh Gaeilge trí obair i ngrúpaí, ról-imirt, agus bréagallamh le haiseolas pearsanta agus noda i dtreo na mbotún is coitianta”, dar le Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil.

© Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ceolchoirm RnaG i nDoire 

Folúntas: Stiúrthóir á lorg ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

As na Nuachtáin: Cuts to rural disadvantaged schools

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #ranganna

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógartha

$
0
0
I mbliana tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag céiliúradh 40 bliain de Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain de theilifís RTÉ.

Céiliúrann Gradaim Chumarsáide bliantúla an Oireachtais na láithreoirí teilifíse agus raidió, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár atá tar éis barr feabhais a bhaint amach leis an méid a chur siad le hearnáil na meán Gaeilge.

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide 2012


1. TEILIFÍS: CLÁR / SRAITHTEILIFÍSE NA BLIANA
Scéal na Gaeilge       
Seacht Lá                         
Ros na Rún                  
Rásaí na Gaillimhe                 

2. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Páidí Ó Lionaird                          
Máire Treasa Ní Dhubhghaill                
Dara O Cinnéide                      
Alan Titley                 

3. AISTEOIR NA BLIANA
Don Wycherley                      Rásaí na Gaillimhe       
Brídín Nic Dhonnacha            Rós na Rún            
Macdara Ó Fátharta              Ros na Rún      
Mícheál Ó Dubhghaill            Rasaí na Gaillimhe  
Tara Bhreathnach                 Ros na Rún      

4. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Splanc                                    Newstalk            
Bosca 106                              Raidió na Life        
Iris Aniar                                Raidió na Gaeltachta            
Fuaim Eile                              Raidió Rírá                
Comhluadar na Leabhar        Raidió na Gaeltachta agus RTÉ    
Adhmhaidhn                          Raidió na Gaeltachta            

5. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Cian Mac Cárthaigh             Radió na Life                
Cormac Ó hEadhra              Raidió na Gaeltachta                
Rónán Ó Muithile                 Newstalk        
Síne nic an Ailí                     Raidió Rírá            
Gearóid Mac Donnacha       Raidió na Gaeltachta            

6. CLÓ IRISEOIR NA BLIANA
Orla Bradshaw                 Foinse                    
Colm ó Broin                     Gaelscéal        
Mairtín Ó Cathain             Gaelscéal                
Ciarán Dunbar                  Gaelscéal        
        
     
7. COLÚNAÍ NA BLIANA

Conall Ó Morain            Gaelscéal            
Pol Ó Muirí                    The Irish Times    
Micheál Ó Conaola        Foinse            
Eoghan Ó Neill              Gaelscéal                
Concubhar Ó Liathan    Gaelscéal        
Evanne Ní Chuilinn        Foinse            

8. BUAIC-GHRADAMCUMARSÁIDE

Foinse                                
Mairéad Nic Seaghain                   
Pat Butler               
Cathal Póirtéir             

©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012.

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gradaim do Ghnólachtaí Gaeilge na Gaillimhe le bronnadh Déardaoin

Comhdháil lae ar Léann na Gaeilge

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge

Dlúthdhiosca Noreen O’Sullivan le buachan

$
0
0

Tá meascán iontach do phoirt, cornphíopaí, ríleanna agus fonn mall deas ar an dlúthdhiosca gleoite seo.

Is as Cor an Dola in oirthir na Gaillimhe do Noreen ó dhúchas ach tá cónaí uirthi i Leitir Ard i gCarna le blianta anuas agus ina cuideachta ar an dlúthdhiosca iontach seo tá a cuid deartháireacha an fidléir clúiteach Frankie Gavin agus an boscadóir aitheanta Seán Gavin.

Bhí tionchar an cheoil go láidir sa teaghlach agus í ag fás aníos. Bhíodh an teach tábhairne clúiteach J.J. Gavin’s Pub ag a muintir agus is minic a bhíodh laochra móra an cheoil agus amhránaithe den scoth ag teacht chuig an teachín ceann tí agus í níos óige.

Tá clú agus cáil ar Noreen toisc a ceoil ar an bhfeadóg stáin. Tá aithne mhaith uirthi mar cheoltóir cumasach le blianta fada anuas agus is minic a bhíonn Noreen ag moltóireacht chomórtais Éigse agus ag Fleadh Cheoil timpeall na tíre.

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag beirt cóip den dlúthdhiosca bríomhar nua leis an gceoltóir Noreen O’Sullivan a bhuachan. 

Ceist na seachtaine seo:

Cá bhfuil cónaí ar Noreen O’Sullivan ?

• Corca Dhuibhe     
• An Rinn        
• Cor an Dola     
• Carna     

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 26 Aibreán 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Caroline Ni Mhuireadhaigh as Doire a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

 

©Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Ceolchoirm RnaG i nDoire

As na Nuachtáin: Clifden Traditional Music Festival

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Ceolchoirm RnaG i nDoire

$
0
0
Ina measc beidh Dónal McCague , Darren Breslin, Fearghal Mac Uiginn, Ciarán agus Róisín Carlin, Marcas Ó Murchú  agus na fidléirí Brian Sutherland agus Philip Crickare.

Tá an cheolchoirm á reáchtáil mar chuid de chlár na n-imeachtaí atá beartaithe ag an stáisiún don chomóradh 40 bliain.

Chomh maith leis sin beidh Dick Mag Gabhann agus Padaí Ó Mianáin le cloisteáil agus beidh Cór Gaeilge Dhoire, Ciarán Ó Ceallaigh Muiris Ó Brolcháin agus Ryan O’Donnell ag casadh sa Chultúrlann an oíche sin. Is í Ceannaire Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin a bheidh ina bean an tí don ócáid.

Beidh sé ar siúl mar chuid d’Fhéile na Méan Ceilteach a bheidh ar siúl sa chathair an tseachtain seo.  Cuirfear tús leis an bhféile amárach, 18 Aibreán agus leanfaidh sé go dtí Dé hAoine.

Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl le linn na féile beidh siúlóid mórthimpeall bhallaí na cathrach a thábhairt trí mheán na Gaeilge maidin Dé Céadaoin. Pléifear na féidearthachtaí atá ann do chomhlachtaí léiriúcháin comhoibriú níos fearr a dhéanamh lena chéile ag ócáid maidin Déardaoin in amharclann an Playhouse agus bronnfar gradaim ar na léiriúcháin raidió agus teilifíse is fearr ó na tíortha Ceilteacha gach lá le linn na féile.

Craolfar an cheolchoirm cheiliúrtha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 27 Aibreán ag 7.00 pm.

©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Raidió Réaltanna, Raidió na Gaeltachta celebrates 40 years

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód

Léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #RnaG40 #celticmediafest

Comóradh an Titanic

$
0
0

Tá roinnt blianta caite ag Ronán Mac Thiarnáin ag déanamh taighde maidir le tragóid an Titanic agus déanfaidh sé cur i láthair i nGaeilge bunaithe ar na hábhair is mó spéise a bhaineann le haistear an árthaigh anrathaigh. Beidh taispeántas sleamhnán ag gabháil leis an léacht, pictiúir agus achoimriú Béarla san áireamh.

Tosóidh an léacht ag 7.30pm i dTeach Mhíchíl ar Shráid na nGael i nDún Pádraig agus beidh comórtas scéalaíochta grinn ina dhiaidh ag 8.00pm. Tuilleadh eolais ar fáil ar ó info@leathchathail.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comórtas Filíochta Uí Néill 2012 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

As na Nuachtáin: From Cork to Donegal, by boat

Lean an scéal seo agus @Gaelport at Twitter: #Gaeilge

An Fáinne – do nasc leis an nGaeilge

$
0
0

Ní bhíonn tús ná deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht.

Roghnaíodh an Fáinne mar shiombail a nascfadh an duine leis an nGaeilge ag tús an chéid seo caite agus cé go bhfuil cuma éagsúil leis an tseanstíl air anois, caitear an Fáinne fós mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.

Tá suaitheantais ann do gach leibhéal Gaeilge, mar sin, is féidir Fáinne a chaitheamh más Connamarach tú nó más Astrálach tú, ag léiriú do gach aon duine mórthimpeall ort go bhfuil tú bródúil as an méid Gaeilge atá agat.

-Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid - €4.00

-Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat - €5.50

-Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd ar mhaith leo é - €7.00  

-Tá suaitheantas dar teideal 'Cúpla Focal' ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu - €4.00.

Bronnann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Duais an Fháinne i gComórtas idirnáisiúnta Ghlór na nGael ar an gcoiste áitiúil is mó a chuireann fealsúnacht agus caitheamh an Fháinne chun cinn. 

Is féidir Fáinne - bioráin ar ardchaighdeán, atá snasta, loinnreach agus álainn, a cheannach le do chuid Gaeilge féin a léiriú, nó níos fearr fós, mar bhronntanas do do mháthair, nó do bhuachaill, nó duine ar bith eile a bhfuil Gaeilge acu.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge

As na Nuachtáin: Béarla, Béarla, Béarla!

As na Nuachtáin: Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Noel Hill ag Ceolchoirm Áras Éanna

$
0
0

Deis den scoth atá ann do lucht an oileáin agus do chuairteoirí éisteacht leis an gceoltóir i bhfochair a iníne Aisling a bhíonn ag seinm na fidle.

Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Noel Hill sa bhliain 2011. An lá dár gcionn osclóidh an t-iriseoir Harry McGee taispeántas nua san ionad ealaíne ina mbeidh grianghraf an drámadóra Synge le feiceáil.

Le linn dó an chéad chuairt a thabhairt ar Árainn, cheannaigh Synge ceamara athláimhe agus is grianghraif a tógadh ar na hoileáin sin, i gConamara, i gCill Mhantáin agus in iarthar Chiarraí idir na blianta 1898 agus 1905 atá sa taispeántas.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Dlúthdhiosca Noreen O’Sullivan le buachan

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Féile Chomórtha Joe Éinniú

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Gradam Gaeilge bronnta ar sheirbhís thacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas

$
0
0
Tugann an tseirbhís tacaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas postanna a aimsiú agus a choinneáil sa mhargadh oscailte saothair. Tá siad lonnaithe in Ionad John Paul, i mBaile Bán na Gaillimhe.

Tá an Ghaeilge in úsáid acu go laethúil i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht agus ar an suíomh gréasáin.  Tá fáil ar an tseirbhís iomlán trí Ghaeilge le trí bliana anuas.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley TD a bhronn an Gradam ag an ócáid a  bhí eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge.  “Is léir go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar i saol laethúil na ndaoine anseo i gcathair na Gaillimhe”, a dúirt sé.

Thagair sé don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus dúirt sé go raibh deiseanna ann do mhuintir na cathrach aitheantas a fháil faoin mBille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi  láthair.

Mhol sé d’ eagraíochtaí sa chathair tús a chur leis an bpróiseas agus plean teanga a chur le chéile go luath.

Bronnadh pacáiste fógraíochta ar luach €5,000 ón Galway Advertiser mar aon le feachtas poiblíochta náisiúnta chomh maith le ceardlann comhairliúcháin agus caidreamh poiblí agus margaíochta ó D’Arcy Marketing ar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh freisin.

Ar na buaiteoirí eile a fógraíodh aréir, tugadh aitheantas do McCambridges of Galway mar bhuaiteoir ar an gcatagóir ‘miondíol’,  an caifé Cupán Tae sa chatagóir ‘turasóireacht agus Fáilteachas’ agus bronnadh duais ar Galway Peoples’ Resource Centre sa chatagóir ‘comhlachtaí eile’.

Tugann na gradaim seo aitheantas do chomhlachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn  i saol na cathrach.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2012

 

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

Príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Údarás na Gaeltachta

Folúntais: Post mar léachtóir Béaloidis

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimhlegaeilge

 


Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

$
0
0
Ina measc beidh Des Geraghty Iar-Uachtarán SIPTU; Michelle Ní Chróinín, Oifigeach Preasa le hOllscoil na hÉireann Gaillimh; Micheál Seoighe, saineolaí ar fhorbairt thionsclaíoch; Mairéad Ní Cheoinín, Comhordaitheoir margaíochta le Foras na Mara; Andréa Ní hÉalaithe, Feidhmeannach Margaíochta le Star Products International agus Mairéad Nic Suibhne, Príomhoide ar Scoil Eoin Pol, Loch an Iúir, Contae Dhún na nGall.

Athcheapadh Joe Connolly ar an mBord agus leanfaidh Pól Ó Gallchóir, Concubhar Ó Liatháin agus Rónán Ó Coisdealbha ag feidhmiú ar an mBord tar éis dóibh a bheith ceaptha ag Comhchoiste Oireachtais.

Cainteoir dúchais is ea Siún Ní Raghallaigh agus bhí sé ina rialtóir airgeadais leis an Tribune Newspaper group agus bhí sí mar stiúrthóir bainistíochta leis an stáisiún roimhe seo. Bhí sí ag obair mar léiritheoir le Tyrone Productions sular bhunaigh sí an comhlacht léiriúcháin iKandi productions.

Dúirt an tAire go raibh an Rialtas tiomanta do “leanúint dá thacaíocht le hearnáil na craoltóireachta Gaeilge” agus go raibh sé an-sásta ar fad le caighdeán agus dintiúir na ndaoine sin a ghlac lena gceapacháin.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta ceaptha

Noel Hill ag ceolchoirm Áras Éanna

Foghlaim: Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #TG4

 

 


Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta ceaptha

$
0
0
Thosaigh sé ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i 1980 agus tá taithí leathan aige ag plé le gníomhaíochtaí agus tograí éagsúla sna réimsí forbartha gnó, turasóireachta cultúrtha, forbartha pobail, teanga agus cultúr ar fud na gceantair Ghaeltachta.

Chuir Aire Stáit  na Gaeltachta Dinny McGinley TD fáilte roimh an cheapachán.   “Is ceapachán thar a bheith tábhachtach é seo don Ghaeltacht,” a dúirt sé, “mar gheall ar an ról lárnach atá tugtha ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta i ndáil le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht".

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Noel Hill ag Ceolchoirm Áras Éanna

As Na Nuachtáin: Gradam Sheachtain na Gaeilge do bhunaitheoir Rith

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com #gaeilge #údarás


Casadh éagsúil ar scéal an Titanic

$
0
0

Cuirfidh Máirín Hurndall an clár i láthair, bean a bhfuil dlúthbhaint aici leis an longchlós, ó tharla gur oibrigh a hathair agus a seanathair ann.

Le linn an chláir, ‘Titanic – Guthanna ó na Gantraí’ clúdófar scéalta agus téamaí ar leith a bhaineann le Longchlós Bhéal Feirste: tús an longchlóis; na coinníollacha righin agus dainséaracha;  an craic, an caidreamh agus an cruthaitheacht; Ceardchumannachas agus Seicteachas: an tionchar a bhí ag an longchlós ar an bpobal Caitliceach agus ar chultúr na nduganna.

Tabharfaidh an clár faisnéise seo léiriú ar an gceangal idir tionsclaíocht Bhéal Feirste agus imeachtaí stairiúla eile a tharla an tráth céanna.

Mar chuid den chlár beidh idir agallaimh i nGaeilge agus agallaimh i mBéarla ann  le haoi-chainteoirí éagsúla, ina measc an Dochtúir Éamonn Phoenix ó Choláiste an tSrútháin Mhilís, Béal Feirste agus an tOllamh Liam Kennedy, Léachtóir le hEacnamaíocht in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste; iar-oibrithe sa longchlós ar nós an Rigeálaí George McAllister agus beirt Iar-Oifigeach Réigiúnach de chuid Cheardchumann an Ginearálta, Bardasach agus Deantóirí Cóirí..

Beidh ‘Titanic – Guthanna ó na Gantraí’ le cloisteáil ar Raidió Fáilte ar 30 Aibreán ag 4i.n. agus tá sé mar chuid den tsraith stairiúil dar teideal ‘Samhlaigh Sin’.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 23 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

Comórtas scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>