Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

‘Feachtas gnéasúil earcaíochta’ do chlub peile Gaeilge

$
0
0

Táthar ag súil go meallfaidh na póstaeir seo tuilleadh imreoirí chuig foireann peile na mban, agus an fhoireann camógaíochta a bheidh á bunú go luath. Dúirt Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Poiblí Na Gaeil Óga, agus é ag labhairt ar na póstaeir úr: “Tá roinnt spraoi ag baint leis na póstaeir úra, tá súil againn go gcuirfidh siad daoine ag caint fúinn agus go scaipfear an focal”.  Tá an t-aon chlub CLG lánGhaelach sa phríomhchathair ag dul ó neart go neart óna bhunú sa bhliain 2011 agus ní hiad na mná amháin atá ag teastáil faoi láthair.  Tá lánfháilte roimh imreoirí d’fhoireann na bhfear , agus tá traenálaithe agus cúntóirí de dhíth chomh maith. Chun teagmháil a dhéanamh leis an gclub is féidir ríomhphost a sheoladh chug: cumannclg@gmail.com.          © Gaelport.com 24 Feabhra 2012

Maoiniú na nEagras slán go dtí Meitheamh 2013

$
0
0

D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ar an gcruinniú. Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe. Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.   Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras Faoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann  bunmhaoiniú  ó Fhoras na Gaeilge. Deireadh Fómhair seo caite, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach maidir le  struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú  chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí  beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus  plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis. Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim.  I measc na scéimeanna siúd beidh: Scéim Abhcóideachta, Scéim Áiseanna Foghlamtha, Scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú Ag tús na bliana seo, d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.   Próiseas Comhairliúcháin   Tá scríofa ag eagraíochtaí an Fhóraim, chuig Airí na CATT le déanaí ag léiriú míshástachta leis an bpróiseas comhairliúcháin reatha maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe.  Sa chomhfhreagras seo cuirtear in iúl go gcuireann dlús an doiciméid chomhairliúcháin dhátheangaigh atá eisithe ag Foras na Gaeilge, de 108 leathanach, dúshlán nach beag roimh an bpobal tabhairt faoin gceistneoir a fhreagairt. Cé go bhfuil cruinnithe poiblí agus grúpaí fócais le bheith ann, fós féin, dar leis na heagrais gur ar aighneachtaí is mó a bhíonn próiseas mar seo ag brath agus nach bhfuil an ceistneoir áisiúil don ghnáthdhuine, i gceachtar den dá theanga.   Dar leis na heagrais freisin nach dtugtar deis sa doiciméad comhairliúcháin don lucht freagartha aon tuairim a léiriú ach tuairim a thacaíonn leis an tsamhail iomaíoch ar bhonn 8 scéimeanna, ar feadh tréimhsí de thrí bliana.   Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais Tugadh le fios sa chruinniú CATT go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid  an Oireachtais san Earrach. Chomh maith leis sin, beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dhílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga. Is féidir an Communiqué iomlán ó chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a léamh thíos:  Final Joint Communiqué (Irish) - LAN 1 (12) - 14 February 2012.pdf © Gaelport.com 21 Feabhra 2012 

Cúrsa nua in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

$
0
0

Má tá, cabhróidh an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh chun an sprioc sin a bhaint amach. Is cúrsa bliana é an MA a bheidh ag tosú ar 3 Meán Fómhair 2012. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa oiliúint in ábhair a bhaineann leis an Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go proifisiúnta trí mheán na Gaeilge. Déanfar staidéar ar chruinnscríobh na Gaeilge, ar mhodheolaíochtaí taighde agus ar an tsochtheangeolaíocht chomh maith le haistriúchán, ardscileanna teanga agus an pleanáil teanga. Níl gá ach le bunchéim Dara hOnóracha, (Grád 2 ag leibhéal 8) nó Dara hOnóracha Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar a bheith ag iarrthóirí ar an gcúrsa. Is féidir tuilleadh eolais faoin gcúrsa a fháil ag www.acadamh.ie © Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012

Try Again 2012

$
0
0

Cé go bhfuil siad á phlé i measc an phobail, is mistéir iomlán é ábhar na bhfógraí.  Is é Try Again 2012 ainm an fheachtais ina bhfuil pearsantachtaí móra le rá ag caint ar a gcuid taithí féin maidir leis an ábhar rúnda.   I measc na rannpháirtithe tá Paul McGrath, Brendan Courtney, Kevin Myers, Charlie Bird, Fiona Looney, Tom Dunne, Baz Ashmawy, Ben Dunne, Ray Foley, Brian Kennedy, Lucy Kennedy agus Jennifer Maguire. Ach céard é atá á phlé acu?  Nochtfar na sonraí ar fad ar chlár de chuid RTÉ One, The Saturday Night Show, ar an Satharn, 25 Feabhra ag 9.40 i.n. www.tryagain2012.com ©Gaelport.com 24 Feabhra 2012

Ceiliúradh in onóir An Ath. Micheál Mac Gréil

$
0
0

Chaith an tAth Micheál Mac Gréil, duine de bhunaitheoirí Fheachtas, Óg-Ghluaiseacht na nGael, cuid mhór dá shaol i measc lucht na Gaeilge. Fear ab ea é a bhí diongbháilte agus dílis don Ghaeilge agus chuir sé í go mór chun cinn i measc dhaoine óga. Fáilteofar roimh chách freastal ar an ócáid mhór seo ina mbeidh ceol den scoth le cloisteáil agus cúpla steip le déanamh sa chéilí. Cuirfear bia agus sólaistí ar fáil chomh maith. Tuilleadh eolais: liam.feachtas@gmail.com © Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Feabhra 2012

Dáta nua fógartha do Thionól Niocláis Tóibín

$
0
0

Bhí clú agus cáil ar Nioclás Tóibín mar amhránaí den scoth agus mar fhear ciúin cóir dóibh siúd a raibh aithne acu air. Bhain sé Corn Ui Riada ag an Oireachtas trí bliana as a chéile ó 1961-1963.D’fhoilsigh Gael Linn dhá cheirín dá chuid sa bhliain 1963 agus LP sa bhliain 1977.  D’fhan sé dílis do cheantar na nDéise i gcónaí agus bhí baint ag an gceantar le go leor dá chuid amhrán, ach é sin ráite bhí os cionn 300 amhrán aige.Beidh oscailt oifigiúil Tionól Niocláis Tóibín na bliana seo ar siúl i  dTigh Mhaoinithe ag 9pm ar an Aoine 17 Feabhra agus bronnfar Gradam Niocláis ar an amhránaí Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha ar an oíche. Beidh ceolchoirm le Cór Fear na nDeise agus seisiún ina dhiaidh sin. Ar an Sathairn beidh ranganna ceoil le ceoltóirí den scoth ar siúl i Meánscoil San Nioclás ó 10am go dtí 1pm agus beidh Ceadal Ceoil idir mhuinteoirí agus daltaí ar siúl ina dhiaidh na ranganna ó 1pm go dtí 1.45pm. Ag 3.30pm i gColáiste na Rinne beidh cáirde Nioclais Tóibín ag bailiú lena chéile chun súil siar a chaitheamh ar shaol agus saothar Niocláis Tóibín. Ag 7.30pm beidh Ceolchoirm an Tionóil ar siúl i Meánscoil San Nioclás le cead isteach €10. Beidh seisiúin breá ar siúl i dTigh an Cheoil ina dhiaidh sin. Ar an Domhnach 19 Feabhra i Séipéal San Nioclás, An Rinn beidh Aifreann á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Cór Fear na nDéise ag 11.30am agus beidh teacht le cheile ceolmhar ar siúl i dTigh Mhuirithe, Heilbhic ina dhiaidh an Aifreann chun deireadh a chur leis an dTionóil.Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012

Leabhair ghleoite foilsithe ag An Gúm le buachan

$
0
0

Sraith ghleoite de cheithre leabhar eolais faoi na feithidí is suimiúla ar domhan, feithidí a bhíonn thart orainn an t-am go léir leis an údar Alejandro Algarra agus atá aistrithe go Gaeilge ag Máire Uí Mhaicín. Seo hiad na leabhar atá sa tsraith: Seo agat Beacha, Seo Agat Féileacáin, Seo Agat Damháin alla agus Seo agat Seangáin  An ndearna tú iontas d’fhéileacán riamh? Ar mhaith leat eolas a fháil faoi shaol iontach na ndamhán alla? An eol duit go bhfuil cineálacha éagsúla seangán ann? Cad faoi chóras iontach oibre na mbeach? Sna leabhair seo beidh tú i gcomhluadar na bhfeithidí seo uile agus iad ag cur síos duit ar a saol féin, a gcuid nósanna, a gcuid bia, an tslí a dtagann siad ar an saol, na naimhde acu agus mar a bhíonn siad ag faire amach dá chéile. Tá sraith fíricí suimiúla i ndeireadh gach leabhair faoin mbaint thábhachtach atá ag na feithidí seo leis an timpeallacht. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh agus eolas as na leabhair áille seo. Tá na leabhair seo maisithe go hálainn le pictiúir ghleoite ildaite ag Daniel Howarth. Tá na leabhair seo feiliúnach do ghasúir aois 10+ Ceist na seachtaine seo: Cén comhlacht foilseacháin a d’fhoilsigh na leabhair Seo Agat Féileacáin & Seo agat Beacha?  ·         Cló Iar-Chonnacht ·         Futa Fata      ·         Cló Mhaigh Eo       ·         An Gúm       Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 01 Márta 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist. Comhghairdeas le Máire Wren as Cois Cláidí, Co. Dhún na nGall a bhuaigh bailiúchán iontach de Dhánta uile an Ríordánaigh san eagrán seo caite. © Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012

Bród i mbéal an phobail

$
0
0

Tá i gceist aige 10,000 duine a mhealladh ar ais i dtreo  na teanga, ina measc siúd beidh Kevin Myers, Ray Foley agus craoltóirí eile a raibh amhrasach go leor go dtí seo faoi luach na teanga. Níl aon amhras ach go bhfuil dúshlán mór roimh an dornálaí ach deir sé go bhfuil cúis láidir aige go bhfuil sé ag seasamh leis an bhfeachtas. “Táim an-bhródúil ar fad as bheith i mo Ghael agus tá sé ríthábhachtach dom an dúthracht seo atá agam don Ghaeilge a thabhairt do mo pháistí” a deir sé. Sceitheadh an scéal mar gheall ar an chlár úr teilifíse, ‘Bernard Dunne’s Bród Club’ ar The Saturday night show Dé Sathairn seo caite, tar éis feachtas rúnda fógraíochta. Scaipeadh scéalta ar na meáin  agus sna meáin úra faoin bhfeachtas www.tryagain2012.com agus thug Dunne le fios ar an seó cainte go raibh tús curtha lena fheachtas pearsanta, Bernard Dunne’s Bród Club. Craolfar an chéad chlár sa tsraith ar RTÉ  Dé Luain, 5 Márta, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain, 9 Aibreán.  Tá an clár léirithe ag Independent Pictures agus fuair siad tacaíocht láidir ón BAI agus ó Fhoras na Gaeilge. Sa chlár rachaidh Dunne ar chamchuairt na tíre agus é ag spreagadh daoine chun triail a bhaint as an nGaeilge a labhairt arís. Bainfear leas as na meáin úra san fheachtas le go mbeidh cainteoirí in ann teagmháil a dhéanamh lena chéile. Cothóidh Dunne blag ina mbeidh cur síos ar na hiarrachtaí atá ar bun aige agus beidh feachtas láidir ar Facebook agus ar Twitter chomh maith. Iarrfar ar rannpháirithe clárú le suíomh Gréasáin RTÉ chomh maith ar rte.ie/brodclub Cheana féin tá lucht na Gaeilge ar líne chomh maith le daoine ar bheagán Gaeilge tar éis suim a léiriú san fheachtas. Beidh le feiceáil conas mar a éireoidh leis an gclub ach is cinnte go bhfuil suim ag an pobal cheana féin - an mbeidh tú ag glacadh páirte sa chlub? ©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2012 Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #bródclub #gaeilge

Todhchaí na nEagras Gaeilge le plé ag Coiste Oireachtais

$
0
0

Dúirt Cathaoirleach an choiste, Ciarán Ó Loinsigh, TD go raibh i gceist ag an gcoiste na hábhair atá ag déanamh buartha do na heagrais Ghaeilge a iniúchadh agus a phlé le ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Fhoras na Gaeilge.Táthar ag súil go gcuirfidh an gComhdháil in iúl don choiste na heasnaimh a bhain leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an struchtúr úrnua mhaoinithe mar atá molta ag Foras na Gaeilge.Ina dhiaidh sin tabharfar an deis d’Fhoras na Gaeilge cur i láthair a dhéanamh ar an Samhail agus ar na hocht scéim atá beartaithe do na heagrais Ghaeilge.Inniu, thacaigh meitheal de saineolaithe teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta le cás na n-eagraíochtaí, agus chuireadar i gcoinne na Samhla mar atá molta ag Foras na Gaeilge.Pléifear chomh maith an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cinneadh an rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman.Bhuail ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge leis an gCoiste ar cheist Oifig an Choimisinéara Teanga ar 8 Feabhra agus ag eascairt as sin  scríobh an coiste go dtí an Aire Ó hUilín ag lorg soiléiriú ar chúlra na ceiste.©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2012.Lean an scéal le @Gaelport ar Twitter: #Samhail #Gaeilge 

Saineolaithe idirnáisiúnta ag easaontú le Foras ar mhaoiniú na nEagras

$
0
0

Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí Gaeilge.  Ina áit, táthar chun tairiscintí a iarradh ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí. Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, cuirfear deireadh le 19 n-eagras Gaeilge fadbhunaithe, cuirfear deireadh leis na seirbhísí a chuireann na heagrais ar fáil, agus scaoilfear lena bhfoirne. De réir na saineolaithe pleanála teanga, níl aon taighde déanta ag Foras na Gaeilge ar éifeachtacht nó ar éifeachtúlacht na n-eagras Gaeilge, agus tagann a moltaí go hiomlán i gcoinne bhunphrionsabail na pleanála teanga. Tá curtha in iúl ag na pleanálaithe teanga, go bhfuiltear den tuairim go bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge lochtach go smior, agus go mbeidh mar thoradh air go ndéanfar dochar aimhleasach d’fhorbairt na Gaeilge ar fud na tíre. Sa litir, éilítear struchtúr maoinithe buan, bunaithe ar phleanáil straitéiseach agus spriocanna fadtéarmacha, d’earnáil dheonach na Gaeilge. I measc shínitheoirí na litreach tá na saineolaithe aitheanta sa Phleanáil Teanga thíos:An tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff, An Bhreatain BheagAn tOllamh Muiris Ó Laoire, AUT University, Auckland, Nua ShéalainnAn tOllamh Dónall Ó Baoill, Ollscoil na RíonaDr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, GaillimhDr Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta GaeilgeDr Pádraig Ó Duibhir, Coláiste PhádraigDr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann, AlbainLaoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta GaeilgeIs féidir cóip den litir iomlán a íoslódáil ag an nasc thíos.  Litir ó Phleanálaithe Teanga chuig na Nuachtáin Náisiúnta.pdfTá achainí ar líne ar fáil ar an ábhar céanna, agus más mian leat d’ainm a chur le hainmneacha na saineolaithe thuas, agus seasamh a ghlacadh i gcoinne na samhla nua maoinithe, is féidir sin a dhéanamh ach an nasc seo a leanúint: http://www.petitiononline.ie/petition/don-t-destroy-the-irish-language-voluntary-sector/1437.Foilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2012 

Agóid i mBaile Átha Cliath

$
0
0

Eagraítear an agóid i gcoinne na dtáillí ar na dabhchanna séarachais. Tiocfaidh siad le chéile ag an Spuaic (Spire) ag 12 meán lae. Ba mhaith leo go mbeadh go leor Gaeilgeoirí eile i láthair freisin. Foilsithe ar Gaelport.com - 28 Feabhra 2012

Cruinnithe Réigiúnacha Poiblí

$
0
0

Beidh na cruinnithe ar siúl sna hionaid a leanas ag tosú ar 7.00i.n. Dé Luain, 5 Márta – Óstán Meadowlands, Páirc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí Déardaoin, 8 Márta – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH Dé Luain, 12 Márta – Óstán Menlo Park, Gaillimh Dé Céadaoin, 14 Márta – Ceannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2Eolas faoin tSamhail Nua Mhaoinithe agus na Doiciméid Chomhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhailBeidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáilFÁILTE ROIMH CHÁCHFoilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2012

Béaltriail na Gaeilge faoi chaibidil i sraith nua RnaG

$
0
0

Anois agus an córas marcála athraithe don bhéaltriail, tá na marcanna is mó ná riamh le gnóthú ó chumas na teanga labhartha. Beidh an láithreoir Síle Ní Scanláin, múinteoir, láithreoir agus amhránaí as Conamara ag iarraidh tacú le daltaí scoile iad féin a réiteach don scrúdú ar feadh 8 seachtainí as seo. Beidh tuairimí agus moltaí le cloisteáil ó bheirt shaineolaithe, Caoimhe Ní Chuinn agus Máirín Ní Dhomhnaill gach seachtain. Is iar-scrúdaitheoir í Caoimhe Ní Chuinn agus beidh neart comhairle aici ó thaobh na n-eilimintí éagsúla a bhíonn á lorg ag an scrúdaitheoir agus beidh leideanna úsáideacha á dtabhairt ag an múinteoir, Máirín Ní Dhomhnaill. Chomh maith leis sin beidh míreanna faoi leith le cloisteáil ar an bhfilíocht, agus ar shraith na bpictiúr, gnéithe nua den scrúdú i mbliana.  Gné shuntasach eile a bhaineann leis an tsraith nua seo ná go mbeidh sobaldráma do dhéagóirí, An Baile Beag, á chraoladh mar chuid den chlár. Beidh ar chumas daltaí scoile éisteacht le guthú ó aisteoirí óga ó Chonamara, rud a chuideoidh leo a stór focal a fhorbairt a gcuid Gaeilge a threisiú. Craolfar an clár gach Luan ag  10.15 am, le hathchraoladh maidin Dé Sathairn 11.30 am.  Beidh na cláracha go léir le fáil ar Sheinnteoir Raidió RTÉ, www.rte.ie/radioplayer © Foilsithe ar Gaelport.com - 28 Feabhra 2012

Duaiseanna Ghlór na nGael 2011

$
0
0

Bhí os cionn 300 duine i láthair ar an oíche agus an tAire Sóisearach, Donnacha Mac Fhionnlaoich TD ina measc.  Bhí an tAire ann le duaiseanna a bhronnadh ar choistí agus choláistí éagsúla ar fud an domhain, ag a bhfuil éacht de short éigin bainte amach acu i dtaobh na Gaeilge de. I measc na mbuaiteoirí, ar a bronnadh níos mó ná €160,000 i nduaiseanna, bhí Gaelphobal an tSratha Báin, Buaiteoir Naisiúnta 2011.  Bronnadh €40,000 agus Corn Ghlór na nGael ar an Srath Bán as Tír Eoghain don chéad uair riamh  mar thoradh ar an sár-oibre ata á dhéanamh acu ar son na Gaeilge sa cheantar.   I dteannta leis an méid atá déanta acu le fiche bliain anuas, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael , ‘faoi lathair tá siad i mbun feachtais le meánscoil Ghaeilge a oscailt do cheantar an tSratha Báin agus Doire.  Leagtar béim faoi leith ar an nGaeilge mar theanga teaghlaigh agus chun é sin a éascú reáchtáladh  seachtaine Gaelchónaí na Spéiríní i mhí Aibreáin agus ceann eile i nGartán, Dún na nGall i gcomhair le Comhluadar Leitir Cheanainn. D’fhreastail suas le 100 duine ar na deireadh seachtainí sin’. Ainmníodh Coiste Pobail na Tulaigh, Co. na Gaillimhe mar Choiste gan chúnamh fostaíochta na bliana sa Ghaeltacht, agus Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin san Iar-Ghaeltacht. Mar is gnách bhí an-chomórtas go deo idir na Cumainn Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéil ach is iad muintir Choláiste na Tríonóide a bhí mar bhuaiteoirí ar Chumann Gaelach na bliana 2011. ©Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Feabhra 2012

Gradaim Iriseoireachta agus Craoltóireachta

$
0
0

Ar na gradaim a bronnfar in Óstán Dhroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath  ar 26 Aibreán, bronnfar gradam don léiriúcháin teilifíse i nGaeilge- Faisnéis agus Drámaíocht; Iriseoireacht i nGaeilge (Raidió) agus iriseoireacht na Gaeilge (teilifís). Tá go dtí an 12 Márta ag iarrthóirí atá fós i mbun i staidéar ag ollscoil nó ag institiúid tríú leibhéal eile clárú leis an gcomórtas ar shuíomh Gréasáin www.smedias.ie. Tá an gradam sa rannóg, Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge, Faisnéis agus Drámaíocht urraithe ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta. Ní mór clár amháin nó montáiste a sheoladh ar aghaidh i bhformáid DVD agus is gá gur craoladh an clár am éigin  ón 1 Aibreán 2011. Do lucht an raidió beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar gradam don iriseoireacht raidió. Tá an rannóg sin oscailte d’iarratais a bhaineann le feasacháin nuachta, díospóireachtaí, agallaimh raidió, cláir cheoil agus cláir eile ina bhfuil nuacht nó cúrsaí reatha mar théamaí acu. Ní mór d’iarrthóirí na  CD a sheoladh  isteach agus ní glacfar le hiarratais ina raibh cúnamh proifisiúnta tugtha don mhac léinn. Chomh maith leis sin beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar ghradam don iris-eoireacht scríofa. Tuilleadh eolais ar fáil ar www.smedias.ie. ©Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Feabhra 2012

Achainí ar chás na nGaelscoileanna

$
0
0

Cuireadh an achainí ar bun le dul i gcoinne na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2011.   De réir na cáinaisnéise, ardóidh líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.  Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád. Áitítear mar chuid den achainí go gcaillfeadh múinteoir amháin ó 31 gaelscoileanna má chuirfear na ciorruithe sa chóimheas múinteoirí le daltaí i bhfeidhm. Is é tuismitheoir a thosaigh an achainí seo agus is í an chéad chéim eile i bhfeachtas dian atá á stiúradh faoi láthair ag tuistí, foirne agus páistí na scoileanna beaga.  Thit agóidí amach ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine agus ba léir míshástacht an phobail i measc na sluaite a bhí i láthair.  Ba iad an Feachtas Save Our Small Schools agus Cumann Múinteoirí Éireann a bhí ina mbun agus is cinnte go mbeidh tuilleadh gníomhaithe ar siúl maidir leis na ciorruithe sna míonna amach romhainn. Is féidir an achainí a shíniú ag http://www.ipetitions.com/petition/gaelscoileanna-cuts-protest/ © Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Feabhra 2012

Tequila Tíre ar RnaG

$
0
0

Tá Josie Ó Cualáin as Teach Mór, Indreabhán, ina láithreoir ar an gclár le dhá bhliain anuas agus tá tacaíocht mhór faighte ag an gclár thar na blianta ó thaobh na n-éisteoirí agus an líon téacsanna a chuirtear isteach. Aithneofar carachtar Josie Ó Cualáin, Mícheál Seoige ar shobaldráma Ros na Rún ar TG4. Tá tuiscint mhaith ag Ó Cualáin ar an gceol ó bheith ag éisteacht le leithéidí The Miami Showband, Johnny McEvoy, Margo agus The Dubliners i dTigh Chotter (An Poitín Stil) ó bhí sé ina ghasúr. Cloistear scoth an cheoil thíre ó Éirinn agus Meiriceá i gcoitinne ar Tequila Tíre ó leithéidí Mike Denver, Billy Joe Spears, Garth Brooks, Vince Gil, Dolly Parton, Nathan Carter, Trisha Yearwood, Eamon McCann, Derek Ryan, Seán Keane, Liam Clancy agus Declan Nerney agus cuireann stíl réchúiseach an láithreora le meon an chláir. Is féidir éisteacht siar ar eagráin a craoladh le mí anuas ar Sheinnteoir Raidió RTÉ ag www.rte.ie/radioplayer Foilsithe ar Gaelport.com - 3 Feabhra 2012

Dúil sna hEalaíona

$
0
0
Anois, tá beartaithe aici suíomh gréasáin nua a bhunú a bheidh  ag freastal ar lucht ealaíne na Gaeilge. Labhair sí le Gaelport.com faoi Duil.ie, suíomh gréasáin úrnua atá ag lorg scríbhneoirí agus colúnaithe i láthair na huaire.

Inis dúinn faoi Dúil.ie ar dtús
Bhuel, táim ag obair ar Dúil le cúpla mí anuas. Suíomh Gréasáin atá ann ina mbeidh ailt faoi na healaíona foilsithe ann chomh maith le léirmheasanna ar ócáidí agus ealaíon na Gaeilge.

Is dócha go mbíonn píosaí sna meáin Ghaeilge eile mar shampla ar Gaelport.com,  Foinse, Gaelscéal agus Beo.ie ach theastaigh uaim go mbeadh béim níos mó ar anailís agus díospóireacht agus tuairiscí ar chúrsaí ealaíne agus ócáidí. Chomh maith leis sin tá i gceist agam go bhfoilseofaí  scéalta nuachta mar gheall ar ócáidí poiblí i saol na Gaeilge.

Agus an mbeidh  sé dírithe ar spriocphobal ar leith?
Teastaíonn uaim go mbeadh sé dátheangach.. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla don suíomh ann mar táim ag súil go mbeidh sé mar áis d’fhoghlaimeoirí freisin.

Is dócha go mbíonn sé deacair ar dhaoine a bhíonn ag foghlaim aon teanga ón tús bealach isteach a fháil ar an teanga. Mar sin teastaíonn uaim go mbeadh gach rud ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Is é seo an chéad suíomh gréasáin dá leithéid mar sin?

‘Sea táim ag ceapadh gurb é an chéad suíomh a bheidh ag díriú ar na healaíona i saol na Gaeilge. Teastaíonn uaim forbairt a dhéanamh de réir a chéile. Faoi láthair tá an suíomh gréasáin bunaithe ar bhlag ach amach anseo tá i gceist agam go  mbeadh níos mó eolais ar fáil ar an suíomh.

Mar shampla teastaíonn uaim féilire a chur ar bun ar an suíomh do na hócáidí Gaeilge. De réir a chéile beidh suíomh á chruthú againn ach is dócha gur theastaigh uaim tús a chur leis agus ailt agus léirmheasanna a fhoilsiú.

Agus tá scríbhneoirí á lorg agat faoi láthair.
Tá go deimhin. ‘Sea má tá spéis ag aon duine bheith ag scríobh faoi chúrsaí ceoil nó cúrsaí litríochta cuirfidh mé fáilte  roimh ailt. Tá féidearthachtaí ann sraith ailt a fhoilsiú nó má tá spéis ag duine colún a scríobh b’fhéidir go rialta beimid sásta glacadh leo. Má tá daoine ag iarraidh léirmheasanna a dhéanamh ar litríocht nó ar ócáidí tá ailt mar  sin uaim chomh maith.

An mbeidh an iris le foilsiú ar dháta ar bith sa mhí?
Beidh na hailt le foilsiú go rialta. Teastaíonn go mbeadh ailt foilsithe minic go leor. Go dtí seo níl ach meascán beag ar an suíomh agus beidh sé sin ag forbairt de réir a chéile

Is léir go bhfuil  tú ag tarraingt go leor oibre ort féin!
Tá a fhios agam go maith ach is dócha gur theastaigh uaim é a dhéanamh. Ach beidh roinnt daoine ó na meáin eile ag cabhrú liom go maith.

Beidh ailt ann le Raidió na Life chomh maith le rogha ceoil le Rónán Mac Aodha Bhuí agus leabhar na míosa le Clubleabhar.com.
Teastaíonn uaim díriú isteach ar na háiseanna atá ann ar ndóigh. Gach Luan beidh eolas mar gheall ar chláir raidió agus teilifíse sna meáin Ghaeilge. Beidh gach rud á cheangail le chéile gan amhras.

Inis dúinn faoi do chúlra a Julianne.
Tá deich mbliana caite agam mar innealtóir fuaime agus bainisteoir léiriúcháin. Bhíos ann sa Bhreatain ar feadh na nblianta. A Fhad is a bhí mé sa Bhreatain bhí mé ag múineadh Gaeilge ar feadh trí bliana leis an Manchester Irish language Group.

Bhunaíomar scáthghrúpa darbh ainm Gaeilge na Breataine le Glór na nGael, is scáthghrúpa do na grúpaí Gaeilge ar fad sa Bhreatain a bhí ann.

Bhíos ag plé leis sin agus bhíos ag plé leis na meáin shóisialta. Nuair a tháinig mé ar ais bhunaíos an comhlacht, Fáilte ina bhfuilim ag plé
leis na meáin shóisialta agus cúrsaí poiblíochta agus cumarsáide i nGaeilge do chomhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge.

An gceapann tú go bhfuil na healaíona Gaeilge faoi bhláth?
Táim ag ceapadh go bhfuil.  Ach  ó mo thaithí pearsanta,  bíonn sé deacair slua a tharraingt ag ócáidí. Ní bhíonn a fhios agat an dtiocfaidh daoine ann ach táim ag ceapadh go bhfuil éileamh an- mhór ann.

Teastaíonn uaim go mbeadh daoine in ann teacht ar eolas áit ar bith ar domhan agus is dócha go mbíonn go leor suíomhanna mar sin i mórtheangacha  agus measaim go bhfuil éileamh ar an gcineál sin eolais trí Ghaeilge chomh maith.

Tá roinnt daoine tar éis a bheith i dteagmháil liom cheana féin agus tá siad sásta go maith leis an gcoincheap ar aon chuma.

Más spéis le duine páirt a ghlacadh sa togra agus peann a chur ar phár cad a mholfá dó nó di?
Bhuel tá folúntais do scríbhneoirí agus léirmheastóirí faoi láthair a bheadh ag obair ar bhonn deonach. Ní mór d'iarrthóirí Gaeilge líofa agus cruinn a bheith acu ach glacfar le hiarratais ó dhaoine ar bheagán taithí. Is fearr ríomhphost a sheoladh chugam ar dtús chuig eolas@duil.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 03 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Scríbhneoirí agus Léirmheastóirí á lorg

As na Nuachtáin: Raidió réalteanna: Raidió na Gaeltachta marks 40 years

Gairm ar Pháipéir ar dhrámaíocht na hÉireann

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #dúil

Dánta uile an Ríordánaigh le buachan

$
0
0

Anuraidh sheol an file aitheanta Louis de Paor an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
 
Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus is ann a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid is mó dá shaol. 

Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta don Irish Times.  Fauir sé bás sa bhliain 1977. 

Sa leabhar nuafhoilsithe  seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978). 

Ceist na seachtaine seo:

Cén bhliain a fuair Seán Ó Ríordáin bás? 
• 1981   
• 1870    
• 1963    
• 1977    

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 12 Aibreán 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Breandán Ó Braoin as Baile Átha Cliath  agus le Seán Ó Muimhneacháin, as Co. Chorcaí a bhuaigh duaiseanna an eagráin seo caite.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 3 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Beckett's plays take their place on stage 'as Gaeilge' for the first time

Dúil sna hEalaíona

Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann @Bewley's

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach á hOscailt go hOifigiúil

$
0
0

Déanann an Fhéile Pan Cheilteach na cultúir, traidisiúin agus na teangacha Ceilteacha a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí cheol, amhránaíocht, damhsa, spóirt agus cuideachta trí Albain, An Bhreatain Bheag, An Choirn, Oileán Mhanann, An Bhriotáin agus Éirinn a nascadh le chéile.

Is baile an-stairiúil agus an-chultúrtha  é Ceatharlach atá suite ar bhruach na hAbhann An Bhearú agus a roinneann na sléibhte aitheanta Na Staighrí Dubha lena comharsa Loch Garman.
 
Beidh na sluaite ag triall ar an mbaile áit a dtabharfaidh an Fhéile deis do mhuintir an bhaile agus do mhuintir na hÉireann ár dteanga, ár gcultúr agus ár muintearas a roinnt le tíortha Ceilteacha eile agus ár gcultúr a chothú.

Beidh go leor comórtais éagsúla ar siúl le linn na féile idirnáisiúnta seo. Bíonn deis ag an bpobal taitneamh a bhaint as neart ceoil thraidisiúnta, píopaí uilleann, damhsaí éagsúla, paráid ildaite ar na sráideanna chomh maith le deis iontach teangacha tíre eile a chloisteáil le linn na féile.

Ar an gCéadaoin,11 Aibreán beidh taispeántais cheoil agus rince as na Tíortha Ceilteacha  chomh maith le Comórtas Amhránaíochta Traidisiúnta agus beidh oíche go maidin in Óstán Seven Oaks le neart ceoil le Club na Féile le Muintir na hÉireann.

Ar an 12 Aibreán beidh taispeántas ceol agus rince as na tíortha Ceilteacha arís, Comórtas Amhrán Pan Cheilteach in Óstán Seven Oaks agus cuirfear críoch le himeachtaí an lae le Oíche ó mhuintir Oileán Mhanann & An Choirn i gClub na Féile.

Mar chuid de na himeachtaí eile a bheidh ar siúl beidh Comórtais Chamógaíochta, Comórtas Idirnáisiúnta Cruite, Comórtas Rince Idirnáisiúnta  Comórtas Fidil, rince chomh maith le comórtas na bpíob in Óstán Seven Oaks Dé Sathairn 14 Aibreán.

San óstán céanna beidh oíche mhór ceoil agus filíochta agus ansin ag 7:30 an tráthnóna sin beidh turas na bhfilí na bliana seo atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal. Beidh imeacht iontach d’fhilíocht geallta le léamh filíochta Gàidhlig/dátheangach le Rody Gorman & Fearghas  MacFhionnlaigh agus amhráin Gàidhlig le Linda NicLeòid / Ceol Albanach agus portaireacht béil le Rona Lightfoot.

Beidh an file áitiúil Deirdre Brennan ag léamh  filíochta ar an oíche i gcuideachta na bhfilí Albanacha mar aon le neart ceoil agus amhrán ó na hAlbanaigh agus an t-amhránaí  agus an cláirseoir áitiúil Pádraigín Caesar. Leanfar le  hOíche na hAlban i gClub na Féile. Tá fáilte roimh chách chuig an oíche mhór filíochta agus cheoil seo agus tá saorchead isteach.

Cuirfear críoch leis na himeachtaí ar an Domhnach, 15 Aibreán le hAifreann Ceilteach in Ardeaglais na Deastógála.
 
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhríde de Róiste & Emma Uí Bhroin i nGlór Cheatharlach:

Teil: +353 (0)59 9158105 / 087 2857048/ 085 1340047

Ríomhphost: eolas@glorcheatharlach.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com - 03 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Dúil sna hEalaíona

Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann @Bewley's

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>