Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Todhchaí na Gaeilge pléite i gCeatharlach

$
0
0
Ba é an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin a d’oscail an scoil samhraidh ar thodhchaí na teanga agus na tíre i gCeatharlach Dé hAoine, 13 Iúil.
D’eagraigh Fondúireacht na Gaeilge an seimineár i gcomhpháirt le Gael Linn, Conradh na Gaeilge agus Coiscéim.

Ina aitheasc chuir an Coimisinéir in iúl don phobal an gá a bhí le hinfheistíocht a dhéanamh sa teanga anois. 

 “Cuirfear an cheist an acmhainn dúinn caiteachas a dhéanamh ar na nithe seo nuair atá na pócaí folamh go maith?”

“An freagra a bheadh agamsa ná an acmhainn dúinn gan an caiteachas riachtanach sin a dhéanamh? Cén sórt tíre a bheadh againn dá ligfimis dár n-oidhreacht chultúrtha atá mar chuid d’oidhreacht an domhain mhóir bás a fháil”, a dúirt sé.

Ach thug sé le fios don slua nach raibh staid na Gaeilge mar theanga bheo phobail chomh leochaileach riamh is atá anois.

 “Níl aon cheist ach go mairfidh an teanga sa Ghaeltacht agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deiridh ach is ceist eile ar fad í an mairfidh sí mar theanga bheo phobail agus an mbeidh sí á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna?”.

Bille na Gaeltachta 2012

Ag tagairt dó don Bhille Gaeltachta atá le plé sa Dáil an tseachtain seo,  dúirt sé nach bhfaca sé “oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne” i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair. Ní cosúil go bhfuil an fháilte atá a cur roimh an mBille nua sin agus is cúis imní é sin, dar leis.

Maorlathas
Thagair sé chomh maith do na fadhbanna eile atá ag cur as do ghluaiseacht na Gaeilge i láthair na huaire. 

“Ón méid atá á chloisteáil agam ó lucht ceannais na n-eagras Gaeilge, tá siad spíonta, tuirseach agus tromchroíoch tar éis dóibh a bheith sáite i maorlathas agus iad ag plé le blianta le díospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua maoinithe gan mhaith, gan toradh”.

“Tá a gcuid ama agus fuinnimh suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun. Tá siad imníoch anois go bhfuiltear le dul ag lorg samhail úrnua maoinithe [mark 2] agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois”.

Ach thug sé le fios go raibh comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga faoi láthair agus thagair sé do staitisticí ón daonáireamh a thug le fios  go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na nuachtáin: McGinley appeals for cross-party support on language Bill

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht #gaelport

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945