Iarrfar ar ionadaithe sinsearacha ó Údarás an Gharda Síochána agus ón Roinn Coimirce Sóisialaigh teacht os comhair an Chomhchoiste Dála amach anseo le dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith na Gaeilge a phlé.
Bhí an Coimisinéir Teanga os comhair an Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha inné, 2 Bealtaine agus thug sé cur síos ar Thuarascáil Bhliantúil 2011 chomh maith le ról agus gníomhaíochtaí Oifig an Choimisinéara Teanga.
Cuirfear cuireadh chomh maith chuig Airí Rialtais agus Ard -Rúnaithe atá freagrach as Ard Mhúsaem na hÉireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de bharr sáraithe a ndualgas reachtúla ina raibh teipthe orthu moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht faoin Acht Teanga a chinntiú.
Dúirt an Coimisinéir go raibh “chuile rogha ann” do Thithe an Oireachtais agus nach raibh aon chosc ar an Oireachtas breathnú ar mholtaí an Choimisnéara agus gníomhú dá réir.
Agus é ag déanamh tagairt do thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Peadar Tóbin TD nach raibh “difríocht idir comhlachtaí poiblí ag sárú reachtaíochta agus iad ag briseadh an dlí”.
Tugann fo-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla cead don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais má cheapann sé nár chuir comhlacht poiblí i ngníomh aon chuid de na moltaí i dtuarascáil ar imscrúdú nó fiosrúchán oifigiúil a rinne sé.
D’fhógair an Coimisinéir Teanga mí Iúil seo caite go raibh dhá thuarascáil speisialta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais a bhain le himscrúduithe a sheol an oifig 2009 ar Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Dúirt Cathaoirleach an chomhchoiste Peadar Tóibín TD go lorgófar cead ó chathaoirligh na gcomhchoistí eile cuireadh a thabhairt d’Ard-Rúnaithe na gcomhlachtaí Poiblí cuí.
Mhol an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh don choiste go rithfí rún ag tacú le hOifig an Choimisinéara Teanga mar oifig neamhspleách.
An Garda Síochána
Dúirt an Coimisinéir Teanga leis an gComhchoiste go bhfuil dualgais ar na Gardaí dualgas reachtúil a chomhlíonadh i dtaobh an Achta Teanga agus bhí dualgas orthu faoin scéim teanga a aontaíodh leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta i 2008.
Tháinig sé chun solais in imscrúdú an Choimisinéara Teanga gur theip ar Údaráis an Gharda Síochána dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi Acht an Gharda Síochána 2005 a chomhlíonadh toisc nach raibh cumas sa Ghaeilge ach ag Garda amháin as an naonúr a bhí lonnaithe i stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair.
Thug Oifig an Choimisinéara deis don Gharda Síochána a chinntiú go mbeidh Gardaí le líofacht chuí sa Ghaeilge lonnaithe sa stáisiún Gaeltachta sular seoladh an t-imscrúdú.
Dúirt an Coimisinéir nach cosaint é do na Gardaí a rá nach bhfuil sé d’acmhainn acu Gardaí le líofacht sa Ghaeilge a fháil nuair atá 13,000 duine sa fhórsa agus dá mbá sin an cás ní mór aird a thabhairt ar an bpróiseas earcaíochta atá ag an bhfórsa.
An Roinn Coimirce Sóisialaigh
Cúis eile díomá a léiríodh sa tuarascáil bhliantúil ná gur chleachtas coitianta sa státseirbhís é nach mbronntar marcanna bónais d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar is ceart, le linn comórtais inmheánacha d’fhonn ardaithe céime a bhaint amach.
Léiríodh go raibh an easpa inniúlachta Gaeilge sa státseirbhís ag déanamh dochair do líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.
Mhol an Coimisinéir Teanga gur ghá polasaithe earcaíochta a chuireann béim ar cumas sa Ghaeilge a cheapadh sa státseirbhís.
Rinne sé tagairt don dea-thoradh a bhain le daoine a mhealladh sa tSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus mhol sé a mhacasamhail a dhéanamh chun daoine le Gaeilge a fhostú.
Léirigh sé an dícheangal idir foghlaim éigeantach na Gaeilge sa mheánscoil agus na heasnaimh atá ann ó thaobh seirbhísí Gaeilge sa státseirbhís.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Bhain imscrúdú na Feidhmeannachta le cur i bhfeidhm scéim teanga na bhFeidhmeannachta (Limistéar an Iarthair) agus Comharthaí maidir le fliú na muc a tháinig faoi raon fho-alt9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Léirigh an t-imscrúdú ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Limistéar an Iarthair) nár ghlac an Fheidhmeannacht leis nár chomhlíon siad gealltanais i leith a scéime teanga lena n-áirítear; Forálacha maidir le leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha a bheith ar fáil, gealltanais maidir le hearcaíocht agus socrúcháin i gceantair Ghaeltachta, cúram othar a bheith ar fáil sna hospidéil i rogha teanga an othair, agus Aonad riaracháin Gaeilge ar leith le foireann le Gaeilge líofa a bheith bunaithe i nGaeltacht na Gaillimhe.
D’iarr an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte scéim teanga iomlán a ullmhú cúig bliana ó shin. Níor aontaíodh aon scéim nua leis an Fheidhmeannacht ó shin I leith.
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Léirigh an t-imscrúdú ar Ard-Mhúsaem na hÉireann nach raibh líon leordhóthanach d’fhoireann an Ard-Mhúsaeim inniúil sa Ghaeilge chun go mbeifí in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla fad agus a bhaineann sé le soláthar féilire imeachtaí an Ard-Mhúsaeim, agus léiríodh nach raibh an Ghaeilge á cothú ná á cur chun cinn le linn dó a fheidhmeanna a chur i gcrích.
Cinn an Chomhchoiste mar sin an cuireadh a chur chuig na hionadaithe sinsearacha lena náirítear Airí agus Ard Rúnaithe na gcomhlachtaí poiblí teacht os comhair an Chomhchoiste chun na sáraithe dlíthiúla a mhíniú don chomhchoiste.
Cé go raibh díomá ar an gComhchoiste nár comhlíon comhlachtaí poiblí áirithe dualgais reachtúla léiríodh gur thaispeáin staitisticí Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga claonadh dearfach i leith obair na hoifige.
Tá méadú tagtha bliain in aghaidh bliana ar líon na ndaoine a mbíonn i dteagmháil leis an oifig, bíodh sé sin an pobal ag lorg eolais i dtaobh a gcearta teanga nó comhlachtaí poiblí ag lorg eolais maidir le dualgais faoin Acht.
Ach léiríodh díomá go raibh moill ar an Roinn Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta scéimeanna teanga a aontú le comhlachtaí poiblí.
San iomlán, tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo, ach faoi dheireadh na bliana 2011 bhí 66 acu sin imithe in éag.
©Foilsithe ar Gaelport.com 03 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Clár Tacaíochta le teacht in áit Scéim Labhairt na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #coimisinéir