Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Leabhar úr le Cló Mhaigh Eo le buachan

$
0
0

An tseachtain seo beidh an leabhar 'Deora Draíochta’ leis an údar aitheanta Colmán Ó Raghallaigh agus atá foilsithe ag Cló Mhaigh Eo le bronnadh ar bhuaiteoir amháin.

Níl ort ach an cheist shimplí seo ag deireadh an ailt a fhreagairt chun a bheith san iomaíocht don duais ghleoite seo.

Seo scéilín beag álainn daonna le Colmán Ó Raghallaigh agus tá an leabhar seo  maisithe go gleoite ag Olivia Golden.

Sa leabhar Deora Draíochta tá an sorcas tagtha. Ar imeall an bhaile tá an puball mór á chur suas. Ach an féidir go bhfuil deireadh le draíocht an tsorcais mar a chreideann Cócó an Fear Grinn?

Bronnadh gradam náisiúnta ar Cholmán le déanaí sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.  Reáchtáladh Comhdháil bhliantúil Leabhar Pháistí Éireann sa Leabharlann agus bronnadh Gradam 2012 air don ghaisce atá bainte amach ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Mhaigh Eo i réimse na foilsitheoireachta in Éirinn.

Bhunaigh sé Cló Mhaigh Eo sa bhliain 1995 agus le blianta fada anuas tá Colmán Ó Raghallaigh ag saothrú leis mar scríbhneoir agus mar fhoilsitheoir Gaeilge.

Ceist na seachtaine seo:

Cén bhliain ar bunaíodh Cló Mhaigh Eo? 

a) 1980  
b) 1953    
c) 1995  
d) 1987    

Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Déardaoin, 21 Meitheamh agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Tá an leabhar gleoite seo ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre. 

Tá tuilleadh eolais maidir le foilseacháin Chló Mhaigh Eo ar fáil ag: www.leabhar.com

Comhghairdeas le Stiofán Ó hAoláin as Baile Átha Cliath a bhuaigh cóip den dlúthdhiosca ‘i bhfíor-dheiriú oidhche’ leis an amhránaí sean-nóis Saileog Ní Cheannabháin san eagrán seo caite.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Gradam náisiúnta bronnta ar Fhoilsitheoir Gaeilge

As na Nuachtáin: An Béal Bocht le Cló Mhaigh Eo 

As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>