Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Féile Peile na nGael ag Ardfheis an Chonartha

$
0
0

Baileoidh muintir na hArd-Fheise in Óstán an Auburn Lodge, Inis, ag an deireadh seachtaine agus is cinnte go mbeidh an trealamh spóirt sa charr acu ar fad don chomórtas a tharlóidh ar an Satharn, ag Ionad Spóirt Bhóthar na Laoi, Inis ag 2.00pm.Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur "Comórtas peile spleodrach" a bheidh ann mar chuid de dheireadh seachtaine na hArd-Fheise, le deis a thabhairt do chumainn an Ghaeilge a úsáid agus tuilleadh a mhealladh chuici chomh maith le gné bhreise a chur ar fáil don Ard-Fheis féin.Beidh comórtas na bhfear agus comórtas na mban ar siúl ar an lá, le céad fáilte roimh chlubanna agus imreoirí spórt eile. Mairfidh na cluichí 20 nóiméad, agus imreofar cluiche ceannais an chomórtais ag 5.00pm, áit a mbronnfar coirn agus dearbháin €500 ar na buaiteoirí sa dhá shraith.  Ag caint ar an gcomórtas dúirt Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Phoiblí leis Na Gaeil Óga “táimid ag dréim go mór leis an gcomórtas anois, tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo tuilleadh cumann an Ghaeilge a úsáid agus súil againn go mbunófar tuilleadh cumann amhail Na Gaeil Óga timpeall na tíre. Ó tá duaiseanna breátha againn, táimid ag súil le foirne áitiúla agus cinn as gach cearn den tír!"Is cinnte go mbeidh an-chraic agus an-spórt go deo ar siúl in Inis ag an deireadh seachtaine.Tá costas €150 ar chlárú foirne, praghas a chlúdóidh an comórtas, dinnéir agus céilí san Óstán an Auburn Lodge ar oíche Shathairn.  Tá tuilleadh eolais agus foirm chlárúcháin ar fáil ó 7antaobh@gmail.com.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Na Gaeil Óga CLG le seoladh go hoifigiúil Feachtas gnéasúil earcaíochta’ do chlub peile Gaeilge  Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #féilepeile

Aipeanna nua Gaeilge seolta

$
0
0

Sheol an Méara Caitríona Jones aipeanna úra Gaeilge “Deisigh do Shráid” agus Aip Leabharlann Átha Cliath Theas  Dé Céadaoin seo caite le linn Sheachtain na Gaeilge.Dúirt an Méara gur iontach an áis í seo a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine trí mheán na Gaeilge agus mhol sí Comhairle Contae Átha Cliath Theas as ucht an Ghaeilge a chur chun cinn lena gcuid tograí.Ar aip “Deisigh do Shráid” beidh deis ag daoine sa phobal dul i dteagmháil leis an gComhairle Contae trí mheán na nuatheicneolaíochta agus beidh siad ábalta tuairisc a thabhairt maidir le graifítí, cosáin, soilse briste, comharthaí briste sa cheantar, boscaí bruscair atá briste agus fágtha ar thaobh na sráideanna mar aon le seirbhísí eile.Beidh an pobal ábalta a fháil amach an bhfuil aon ní de na rudaí thuas logáilte cheana chun nach mbeidh daoine éagsúla ag déanamh tuairisce ar na rudaí céanna.Ar Aip Leabharlann Átha Cliath Theas beidh fáil ag an bpobal ar eolas maidir leis na leabhair atá faighte acu ar iasacht, ar chatalóga, agus beidh siad ábalta teacht ar na leabharlanna éagsúla sa cheantar agus ar na seirbhísí , na himeachtaí agus ar nuacht na leabharlainne. Tá seacht leabharlann i ndeisceart Átha cliath Theas.©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Apps as Gaeilge Feidhmchlár nua ar Raidió Rí Rá Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Teicneolaiocht

Siamsaíocht sa Cobblestone

$
0
0

Tá clú agus cáil ar an Cobblestone de bharr an cheoil den scoth a bhíonn le cloisteáil ann go rialta.Ar an oíche beidh an píobaire aitheanta Eoin Kenny a d’fhreastail ar Choláiste Eoin ag dul ar stáitse agus ina theannta beidh na ceoltóirí clúiteacha Oisín Mac Diarmada ar an bhfidil  agus Tom Doorley ar an bhfeadóg mhór agus beidh Len Graham ag canadh amhrán ar an oíche.Beidh na doirse ag oscailt ag 9:00pm agus cuirfear tús les an gceol agus leis na hamhráin ag 9:30pmIonad: Teach Tábhairne An Cobblestone 77 Sráid an Rí Thuaidh Baile Átha Cliath 7Tuilleadh eolais: www.pipers.ieFoilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.

Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann @Bewley's

$
0
0

Is fidléir cumasach é Ciarán a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ngrúpa ceoil Fidil - ina theannta sa ghrúpa tá na fidléirí Aidan O Donnell agus Damien McGeehan as Dún na nGall.Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Chiarán agus baineann sé leis an teaghlach is mó a bhfuil clú an cheoil orthu sa cheantar.  Is é Francie Mooney a athair mór agus is í Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan a aintín.Is minic a bhíonn siad ar stáitsí éagsúla ag féilte agus ag ócáidí cultúrtha anseo in Éirinn agus thar lear. Anuas air sin is minic a bhíonn Ciarán le cloisteáil ag seinm ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy agus ag Oireachtas na Samhna agus bhain sé amach Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 sa bhliain 2003.I dteannta Chiaráin beidh an ceoltóir cumasach as Co. na Mí Caitlín Nic Gabhann ar an gconsairtín. Tá clú agus cáil baint amach ag Caitlín lena cuid ceoil ar an gconsairtín agus anuas air sin is damhsóir den scoth í agus bíonn sí ag taisteal ar fud na cruinne le Riverdance.mar dhamhsóir lena cuid ceoil.Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth as Tír Chonaill agus as Contae na Mí i gCaifé Bewley’s. Áirithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574 Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Físeán: Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann ag casadhLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge  #bewleys6 

Samhail an Phobail

$
0
0

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin ar 2 Aibreán ag 4pm.  Is é seo an deis dheireanach don phobal a dtuairimí a léiriú mar gheall ar an tSamhail Nua Mhaoinithe. Punann scéimeanna atá i gceist leis an tsamhail seo áit a mbeadh iarratasóirí á maoiniú, chun tionscadail a chur i gcrích seachas an tsamhail reatha de bhunmhaoiniú eagraíochtúil. Tuairimí an phobail Tá sé de rogha ag an bpobal a dtuairimí a nochtadh bealach ar bith is maith leo agus anois tá an Foras sásta glacadh le tuairimí nach mbaineann go dlúth leis an tsamhail mar atá molta. Is féidir ríomhphost nó aighneacht a sheoladh chuig Séan Ó Cearnaigh Comhordaitheoir Freagairtí ar eolas@forasnagaeilge.ie  nó litir a sheoladh chuig, Séan Ó Cearnaigh Comhordaitheoir Freagairtí, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, roimh an spriocdháta.   Déanfaidh beirt phleanálaithe teanga ón gcomhlacht ‘Seirbhísí Pleanála Teanga’ scagadh ar na moltaí a thiocfaidh ón phobal. Táthar ag súil go ndéanfar tuairisciú ar thoradh an phróisis comhairliúcháin ag an gcéad chruinniú  eile don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a bheidh ar siúl roimh an samhradh. An Próiseas Comhairliúcháin Faoi láthair cuireann na 19 n-eagras atá bunmhaoinithe isteach ar mhaoiniú ar bhonn bliantúil le tionscadail leanúnacha a chur i gcrích agus a fhorbairt. I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, d’iarr an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar Fhoras na Gaeilge  comhairliúchán poiblí a chur ar bun ar ábhar na Samhla. Ó shin i leith reáchtáladh cruinnithe poiblí i dTrá Lí, i mBéal Feirste, i nGaillimh agus i gCeannáras an Fhorais i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail os cionn 200 duine ar na cruinnithe poiblí agus ba léir go raibh formhór an phobail glan i gcoinne phlean an Fhorais don tSamhail nua mhaoinithe agus impleachtaí an phlean do sheirbhís ríthábhachtach na Gaeilge. Mar chuid den phróiseas comhairliúchán chas an Foras go haonarach ar na naoi n-eagras déag atá bhunmhaoinithe agus reáchtáladh cruinnithe de ghrúpaí fócais le páirtithe leasmhara chomh maith. Anuas air sin bhí an tSamhail á plé ag an gCoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht. Bhuail fochoiste de chuid an choiste oireachtais lena chéile ar 15 Márta agus tá molta go ndéanfar athbhreithniú ar an tsamhail agus an t-easaontas idir na heagrais agus Foras na Gaeilge. Chuir an Foras tús leis an bpróiseas Samhla nua maoinithe i mí Aibreáin 2008 . Idir an dá linn bhí na heagrais bhunmhaoinithe ag plé na ceiste seo chomh maith le bheith ag cur a gclár oibre bliantúil le chéile. Tá Fóram na nEagras, a bhfuil 80% de na heagrais bhumhaoinithe páirteach ann, tar éis imní a léiriú  faoin easpa anailíse tionchair nó anailíse riosca atá san áireamh sa phlean nua don earnáil. Deir an Fóram go léiríonn an tsamhail easpa tuisceana iomlán ar obair na n-eagras agus ar shainréimsí na n-eagras agus ar obair na hearnála deonaí. ©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2012. Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas: Cruinniú deireanach faoin tSamhail nua Mhaoinithe As na Nuachtáin: Samhail nua mhaoinithe le hathrú ó bhonn a dhéanamh As na Nuachtáin: Fionn, feidhmeannaigh agus an tsamhail nua mhaoinithe Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #samhail

An bhfuil suim agat Gàidhlig a fhoghlaim?

$
0
0

Bíonn cúnamh airgid ar fail ó Cholmcille do na cúrsaí seo ach níl sé cinntithe fós cé mhéid go díreach a bheidh ar fail i mbliana.  Nuair a bhéas an t-eolas sin ar fail beidh sé ar an suiomh www.feisnangael.com.  Tá dhá chineál cúrsa ar fail:Oileán Leodhais: 7-14 Iúil.  Fanfaidh lucht an chúrsa i dtithe na ndaoine áitiúla a bhfuil Gaidhlig acu. Múintear an Ghaidhlig ag baint úsáid as Módh Ulpan.  Bíonn ranganna ar siúl ar maidin agus meascán d'imeachtaí ar siúl um thráthnóna - bualadh le muintir na háite ina dtithe cónaithe, casadh ar ghrúpaí le Gaidhlig, cuairteanna ar áiteanna stairiúla, amhránaíocht is mórán eile.  Breathnaigh ar an suíomh: http://www.ravenspoint.co.ukSabhal Mor Ostaig, Oileán Sgiathánach - 16-20 Iúil.  Is coláiste tríú leibhéil é Sabhal Mor Ostaig.  Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine go bhfuil Gaeilge acu.  Cúrsa measctha a bhéas ann le rang Gaidhlig ar maidin is turais staire, nádúir, ceol, etc um thráthnóna.  Beidh sé de rogha ag daoine freastal ar chúrsaí amhránaíochta seachas cúrsa Gaidhlig nó an rang amhránaíochta a mheascadh leis an rang Gaidhlig.  Beidh cúpla grúpa ceoil sa choláiste ag an am céanna mar sin beidh an-atmaisféar ann. freisin. Beidh rang ann ag an am céanna do dhaoine gan Gaeilge, mar sin má tá comrádaí gan Gaeilge ag duine beidh deis acu siúd teacht leis.  Fanann lucht an chúrsa i seomraí sa choláiste.  Más suim leat freastal ar chúrsa bí i dteagmháil le ag feisnangael@gmail.com nó glaoigh ar Dheirdre ag 087-2621537.  Beidh an t-eolas is déanaí le fáil ar an suíomh www.feisnangael.com.Foilsithe ar Gaelport.com 21 Márta 2012.Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:Rody Gorman le teacht ar Thuras na bhFilí 2012Feis na nGael 2011Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #gaelic

Scéim GLEO: Do scoil ar scáileán

$
0
0

Bíodh spraoi agaibh le GLEO agus tú ag cruthú físeán nuálach trí Ghaeilge. Tabharfar aitheantas do scoileanna ag trí leibhéal éagsúla.Tá gach eolas ar fáil ag: www.gaeilge.ie/gleoSpriocdháta le haghaidh iarratas: Déardaoin 31 Bealtaine 2012Foilsithe ar Gaelport.com 21 Márta 2012Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Craobh Scléip ag druidim linn40 Scoil Lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an RialtaisLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #GLEO

Gaeltacht nua na hInse- grúpa focais ar bun

$
0
0

D’fhógair an tAire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD go mbeidh ról lárnach ag pobail sa chontae agus é ar chuairt ar Chontae an Chláir inniu.“Ó tharla pobal láidir Gaeilge ann mar atá tá sé ar cheann de na ceantair a d’fhéadfadh dul chun cinn mór a dhéanamh le linn thréimhse na Straitéise 20 Blian don Ghaeilge”, a dúirt sé.Buailfidh an tAire Stáit le daoine áitiúla ag Choláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh atá ag ceiliúradh 100 bliain a bhunaithe i mí Iúil na bliana seo.©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:Bille Gaeltachta ar na bacáinStádas Gaeltachta do chontae an Chláir le plé ag cruinniú poiblíAthruithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fógarthaLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #Gaeltacht #Straitéis

Ceardlann Scríbhneoireachta i gCiarraí

$
0
0

Beidh an cheardlann ar siúl in Óstán an Meadowlands agus beidh léamh próis agus filíochta, oíche Dé Luain ag 8.30p.m.  i Lios Beag san Óstán Meadowlands le Colette Nic Aodha, file agus Brian Ó Dochartaí, gearrscéalaí.Tá an cheardlann á reáchtáil i gcomhar le  Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí agus moltar do rannpháirtithe iarratas a chur isteach go luath mar beidh líon na rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a mhéid. €20  an táille a bheidh ann do rannpháirtithe agus táille €5 a ghearrfar ar mhic léinn. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille. Tuilleadh eolais ar fáil ó Phádraig Mac Fheaghusa.Foilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Ceardlann ar scríbhneoireachta chruthaitheach na Gaeilge i mBaile Átha CliathFolúntais: Bainisteoir/Stiúrthóir Ealaíne á lorgStraitéis níos láidre á lorg don Chlár Tacaíochta TeaghlaighLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #litríocht

Straitéis níos láidre á lorg don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh

$
0
0

Tá beartaithe go dtiocfaidh an clár isteach in áit scéim labhairt na Gaeilge agus go dtacóidh sé le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. D'fhreastail os cionn tríocha duine ag an ócáid ina measc pleanálaithe teanga, grúpaí pobail Gaeltachta, ionadaí ón Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tuismitheoirí Gaeltachta, daoine ó na heagrais Ghaeilge  agus múinteoirí ón nGaeltacht. Plean Straitéiseach Cuireadh in iúl don phobal go raibh an Roinn ag iarraidh clár tacaíochta  a chur in áit na seanscéime a bhí ann leis na haidhmeanna an teanga a choinneáil beo i dteaghlaigh sna Gaeltachtaí agus an teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht. Dúradh freisin go gcabhródh an scéim nua le bunachar sonraí de na theaghlaigh ar mhaith leo a ngasúir a thógáil le Gaeilge a chruthú don Roinn. Ar na gníomhartha atá beartaithe don chlár, tugadh le fios go raibh i gceist ag an Roinn pacáistí eolais a chur ar fáil do thuismitheoirí, suíomh Gréasáin a thógáil, scéim na gcuntóirí teanga a neartú, campaí agus coláistí Gaeilge a reáchtáil chomh maith le pleananna Gaeilge do scoileanna a fhorbairt. Struchtúir Tá beartaithe go mbeidh coiste stiúrtha  le hionadaithe ó réimsí difirúla lena n-áirítear naíonraí agus ionadaithe ó sheirbhísí sláinte ag cur na scéime nua i bhfeidhm. Ach chuir roinnt daoine ceisteanna ar an  ról a bheadh ag naíonraí; scoileanna; cúntóirí teanga agus ionaid tacaíochta teaghlaigh sa chlár nua agus  na structúir a thabharfadh na grúpaí seo le chéile leis an sprioc a bhaint amach ar bhealach a bheadh éifeachtach. Léirigh an lucht éisteachta áfach díomá nach mbeadh buntáistí an chláir tacaíochta soiléir do thuismitheoirí.  Sealbhú na Gaeilge Chomh maith leis sin chuir an pobal éisteachta an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann le tusicint a fháil ar shealbhú na Gaeilge sna Gaeltachtaí  agus na difríochtaí atá ann idir páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht agus scoláirí atá ag foghlaim na Gaeilge.   Luadh ag an gcruinniú go mbeadh thart ar €750,000 curtha ar fáil don chlár ach tá ceisteanna fós ann maidir leis na struchtúir agus infheistíocht sa phobal a bheadh á lorg don chlár Cuirfear moltaí na Roinne os comhair an Aire Stáit Dinny McGinley amárach, 23 Márta agus táthar ag súil go mbeadh tús curtha le gnéithe den chlár tacaíochta teaghlaigh roimh dheireadh na bliana 2012. ©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012 Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas Cruth úr ar Scéim Labhairt na Gaeilge Deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge fógartha As na Nuachtáin: Clár Tacaíochta Teaghlaigh nua le fógairt ag McGinley Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #gaeltacht #straitéis

Iarratais á lorg do Scéim Chónaithe UCD

$
0
0

Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann siad faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. TairiscíonnBord na Gaeilge 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar a aghaidh le tograí nua. Is dlite do mhac léinn le Gaeilge líofa atá ag gabháil d’aon chúrsa de chuid UCD cur isteach ar an scéim. Mairfidh an t-iarrthóir rathúil in ‘Teach na Gaeilge’, Árais Chónaithe Merville, achar nóiméad ó amharclanna, leabharlanna agus áiseanna spóirt agus ríomhaireachta na hOllscoile. Roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ó www.ucd.ie/bnag ar an 1 Márta 2012. Reáchtálfar na hagallaimh do mhic léinn an CAO i mí an Mheithimh 2012.  Beidh ról lárnach ag an iarrthóir rathúil in imeachtaí na mac léinn agus aischúiteofar céatadán den chostais chónaithe leis an mac léinn ar chomhlíonadh riachtanais na scéime dó, go sásúil. Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin. Tá cead ag mic léinn cur isteach ar an scoláireacht arís ina dhiaidh sin.   Tuilleadh eolais:Teach na Gaeilge Bhord na Gaeilge UCD 2012/2013      Tuilleadh eolais ó:      Clár Ní Bhuachalla, Oifigeach Gaeilge, Bord na Gaeilge, Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4Teil: 01-716-7387 | Ríomhphost: oifigeach.gaeilge@ucd.ie | Suíomh gréasáin: www.ucd.ie/bnagFoilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012

Ceardlann ar Scríbhneoireacht Chruthaitheach na Gaeilge

$
0
0

Is mar chuid de Chruinniú Bliantúil Chomhar na Scríbhneoirí a bheidh an cheardlann. I measc na gceardlanna eile beidh an litríocht don Aos Óg le Conor Kostick, Foilsitheoireacht an Idirlín le Chris Murray agus an Fhilíocht Léirithe le Maighréad Medbh. Tá an cheardlann saor in aisce . Fáilteofar roimh chách. Ní gá bheith i do bhall de chlub scríbhneoireachta ar bith chun cead isteach. Tuilleadh eolais ó Shorcha De Brún ó Chomhar na Scríbhneoirí.Foilsithe ar Gaelport.com 22 Márta 2012.Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:Folúntais: Bainisteoir/Stiúrthóir Ealaíne á lorgIarratais á lorg do Scéim Chónaithe UCDStraitéis níos láidre á lorg don Chlár Tacaíochta TeaghlaighLean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #litríocht

Dlúthdhiosca Rí-Rá le scaipeadh le Foinse

$
0
0

Sheol Hector Ó hEochagáin (ar chlé) an dlúthdhiosca, RÍ-RÁ LE HECTOR  inniu agus beidh sé ar fáil saor in aisce le Foinse agus an Irish Independent Dé Céadaoin 28 Márta 2012. “Faigh é, seinn é agus bíodh sé in aice leis an steirió don bhliain. Is í Éire ar dtír agus is í an Ghaeilge ár dteanga. Bíodh bród orainn, a dúirt sé Tá rogha de na hamhráin is mó atá ag na ceoltóití aistrithe go Gaeilge ann agus mar is iondúil beidh an cnuasach ceoil ina áis fhoghlamtha do dhaoine agus do dhéagóirí atá ag foghlaim na Gaeilge. Beidh an dlúthdhiosca ar fáil le bailliú i siopaí Centra agus Supervalu ar fud na tíre.  ©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Márta 2012  Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas: Straitéis don Ghaeilge le plé ag Ardfheis an Chonartha Buaicphointí Sheachtain na Gaeilge 2012 Dianchúrsaí do bhéaltriail na hArdteiste-Gaelchultúr Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #snag

Straitéis don Ghaeilge le plé ag Ard-Fheis an Chonartha

$
0
0

Mar bhuaicphointe ar chlár na n-imeachtaí tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeanach Fhoras na Gaeilge  léargas ar chomhstraitéis gníomhach uile Éireann don teanga. Chomh maith leis sin labhróidh Iar-Úachtarán Chonradh na Gaeilge Maolsheachlainn Ó Caollaí faoin taighde atá déanta aige ar mhúnlaí maoinithe nua-aimseartha don earnáil dheonach thar lear. Ar stáitse leo  ag an oscailt oifigiúil Dé hAoine in Óstán Auburn Lodge ag 9.00 in, beidh an craoltóir Páidí Ó Lionáird (ar chlé). Craolfar na himeachtaí beo ar line ar Ustream agus táthar ag súil go mbeidh díospóireacht bríomhar  i measc twitterati na Gaeilge ina dhiaidh. Luaitear  Féile Peile na nGael mar cheann de bhuaicphointí eile na hArdfheise i mbliana agus beidh foine éagsúla ó chraobhacha  an Chonartha ar fud na tíre ag glacadh páirte sa chomórtas peile seachtar-an-taobh. Ceaptar go gcabhróidh na himeachtaí spóirte agus an spraoi le spriocanna na hArdfheise na bliana seo a bhaint amach. Beidh béim níos mó á leagan ar thraenáil idirghníomhach agus ar chomhphairtnéireacht ag an Ardfheis dhá lá. Deis is ea an chomhdháil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “díriú ar spriocanna comhaontaithe don teanga a leagan síos, ar bhonn uile-Éireann, mar aon le plean ghníomhach ar conas iad a bhaint amach.”, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Márta 2012. Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas: Féile Peile na nGael ag Ard-fheis an Chonartha Féile Raifteirí i mBaile Locha Riach Folúntas: Oifigeach Forbartha Gaeilge á lorg Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #afcnag

Gairm ar Pháipéir ar dhrámaíocht na hÉireann

$
0
0

Comhdháil dhátheangach a bheidh ann agus beidh aoichainteoirí den scoth ina measc Jose Lanters, Philip O’Leary, Micheal O Conghaile, Padraig O Siadhail agus Mary Trotter i láthair ag an ócáid.

Cuirfear  fáilte ar leith roimh pháipéir i nGaeilge nó i mBéarla ar ghné ar bith den drámaíocht in Éirinn.

Iarrtar ar dhaoine ar mhaith leo páipéar 20 nóiméad a léamh teideal an pháipéir mar aon le hachoimre ghairid (250 focal) a chlárú leis an gcomhdháil dramaíochta anseo roimh 1 Bealtaine 2012.

Iarrtar orthu siúd a bhfuil spéis acu painéal a eagrú ainmneacha na gcainteoirí, na n-institiúidí lena mbaineann siad, teidil na bpáipéar agus achoimrí mar aon le hainm agus sonraí teagmhála an chathaoirligh a bheith san áireamh san iarratas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhrian O'Conchubhair

Foilsithe ar Gaelport.com 27 Márta 2012.

Íomhá ar chlé: NDomer73/ Flickr.com

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gairm ar Pháipéir do Chomhdháil na nDéise

As na Nuachtáin: Glaoch ó Éirinn nár éag riamh

Agallamh le Marie Darmody, Scoláire Fulbright

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 



Litir Chuig an Eagarthóir

$
0
0

Táimid ag éileamh ar an Rialtas an t-athrú seo a dhéanamh láithreach in ionad fad a chur leis an bpróiseas agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeachtacht  na hOifige.   Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.   Tá a fhios againn anois, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain, go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. Níor tógadh san áireamh freisin nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo agus d’fheadfadh breis costas a bheith ar an stát dá bharr. Fiú amháin níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht  le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách.   Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.   Creidimid gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004. Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.   Is muidne le meas,   Aodán Mac an Mhílidh, Gaeilge Átha Luain Aoileann Nic Dhonnacha, Baile Átha an Róine, Co. Laoise Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna Teo. Breandán Mac Gearailt, Ball d’Údarás na Gaeltachta Cabríní de Barra, Comhlucht Forbartha na nDéise Caitlín Neachtain, Bainisteoir, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Caoimhín Ó hEaghra, An Foras Pátrúnachta Carmel Nic Eochaidh, Spleodar Colm Mac Séalaigh, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath Conchubhair Mac Lochlainn, Seachtain na Gaeilge Cumann Cearta Sibhialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (Earnáil Phoiblí), Roibeard Ó hEartáin & Páid Ó Neachtain Donncha Ó hÉallaithe, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta Eithne O’Doherty, Craobh na gCeithre Chúirteanna Eoin Ó Riain, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar. Gary Redmond, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn Gearóid Ó Murchú, An Spailpín Fánach Julian de Spáinn, Aontas Phobal na Gaeilge Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael. Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras Máirtín Ó Maolmhuaidh, Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin Mícheál de Mórdha, Uachtarán an Oireachtais 2010 Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh Pádraig Mac Fhearghusa, Fóram Gaeilge Chiarraí Peadar de Blúit, Aontas na Mac Léinn in Éirinn Robbie Cronin, an chéad ionadaí don Ghaeilge thar cheann an ASTI Ruth Ní Shiadhail, Gaeilge Locha Riach Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineacháin

Éileamh ar stádas Gaeltachta i gContae an Chláir

$
0
0

Chuige sin, beidh plean teanga á chur i dtoll a chéile lá ar bith feasta anois ag an gCoiste seo chun an Ghaeilge a athbheochan agus a neartú tuilleadh i gContae an Chláir.   Faoin Straitéis le Gaeltacht reachtúil a bhunú i gContae an Chláir 2008 – 2016 a bheidh an chéad phlean teanga seo á ullmhú.   I gcomhthéacs na pleanála teanga, tugtar cuireadh do mhuintir an Chláir agus don phobal i gcoitinne ar fud an náisiúin seo aighneacht leictreonach nó aighneacht i scríbhinn a chur chuig an té seo a leanas mar aon le do chuid sonraí teagmhála ar fad  tráth nach déanaí ná 1 Bealtaine 2012:- Seósamh Mac Ionnrachtaigh Rúnaí An Coiste Stiúrtha:   Coiste Forbartha na Gaeltachta do Chontae an Chláir 11 Croí na mBaile Bóthar an Ghleanna Mhóir Cill Mhíchíl Contae an Chláir   Fón:    087 137 9018 R-phost:    joseph.r.enright@gmail.com Foilsithe ar Gaelport.com 04 Eanáir 2012  

Fógra do Mhúinteoirí Ealaíne

$
0
0

Má tá suim ag aon mhúinteoir ealaíne cuidiú sa togra seo, nó smaointe a roinnt fiú, bí i dteagmháil le ataigaeilge@hotmail.com/ Foilsithe ar Gaelport.com 04 Eanáir 2012.

Maoiniú bronnta ar Chláir Ghaeilge

$
0
0
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inné go mbronnfar maoiniú ar  12 tionscadal teilifíse agus raidió Gaeilge faoin Scéim um Maoiniú Craolacháin.

Ar an iomlán beidh €4.42 milliún á bhronnadh ag an Údarás faoin scéim ar 50 tionscadal raidió agus 24 tionscadal teilifíse a d’éirigh leo maoiniú a bhaint amach.

Cíorfar téamaí éagsúla sna cláir seo, ina measc cultúr na hÉireann agus oidhreacht na hÉireann

D’éirigh le hiarratais maidir le sraitheanna dátheangacha a bheidh le cloisteáil ar rogha stáisiún raidió, Newstalk, Athlone Community Radio agus Tipperary Mid-West ina measc.

Ní mór do na comhlachtaí léiriúcháin na conarthaí a shíniú go fóill ach dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an Údaráis go raibh iarratais ar ard-chaighdeán faighte ag an Údarás faoin scéim.

Craolfar sraith úr  dátheangach ar TG4 dár teideal ‘An Irish State of Mind’ leis an comhlacht léiriúcháin Blinder Films.

Tabharfar €175,000 d’Abú Media don tsraith ‘Croí an Cheantair' agus craolfar sé chlár ón tsraith ar TG4 chomh maith.

'An Croí Trodach' is teideal do léiriúchán Gaeilge eile le Midas Productions a d’éirigh leis maoiniú a bhaint amach.

Ar an raidió beidh an tsraith úr dátheangach ‘Glóranna scoile’ le cloisteáil ar an stáisiún raidió pobail  Tipp Mid West FM ; 'Radharc Luimní san Fichiú hAois' ar Newstalk agus beidh filíocht na Gaeilge á plé ar 'The Poets Corner', sraith raidió dátheangach ar Athlone Community Radio.

Beidh an tÚdarás ag glacadh le hiarratais don chéad bhabhta eile faoin scéim ó lucht raidió agus teilifíse go dtí 13 Aibreán.

©Foilsithe ar Gaelport.com 04 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta filíochta fógartha

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód

As na Nuachtáin: Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #teilifís

Ceiliúradh RnaG ar an gCeathrú Rua

$
0
0
Fillfidh Raidió na Gaeltachta ar Shéipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh mar chuid den cheiliúradh 40 bliain ó bunaíodh an stáisiún.

Ar an mhaidin a d’oscail RnaG i 1972, Domhnach Cásca 1972 craoladh Aifreann ó gCeathrú Rua agus déanfar comóradh ar an ócáid Dé Domhnaigh.

Ina dhiaidh beidh an clár ‘Togha agus Rogha’ le Máirtín Tom Sheáinín á chraoladh beo ón Ródaí taobh amuigh d’Óstán na Ceathrún Rua. 

Beidh Johnny Connolly, Meaití Jó Shéamuis, Marcus Hernon agus Neansaí Ní Choisdealbha ag glacadh páirte sa chlár agus beidh ceol agus spraoi in Óstán na Ceathrún Rua tar éis na hócáide.

©Foilsithe ar Gaelport.com 04 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód

As na Nuachtáin: Raidió réalteanna: Raidió na Gaeltachta marks 40 years
 
As na Nuachtáin: Baile an Droichid ar ais

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #rnag40

 


Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>