Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

“Easnaimh Mhóra” i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla

$
0
0
Bhí an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge ag  tagairt do Thuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig  an Choimisinéara Teanga. Foilsíodh an tuarascáil inniu 24 Aibreán, 2012 i gcathair na Gaillimhe.

Sa Tuarascáil rinneadh cur síos ar chás a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara maidir le heaspa cumais sa Ghaeilge a bheith ag Gardaí lonnaithe i gceantar Gaeltachta.  

Bhain an cás seo le stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag, Gaoth Dobhair, agus tar éis d’Údarás an Gharda Síochána an cheist a fhiosrú, tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ach ag duine as an naonúr a bhí lonnaithe sa stáisiún sin.  

Léirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga nár chomhlíonadh fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo.  

Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.  
Leiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiúin i gceantair Ghaeltachta.

Cúis eile díomá a léiríodh sa tuarascáil ná gur cleachtas coitianta sa státseirbhís é nach mbronntar marcanna bónais d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar is ceart, le linn comórtais inmheánacha d’fhonn ardaithe céime a bhaint amach.  

Cuireann sé seo go mór le himní na Comhdhála do thodhchaí agus do stádas na Gaeilge sna heagrais phoiblí, go háirithe de bharr go bhfuil cosc ar earcaíocht seachtrach sa státseirbhís faoi láthair, agus go bhfuil deireadh curtha leis na tacaíochta foghlama agus forbartha Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag Gaeleagras d’fhoirne na Seirbhísí Poiblí. 

Cáineadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa tuarascáil, ní hamháin nár dhaingnigh an Roinn ach scéim teanga amháin sa bhliain 2011, ach go deimhin tá an Roinn féin ag feidhmiú i bhfolús scéime, toisc nár dhaingnigh siad a scéim teanga féin ó bunaíodh an Roinn sin go foirmiúil i mí Meitheamh 2011.  

Tá próiseas na scéimeanna teanga mar ghné lárnach den Acht Teanga agus cuireann na scéimeanna go mór le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.  

Léirigh an Coimisinéir Teanga go bhfuil 66 scéim teanga de chuid comhlachtaí poiblí imithe in éag lena n-áirítear Oifig an Uachtaráin, Oifig an Ombudsman agus Comhairle Contae na Gaillimhe as an 105 scéim teanga a dhaingnigh an tAire 
Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó achtaíodh an Achta Teanga in 2003.

Deir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach”.

Anuas air sin, dúirt De Barra go “léiríonn a bhfuil tuairiscithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga i ndáil leis na Comhlachtaí Poiblí, agus na heasnaimh agus na lochtanna móra sa gcóras reatha, cé chomh tábhachtach is atá sé go gcoimeádfaí an Oifig seo neamhspleách ó aon áisíneacht stáit eile, le go bhfaighfear cuntas soiléir, neamhspleách rialta ar chur i bhfeidhm agus riaradh an Achta Teanga”. 

Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Foilsithe 24 Aibreán 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>