Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

$
0
0

Tá an t-am sin den bhliain ag druidim linn go luath arís – lár-imeacht na nGael, Mecca na Gaeilge – céard eile ach Oireachtas na Gaeilge!

Beidh na tOireachtas ag filleadh ar Leitir Ceanainn i bliana, ó 30 Deireadh Fómhair go 4 Samhain agus tá neart imeachtaí suimiúla, siamsúla agus spraíúla beartaithe don tseachtain agus formhór acu lonnaithe in Óstán Mount Errigal. Beidh idir sheoltaí leabhar, sheoltaí clár teilifíse agus gan dabht chlub na féile ar siúl, áit a bhfeicfear damhsa agus a gcloisfear ceol den chéad scoth ar feadh na hoíche.

Ar an Aoine, 2 Samhain, seolfaidh Lynette Fay, craoltóir leis an BBC ‘Céim Chun Tosaigh’, DVD úr de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chomhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí sa tsraith shinsearach a léiríonn na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge sa saol oibre i seomra Glendowan ag 5.00 pm. Ar an lá céanna, tabharfaidh Ciarán Ó Bréartúin, Innealtóir agus Bainisteoir ‘Dúrud’ (www.durud.ie) léacht dar teideal ‘An Ríomhlóid Abú’ ag cur síos ar na réimsí leathana feidhmchlár atá ar fáil anois i nGaeilge ag 2.30 pm.

Tráthnóna Sathairn ag 8.00 pm, léireoidh an compántas téatair ‘Splódar’ an dráma Salómé http://www.gaelport.com/nuacht/Salome-as-Gaeilge-ar-an-staitse/  san Ionad Cultúrtha Réigiúnach. Bunaithe ar scríbhinní le Cathal Ó Searcaigh, meascann an léiriúchán dúshlánach seo meáin éagsúla le taispeántas nuálach a chur i láthair, ag baint úsáide as scannánaíocht agus ceol nuachumtha.

Mórócáid do na meáin is ea Oireachtas na Gaeilge chomh maith sa tslí a ndéantar craoladh ar chláir de chuid Raidió na Gaeltachta agus ar nuacht TG4 beo ó fháiltiú an óstáin.  Tá Otv (Oireachtas TV) ag lorg ceamaradóirí, léiritheoirí agus eagarthóirí ar mhian leo cur lena dtaithí ó thaobh fís iriseoireachta de.   Bunaíodh Otv, cainéal beo ar shuíomh gréasáin de chuid Gaelscéal anuraidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Tugann Otv léargas fisiceach ar imeachtaí an Oireachtais ag baint úsáide as agallaimh le pobal na Gaeilge ag an Oireachtas, craoladh agus réamhamhairc ar chomórtais agus chomh maith leis sin taifead ar fhíor-anam an Oireachtais – na seisiúin cheoil, an damhsa, an amhránaíocht agus an chraic Ghaelach sin nach bhfuil fáil uirthi in áit ar bith eile ar domhan!

Is féidir iarratas a chur isteach le bheith mar bhall deonach d’fhoireann Otv i mbliana anseo.  Chomh maith leis sin, beidh Gaelport.com ag déanamh taifid ar imeachtaí an Oireachtais agus íoslódáil físeán ar an gcainéal Youtube mar sin coinnígí súil ar an suíomh.

Mar is gnáth beidh comórtais ardáin an Oireachtais á reáchtáil I mbliana. Déanfar craoladh beo ar chomórtas damhsa ar an sean-nós ‘Steip’ beo ar TG4 ag 2.30i.n. Dé Sathairn agus cloisfear príomhchomórtas amhránaíochta na seachtaine ‘Corn Uí Riada’ beo ar Raidió na Gaeltachta ag 7.00 pm an oíche chéanna.

Tá clár iomlán na féile agus tuilleadh eolais maidir le lóistín ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Seoladh Oifigiúil: Céim Chun Tosaigh

Gaelport.com mar urraitheoir ag Gradaim Idirlín na hÉireann 2012

Buntáiste Breise na Gaeilge le plé san oirdheisceart

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>