Tá an cruinniú á reáchtáil ag Coiste Forbartha na Gaeltachta Contae an Chláir agus dar le Seósamh Mac Ionnrachtaigh ceaptar go bhfuil éileamh ar stádas Gaeltachtachta mar tá 170 cainteoir Gaeilge ag cur fúthu in iarthar an Chontae agus sa cheantar máguaird.Bhíodh stádas Gaeltachta ag ceantar siar ó Inis ag Dún Beag, Inis Díomáin, Carraig an Chabhaltaigh agus Lios Dún Bhearna sna 1920í ach baineadh an stádas Gaeltachta sin nuair a rinneadh aisghairm ar Acht na dTithe Gaeltachta.Deir sé go bhfuil cainteoirí Gaeilge fós ar an saol a d’éirigh leo deontais a fháil faoi Scéim labhairt na Gaeilge fadó ach nuair a baineadh stádas Gaeltachta ó na ceantair sin, tháinig deireadh le tacaíocht an stáit.Ar an oíche beidh an Pat Breen T.D i láthair go maith le hionadaithe ó eagrais phobail agus ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge.Níl sé as an áireamh dar leis go mbeadh an deis gréasáin Ghaeltachta nua a bhunú faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Moltar sa Straitéis go ndéanfar forbairt ar phobail teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair ach go fóill níl polasaithe níos forbartha i dtaobh bhunú na gréasán sin eisithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.Tá bóthar fada rompu ach deir sé go bhfuil i gceist ag an gcoiste na cainteoirí Gaeilge ar fad a chur in aithne lena chéile thar thréimhse ama agus stádas reachtúil Gaeltachta a lorg don chontae roimh 2016.©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2012.
↧
Stádas Gaeltachta do chontae an Chláir le plé ag cruinniú poiblí
↧
Gairm ar Pháipéir do Chomhdháil na nDéise
Inniu, d’fhógair riarthóir na Cómhdhála, Dr Séamus Ó Diollúin, Léachtóir le Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge gairm ar pháipéir ar chainteanna ar aon ghné de Ghaeilge na nDéise: litríocht, teangolaíocht, lámhscríbhinní, an chanúint, ceol, amhránaíocht agus stair ina measc.
Beidh seisiúin ar leith ann do mhic léinn iarchéime agus tabharfar deis dóibh caint a thabhairt ar an taighde atá ar siúl acu.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint (15-20 nóiméad) a thabhairt ag an gcomhdháil seo teideal an pháipéar agus achoimre (c.250 focal, chomh maith le cur síos gairid ar chúlra an chainteora) a chur chuig deise@wit.ie roimh 9 Márta, 2012.
Foilsithe ar Gaelport.com 31 Eanáir 2012.
↧
↧
Deireadh le hEagraíochtaí Deonacha má leantar leis an tSamhail Nua
Ar na hIar-Uachtaráin seo tá Helen Ó Murchú (1995 – 1998) (2010 – 2011); P.T. Mac Ruairí (2004 – 2010); Caitríona Ní Cheallaigh (2001 – 2004); Pádraig Mac Donncha (1998 – 2001); Liam Mac Mathúna (1992 – 1995); agus Pádraig Ó Ceithearnaigh (1987 – 1992).I mí Bealtaine 2010, d'fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe. Punann scéimeanna atá i gceist leis an tsamhail seo áit a mbeadh iarratasóirí á maoiniú, chun tionscadail gearrthéarmacha a chur i gcrích seachas an tsamhail reatha de bhunmhaoiniú eagraíochtúil. Dar leis na hIar-Uachtaráin gur “uirlis athraithe thútach” atá sa tSamhail seo atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, agus gur athrú í seo le “himpleachtaí fadtéarmacha a fhágfaidh drochbhail ar an nGaeilge ó thuaidh agus ó dheas”. Tugtar le fios sa ráiteas, gur léir “go raibh freagra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas do mholadh an Fhorais tugtha i bhfolús eolais, toisc nár tugadh deis dóibh siúd is mó a bheidh thíos leis na hathruithe molta seo léiriú ar na himpleachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle, bíodh an léiriú sin ó na heagrais bhunmhaoinithe nó uathu siúd a bhaineann leas as saothar na n-eagras”. Moltar dhá rogha nua maoinithe sa ráiteas – Rogha 1: Blocbhuiséad áirithe trí bliana do shaothar na n-eagraíochtaí sa phobal agus Comhchoiste a bhunú ar a mbeadh ionadaithe tofa ag na heagraíochtaí agus ionadaithe ainmnithe ag Foras na Gaeilge d’fhonn an bhuiséad sin a riaradh de réir coinníollacha dochta. Shaorfadh Bealach 1 foireann an Fhorais chun obair eile ar son na Gaeilge a bheith ar siúl acu. Rogha 2: I dteannta an bhlocbhuiséid sin, buiséad ar leith a bheith á riaradh ag Foras na Gaeilge féin ar chóras scéimeanna ar bhonn iomaíoch mar atá á dhéanamh acu le scéimeanna eile.Molann na hIar-Uachtaráin go mbunófaí grúpa ionadaíoch, faoi Chathaoirleacht neamhspleách, chun féidearthachtaí a phlé ionas go dtiocfar ar réiteach comhaontaithe, atá bunaithe ar na fíricí go léir atá ar fáil, le cur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.Deir na hIar-Uachtaráin, mar a sheasann cúrsaí gurb iad “iarmhairtí loma na samhla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge ná go mbeidh eagraíochtaí deonacha fadbhunaithe dhícheallacha ligthe i léig”. Is féidir an Ráiteas iomlán ó na hIar-Uachtaráin a léamh ag an nasc seo: Ráiteas ó Iar-Uachtaráin Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge - 29 Eanáir 2012.pdf© Gaelport.com 30 Eanáir 2012
↧
Ceol ‘s Comhrá ag tabhairt faoin scannánaíocht
Eagraíonn an grúpa óige seo imeachtaí éagsúla a thugann deis do mhic léinn meánscoile a gcuid Gaeilge a chleachtadh ar bhonn neamhfhoirmiúla agus leis an mbéim is mó riamh á chur ar bhéaltriail an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta, tá luach as cuimse ag baint leis na deiseanna seo.
I mbliana beifear ag foghlaim faoi phróiseas na scannánaíochta agus beidh na mic léinn páirteach i ngach gné de, ó scríobh na scripte go cumadh na bhfuaimrianta agus beidh an Ghaeilge mar an chéad phointe teagmhála tríd an bpróiseas go léir Cuirfear fáilte roimh chách, cuma cén leibhéal líofachta atá ag an mac léinn sa teanga.
Gearrfar costas €5 le clárú son ghrúpa óige agus táille €2 in aghaidh na seachtaine.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 31 Eanáir 2012
↧
500+ i mbun léirsithe ach ciorruithe ar Scoileanna Gaeltachta fós beartaithe
I measc siúd a bhí i mbun léirsithe bhí scoileanna ó Ghaeltachtaí na tíre, ón Bun Beag go Lios Póil agus le neart tacaíochta ó scoileanna Gaeltachta i gConamara, Maigh Eo, Tír Chonaill, Ciarraí, Corcaigh, An Rinn, agus Ráth Chairn.
Sa cháinaisnéis a fógraíodh Mí na Nollag seo caite, cuireadh in iúl go bhfuil líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu le hardú ó 81 go dtí 83.
Sna Gaeltachta, bhíodh cóimheas níos fabhraí ann, a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, rud a chiallaigh gur 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora, ach anois beidh ar na scoileanna seo 83 gasúr a bheith ar an rolla acu, chun a bheith incháilithe don cheathrú múinteoir. Ardófar seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de deich bpáiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
Bhí rún curtha os comhair na Dála ag Fianna Fáil ag diúltú do na hathraithe seo, agus bhí vóta le glacadh ar an gceist seo aréir. In ainneoin iarrachtaí na léirsitheoirí lasmuigh, níor éirigh leis an rún seo, le vóta 87:46.
Faoi agallamh le Gaelport.com aréir, chuir Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta in iúl go mbeadh 12 scoil Gaeltachta ag cailleadh múinteora i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn toisc an chiorraithe seo.
Beidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag casadh leis an Aire Stáit Dinny McGinley, TD, an tseachtain seo chun cás na scoileanna seo a chur faoina bhráid, agus tá cruinniú práinne iarrtha acu le an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, ó thús mhí Eanáir, agus scéal faighte acu inné go dtionólfar an cruinniú seo roimh dheireadh mhí Feabhra.
© Gaelport.com 02 Feabhra 2012
↧
↧
Achainí na nEagras in aghaidh Samhail an Fhorais
Le tuairim agus 1,100 duine tar éis an achainí a shíniú laistigh trí lá, is léir gur imir na meáin shóisialta tionchar an-mhór ar dhaoine le scéal na hachainí a scaipeadh i measc phobal na Gaeilge ar líne.
‘Ná scrios earnáil dheonach na Gaeilge’ is teideal don achainí. Iarrtar ar Fhoras na Gaeilge an tsamhail nua mhaoinithe ar chur ar leataobh agus struchtúr buan maoinithe a bhunú do na heagrais a bheadh bunaithe ar phrionsabail na pleanála teanga.
Tá comhairliúchán poiblí ar bun anois ag Foras na Gaeilge ar ábhar na samhla nua mhaoinithe. Faoin tsamhail nua, bronnfar airgead ar eagraíochtaí laistigh ocht réimse oibre ar leith ach tiocfaidh deireadh leis an mbunmhaoiniú a dháiltear ar na heagrais. Faoi láthair, tá 19 eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.
Leanfar leis an gcomhairliúcháin poiblí go dtí an 2 Aibreáin 2012 agus idir an dá linn tá fógartha ag Foras na Gaeilge go mbeidh cruinnithe poiblí ar siúl sna seachtainí atá amach romhainn.
An tseachtain seo d’fhoilsigh Gaelscéal, Foinse agus The Irish Examiner litreacha ó shaineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa Phleanáil Teanga ar an gceist.
Chuir siad i leith na samhla go raibh sé lochtach go smior agus nár fhreastail sé ar bhunphrionsabail na pleanála teanga. Ina measc bhí An tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff, An tOllamh Muiris Ó Laoire, AUT University, Auckland, Nua Shéalainn An tOllamh Dónall Ó Baoill, Ollscoil na Ríona, Dr John Walsh, Dr Conchúr Ó Giollagáin, Dr Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Dr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann, Albain agus Laoise Ní Thuairisg.
Tá an achainí ar líne ar fáil anseo. Tá tuilleadh eolais ar fáil san fhíseán ar Youtube chomh maith.
©Foilsithe ar Gaelport.com 02 Márta 2012
Lean an scéal le @Gaelport ar Twitter: #Samhail #Gaeilge
↧
Love Matters- Scéal Grá Dílseora
Ar stáitse san ardchathair i mí an Mhárta, beidh an dráma úr á léiriú ag an gcompántas amharclainne Feirsteach Aisling Ghéar.
Suite in eastát tithíochta míchlúiteach, insítear sa scéal na himpleachtaí tubaisteacha a thiteann amach tar éis gur sceitear an rún go bhfuil bean áitiúil agus mac an bhleachtaire a chuir a fear chéile sa phríosún an-mhór le chéile. An-mhór ar fad!
Tá na leannáin faoi bhrú ó gach aon taobh den phobal agus tá coimhlint idir an PSNI agus Dílseoirí áitiúla a chuireann leis an teannas sa scéal.
Ba é Gary Mitchell a scríobh an dráma agus tá sé go láidir den tuairim go bhfuil sé tráthúil go bhfuil dráma den chineál seo á léiriú trí mheán na Gaeilge. Bíonn scéalta Mitchell fréamhaithe sa phobal Protastúnach go hiondúil ach cheapann sé go mbíonn drogall ar dhrámadóirí áirithe scéalta na bProtastúnach a léiriú.
Agus in ainneoin go bhfuil an scéal suite faoi scáth an fhoréigin agus anró, beidh téamaí uilíocha an ghrá, an mhuinín agus an maithiúnas fite fuaite sa dráma atá idir shúgradh agus dáiríre.
Sa phríomhpháirt mar Julie tá Tara Breathnach ó Ros na Rún agus í cráite ag a buachaill cara Brad (Cillian Ó Garibhi). Léi ar stáitse beidh an t-aisteoir Noel Magee ag tabhairt faoi pháirt an bhleachtaire Henry atá freagrach as a fear chéile, Big Ernie a chur i ngéibheann.
Chomh maith leis sin tá anró agus achrann ann leis an bhfear a ceapadh mar chaomhneoir Tara, Dazza (Diarmuid Murtagh) agus Sadie, bean an bhleachtaire (Carina McLeod) agus í buartha go bhfuil a mac óg sáite faoi bhois an phúma.
Déanfaidh an dráma camchuairt ar Thuaisceart Éireann i dtús báire agus beidh sé le feiceáil sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 29 Feabhra ag 8 in. Ina dhiaidh sin beidh sé le feiceáil sa Lyric Theatre ón 2 Márta go dtí 4 Márta.
Tabharfar an deis don lucht féachana sa phríomhchathair breathnú ar an dráma in amharclann an Project i mBarra an Teampaill ón 6-10 Márta ag 8 in. Cuirfear aistriúchán ar fáil i mBéarla gach oíche seachas Dé hAoine 9 Márta agus beidh plé ann leis an lucht féachana gach oíche tar éis an dráma.
©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012.
↧
Eagraíochtaí Gaeilge slán go dtí Meitheamh 2013
D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ag an gcruinniú. Sa chomhráiteas a eisíodh tráthnóna inniu, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairt samhail nua iomaíoch mhaoinithe.Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagrasFaoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an Samhail nua mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.I Mí Mheán Fomhair, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun comhphlé leis an earnáil dheonach maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe.Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis.Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim. I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniúI Mí na Nollag, d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais Tuairiscíodh inniu go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid an Oireachtais san Earrach.Chomh maith leis sin beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga.©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012.
↧
Tionscadal Piaf Brel ar stáitse arís
Beidh an ceolchoirm le cloisteáil in amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire, Déardaoin 8 Márta ag 8 in. Táthar ag súil go dtiocfaidh na sluaite ag an seó imheáin ina bheidh scoth an cheoil le cloisteáil i dteannta íomhánna oiriúnacha cruthaithe ag an ealaíontóir Margaret LonerganBa é Liam Ó Muirthile a chuir Gaeilge ar liricí na n-amhrán atá luaite leis na hamhranithe Edith Piaf agus Jacques Brel. Ar an ardán ar an oíche beidh Hilary Bow agus Doiminic Mac Giolla Bhríde ag canadh agus beidh Peter Roycroft ar an bpianó, Geoff Kirk ar na drumaí agus Neville Lloyd ar an olldord. Ná bíodh aiféala ort, téigh i dteagmháil le Booking (01) 231 2929 www.paviliontheatre.ie le haghaidh tuilleadh eolais.©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2012.
↧
↧
Deis do scríbhneoirí Gaeilge
Bíonn an ócáid seo ar siúl gach aon mhí in Áras na Scríbhneoirí i gCearnóg Parnell agus é dírithe ar dhaoine ar suim leogearrscéalta a scríobh. Tabharfar an deis do cheathrar scríbhneoirgearrscéal atá scríofa acu i nGaeilge a léamh ar 29 Márta. Iarrtar ar scríbhneoirí gearrscéal Gaeilge (uasmhéid de 2,500 focal agus gan níos mó ná gearrscéal amháin) agus nóta beathaisnéise sa tríú phearsa a sheoladh chuig thelonelyvoice@gmail.com©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2012.
↧
Peregrine Readings
Beidh na scríbhneoirí iomráiteacha ag dul ar an mbóthar mar chuid de na ‘Peregrine Readings’, sraith de léamhanna próis a bhíonn faoi stiúir Áras na Scríbhneoirí.
Beidh an triúr tallannach le cloisteáil Dé Máirt 13 Márta ag 7.30 pm in Áras na Scríbhneoirí i gCearnóg Parnell san phríomhchathair; Dé Céadaoin 14 Márta 7.30 pm in Ionad Oidhreachta na hEachléime, Contae Mhaigh Eo agus Déardaoin 15 Márta ag 6.30 pm i Leabharlann na Ceathrú Rua i gConamara. Tuilleadh eolais: www.writercentre.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012.
↧
Bewley’s @ 6 – Doimnic & Griogair ar stáitse
Is as Na Doirí Beaga i dTír Chonaill de Doimnic Mac Giolla Bhríde, fear a bhain an bonn óir amach i gcomórtas na bhfear sa bhliain 2008 agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2009 i Leitir Ceanainn. Mar aon le bheith ina amhránaí sean-nóis cumasach seinneann Doiminic ar na píopaí agus ar an gcairdín. Bíonn sé i bhfeighil ranganna amhránaíochta ar an sean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Ina theannta beidh an t-amhránaí cumasach as Albain Griogair Labhruidh. Tá an-nasc ag Griogair leis an gclann clúiteach de cheoltóir, Teaghlach Lawrie as Ballachulish a bhfuil clú agus cáil orthu in Albain de bharr a gcuid ceoil ardchríocha.
Is minic a bhíonn Griogair le cloisteáil ag féilte éagsúla timpeall na tíre seo agus thar lear agus bíonn meascán iontach de shean-amhráin Gàidhlig agus d’amhráin sean-nóis na tíre seo aige.
Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth agus neart amhrán sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge i gCaifé Bewley’s.
Airithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574
© Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧
Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga
Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla don tseachtain seo.
Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra. Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.
Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun. Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh. Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.
Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc. Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann - tacú leo ar an lá.
De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83. Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧
↧
Duaiseanna Speisialta Ghlór na nGael fógartha
Cé nach mbeidh príomhdhuaiseanna an chomórtais á bhfógairt go dtí 25 Feabhra ag ócáid mhór san Óstán Carton House i Maigh Nuad, marcáladh buaicphointe cinniúnach do choistí beaga áitiúla ar fud na tíre.
Bhí atmaisféar den chéad scoth le haireachtáil in oifigí Ghlór na nGael, i Rath Cairn, áit ar craoladh clár SBB Tráthnóna beo Dé hAoine 10 Feabhra. Labhair an láithreoir le buaiteoirí éagsúla a léirigh a mbuíochas ó chroí leis an eagraíocht, An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuireáin ina measc, a bhuaigh Gradam Ghlór na nGael i mbliana. Bhí píobaireacht bhreá le cloisteáil ó cheoltóir áitiúil, Éanna Ó Cróinín chomh maith.
Ag deireadh an chláir, léirigh SBB nóta beag aiféala nach ar an gclár s’aige a fhógraítear na príomhthorthaí a thuilleadh ach ag bronnadh foirmiúil na nduaiseanna, ach d’aontaigh an láithreoir clúiteach gurb fhearr an t-atmaisféar ag ócáid bheo ná ar an raidió. Fógraíodh na duaiseanna speisialta ar SBB Tráthnóna san ord a leanas:
Duais Chumann na Sagart €1,000
Coiste Pobail na Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Duais Chonradh na Gaeilge €2,000
An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir
Duais an Fháinne Trófaí & €1,000
Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
Duais Chomhluadar €1,500 - Céim Aniar, Co. Dhún na nGall
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500
Glór na Móna, Béal Feirste
Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500
Coiste Forbartha Dhobhair Teo., Co. Dhún na nGall
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe €1,500
Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Duais Cholmcille €1,500 x 2
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Glaschú
Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500 X 2
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Glór Bhalána
Údarás Craolacháin na hÉireann €1,500 x 2
Stáisiún Tráchtála: Raidió i102/104 &
Stáisiún Pobail: West Dublin Access Radio 96FM
Duais Iontaobhas Ultach €1,400 X 2
Conradh na Gaeilge – Bóirche Íochtar, Co. an Dúin agus Cumann Cultúrtha an Phobail, Béal Feirste
Duais Chló Iar‑Chonnachta Dearbhán leabhair €1,000
Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais an Fhorais Phátrúnachta €1,000
Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais COGG €2,000
Le Fógairt Dé Luain, 20 Feabhra 2012
Duais Ógras €700
Glór na Móna, Béal Feirste
Duais Ghaelscéal €3,000
Glór Cheatharlach
Global Gaeilge
1ú Duais €5,000 -Cumann na Gaeltachta, Ceanada
2ú Duais €3,500 - Conradh na Gaeilge, Glaschú
3ú Duais €2,500 - Cumann Gaeilge na hAstráile
©Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧
Clár na comhdhála ar litríocht na nÓg fógartha
Tá clár leathan d’imeachtaí agus léachtaí fógartha don chomhdháil a bheidh ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach thar dhá lá ar 23 agus 24 Márta.Ar na téamaí a bheidh faoi chaibidil ag lucht léinn, lucht foilsitheoireachta agus ag scríbhneoirí Dé hAoine beidh litearthacht agus litríocht na Naíonáin agus an leanbh sa Seansaol Gaelach.Tráthnóna dé hAoine beidh pléifear éagsúlacht litríocht na n-óg agus beidh gach aon rud idir mhiotaseolaíocht agus theicneolaíocht á bplé ag na haoichainteoirí Órla Ní Chuilleanáin, Iarla Mac Aodha Bhuí agus ag Meadhbh Ní Eadhra.Ina dhiaidh sin labhróidh Mac Dhonnagáin ar an téama An Pocaide Gabhair i Lár an Aonaigh: Foilsitheoireacht Ghaeilge don óige mar ghníomh idé-eolaíoch agus mar ghníomh fiontraíochta’. Dé Sathairn 24 Márta beidh bricfeasta liteartha eagraithe ag Comhar ag 10 rn le Laoise Ní Chléirigh, Seán Ó Dubhchon, Órla Ní Chuilleanáin agus Ríona Nic Congáil. Agus táthar ag súil le díospóireacht bhríomhar ag an gcúigiú sheisiún ina mbeidh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina cathaoirleach ann. Labhróidh Áine Ní Ghlinn, Claire Marie Dunne Colm Mac Séalaigh ar ghnéithe de chultúr na nÓg, filíocht agus litríocht na Gaeilge agus í á chur in i láthair an aosa óig.Beidh dhá aoi-chaint ann Dé Sathairn leis an scríbhneoir cáiliúil, Eilís Ní Dhuibhne agus le hAndrew Whitson a bheidh ag plé léaráidí sa ré dhigiteach.©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Feabhra 2012.
↧
Cruinnithe Poiblí ar an tSamhail Nua Mhaoinithe
Maidin inniu d'fhógair Foras na Gaeilge go gcuirfear tús leis an gcéad seisiún comhairliúcháin a bheidh á eagrú ar an lá céanna a mbeidh Bronnadh Duaiseanna Bliantúil Ghlór na nGael ar siúl ar an Satharn an 25 Feabhra ón 2 go dtí a 4 in i Teach Ósta The Carton House Maigh Nuad.
Chomh maith leis sin fógraíodh go mbeidh seisiúin chomhairliúcháin ar siúl sna hionaid seo a leanas sna seachtainí atá amach romhainn:
Cúige Mumhan: Ostán Meadowlands, Trá Lí, Co, Chiarraí - 5 Márta ag 7 in
Cúige Uladh: Cultúrlann Bhéal Feirste - 8 Márta
Cúige Chonnacht: Óstán Pháirc Mionlach, ( Menlo Park Hotel) Gaillimh- 12 Márta- 7 in
Cúige Laighean: Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 - 14 Márta- 7 in
Tá eolas faoin tSamhail Nua Maoinithe agus na Doiciméid Comhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhail
Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.
Fáilte roimh chách.
Foilsithe ar Gaelport.com 21 Feabhra 2012.
↧
Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga – An Fhorbairt Pobail agus an Athnuachan Teanga
Le linn na Scoile, cíorfar téama na hathnuachana teanga agus na forbartha pobail féachaint le plé agus beartais mhisnigh in aghaidh na cinniúna seo a ghiniúint.
Glacfaidh cainteoirí ó Éirinn agus ó Albain páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na hathnuachana teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil cinniúint mionteangacha an domhain ag brath.
I measc na n-aoíchainteoirí beidh: an Dr. Gillian Munro, Sabhal Mòr Ostaig, Alba; an Dr. Michelle Macleod, Ollscoil Obar Dheathain, Alba; Ivan Mac Philp, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo ; an Dr. Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; an Dr. Tony Varley, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Is é €30 táille na Scoile i mbliana (mic léinn saor in aisce), agus tá Clár na Scoile ar fáil thíos. Is féidir clárú don Scoil ach teagmháil a dhéanamh le Laoise Ní Thuairisg, laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie nó 091 495 310.
Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga-Bileog Eolais.pdf
Foilsithe ar Gaelport.com 21 Feabhra 2012
↧
↧
Cruinniú poiblí ar Acht Gaeilge Thuaisceart Éireann
Tá an scátheagraíocht Pobal i mbun an chruinnithe a eagrú agus pléifear ann moltaí i dtaca le reachtaíocht agus straitéis don Ghaeilge a bhaint amach do Thuaisceart Éireann.
Tá saineolaithe idirnáisiúnta an tOllamh Colin Williams, an tOllamh Rob Dunbar agus an Dr Fernand de Varennes ag cur caibidlí uasdátaithe le chéile do leagan 2012 Acht na Gaeilge idir an dá linn.
Agus tá moltaí ullmhaithe do chreat straitéiseach don teanga ó thuaidh ag POBAL, i gcomhar le ghrúpa oibre.
Ar an grúpa oibre tá An tOllamh Dónall Ó Baoill agus an Dr Eoghan Mac Éinrí ó Ollscoil na Ríona, an Dr. Gabrielle Nig Uidhir agus Dr Padaí De Bléine ó Choláiste na hOllscoile Naomh Muire, an Dr Fionntán De Brún ó Ollscoil Uladh, Áine Walsh, ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Póilín Ní Chiaráin agus daoine eile ó réimsí na meán agus an oideachais.
Beidh fáilte roimh an phobal freastal ar an gcruinniú a bheidh ar siúl ó 9.45 go dtí 12.30 agus reáchtálfar cruinnithe breise in Ard Mhacha, ar an Chorr Críochach, agus i nDoire sna seachtainí atá amach romhainn.
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Feabhra 2012
↧
Gael-fachtóir
Beidh seó talainne do dhaoine óga á réachtáil ag an eagraíocht óige Feachtas i Halla Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 8 Márta.
Idir an dá linn tá Feachtas ag súil le cloisteáil ó dhaoine óga a bhfuil bua ar leith acu agus atá idir 12 agus 18 mbliana d’aois. Mar sin beidh fáilte roimh rinceoirí, aisteoirí, ceoltóirí agus amhránaithe páirt a ghlacadh sa chomórtas. Beidh duaiseanna móra i gceist, mar sin is fearr an deis a thapú. Tuilleadh eolais ar fáil ó ursula.feachtas@gmail.com
© Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧
Léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach
Fógraíodh le déanaí gearrliosta na gcraoltóirí a bheidh san iomaíocht do na duaiseanna a mbronnfar i nDoire ón 18 agus 20 Aibreán 2012.
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta
D’éirigh le léiriúcháin Ghaeilge ó ardáin éagsúla; teilifís, na meáin úra agus an raidió ainmniúcháin á fháil ar an ngearrliosta iomaíoch seo agus beifear ag súil go mbeidh lucht na Gaeilge ag crochadh leo duaiseanna i Mí Aibreáin.
Réaltaí teilifíse
Ina measc beidh an sraith iomráiteach, ‘Corp agus Anam’ san iomaíocht sa chatagóir don tsraith drámaíochta is fearr. Léirigh Magamedia an tsraith seo agus gan amhras oirfeadh sé don chomhlacht ‘Torc’ a thabhairt abhaile ó Fhéile na meán Ceilteach le cur in aice leis an IFTA a bronnadh orthu cúpla seachtain ó shin.Tá an dráma ‘ An tÁth’ le Deirdre Ní Fhlatharta ainmnithe sa rannóg do dhrámaí gairide teilifíse.
Chomh maith leis sin d’éirigh le ‘Ó Tholg go Tolg’ ainmniúchán a fháil i gcatagóir na ndaoine óga. Ba iad Red Pepper Productions a léirigh an tsraith taistil seo inar ndeachaigh beirt bhan mhisniúla ag taisteal ar fud na hEorpa agus iad ag fanacht i dtithe mhuintir na háite.
D’éirigh le ‘Cé a Chónaigh i mó Theachsa’, sraith faisnéise atá léirithe ag Tile Films Ltd ainmniúchán á fháil i rannóg na siamsaíochta faisnéise. Bliain bhisiúil go leor is ea í don chomhlacht léiriúcháin tar éis gur léirigh NBC international suim sa chlár.
Anuas air sin d’éirigh le ‘ Ar chúiseanna stáit: Bású George Plant’ ainmniúchán a fháil sa chatagóir chéanna le ‘Bliana in Inis Oírr, sraith faisnéise a léirigh Power Pictures Ltd.
Chuir ainmniúchán an chláir faisnéise, ‘Tubaiste Árann Mhór’ le Tobar Productions an sméar mhullaigh leis an líon ainmniúchán a tugadh do léiriúcháin Ghaeilge i mbliana.
Ainmníodh an suíomh Gréasáin ‘Talkirish.com do ghradam Kieran Hegarty agus bronnfar an duais sa chatagóir seo ar an suíomh idirghníomhach is fearr.
Réaltaí Raidió
D’éirigh leis an stáisiún raidió pobail Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste ainmniúchán a fháil i rannóg na gclár faisnéise raidió. Níor éirigh le aon léiriúchán eile Gaeilge ainmniúchán a fháil sa rannóg iomaíoch seo.
Bhí lúcháir ar Raidió na Gaeltachta arís i mbliana ar an ábhar gur ainmníodh an stáisiún don duais iomráiteach mar Stáisiún Raidió na Bliana. Chuir ainmniúchán Frances Nic Géidigh mar phearsa raidió na bliana le cúis cheiliúrtha an stáisiúin agus caithfidh go bhfuil sé dóchasach go maith go gcrochfar duais leis i nDoire i Mí Aibreáin.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012
↧